Níl deireadh fós leis an bhforéigean ar bhonn inscne, steiréitíopáil agus fuathchaint i leith na mban in Éirinn, i ngach cearn den Aontas, agus i ngach cearn den domhan mór féin.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó ban thíos leis an gcibearstalcaireachta, leis an gciapadh ar líne agus le bagairtí ar líne, agus le comhroinnt sonraí príobháideacha agus íomhánna pearsanta.
Déanann an ciapadh ag an obair difear díréireach do na mná freisin, mar a mbíonn siad i mbaol mí-úsáide go minic i ngeall ar chaidrimh éagothroma chumhachta, pá íseal, dálaí oibre neamhbhuana agus steiréitíopáil.
An méadú ar an bhforéigean teaghlaigh agus ar thuarascálacha mí-úsáide le linn dhianghlasáil COVID-19, nuair a bhí íospartaigh sáinnithe sa bhaile lena mí-úsáideoirí, is meabhrú brónach é gur minic a bhaineann an baol is mó do na mná leis na daoine is mó a bhfuil aithne acu orthu.
Léiríonn sonraí a d’fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) in 2021 go ndéantar tearcthuairisciú go córasach ar an bhforéigean in aghaidh na mban agus gur minic a bhaineann rialú comhéigneach agus ionsaithe gnéasacha leis.
Measann an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) gurb é €366 bhilliún in aghaidh na bliana an costas a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe ar fud an Aontais, agus gurb é €289 mbilliún (79%) an costas a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban. Meastar go bhfuil costas €175 bhilliún ar fhoréigean baile agus ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh, agus is ar na mná a dhéantar 87% den fhoréigean sin.
I staidéar de chuid Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) in 2021, measadh gur idir €49 mbilliún agus €89.3 billiún atá na costais fhoriomlána a bhaineann leis an gcibearchiapadh agus leis an gcibearstalcaireacht i leith na mban.
Is cineál eile foréigin inscnebhunaithe í an gháinneáil ar dhaoine le haghaidh teacht i dtír gnéasach agus is minic a bhíonn sí sin fréamhaithe sa bhochtaineacht agus sa neamhionannas. Is mná agus cailíní iad os cionn 70% d’íospartaigh uile na gáinneála ar dhaoine san Aontas, agus is mná agus cailíní iad 92% d’íospartaigh a ndéantar gáinneáil orthu le haghaidh teacht i dtír gnéasach.
Chomh maith leis sin, is íospartaigh iad den fheimeamharú, de phóstaí éigeantais agus de chiorrú ball giniúna ban (FGM). Meastar go bhfuil cónaí ar 600,000 bean ar a laghad san Aontas a ndearnadh ciorrú ball giniúna ban orthu (FGM).
Le Straitéis Comhionannais Inscne an Choimisiúin Eorpaigh táthar ag dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe trí bhearta uaillmhianacha atá dírithe ar thacú le híospartaigh agus iad a chosaint, agus ar dhéantóirí coire a thabhairt chun cuntais.
Príomhghníomhaíochtaí:
- Mhol an Coimisiún Eorpach rialacha nua ar fud an Aontais chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chomhrac. Is é is aidhm don togra íosleibhéal cosanta a chinntiú i gcoinne an fhoréigin sin, gan beann ar cé acu ar líne nó as líne a tharlaíonn sé.
- Tá aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl Chomhairle na hEorpa, ina n-aithnítear foréigean in aghaidh na mban mar shárú ar chearta an duine agus mar chineál idirdhealaithe in aghaidh na mban, le tabhairt chun críche, agus más amhlaidh nach féidir sin a dhéanamh, molfaidh an Coimisiún bearta chun na cuspóirí céanna a bhaint amach.
- Tacaíonn an Coimisiún le múscailt feasachta maidir le ciapadh san ionad oibre agus ar chlaontacht inscne trí chreat straitéiseach an Aontais um an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair.
- Leis na Gníomhartha um Sheirbhísí Digiteacha agus um Margaí Digiteacha, cosnaítear cearta bunúsacha úsáideoirí an spáis dhigitigh, agus ar an dóigh sin táthar ag cuidiú chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte do mhná.
- Is é is aidhm do Straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach deimhin a dhéanamh de gur féidir le híospartaigh uile na coireachta uile, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe san áireamh, brath ar a gcearta go hiomlán.
- Tá Eurostat ag obair ar shuirbhé de chuid an Aontais i dtaca le foréigean inscnebhunaithe. Is faoi na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta a bheidh na suirbhéanna agus beifear ag dréim leis na torthaí in 2023. Sonraí cruinne maidir leis an bhfadhb, tá siad sin ríthábhachtach chun beartas agus freagraí dlíthiúla éifeachtúla éifeachtacha a fhorbairt agus chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí agus dul chun cinn.
- Maoiníonn an Coimisiún tionscadail chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac tríd an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht.
Foréigean ar bhonn inscne
Costas an fhoréigin inscnebhunaithe san Aontas Eorpach
Rialacha uile-Aontais chun deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh