
Beidh ceann de na róil is mó tionchar san Aontas Eorpach ag Éirinn agus í i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026.

Bíonn geilleagair iomaíocha faoi deara fostaíocht nua agus feabhas ar an gcaighdeán maireachtála, agus is taca iad do na seirbhísí poiblí. Chuidigh ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach léi an cineál sin geilleagair a chur ar bun, geilleagar ina dtacaítear leis an trádáil chóir, ceann a mheallann infheistíocht, agus ina gcuirtear earraí agus seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil do thomhaltóirí ar phraghas iomaíoch.

The European Union’s trade policy with countries outside the EU is governed by the Common Commercial Policy. This means the EU, rather than individual countries, negotiates trade agreements on behalf of all Member States.

Níl aon tír in ann dul i ngleic le dúshláin chasta slándála an lae inniu léi féin, agus oibríonn an tAontas Eorpach le chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí a bhíonn ag teacht chun cinn.

Dúshlán comhchoiteann don Eoraip atá sa tithíocht, agus tá gá le freagairt chomhchoiteann dá réir. Is ar an ábhar sin a chuir an Coimisiún an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne i láthair le go mbeadh an tithíocht níos inacmhainne, níos inbhuanaithe agus níos inrochtana ar fud na hEorpa.

Is éard is méadú ann tíortha nua ag teacht isteach san Aontas Eorpach. Tharla sé sin roinnt uaireanta i stair an Aontais, agus gach uair athrú ó bhonn a bhí ann don Aontas agus do na tíortha a tháinig isteach ann araon.

Is tosaíocht thrasearnálach don Aontas é an beartas digiteach agus é comhtháite laistigh de raon leathan réimsí: an iomaíocht, cosaint na dtomhaltóirí, an fás eacnamaíoch, na seirbhísí poiblí, an tslándáil, agus réimsí nach iad.

Is a bhuí le comhtháthú an Aontais Eorpaigh, thar aon rud eile, a chuir Éire di féin an mharbhántacht eacnamaíoch a bhí uirthi i lár an 20ú haois. Is samhail eacnamaíoch nua-aimseartha, oscailte atá aici anois agus í bunaithe ar an trádáil, an infheistíocht choigríche agus an nuálaíocht.

Tá beart á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun leochaileachtaí fuinnimh na hEorpa a mhaolú don gheimhreadh atá le teacht, agus tá bearta á moladh aige chun soláthar iontaofa fuinnimh a chinntiú do na glúine atá le teacht.

Tugann an tAontas Eorpach tacaíocht d’fheirmeoirí na hÉireann, do ghlasú na réigiún tuaithe agus don fhorbairt inbhuanaithe trí thacaíocht airgeadais agus maoiniú don taighde agus don nuálaíocht.

Príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus is é an Comhaontú Glas don Eoraip an plean uaillmhianach atá aige chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan.

Tá sé ina thosaíocht ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Éirinn cur chuige daonna cuimsitheach Eorpach a bheith ann don imirce.

Is tacaíocht le leasanna iascairí na hÉireann, agus le leasanna a pobail iascaireachta, an chomhshaoil mhuirí agus thomhaltóirí na dtáirgí éisc, é Éire a bheith ina cuid den Aontas Eorpach.

Is gnéithe ríthábhachtacha iad an taighde agus an nuálaíocht (T&N) chun todhchaí eacnamaíochta na hÉireann a chinntiú agus tá siad ag croílár bheartais an Choimisiúin Eorpaigh.

Mar thoradh ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas, rinneadh roinnt píosaí reachtaíochta a achtú in Éirinn a bhfuil feabhas curtha acu ar shaol mhná na hÉireann.

Rinneadh teanga iomlán oibre den Ghaeilge san Aontas in 2022.

Maidir le cinneadh na Ríochta Aontaithe imeacht as an Aontas, tá iarmhairtí forleathana aige sin ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí, ar lucht riaracháin phoiblí agus ar gheallsealbhóirí, go háirithe in Éirinn.

The EU is active in a wide range of areas, from human rights to transport and trade. Click on the links below for a summary of what the EU does in that area, and for useful links to relevant bodies, laws and documents.