Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Ós rud é go bhfuil athrú tagtha ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, tá (agus beidh) réimse leathan deiseanna fostaíochta ar fáil do chainteoirí Gaeilge.  

Le Rialachán 2015/2264 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, cinneadh go mbeadh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas faoi 2022 agus go n-aistreofaí go Gaeilge an reachtaíocht go léir a thiocfaidh i bhfeidhm san Aontas, mar a dhéantar cheana i gcás na 23 theanga oifigiúla eile.  Ar an gcúis sin, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh ag earcú tuilleadh baill foirne a bhfuil Gaeilge acu.

Tá cuntas gairid thíos ar gach ceann de na róil éagsúla atá ann agus tá naisc ann chuig na comórtais atá ar oscailt faoi láthair.  

Aistritheoir

Ateangaire

Cúntóir Teanga/Rúnaí

Cuidíonn cúntóirí teanga chun a chinntiú go ndéantar obair na n-aistritheoirí in am agus go gcuirtear an obair sin ar aghaidh chuig na daoine a d’iarr í.  Ina theannta sin, cuireann siad tacaíocht riaracháin ar fáil don aonad teanga – cuidíonn siad chun imeachtaí a eagrú agus iarratais riaracháin a phróiseáil agus tugann siad tacaíocht don Cheann Aonaid.

Comórtais atá ar siúl faoi láthair nó a eagraíodh le déanaí:

Féach an nasc chuig an nglao oscailte ar iarratais le haghaidh Rúnaithe/Cléireach in aon cheann d’institiúidí an Aontais (poist ar conradh).

An spriocdháta d’iarratais – níl aon spriocdháta ann chun iarratas a dhéanamh

Nó is féidir leat do CV a chur chuig  DGT-GA-EARCAIOCHT-EOLASatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-EARCAIOCHT-EOLAS[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Dlítheangeolaí

Cinntíonn dlítheangeolaithe gurb é atá i leagan teangeolaíoch de dhlí áirithe léiriú cruinn ar an méid a aontaíodh agus a scríobhadh sa bhunleagan den dlí sin ionas go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar an dóigh chéanna i ngach ceann de na Ballstáit. Ní mór cáilíocht dlí a bheith ag dlítheangeolaithe.

Comórtais atá ar siúl faoi láthair nó a eagraíodh le déanaí:

dlí-theangeolaithe á lorg ag Cúirt Bhreithiúnais an AE.  
An spriocdháta d’iarratais: 7 Iúil 2023.

Eolas faoin gcomórtas idirinstitiúideach is déanaí le haghaidh dlítheangeolaithe

Profléitheoir

Ullmhaíonn profléitheoirí doiciméid lena bhfoilsiú – déanann siad seiceáil ar an téacs agus cinntíonn siad go bhfuil sé leagtha amach san fhormáid is gá.

Comórtais atá ar siúl faoi láthair nó a eagraíodh le déanaí:

Comórtas idirinstitiúideach le haghaidh gníomhairí ar conradh.
An spriocdháta d’iarratais – níl aon spriocdháta ann

Tá Eagarthóirí Teanga á lorg ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.  Cun sonraí a fháil faoin bhfolúntas, déan teagmháil le liga [dot] ledinaatpublications [dot] europa [dot] eu (liga[dot]ledina[at]publications[dot]europa[dot]eu).

Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg saineolaí náisiúnta le tréimhse a chaitheamh ar iasacht ag Roinn na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin. Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag obair leis an státseirbhís in Éirinn nó san earnáil phoiblí (in ollscoil mar shampla).

Is é an 18 Nollaig 2023 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ó Aislinn [dot] MCCRORYatec [dot] europa [dot] eu (Aislinn[dot]MCCRORY[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tréimhsí oiliúna

Tréimhse oiliúna aistriúcháin in institiúid an Aontais Eorpaigh

Dhá uair sa bhliain cuireann an Coimisiún Eorpach intéirneacht cúig mhí ar fáil do chéimithe.  Is féidir le hiarratasóirí a roghnú go sonrach iarratas a chur isteach ar intéirneacht aistriúcháin. Tabhair do d’aire nach mór trí theanga de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a bheith ag daoine atá ag iarraidh cur isteach ar an intéirneacht.  Bíonn clárú ar siúl gach samhradh le haghaidh sheisiún Mhárta – Iúil agus i mí Eanáir le haghaidh sheisiún Dheireadh Fómhar – Feabhra.

tréimhsí oiliúna d’aistritheoirí ar fáil i bParlaimint na hEorpa freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thréimhsí oiliúna eile in institiúidí an Aontais Eorpaigh, féach an liosta ag bun an leathanaigh cuí ar shuíomh ‘EU Careers’.

Intéirneacht Rialtas na hÉireann d’aistritheoirí

Gach bliain fógraíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán glao ar iarratais le haghaidh clár intéirneachta idirinstitiúideach d’aistritheoirí, profléitheoirí agus ateangairí Gaeilge.  Maireann an clár intéirneachta sin tréimhse 10 mí dar tús an 1 Deireadh Fómhair. Ní gá go mbeadh tríú teanga de chuid theangacha oifigiúla an Aontais ag iarratasóirí ar an tréimhse oiliúna seo. Is féidir teacht ar bhreis eolais faoi chlár na bliana seo ag an nasc seo.

Tuilleadh eolais

Tá seirbhís earcaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh faoi chúram na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO).  Reáchtálann EPSO na comórtais le haghaidh na bpost buan go léir agus le haghaidh cuid mhaith de na poist shealadacha sna hinstitiúidí Eorpacha.  Féach 'EU Careers' chun tuilleadh eolais a fháil, cuntas a chruthú agus do CV a uaslódáil.

Chomh maith leis sin, eagraíonn Roinn Gnóthaí Eachtracha Rialtas na hÉireann feachtas eolais faoi phoist leis an Aontas Eorpach chun feasacht a mhéadú maidir leis na deiseanna gairme atá ar fáil d’Éireannaigh in institiúidí an Aontais.  Is féidir iad a leanúint ar na meáin shóisialta ag @EUJobsIreland chomh maith. Tacaíonn an Rialtas freisin le hiarrthóirí a bhfuil iarratas curtha isteach acu ar phoist bhuana in institiúidí an Aontais trí eolas agus comhairle a chur ar fáil dóibh fad is a bhíonn an comórtas ar siúl.

Cuireann an eagraíocht Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ‘Leabhar Glas’ amach (a ndéantar nuashonrú air gach bliain) a bhfuil sonraí ann faoi na hintéirneachtaí agus na deiseanna fostaíochta eile atá ar fáil do chéimithe Éireannacha sa Bhruiséil.  Ina theannta sin, eisíonn Gluaiseacht na hEorpa nuachtlitir gach seachtain ina mbíonn sonraí cothrom le dáta faoi dheiseanna gairme agus comórtais oscailte.  Is féidir leat clárú chun an nuachtlitir a fháil ag an nasc seo: https://www.europeanmovement.ie/jobs-list/ nó is féidir Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn a leanúint ar na meáin shóisialta.