Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
12 Aibreán 2024

Buntáistí na ballraíochta san Aontas d’Éirinn

EU and Irish flags

Chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1973 tar éis reifreann ar thacaigh 83 % den lucht vótála leis.

Comhphobal Eacnamaíochta na Eorpa (CEE) a thugtaí ar an Aontas an t-am sin, agus níl aon chuimhne ag an gcuid is mó de na daoine atá in Éirinn faoi láthair ar an ócáid stairiúil sin, agus fáth maith leis – ní raibh siad ar an saol go fóill!

Sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach smaoineamh ar bhallraíocht na Éireann san Aontas agus ar na tionchair dhearfacha ar fad a bhí aici sin, agus atá aici fós, ar an tír.

Gan aon amhras, ba é an chéim ba mhó a ghlac an tír ó bhain sí neamhspleáchas amach mar náisiún dul isteach san Aontas. Tá feabhas tagtha ar bheagnach gach gné de shaol na hÉireann – ár modhanna oibre, taistil agus siopadóireachta, cáilíocht an chomhshaoil, ár ndeiseanna foghlama agus an tslí a gceannaíonn agus a ndíolann lucht gnó a gcuid earraí agus seirbhísí.

Faoin am seo, déantar talamh slán de na hathruithe sin de thairbhe iad a bheith ina ndlúthchuid den ghnáthshaol atá againn inniu agus is mór an gar sin. Mar sin de féachaimis ar chuid de na bealaí ar chuidigh beartais, reachtaíocht agus maoiniú an Aontais Eorpaigh le feabhas a chur ar shaol mhuintir na hÉireann.

