Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Buntreoir don Aontas Eorpach

Comhpháirtíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil de chineál ar leith idir 27 dtír Eorpacha is ea an tAontas Eorpach, agus a bhuí leis, bhí níos mó ná leathchéad bliain de shíocháin, de chobhsaíocht agus de rathúlacht san Eoraip. 

Institiúidí an Aontais

Eagar de chineál ar leith an t-eagar atá ar institiúidí an Aontais. Déanann rialtais na mBallstát tosaíochtaí ginearálta an Aontais a chinneadh nuair a thagann siad i ndáil a chéile i gcruinnithe mullaigh, agus ansin cuireann institiúidí éagsúla Eorpacha a gcinntí i bhfeidhm, na ceithre institiúid seo go háirithe:

  • Parlaimint na hEorpa: comhlacht reachtach is ea é atá tofa ag saoránaigh an Aontais. Is sa Pharlaimint a chaitear vótaí le dlíthe, comhaontuithe agus buiséid de chuid an Aontais a rith, sin agus déanann sí maoirseacht ar institiúidí eile an Aontais
  • An Chomhairle Eorpach: is inti a thagann ceannairí na mBallstát go léir le chéile chun clár foriomlán an Aontais agus a thosaíochtaí polaitiúla a leagan síos
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh: tá sí comhdhéanta d’airí náisiúnta agus, in éineacht leis an bParlaimint, déanann sí idirbheartaíocht ar reachtaíocht an Aontais agus glacann sí í
  • An Coimisiún Eorpach: brainse feidhmeannach an Aontais is ea é. Déanann sé reachtaíocht an Aontais a dhréachtú agus cuireann sé cinntí na gcomhlachtaí reachtacha chun feidhme
  • Tá brainse taidhleoireachta ag an Aontas freisin – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chomh maith le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ar cúirt í a chinntíonn go n-urramaítear dlí an Aontais.

Tuilleadh eolais faoi institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Próisis chinnteoireachta an Aontais

Duais Nobel na Síochána

In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach as an ról cobhsaíochta a bhí aige i dtaca leis an gcuid is mó den Eoraip a athrú ó bhonn, ó mhór-roinn a bhí i mbun cogaíochta go mór-roinn a mhaireann faoi shíocháin; an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.