Ó bhí na 1960idí ann, tá acmhainní á gcomhthiomsú ag Ballstáit den Aontas chun maoiniú a chur ar fáil do thionscadail a théann chun tairbhe do shaoránaigh na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, i measc na dtionscadal sin tá fás agus poist a chruthú, an comhshaol a chosaint, bearnaí eacnamaíocha a laghdú idir réigiúin an Aontais agus an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac.
A bhuí le buiséad an Aontais freisin, is féidir infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht chun go mbeidh an Eoraip in ann a bheith iomaíoch le gníomhaithe domhanda eile ar bhealach i bhfad níos suntasaí ná dá mbeadh gach aon Bhallstát ag gníomhú as féin.
I gcás na hÉireann, bhí ról ríthábhachtach ag buiséad an Aontais i dtaca le claochlú a dhéanamh ar ár ngeilleagar. Geilleagar traidisiúnta bunaithe ar an talmhaíocht a bhí againn ach anois tá geilleagar againn atá dírithe go mór ar thionscail ardteicneolaíochta agus ar easpórtálacha domhanda.
Cuireadh maoiniú ar fáil ón mbuiséad freisin le haghaidh mórthionscadail infreastruchtúir ar nós bóithre móra idirchathrach, an M4 ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus an M9 ó Chill Chuillinn go Port Láirge ina measc, chomh maith le Tollán Chalafoirt Bhaile Átha Cliath, an M50 a thabhairt chun críche agus an DART. Tá breis agus €537 milliún curtha ar fáil ag an Aontas freisin chun an tIdirnascaire Ceilteach a thógáil. Is cábla cumhachta fomhuirí ardvoltais é a nascfaidh le chéile eangacha leictreachais na hÉireann agus na Fraince, rud a chuirfidh ar chumas na hÉireann barrachas fuinnimh in-athnuaite (fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh) a easpórtáil chuig an bhFrainc le linn tréimhsí róghiniúna agus fuinneamh a iompórtáil ón bhFrainc nuair is gá.

An chaoi a bhfeidhmíonn buiséad an Aontais in Éirinn
Déanann buiséad an Aontais comhlánú ar bhuiséad náisiúnta na hÉireann agus baintear úsáid as nuair atá sé níos éifeachtaí airgead a chaitheamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh seachas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. In 2023 ranníoc Éire €3.69 billiún le hioncam iomlán an Aontais dar luach €248 mbilliún, méid arb ionann agus timpeall 0.7% de gheilleagar na hÉireann.
An bhliain chéanna, ba ionann infheistíocht an Aontais ar ais in Éirinn agus €2.26 billiún, na méideanna seo a leanas ina measc:
- €1.5 billiún ar an bhfás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha agus an comhshaol
- €285 mhilliún ar an margadh aonair, ar an nuálaíocht agus ar chúrsaí digiteacha agus
- €177 milliún ar chomhtháthú, ar athléimneacht agus ar luachanna.
Anuas ar an infheistíocht in Éirinn, cuireann buiséad an Aontais tacaíocht ar fáil ar bhealaí eile, ina measc:
- Forbairt eacnamaíoch a dhéanamh ar Bhallstáit den Aontas nach bhfuil chomh saibhir sin
- Cúnamh a chur ar fáil nuair a tharlaíonn tubaistí nádúrtha
- Cabhair forbraíochta agus cúnamh a chur ar fáil do comharsana an Aontais agus do thríú tíortha
Cad iad príomhréimsí infheistíochta an Aontais i gcás na hÉireann?
Cuireann buiséad an Aontais tacaíocht airgeadais ar fáil d’fheirmeoirí, mic léinn, eolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha, fiontair bheaga agus mheánmhéide, bailte, réigiúin agus go leor tairbhithe eile in Éirinn.
An chuid is mó de mhaoiniú na hÉireann ón Aontas, is ar an talmhaíocht, an fhorbairt tuaithe agus caomhnú an dúlra a chaitear í.
Mar shampla, chuir an tAontas maoiniú ar fáil do thionscadal €50 milliún chun athfhorbairt a dhéanamh ar an Ionad Iascaigh Cuain sna Cealla Beaga lena ndaingnítear áit na gCealla Beaga mar phríomhchalafort as na sé Ionad Iascaigh Cuain ainmnithe in Éirinn.
Tionscadal eile a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach is ea Scéim na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme in Éirinn. Bunaíodh an Scéim i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus é mar aidhm aici na scileanna a thabhairt d’fheirmeoirí na hÉireann foirgnimh thraidisiúnta a athchóiriú. Tugtar tacaíocht do idir 70 agus 80 tionscadal gach bliain agus, in 2024, bhuaigh an Scéim Gradam Oidhreachta Eorpach.
An dara sciar is mó de mhaoiniú an Aontais in Éirinn, caitheadh é ar an bhfás agus an fhostaíocht, an taighde agus an nuálaíocht san áireamh. Mar shampla, fuair tionscadal HECATE, atá á chomhordú ag Collins Aerospace i gCorcaigh, maoiniú dar luach níos mó ná €34 mhilliún ó Fís Eorpach chun cabhrú le haerárthaí réigiúnacha hibrideacha-leictreacha a fhorbairt a chomhcheanglaíonn innill bhreosla thraidisiúnta le tiomáint leictreach chun ídiú breosla, astaíochtaí agus torann a laghdú. Tá maoiniú os cionn €112 mhilliún á chur ar fáil ag an Aontas freisin do thionscadail bhonneagair chun éifeachtúlacht chalafoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí a fheabhsú.
Beartas réigiúnach agus sóisialta, is é sin an tríú catagóir is mó ar ar caitheadh maoiniú an Aontais in Éirinn.
Tá na tionscadail seo a leanas i measc na dtionscadal a fuair tacaíocht ó mhaoiniú an Aontais:
- Droichead nua do choisithe agus do rothaithe i gCathair na Gaillimhe, a mhaoinigh an tAontas Eorpach. Fuair Tionscadal Dhroichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe ranníocaíocht €3.5 milliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus is é an chéad droichead é a tógadh thar abhainn na Coiribe le breis agus 30 bliain anuas;
- Tá maoiniú ó chlár LIFE de chuid an Aontais ag cuidiú chun portaigh ar fud na hÉireann a chaomhnú agus a chosaint. Tá an tionscadal LIFE IP Wild Atlantic Nature, ar fiú €20 milliún é, ag obair chun gnáthóg bratphortaigh a chaomhnú agus a chosaint in iarthuaisceart na hÉireann agus tá an tionscadal LIFE Peatlands and People, ar fiú €10 milliún é, ag obair chun tailte portaigh ar fud lár na hÉireann a athchóiriú agus a athshlánú.
- Is cuideachta diagnóisice atá lonnaithe i gCorcaigh é Altratech, agus fuair sé infheistíocht €10.5 milliún ó Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) in 2024 chun forbairt ar ghléas láimhe tástála móilíneach a mhéadú lenar féidir torthaí diagnóiseacha iontaofa ar an toirt a chur ar fáil do sholáthraithe cúraim sláinte agus d’othair lasmuigh de shuíomhanna cliniciúla.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an leathanach faoi scéalta an Aontais.
Buiséad an Aontais Eorpaigh, 2021-2027
I ngeall ar phaindéim COVID-19, threisigh an tAontas an buiséad fadtéarmach 2021-2027 atá ann faoi láthair. In éineacht leis an ionstraim téarnaimh shealadach NextGenerationEU, cuireadh €1.8 trilliún ar fáil chun an dochar a rinne an phaindéim a mhaolú agus chun cuidiú leis an Eoraip teacht amach as an ngéarchéim agus í níos láidre agus níos athléimní.
Táthar ag súil leis go bhfaighidh Éire níos mó ná €1.15 billiún i ndeontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I measc na dtionscadal a maoiníodh go dtí seo tá €64 mhilliún do chlár na hÉireann um Bonneagar Digiteach do Scoileanna agus €114 mhilliún do chláir oiliúna chun na scileanna a thabhairt do ghairmithe tógála in Éirinn chun tithe dea-inslithe a thógáil agus tithe na hÉireann a iarfheistiú leis na teicneolaíochtaí caomhnaithe fuinnimh is déanaí.
Gheobhaidh Éire nach mór €1.2 billiún freisin i leithdháiltí beartais chomhtháthaithe ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais (2021-2027), chomh maith le beagán níos mó ná €8.3 billiún in íocaíochtaí díreacha ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Cuirfear €2.25 billiún ar fáil freisin tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
Plean téarnaimh an Aontais agus NextGenerationEU d’Éirinn
Buiséad an Aontais lena gcuirfear dlús leis an bPlean Téarnaimh don Eoraip
Tuilleadh eolais faoi bhuiséid na hÉireann (agus buiséid Ballstáit eile den Aontas)
Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027
Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027 agus NextGenerationEU: Fíricí agus figiúirí
Eolas cúlra
Cén chaoi a bhfeidhmíonn an buiséad ar fud an Aontais?