Geilleagar agus Fostaíocht

  • A bhuí le hÉirinn a bheith ina ball den Aontas Eorpach, éascaíodh go mór an t-aistriú ó gheilleagar traidisiúnta a bhí bunaithe ar an talmhaíocht, go geilleagar atá dírithe go mór ar thionscail ardteicneolaíochta agus ar easpórtálacha domhanda.
  • Tá borradh suntasach tagtha ar an earnáil seirbhísí ó bhí 1973 ann agus í méadaithe ó 45 % den lucht saothair go 77 % in 2022, rud a léiríonn ról na teicneolaíochta, an airgeadais agus na dtionscal eile atá dírithe ar sheirbhísí i margadh saothair na hÉireann inniu.
  • Seo trí rud a chinntíonn gur geilleagar seasmhach iomaíoch atá i ngeilleagar na hÉireann - Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, airgeadra an euro, agus tacaíocht ó chomhordú bheartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais.
  • Bhí OTN agus OIN per capita de bheagnach €66,000 ag Éirinn in 2022. Tá sé sin ceithre huaire níos airde ná an leibhéal a bhí ann, i dtéarmaí réadacha, nuair a rinneadh Ballstát d’Éirinn in 1973, ba é sin €17,000.
  • Athraíodh iarmhéid na Trádála Earraí (easpórtálacha lúide iompórtálacha) ó easnamh €340 milliún in 1973 go barrachas €67.6 billiún in 2022.
  • Tá Éire le €1.4 billiún de mhaoiniú Comhtháthaithe ón Aontas a fháil idir 2021 agus 2027 tríd an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil is déanaí (buiséad CAI). Fuair Éire thart ar €915 mhilliún de dheontais ó Chiste Téarnaimh an Aontais Eorpaigh le haghaidh COVID freisin go dtí deireadh na bliana 2022.
  • Idir 1973 agus 2018 ba ghlanfhaighteoir í Éire de níos mó ná €40 billiún de mhaoiniú ón Aontas. Is glan-ranníocóir do bhuiséad an Aontais Eorpaigh í an tír anois ach meastar gur fiú os cionn €30 billiún na buntáistí a bhaineann le páirt a bheith aici sa mhargadh aonair. In 2022, sháraigh luach na n-easpórtálacha Éireannacha chuig an Aontas €80 billiún.
  • Faoi mar a tharla le linn na géarchéime in 2010, tá fás eacnamaíoch na hÉireann leochaileach ar an suaitheadh eacnamaíoch ar fud an domhain, ach ós rud é gur Ballstát í Éire, bhí sin ina chúnamh di chun téarnaimh, agus is fearr an chosaint atá ag geilleagar na hÉireann ar thurraingí airgeadais a bheidh ann amach anseo.
  • Leis an Seimeastar Eorpach bliantúil, déantar comhordú ar bheartais eacnamaíocha leis na Ballstáit eile chun aimhrialtachtaí a bhféadfadh éagobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh orthu a sheachaint, mar shampla boilgeoga réadmhaoine cosúil leis an gceann a bhí ina ghné shuntasach den ghéarchéim airgeadais in Éirinn.
  • Baineann níos mó ná 340 milliún saoránach den Aontas úsáid as an euro agus is a bhuí leis sin nach bhfuil ann a thuilleadh do luaineacht san airgeadra ná costais maidir le malartú airgid.
  • Cuidíonn rochtain ar an Margadh Aonair le poist a chruthú mar go bhfuil sé níos éasca agus níos saoire do lucht easpórtála na hÉireann a n-earraí a dhíol ar mhargaí domhanda brabúsacha, mar shampla Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus Singeapór a bhuí le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála de chuid an Aontais.
  • Toisc gur saoránaigh den Aontas sinn is féidir le muintir na hÉireann dul chun cónaithe nó ag obair in aon Bhallstát eile, rud a fhágann go bhfuil go leor deiseanna agus roghanna fostaíochta ann d’oibrithe na hÉireann.
  • Caitear go cothrom le saoránaigh na hÉireann agus iad ag teacht ar obair i dtíortha eile den Aontas nó i dtaca le dálaí oibre agus le gach leas sóisialta nó cánach eile.
  • Tá feabhas curtha ar chearta oibrithe in Éirinn le rialacháin de chuid an Aontais ina bhfuil bearta lena gcuirtear feabhas ar uaireanta oibre, dálaí oibre agus conarthaí.
  • Is féidir le hiarrthóirí poist as Éirinn CV a uaslódáil go Europass chun inniúlachtaí agus cáilíochtaí a chur in iúl go héasca san Eoraip nuair a chuirtear isteach ar chláir oideachais nó oiliúna nó ar mhaithe le hobair a fháil i mBallstát eile.
  • Is le reachtaíocht Eorpach maidir le comhionannas inscne san ionad oibre a leagtar síos go bhfuil fir agus mná na hÉireann i dteideal an phá chéanna as an obair chéanna a dhéanamh. Lena chois sin tá cosaint dlí acu i dtaca leis an mbealach a gcaitear leo san ionad oibre agus tá an bheirt tuismitheoirí i dteideal saoire máithreachais agus atharthachta freisin.
  • A bhuí le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh tá rochtain ag tuilleadh ban ar mhargadh an tsaothair, mar chuir an reachtaíocht chéanna deireadh leis an gcosc ar mhná pósta dul ag obair sa státseirbhís in 1973.
  • Léiríonn staitisticí ó Thuarascáil Chomhpháirteach an Choimisiúin Eorpaigh ar Fhostaíocht 2024 go raibh ráta fostaíochta na hÉireann chomh hard le 78.2 % in 2022, agus go raibh an ráta dífhostaíochta chomh híseal le 4.5 %.

