Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Maoiniú agus deontais

Is áit níos fearr chun cónaí í an Eoraip de thairbhe taighde rathúil lena bhfeabhsaítear cúram sláinte, lena bhforbraítear modhanna inbhuanaithe talmhaíochta agus lena gcruthaítear táirgí agus seirbhísí nuálacha.

Gach bliain tugann an tAontas Eorpach tacaíocht do bhreis agus 200,000 gnólacht trí iasachtaí, micreamhaoiniú, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontair.

Maoiniú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide

Maoiniú do thaighde

Tá ról tábhachtach ag an taighde sa nuálaíocht chun spriocanna inbhuanaitheachta an Choimisiúin Eorpaigh a bhaint amach, spriocanna a léirítear sa Chomhaontú Glas agus in athrú digiteach an Aontais.

Is é Fís 2020 an phríomhionstraim airgeadais lena gcuirtear infheistíocht taighde i gcroílár uaillmhian an Aontais chun fás agus poist atá cliste inbhuanaithe cuimsitheach a chur ar fáil. Tá páirt glactha ag breis agus 2,100 eagraíocht Éireannach i dtionscadail Fís 2020, agus tá maoiniú dar luach breis agus €880 milliún faighte acu ón Aontas. Bronnadh breis agus €215 mhilliún den mhéid sin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide na hÉireann.

Ba cheart go mbeadh buiséad timpeall €100 billiún ag an gcéad chlár infheistíochta eile de chuid an Aontais um thaighde agus nuálaíocht, clár ar a dtugtar Fís Eorpach.

Chomh maith leis an maoiniú a thugann an tAontas do thaighde atá bunaithe ar chúrsaí gnó, tacaíonn sé le taighdeoirí chomh maith ag gach céim dá ngairm agus dá n-oiliúint acadúil. Is é Fondúireacht Eolaíochta Éireann an pointe teagmhála náisiúnta maidir le maoiniú an Aontais do thaighde agus cuireann sí cuidiú ar fáil maidir leis na próisis iarratais.

An dóigh a dtéann maoiniú do thaighde chun tairbhe d’Éirinn

Tuairiscí ar ghaiscí taighde san Aontas Eorpach

Cláir agus glaonna an Aontais um maoiniú do thaighde

Deiseanna agus treoirlínte um maoiniú

An t-eolas ar fad maidir le cláir mhaoiniúcháin an Aontais

Faisnéis maidir leis na cineálacha maoiniúcháin atá ar fáil, forléargas ar na príomhchláir mhaoiniúcháin agus an dóigh a mbainistítear maoiniú an Aontais.

 

Nósanna imeachta agus treoirlínte um maoiniú

Faisnéis úsáideach maidir le hincháilitheacht agus nósanna imeachta um iarratas agus roghnúchán le haghaidh maoiniú ón Aontas.

 

An Córas Trédhearcachta Airgeadais (FTS)

Faigh amach cé a fhaigheann maoiniú ón gCoimisiún Eorpach gach bliain in Éirinn agus ar fud an Aontais, chomh maith leis na méideanna, na cuspóirí agus suíomhanna na bhfaighteoirí.

 

Deiseanna maoiniúcháin ar oscailt

Faigh eolas maidir le deiseanna maoiniúcháin agus tairisceana, agus faigh amach conas rannpháirt a ghlacadh.