I mí na Nollag 2020, tháinig ceannairí Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú faoi Phlean Téarnaimh chun cuidiú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinneadh de dheasca phaindéim COVID-19 a dheisiú.
I mbuiséad fadtéarmach an Aontais, maille leis an ionstraim shealadach NextGenerationEU, beidh € 2 018 trilliún san iomlán ann le hEoraip a bheidh níos glaise, níos digití a thógáil, Eoraip ar fearr an teacht aniar inti.
Cad é atá sa Phlean Téarnaimh don Aontas?
Le buiséad fadtéarmach an Aontais, ar cuireadh leis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le COVID, déantar cinnte de go mbeidh breis agus 50 % den Phlean Téarnaimh ag gabháil don nuachóiriú a dhéanfar trí thaighde agus nuálaíocht, aistrithe aeráide agus digiteacha, agus tríd an ullmhacht, an téarnamh agus an teacht aniar.
Leis an bpacáiste sin a bhfuil dearcadh ann, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, déanfar an t-athrú aeráide a chomhrac. 30 % de bhuiséad an Aontais a chaithfear leis an tosaíocht sin. Tabharfar aird ar leith ann freisin ar chosaint na bithéagsúlachta.
Cuirfear €806.9 billiún breise ar fáil ó NextGenerationEU, agus is tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chuirfear €723.8 billiún den mhéid sin ar fáil (i bpraghsanna reatha) ina n-iasachtaí agus ina ndeontais chun tacú leis na hathchóirithe struchtúracha agus leis na hinfheistíochtaí a dhéanfaidh tíortha an Aontais. Tá Ionstraim nua um Thacaíocht Theicniúil curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach freisin chun saineolas saincheaptha a chur ar fáil do Bhallstáit an Aontais chun athchóirithe a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Is féidir tuilleadh a léamh anseo faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus faoi roinnt de na tionscadail athchóirithe a bhfuiltear ag tacú leo.
Maidir leis an Seimeastar Eorpach, an creat lena gcomhordaítear an beartas eacnamaíoch agus lena ndéantar monatóireacht air, cuireadh in oiriúint é freisin toisc dlúthbhaint a bheith aige leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cinnteofar leis go mbeidh athchóirithe struchtúracha ina gcuid dhílis den téarnamh i ngach tír.
Chun rochtain a fháil ar na cistí Téarnaimh agus Athléimneachta, chuir Ballstáit uile an Aontais plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ar fáil, plean nach mór a chur i bhfeidhm faoi 2026 agus ina leithdháiltear 37 % ar a laghad den chaiteachas ar an aeráid agus 20 % ar infheistíochtaí agus athchóirithe digiteacha.
Tuilleadh faoin bPlean Téarnaimh don Eoraip
Seimeastar Eorpach 2021 – timthriall eisceachtúil
Cláir an Aontais um chistiú agus tairiscintí agus nósanna imeachta um iarratas
An Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta
Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027 agus NextGenerationEU: Fíricí agus figiúirí
An Plean Téarnaimh d’Éirinn
Tá sé ríthábhachtach do gheilleagar na hÉireann go ndéanfaidh an Eoraip téarnamh ó iarmhairtí eacnamaíocha, airgeadais agus sóisialta phaindéim COVID-19, go háirithe ó tharla go bhfuil tionchar ag Brexit ar an tír chomh maith.
An Plean Téarnaimh d’Éirinn

Measann an Coimisiún Eorpach gur tháinig méadú 13.5% ar fhíor-OTI na hÉireann in 2021, an ráta fáis is airde san Aontas Eorpach, de thairbhe easpórtálacha cuideachtaí ilnáisiúnta a bhfuil sainfheidhm i dtrealamh leighis, cógaisíocht agus seirbhísí ríomhaireachta acu.
I Réamhaisnéis Eacnamaíoch Shamhradh 2022, rinne an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an réamh-mheastachán ar fhíorfhás OTI na hÉireann le haghaidh 2022 go ndearna siad é a ísliú beagán go 5.3%. Tá sin go fóill i bhfad níos airde ná an meánráta fáis 2.6% atáthar á thuar don Limistéar Euro in 2022 agus is é an tríú ráta is airde san Aontas é i ndiaidh ráta na Portaingéile ag 6.5% agus na Slóivéine ag 5.4%. Is é 4% an fás OTI a bhfuiltear ag súil leis d’Éirinn in 2023, ráta atá níos measartha ach fós láidir. Tá sé beagán níos lú freisin ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo, sin mar gheall ar an mboilsciú níos airde, ar na scrogaill soláthair agus ar an éiginnteacht atá ag eascairt as ionsaí na Rúise ar an Úcráin, rud a dhéanfaidh dochar don tomhaltas príobháideach agus don infheistíocht phríobháideach.
Cad é atá sa Phlean Téarnaimh d’Éirinn?
Is amhlaidh atá tacaíocht shonrach in NextGenerationEU, ionstraim téarnaimh shealadach an Aontais Eorpaigh, d’earnálacha is miste d’Éirinn amhail an talmhaíocht, chun soláthairtí bia a dhaingniú agus chun ioncam feirmeoirí a chosaint.
Cad é atá sa Phlean Téarnaimh d’Éirinn?