Seimeastar Eorpach Éire

An réamhaisnéis eacnamaíoch d’Éirinn

Buntáistí an euro

Oideachas agus Oiliúint

  • Ba ghné shuntasach é ballraíocht san Aontas Eorpach maidir le cáilíocht, caighdeáin agus dearcadh idirnáisiúnta an chórais oideachais a fheabhsú in Éirinn.
  • Chuidigh maoiniú ón Aontas le deiseanna maithe staidéir a chruthú trí Erasmus+, clár an Aontais um staidéar agus obair thar lear.
  • In 2022, thaistil 41,726 rannpháirtí san iomlán (baill foirne agus mic léinn) chuig Éirinn chun páirt a ghlacadh i dtionscadail Erasmus+, agus thaistil 9,544 rannpháirtí ó Éirinn chun páirt a ghlacadh i dtionscadail Erasmus+ thar lear.
  • Le linn na bliana 2022, bhain 185 thionscadal Erasmus+ Éireannach san iomlán tairbhe as deontais dar luach thart ar €26.7 milliún san iomlán.
  • Cuirtear maoiniú Erasmus+ ar fáil do gach cineál oideachais, bíodh sé foirmiúil nó neamhfhoirmiúil. Cuimsíonn sé sin scoileanna, eagraíochtaí don óige, grúpaí don oideachas aosach agus eagraíochtaí gairme.
  • Tá buiséad €26.2 billiún ag Erasmus+ don Eoraip ar fad don tréimhse 2021-2027.
  • Is féidir le mic léinn Erasmus+ ar saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad agus atá 18 mbliana d’aois iarratas a dhéanamh saor in aisce ar phas taistil DiscoverEU a thugann dóibh an deis an Eoraip a thaisteal.
  • Tacaíonn ionstraim airgeadais CSE+ an Aontais leis an ngairmoiliúint, le printíseachtaí, agus le cláir oideachais aosaigh in Éirinn. Is é €508 milliún an sciar de ESF+ atá Éire a fháil don tréimhse 2021-2027.
  • Maidir le saoránaigh d’Éirinn a bheartaíonn tréimhse staidéir a dhéanamh thar lear, aithneofar a gcáilíochtaí Éireannacha ar fud an Aontais feasta faoin gCreat Eorpach um Cháilíochtaí.
  • De bharr na mac léinn agus na mball foirne Erasmus+ a thagann go hÉirinn chun staidéar nó obair a dhéanamh tagann breis is 40,000 cuairteoir chun na tíre in aghaidh na bliana, rud a chuireann le geilleagar na hÉireann.
  • Rannpháirtithe Erasmus+ as Éirinn a théann i mbun staidéir in institiúid ardoideachais nó a dhéanann printíseacht i ngnólacht óstach san Eoraip, ní gá dóibh táillí teagaisc na hinstitiúide óstaí a íoc agus is féidir leo tacaíocht airgeadais mhíosúil a fháil ón gCoimisiún Eorpach chun cuidiú leo a gcostais a chumhdach.
  • Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach maoiniú agus tacaíocht ar fáil do dhaoine óga idir 18 agus 30 a chónaíonn in Éirinn chun obair dheonach a dhéanamh nó tionscadail a eagrú a rachaidh chun tairbhe an phobail sa tír nó thar lear.

Erasmus+

Erasmus+ in Éirinn

Ciste Sóisialta na hEorpa Plus

An Creat Eorpach um Cháilíochtaí

An Talmhaíocht

  • Dóigh bheatha atá san fheirmeoireacht in Éirinn le fada an lá agus cinntíonn ballraíocht an Aontais go leanfaidh an talmhaíocht de bheith mar fhoinse ríthábhachtach easpórtálacha a chuireann fostaíocht ar fáil i gceantair thuaithe agus a chuireann le slándáil bhia.
  • Sula raibh Éire ina ball den Aontas Eorpach is beag nach raibh an tír go hiomlán spleách ar an talmhaíocht ó thaobh na heacnamaíochta de, ach sa lá atá inniu ann tá geilleagar againn atá níos éagsúla agus níos oscailte ná mar a bhí.
  • 24 % den lucht saothair in Éirinn nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas in 1973, d’oibrigh siad sa tionscail talmhaíochta, i gcomparáid le 4 % in 2022.
  • Cuireann Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais (CBT) tacaíocht airgeadais dhíreach ar fáil d’fheirmeoirí Éireannacha chomh maith le tacaíocht d’fhorbairt pobal tuaithe na tíre trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a chuireann feabhas ar an gcáilíocht saoil faoin tuath agus a chuidíonn le gnólachtaí faoin tuath a bheith níos iomaíche.
  • Tá CBT 2023-27 ceaptha le todhchaí inbhuanaithe a chothú d’fheirmeoirí, le tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’fheirmeacha beaga agus lena chinntiú go gcaomhnaítear agus go bhforbraítear ceantair thuaithe.
  • Cuid shuntasach de mhaoiniú CBT, úsáidtear í chun tacú le bearta maolaithe ar an athrú aeráide agus le cleachtais lena laghdaítear astaíochtaí talmhaíochta a chur chun cinn.
  • Is faoi CBT a fhaigheann feirmeoirí Éireannacha tacaíocht ioncaim. Is é is aidhm don mhaoiniú sin ioncam feirmeoirí a chosaint agus is feirmeoirí atá gníomhach faoi láthair amháin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta ioncaim. Moltar go láidir d’fheirmeoirí óga gnó a bhunú trí CBT.
  • Cuidíonn rochtain ar an Margadh Aonair le feirmeoirí Éireannacha táirgí a dhíol go héasca ar fud na hEorpa agus le comhaontuithe trádála an Aontais éascaítear easpórtálacha domhanda.
  • Sa tréimhse ó 2023 go 2027, infheisteoidh CBT beagán faoi bhun €10 mbilliún in earnáil feirmeoireachta agus i gceantair thuaithe na hÉireann, agus cuirfidh rialtas na hÉireann cómhaoiniú breise leis sin. Tá thart ar 60 % le leithdháileadh ar thacaíocht dhíreach ioncaim agus 40 % ar bhearta forbartha tuaithe.
  • Tugann ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais tacaíocht don fhorbairt tuaithe in Éirinn freisin, ina measc Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE).
  • Cuireann Líonra CBT an Aontais comhroinnt eolais agus comhoibriú idir feirmeoirí Eorpacha chun cinn, agus cleachtais fheabhsaithe is ea an toradh air sin.
  • Tá rialacha diana ag an Aontas Eorpach maidir le sábháilteacht bia agus beatha ainmhithe agus is féidir le tomhaltóirí fáil amach go héasca cén áit as a dtagann an bia a cheannaíonn siad agus cé na comhábhair atá ann.
  • Tá sé d’aidhm ag an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Leagtar síos spriocanna praiticiúla léi, mar shampla an úsáid a bhaintear as lotnaidicídí agus leasacháin a laghdú, an méid talamh atá faoi fheirmeoireacht orgánach a mhéadú agus frithmhiocróbaigh a úsáidtear i leith ainmhithe feirmshaothraithe a laghdú.

