
Ghlac tromlach mór de mhuintir na hÉireann an cinneadh dul isteach sna Comhphobail Eorpacha i 1973 agus bhí tionchar ag an gcinneadh sin ar ár bhforbairt mar náisiún nach bhféadfadh an duine is dearfaí faoin eachtra sin, fiú, a thuar.
An t-am sin mheas formhór an domhain nach raibh in Éirinn ach oileán gan aird, a bhí fós ag coimheascar chun a háit sa domhan a aimsiú beagnach leathchéad bliain tar éis neamhshpleáchas a bhaint amach ón Ríocht Aontaithe.
Sna blianta sula rinneadh ballstát di, bhíodh ceannairí polaitiúla amhail Seán Lemass agus níos déanaí Seán Ó Loingsigh, fara taidhleoirí sinsearacha agus eacnamaithe, ag argóint gur san Eoraip a bhí todhchaí na hÉireann.
Ní raibh an Eoraip cinnte de sin, ámh. Ar an talmhaíocht a tógadh geilleagar na hÉireann, ba mhór a bhí sé i dtuilleamaí ar mhargadh na Breataine, is bhíodh daibhreas, dífhostaíocht ollmhór agus imirce ag cur isteach ar an tír.
Bhí amhras ar na sé thír a bhunaigh an CEE faoinár gcumas geilleagrach agus faoinár neodracht. Beartas caomhnaitheachta na hÉireann, a d'éiligh srianta ar allmhairithe, is léir nár rógheal é le comhphobal Eorpach a raibh an tsaorthrádáil de dhlúth is d'inneach ann.
Bhíodh feachtas d'fhonn an beartas eacnamaíoch a athrú ar bun ag eacnamaithe cáiliúla in Éirinn agus faoi thús na 60aidí bhí a lán polaiteoirí sinsearacha ag teacht ar an tuairim nach raibh aon bhealach eile tabhairt faoin dífhostaíocht ard agus an olleisimirce a bhí ag lagú na tíre ach aontú leis an Eoraip.
Lean Éire uirthi ag lorg ballraíochta sa CEE ach bhí deireadh le dóchas i 1963 nuair a léirigh Uachtarán na Fraince, an Ginearál Charles de Gaulle, nár theastaigh ón bhFrainc go mbeadh an Bhreatain sa chomhphobal.
Chuir a sheasamh deireadh tobann leis an gcaibidlíocht leis na tíortha uile a bhí ina n-iarrthóirí agus níor bhall den CEE í Éire go ceann deich mbliana eile.
Chuir an tUachtarán de Gaulle cosc leis an dara hiarratas i 1967 ach i 1969 gheall a chomharba, George Pompidou, nach mbeadh sé in éadan ballraíocht a bheith ag an mBreatain agus ag Éirinn.
Thosaigh caibidlíocht nua agus i 1972 síníodh an Conradh Aontachais. Dearbhaíodh i reifreann na Bealtaine 1972 go raibh Éire le dul isteach sa chomhphobal Eorpach nuair a thacaigh 83% de na vótóirí le ballraíocht.
What being in the EU means for Ireland
- Tá rochtain gan bhac ag gnólachtaí na hÉireann ar mhargadh ina bhfuil breis is 440 milliún duine.
- Meastar gur cruthaíodh thart ar 978,000 post in Éirinn le linn na ballraíochta agus tháinig méadú faoi 150 ar an trádáil.
- Tháinig méadú ollmhór ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche go hÉirinn, ó €16 milliún i 1972 go breis is €30 billiún.
- Tá cead ag saoránaigh na hÉireann bogadh, oibriú agus dul chun cónaithe gan bhac laistigh de chríocha na mballstát eile.
- Idir 1973 agus 2015 fuair Éire breis agus €74.3 billiún ón Aontas Eorpach. Le linn an ama chéanna, d’íoc sí tuairim agus €32 billiún le buiséad an Aontais. (Ón Roinn Airgeadais na figiúirí.)
- Idir 1973 agus 2014, fuair feirmeoirí na hÉireann €54 billiún tríd an gComhbheartas Talmhaíochta.
- Tá tuairimí na hÉireann le brath ar bheartais an AE maidir leis an gcuid eile den domhan.
- Chabhraigh ballraíocht san AE le síocháin agus comhaontú polaitiúil a chruthú i dTuaisceart Éireann trí thacaíocht agus trí infheistíocht i gcláir thrasteorann.
- Teanga oifigiúil oibre de chuid an AE is ea an Ghaeilge anois, rud a chosnóidh teanga dhúchais na tíre sna glúine atá le teacht.
What being in the EU means for Ireland
- Irish businesses have unhindered access to a market of over 447 million people.
- The EU actively promotes and supports Europe’s many different cultures, traditions and languages. Irish has full working EU status, just like other official EU languages.
- Climate change is a global threat that can’t be tackled by nations acting alone. EU policies contribute to the global effort to tackle climate change and they also help protect Ireland’s natural habitats, ensure proper waste disposal and keep our air and water clean.
- Between 1973 and 2020 the Common Agricultural Policy invested €64.7 billion in supporting Irish farmers and rural community projects.
- In 1973 Ireland imported more merchandise than it exported. Imports were valued at €1.4 billion and exports €1.1 billion. In 2020 imports were valued at €85.3 billion and exports exceeded €160 billion.
- The EU is Ireland’s most important trading bloc, with 40% of exports going to fellow Member States.
- Being part of the EU gives Ireland a powerful global voice. Irish views and interests are reflected in the policies of the EU towards the rest of the world.
- Ireland has more control over its currency in the EU. The Irish pound was linked with British sterling until Ireland joined the European Monetary System (EMS) at its inception in 1979. The euro became the official shared currency of participating Member States including Ireland in 1999 and euro banknotes and coins first appeared in 2002.