Le buiséad an Aontais, dírítear go príomha ar an infheistíocht agus dá thoradh sin, glactar plean caiteachais fadtéarmach ar feadh tréimhse idir 5 agus 7 mbliana, plean ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Is éard a shocraítear le CAI an t-uasmhéid airgid (uasteorainneacha) a chaithfidh an tAontas in aghaidh na bliana i ngach ceann de na catagóirí difriúla (ceannteidil).
Baineann gach duine leas as buiséad an Aontais: ón mbreisluach a bhaineann le bheith rannpháirteach sa mhargadh aonair, sin agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i dteannta a chéile, cuir i gcás an t-athrú aeráide a chomhrac, an cheannasacht dhigiteach a threisiú agus freagra a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19.
Déantar buiséad bliantúil an Aontais a chinneadh go daonlathach, próiseas a bhfuil an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit den Aontas (déantar ionadaíocht orthu sa Chomhairle) agus Parlaimint na hEorpa páirteach ann:
- Molann an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad bliantúil
- Is féidir leis na rialtais náisiúnta (Comhairle an Aontais Eorpaigh) agus Parlaimint na hEorpa (thar ceann shaoránaigh an Aontais) é a leasú
- Ní mór do na rialtais náisiúnta (Comhairle an Aontais Eorpaigh) agus Parlaimint na hEorpa (thar ceann shaoránaigh an Aontais) é a fhormheas
Cá as a dtagann an t-airgead?
Déantar an buiséad a mhaoiniú ó na foinsí seo a leanas:
- Cion d’ollioncaim náisiúnta (OIN) na dtíortha go léir, é i gcomhréir lena shaibhir is atá siad
- Dleachtanna custaim ar iompórtálacha ó áiteanna lasmuigh den Aontas
- Méid atá bunaithe ar an gcáin bhreisluacha a bhailítear i ngach Ballstát
- Ó 2021 i leith, ranníocaíocht atá bunaithe ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte
- Ioncam eile, ranníocaíochtaí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le cláir ar leith, ús ar íocaíochtaí déanacha agus fíneálacha, chomh maith le barrachas ón mbliain roimhe
- Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, déanfaidh an Coimisiún Eorpach airgead a thiomsú ar na margaí caipitil agus aisíocfar é thar thréimhse fhadtéarmach go dtí 2058
Cé a chinneann an chaoi a gcaitear an t-airgead?
Le linn na tréimhse 2021-2027:
- Is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanann bainistiú ar thuairim agus trí cheathrú de chaiteachas an bhuiséid go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach (bainistiú comhroinnte)
- Is é an Coimisiún Eorpach agus a chuid gníomhaíochtaí agus toscaireachtaí a dhéanann bainistiú ar thuairim agus 18% de bhuiséad an Aontais (bainistiú díreach)
- Is iad eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, gníomhaireachtaí náisiúnta nó tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a dhéanann bainistiú ar 8% de bhuiséad an Aontais (bainistiú indíreach)
- I gcás NextGenerationEU, cuirfear 90% de na cistí chun úsáid tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Ionstraim dar luach €723.8 billiún is ea an RRF lena gcuirtear deontais agus iasachtaí ar fáil chun tacú le hathchóiriúcháin agus le hinfheistíochtaí sna Ballstáit.
Is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht deiridh an buiséad a chur chun feidhme, agus ní mór dó a chinntiú go ndéantar taifead agus go gcoinnítear cuntas de gach euro a chaitear.
- Ansin, déanann an Coimisiún, na rialtais náisiúnta agus eagraíochtaí eile iniúchadh ar na cuntais, agus déantar gníomh chun aghaidh a thabhairt ar aon laigí nó earráidí.
- Sa deireadh, caitheann Parlaimint na hEorpa (thar ceann shaoránaigh an Aontais) vóta chun an chaoi ar chuir an Coimisiún an buiséad chun feidhme a fhormheas (nó ‘tarscaoileadh’).
An chaoi a bhfeidhmíonn saolré bhuiséad an Aontais
Tá roinnt gníomhaireachtaí agus uirlisí ag an Aontas chun úsáid mhíchuí chistí an Aontais a chur in iúl go trédhearcach, an úsáid sin a bhrath, imscrúdú a dhéanamh air agus pionós a ghearradh ina leith. Clúdaíonn an úsáid mhíchuí sin éilliú, imghabháil cánacha agus toibhithe gaolmhara, nó mí-iompar tromchúiseach laistigh d’institiúidí an Aontais.
Bearta frith-chalaoise an Aontais
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
Naisc ghaolmhara
Sracfhéachaint ar bhuiséad an Aontais