Comhbheartas Talmhaíochta

Úsáid inbhuanaithe talún (glasú)

Tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí

An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’

Forbairt Tuaithe

An Comhshaol

  • De thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í Éire, is féidir léi gníomhú i gcomhar le Ballstáit eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis fhadtéarmach atá ag an Aontas chun beatha agus comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú.
  • Cloíonn reachtaíocht na hÉireann le beartais an Aontais Eorpaigh ar beartais iad a chosnaíonn gnáthóga nádúrtha, a choimeádann an t-aer agus an t-uisce glan agus a chinntíonn diúscairt dramhaíola chuí agus cabhraíonn an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit dlí comhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart.
  • Cuidíonn Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) an Aontais le réigiúin agus pobail áitiúla dúshláin an aistrithe ghlais don tréimhse 2021-2027 a shárú. Leithdháileadh suas le €84.5 milliún ar Éirinn faoi CUAC agus cuirfidh Rialtas na hÉireann an tsuim chéanna ar fáil le hacmhainní an státchiste.
  • Díríonn Plean Críochach na hÉireann um Aistriú Cóir ar an aistriú eacnamaíoch i réigiún Lár na Tíre, réigiún a bhí buailte nuair a cuireadh deireadh le baint móna.
  • Fágann rialacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil ar Éirinn gníomhú maidir le truailliú uisce, diúscairt dramhaíola, cáilíocht an aeir agus caomhnú na ngnáthóg nádúrtha.
  • Ní sceitear camras amh isteach i Muir Éireann a thuilleadh a bhuí le rialacha an Aontais agus tá fiadhúlra na mara feadh chóstaí na hÉireann ábalta maireachtáil in uisce farraige agus tránna atá níos glaine.
  • Chun beartais an Aontais a chomhlíonadh, tá Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide ag Rialtas na hÉireann ina bhfuil gníomhaíochtaí agus amlíne maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú níos mó ná faoina leath faoi 2030 agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050.
  • Cuidíonn Tionscadail Leasa Choitinn (PCInna) de chuid an Aontais lena chuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí fhuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chur ar fáil. I measc na PCInna Éireannacha sin tá Idirnascaire Ceilteach idir an Fhrainc (La Martyre) agus Éire (Cnoc Rátha, Contae Chorcaí), críochfort agus píblíne gháis cheangail sa tSionainn agus stáisiún cumhachta hidrileictrí i mBéal Átha Gabhann.
  • Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le cuidiú le gnáthóga portaigh móna na hÉireann a chosaint trí mhaoiniú a chur ar fáil chun tacú le hathchóiriú gnáthóige agus trí imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Éireann as gan go leor a dhéanamh chun portaigh mhóna a chosaint.
  • Faoin Treoir maidir le hUisce Snámha ón Aontas, ní mór d’Éirinn monatóireacht a dhéanamh ar uiscí snámha le cinntiú go bhfuil siad sábháilte do shnámhaithe.
  • Cuireann Clár LIFE an Aontais maoiniú ar fáil chun tacú leis an gcomhshaol, le caomhnú an dúlra agus le tionscadail maidir le gníomhú ar son na haeráide. Idir 1992 agus 2023 chuidigh an clár le 79 dtionscadal in Éirinn a fuair €117 milliún de mhaoiniú LIFE.
  • Le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, téitear i ngleic le príomhchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta, mar shampla úsáid neamh-inbhuanaithe talún, róshaothrú acmhainní nádúrtha, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha.
  • Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um an mBithéagsúlacht ag teacht le Straitéis an Aontais chun a chinntiú go gcuireann gníomhaíochtaí na hÉireann le cuspóirí caomhnaithe ginearálta an Aontais a bhaint amach.