- Meastar go bhfaighidh Éire tuairim is € 1 bhilliún i ndeontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. In 2021, cuirfear € 89 milliún ar fáil freisin faoi REACT-EU mar aon le € 85 mhilliún ón gCiste um Aistriú Cóir.
- Gheobhaidh Éire nach mór € 1.4 billiún freisin i leithdháiltí ón mBeartas Comhtháthaithe ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais, chomh maith le corradh beag ar € 8.3 billiún in íocaíochtaí díreacha ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Cuirfear € 2.25 billiún ar fáil freisin tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
- € 2.47 billiún de thacaíocht airgeadais a fuair Éire ón gCoimisiún Eorpach le déanaí mar aistriú tosaigh faoi ionstraim SURE. Cuirfear an tacaíocht ar fáil ina hiasachtaí a dheonófar ar théarmaí fabhracha agus beidh sí ina cuidiú ag Éirinn na costais a bhaineann le Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 a chumhdach.
- Tá dhá scéim de chuid na hÉireann, dar luach € 10 milliún agus € 7 milliún, ceadaithe ag an gCoimisiún d’earnáil turasóireachta cóiste agus d’earnáil siamsaíochta na hÉireann, dhá earnáil a bhí thíos go mór leis an bpaindéim. Tá scéim de chuid na hÉireann dar luach € 45 mhilliún ceadaithe aige freisin chun tacú le gnólachtaí in earnáil na mairteola agus scéim de chuid na hÉireann dar luach € 60 milliún chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a ndeachaigh paindéim an choróinvíris chun dochair dóibh. I mí Iúil 2021, d’fhormheas an Coimisiún scéim de chuid na hÉireann dar luach € 9.5 milliún chun tacú le heintitis gan beann ar bhrabús i gcomhthéacs ráig an choróinvíris. Agus, i mí Lúnasa 2021, d’formheas an Coimisiún scéim de chuid na hÉireann dar luach € 11.5 milliún chun tacú le cuideachtaí in earnáil na n-imeachtaí agus scéim de chuid na hÉireann dar luach €15 mhilliún chun tacú le hoibreoirí bus tráchtála atá thíos le ráig an choróinvíris.
- Is í Éire freisin a bheidh ar an bhfaighteoir is mó den Chiste Coigeartaithe Brexit dar luach € 5 bhilliún.
An chaoi a dtacaíonn an tAontas leis an talmhaíocht in Éirinn
Scéalta faoi theacht aniar agus dlúthpháirtíocht an Aontais le linn COVID
Plean Téarnaimh na hÉireann a chur i bhfeidhm
Rinne Rialtas na hÉireann comhairliúchán poiblí faoina bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta i mí Feabhra 2021. Eolas ar na réimsí ar cheart tús áite a thabhairt dóibh le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe in Éirinn a iarradh sa chomhairliúchán sin, chomh maith leis na moltaí tírshonracha a mheastar a bheith ar na cinn is ábhartha i dtaca le plean na hÉireann.
Rinneadh an t-aiseolas sin a fhí sa dréachtphlean a chuir Rialtas na hÉireann faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 28 Bealtaine 2021.
Plean Téarnaimh na hÉireann a chur i bhfeidhm

An 16 Iúil 2021 ghlac an Coimisiún measúnú dearfach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann. Ag cur i láthair an mheasúnaithe di, arsa an tUachtarán von der Leyen: “Plean stuama infheistíochtaí agus athchóirithe atá ann. Beidh sé ina chuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach in Éirinn. Agus déanfaidh sé d’aon iarraidh margadh an tsaothair, timpeallacht an ghnó, agus an soláthar tithíochta sóisialta inacmhainne a chur chun feabhais, agus mórán eile lena chois sin. Mar a dúirt mé, táimid ag ceadú an phlean chríonna seo inniu. Is céim thábhachtach an ceadú céanna chun beagnach € 1 bhilliún a íoc sna blianta seo amach romhainn.”
Plean Téarnaimh agus Athléimneachta Náisiúnta na hÉireann 2021
Cláir an Aontais um chistiú agus tairiscintí agus nósanna imeachta um iarratas