An Comhaontú Glas don Eoraip

Plean Ghníomhaíochta Aeráide Rialtas na hÉireann

An Clár LIFE

An Ciste um Aistriú Cóir

An Straitéis Bhithéagsúlachta

Taisteal

  • Is féidir le saoránaigh na hÉireann taisteal go dtí aon cheann de Bhallstáit an Aontais agus níl aon víosa de dhíth chuige sin. Lena chois sin tá sé de cheart acu cónaí, obair nó staidéar a dhéanamh in aon Bhallstát eile de chuid an Aontais.
  • Ní gá a bheith buartha faoi rátaí malairte airgeadra nó airgead a athrú nuair a thugtar cuairt ar Bhallstáit ina n-úsáidtear an Euro.
  • Tá sé níos saoire agus níos sábháilte ná riamh taisteal ar fud an domhain a bhuí le dírialú thionscal na n-aerlínte i mBallstáit an Aontais agus le reachtaíocht maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, reachtaíocht a chuireann srian ar chleachtais neamhiomaíocha agus a chuireann feabhas ar chaighdeáin sábháilteachta.
  • Fágann rialacháin de chuid an Aontais gur féidir le paisinéirí aerlíne cúiteamh suas le €600 a fháil as eitiltí a bheith mall, curtha ar ceal nó mar gheall ar ró-áirithintí ar eitilt. Má chailltear do chuid bagáiste nó má dhéantar damáiste dó, tá sé de cheart agat aisíocaíocht suas le €1,220 a fháil.
  • Tugadh isteach rialacha san Aontas a neartaigh cearta do phaisinéirí atá ag taisteal ar thraein, ar long nó ar bhus nó ar chóiste fad-achair.
  • Mar náisiúnach den Aontas, tá tú in ann taisteal faoi shaoirse agus do chat, do mhadra nó do choinín fiú a thabhairt leat má tá pas peata Eorpach aige.
  • Tá cosaint láidir ann do thomhaltóirí agus iad ag ceannach saoirí pacáiste, réadmhaoin amroinnte nó scéimeanna club saoire, fiú agus iad á gceannach ar líne.
  • Déanann rialacha an Aontais foráil maidir le haitheantas frithpháirteach ceadúnas tiomána san Aontas, mar sin bíonn ceadúnas tiomána na hÉireann bailí i ngach aon Bhallstát.
  • Tá eitiltí níos sábháilte de bharr an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a bheith ann, agus, mar gheall ar an méadú ar an gcomhar idir na Ballstáit i dtaca le bainistíocht aerthráchta, tá na heitiltí sin níos éifeachtúla freisin.
  • Tá deireadh curtha le táillí fánaíochta fón póca ar fud an Aontais agus anois ní mór do sholáthraithe conradh ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ a thabhairt do chustaiméirí mar réamhshocrú.
  • Leis an gCárta Eorpach Sláinte (EHIC) is féidir le saoránaigh na hÉireann bunchúram sláinte a fháil agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach agus chuig tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nó an Eilvéis.

Taisteal a dhéanamh san Aontas Eorpach

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’

Pas Peata Eorpach

Tomhaltóirí

  • Faigheann an Margadh Aonair réidh le bacainní trádála ar fud an Aontais agus dá bhrí sin bíonn rogha leathan táirgí agus seirbhísí ar fáil do thomhaltóirí Éireannacha ar phraghsanna níos iomaíche.
  • Bíonn earraí níos sábháilte freisin toisc go bhfuil sé leagtha síos i rialacha an Aontais go gcaithfear an comhartha comhréireachta ‘CE’ a chur ar a lán catagóirí táirgí. Sin dearbhú ó mhonaróir an táirge gur seiceáladh é agus go gcomhlíonann sé na ceanglais shábháilteachta ábhartha uile.
  • Tá sé de cheart ag gach tomhaltóir san Aontas buneolas soiléir, ceart agus cuimsitheach a fháil ó dhíoltóir sula gceannaíonn siad earraí nó seirbhísí ar líne.
  • Le rialacha an Aontais cuirtear cosc ar shrianta geografacha gan údar maith (geobhlocáil) a dhéanann dochar don tsiopadóireacht ar líne agus do dhíolacháin trasteorann.
  • Leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, ceanglaítear ar gach táirge digiteach, mar shampla monatóirí leanaí, uaireadóirí cliste agus bogearraí, ceanglais chibearshlándála éigeantacha a chomhlíonadh ar feadh a saolré ar fad.
  • Is gearr go mbeidh USB-C ar an gcaighdeán luchtaithe uilíoch amháin a bheidh ann do ghléasanna leictreonacha a dhíoltar san Aontas, rud a chiallaíonn nach mbeidh cáblaí luchtaithe éagsúla ag teastáil ó thomhaltóirí.
  • Cinnteofar le rialacha nua go mbeidh nach mór gach earra iarbhír ar mhargadh an Aontais níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos in-athchúrsáilte agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de ar feadh a saolré.
  • Is gearr go mbeidh ‘ceart chun deisiúcháin’ ag tomhaltóirí an Aontais, ceart a dhéanfaidh níos éasca agus níos saoire é táirgí a dheisiú ionas nach mbeidh ar thomhaltóirí cinn nua a fháil ina n-ionad.
  • Cuireadh cosc san Aontas ar fhógraíocht mhíthreorach agus ar chleachtais éagóracha trádála, mar shampla teicnící ionsaitheacha díola. Ciallaíonn sin go bhfuil cosc ar chostais fholaithe, ar chleasa, ar ráitis bhréagacha agus ar eolas míthreorach. Tá srianta agus coimircí suntasacha ann chomh fada agus a bhaineann sé le fógraíocht atá dírithe ar leanaí ionas go gcosnófar iad ar ionramháil.
  • Cuirfear cosc freisin ar ‘an nglas-snasú’ mar a thugtar air – nuair a chuireann gnólacht eolas míthreorach ar fáil maidir lena neamhdhíobhálaí don chomhshaol atá a táirgí – faoi rialacha nua atá á moladh.
  • Le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, déantar cinnte de go bhfuil do shonraí pearsanta cosanta nuair a cheannaíonn tú rud éigin ar líne.
  • Is furasta do thomhaltóirí Éireannacha fáil amach cén áit as a dtáinig a gcuid bia agus cé na comhábhair atá istigh ann freisin. A bhuí le rialacha an Aontais, ní mór eolas a áireamh ar lipéid gach táirge bia mar eolas faoi chothú i gcás bia próiseáilte agus mionsonraí faoin áit as ar tháinig feoil neamhphróiseáilte. Lena chois sin, ní mór aird a tharraingt ar ailléirginí amhail cnónna nó bainne ar liosta na gcomhábhar ar an lipéad agus ní mór an lipéad a bheith soléite.
  • Ní mór táirgí cosmaideacha a dhíoltar san Aontas Eorpach a chur faoi mheasúnú sábháilteachta saineolaíoch sula gcuirfear ar an margadh iad. Cuireann reachtaíocht an Aontais cosc freisin ar thástáil ar ainmhithe chun críoch cosmaideach.
  • Chuidigh an tAontas Eorpach le léirscaoileadh an mhargaidh cumarsáide, rud a fhágann go bhfuil rogha níos fearr againn sa lá atá inniu ann de sholáthraithe seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide.
  • Déanann an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí seiceálacha córasacha i mBallstáit éagsúla ag an am céanna chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar dhlí cosanta an tomhaltóra, go háirithe i dtaca le díoltóirí ar líne.
  • Tá bia agus beatha ainmhithe a dhíoltar san Aontas faoi réir diancheanglais sábháilteachta. Is féidir gníomhú go pras chun tomhaltóirí a chosaint ó tháirgí bia neamhshábháilte tríd an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF).
  • Is córas mear-rabhaidh é córas Safety Gate an Aontais do tháirgí neamhbhia contúirteacha, agus a bhuí leis is féidir earraí contúirteacha a bhaint den mhargadh go tapa.
  • Tá an t-ardán Réitigh Díospóidí ar Líne (ODR) ar fáil ar fud an Aontais do thomhaltóirí na hÉireann le go mbeidh ionad amháin teagmhála ar fáil dóibh le díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach ó thús deireadh.

An Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí

An tArdán Réitigh Díospóidí ar Líne

Comhartha comhréireachta ‘CE’

Taighde agus Nuálaíocht

  • Tá Éire ar cheann de na náisiúin is fearr san Eoraip anois ó thaobh na nuálaíochta de, de thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í. Chuidigh sé sin leis na billiúin euro a fháil in infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch ó ghnólachtaí in earnálacha ardteicneolaíochta, mar shampla, Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide, tionscal na Cógaisíochta, na Meáin Dhigiteacha agus na Meáin Shóisialta.
  • Fuair beagnach 2,700 tionscadal a raibh eagraíochtaí Éireannacha bainteach leo os cionn €1.2 billiún de mhaoiniú ón gclár Fís 2020, clár réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht 2014-2020. Is fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna) breis agus aon cheathrú (690) de na heagraíochtaí sin.
  • Tá buiséad de €95.5 billiún don tréimhse 2021-2027 ag an gclár réime um thaighde agus um nuálaíocht is déanaí, Fís Eorpach.
  • Faoi thús 2024 bhí €628.6 milliún faighte ag Éirinn ón gclár Fís Eorpach, agus bhí 380 eagraíocht Éireannach ag glacadh páirt i 957 dtionscadal.
  • De thairbhe go bhfuil Éire páirteach sa Limistéar Eorpach Taighde, is féidir le taighdeoirí Éireannacha a gcion a dhéanamh don taighde agus don fhorbairt dhomhanda.
  • Foilsíonn an Coimisiún Eorpach an Scórchlár Eorpach Nuálaíochta gach bliain agus léiríodh in 2023 gur measadh gur ‘Nuálaí Láidir’ a bhí in Éirinn agus í ag feidhmiú ag 115.8 % de mheán an Aontais.
  • Mealltar taighdeoirí cumasacha idirnáisiúnta go hÉirinn mar gheall ar a rannpháirtíocht i dtaighde atá maoinithe ag an Aontas.
  • Trí pháirt a ghlacadh i gcláir thaighde de chuid an Aontais, cuirtear chun cinn agus léirítear cumais taighde na hÉireann ar an leibhéal domhanda.

Taighde agus nuálaíocht

Fís Eorpach

Fís Eorpach in Éirinn

An Limistéar Eorpach Taighde

Brexit

  • Bhí tionchar ar Éirinn ag cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil, ach bhí lámh ag an Aontas Eorpach i maolú an tionchair sin.
  • Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar tá Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, prótacal chun teorainn chrua a sheachaint ar an oileán agus chun an geilleagar uile-oileáin a chosaint.
  • Bhí an prótacal ina phríomhthosaíocht don Aontas ó thús na caibidlíochta faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus thacaigh na Ballstáit gan staonadh le staid na hÉireann le linn phróiseas na gcainteanna.
  • Ba í Éire an tairbhí ba mhó den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit de €5.37 billiún a cruthaíodh chun tacú leis na réigiúin agus na hearnálacha is mó a ndearnadh difear dóibh nuair a chinn an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil.
  • I mí na Nollag 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach cinneadh chun €920.4 milliún ón gCúlchiste a leithdháileadh ar Éirinn.
  • Na cláir mhaoiniúcháin PEACE agus INTERREG a thacaigh leis an gcomhréiteach agus a rinne an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta i dTuaisceart Éireann agus i Réigiúin na Teorann in Éirinn a chur chun cinn, sholáthair siad maoiniú de nach mór €3.4 billiún san iomlán le haghaidh os cionn 23,000 tionscadal a chuaigh chun tairbhe níos mó ná dhá mhilliún saoránach.
  • Lean an tacaíocht le haghaidh an Phróisis Síochána i ndiaidh Brexit tríd an gclár PEACEPLUS ar fiú €1.1 billiún é.

An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

Cláir mhaoiniúcháin PEACEPLUS

COVID-19

  • Nuair a bhuail COVID-19 an Eoraip in 2020, chomhordaigh an Coimisiún Eorpach mearfhreagairt Eorpach chomhchoiteann ar an ngalar, agus bhí bearta sa fhreagairt sin chun an damáiste eacnamaíoch a bhí á dhéanamh aige a laghdú.
  • Bhain Éire tairbhe as pacáiste téarnaimh €1.8 trilliún de chuid an Aontais ina raibh buiséad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) fadtéarmach na hEorpa agus an ionstraim téarnaimh shealadach Next Generation EU.
  • Chuir Straitéis an Aontais um Vacsaíní dlús le forbairt, monarú agus cur in úsáid vacsaíní i gcoinne COVID-19 agus bhí rochtain ag Éirinn ar roinnt vacsaíní agus ar a dhóthain díobh chun an daonra iomlán a vacsaíniú.
  • Na vacsaíní uile atá in úsáid in Éirinn, tá siad ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus ní údaraítear iad go dtí go léirítear go bhfuil siad slán agus éifeachtach araon.
  • Tá ról ríthábhachtach ag tionscadail taighde freisin sa chomhrac in aghaidh scaipeadh coróinvíreas ar nós COVID-19 agus tá tionscadail de chuid na hÉireann i measc na gcéadta tionscadal ar fud an Aontais a bhfuil maoiniú faighte acu chun tástálacha, cóireálacha agus teicneolaíochtaí a bhaineann le coróinvíris a fhorbairt.
  • A bhuí le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, bhí saorghluaiseacht shábháilte ag saoránaigh na hÉireann ar ghá dóibh taisteal thar lear le linn na paindéime.

 

Freagairt an Choimisiúin Eorpaigh ar COVID-19

Vacsaíniú AE

Buntáistí eile

  • Cé gur tír bheag í Éire, tá cumhacht aici ar leibhéal domhanda a bhuí lena ballraíocht san Aontas Eorpach. Tá tuairimí na hÉireann le brath ar bheartais an Aontais maidir leis an gcuid eile den domhan.
  • Chuir an tAontas tacaíocht riachtanach agus fóram neodrach ar fáil do pholaiteoirí agus státsheirbhísigh na hÉireann agus na Breataine, rud a d’éascaigh an dul chun cinn i dtreo Chomhaontú Aoine an Chéasta.
  • Le himeacht na mblianta, chuir an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil do chuid mhór áiseanna turasóireachta in Éirinn, mar shampla an t-ionad léirithe ag Aillte an Mhothair, an athfhorbairt a rinneadh ar Pháirc Foraoise agus Áineasa Loch Cé, agus ionad monaraíochta criostail agus ionad cuairteoirí a bhunú ar iarshuíomh Waterford Crystal nuair a dúnadh é.
  • Chuir an tAontas maoiniú ar fáil freisin le haghaidh mórthionscadail bonneagair ar nós mórbhóthar idiruirbeach, M4/M6 ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus M1/M9 ó Cill Chuillinn go Port Láirge, chomh maith le Tollán Chalafoirt Bhaile Átha Cliath, an M50 agus an DART san áireamh.
  • Chuir an tAontas maoiniú €82.5 milliún ar fáil trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun Líne Dhearg an Luais i mBaile Átha Cliath a fhorbairt.
  • Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta €150 milliún ar fáil chun tacú le hobair tógála ar an síneadh 5.6km le Líne Ghlas an Luais. Chuidigh an banc freisin le hinfheistíocht i roinnt mórthionscadal bonneagair in Éirinn.
  • Tá athfhorbairt Chalafort Chorcaí cómhaoinithe ag an Aontas mar thionscadal de chuid an Ghréasáin tras-Eorpaigh Iompair (TEN-T), gréasán a thacaíonn le tógáil agus uasghrádú bonneagair thábhachtaigh iompair ar fud an Aontais.
  • Tá €120 milliún á sholáthar ag THRIVE – an Scéim um Athbheochan Oidhreachta ‘Tús Áite do Lár Bailte’ atá á maoiniú faoi Chláir Réigiúnacha Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – chun tacú le hathbheochan lár bailte na hÉireann.
  • Mar gheall ar an mBarántas Gabhála Eorpach (EAW) ní féidir le coirpigh Éireannacha an dlí a sheachaint trí theitheadh go Ballstát eile den Aontas Eorpach.
  • Chuidigh ballraíocht san Aontas Eorpach le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge. Tá stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oibre mar atá ag aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais.

Scéalta an Aontais – cur síos ar chuid de na bealaí ar bhain Éire tairbhe as ballraíocht san Aontas.