Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Fostaíocht a fháil in institiúidí an Aontais

Tréimhsí oiliúna (Stages)

Tá clár oiliúna ag gach ceann d’institiúidí an Aontais. 

Tréimhsí oiliúna sa Choimisiún Eorpach (Blue Book)

Tá dhá sheisiún oiliúna cúig mhí ag an gCoimisiún Eorpach – bíonn tús leis an gcéad seisiún i mí an Mhárta agus leis an dara seisiún i mí Dheireadh Fómhair. Chun iarratas a dhéanamh ar cheachtar de na seisiúin sin, ní mór duit pleanáil a dhéanamh roimh ré toisc gur ag deireadh mhí Lúnasa atá an spriocdháta le haghaidh an tseisiúin dar tús mhí an Mhárta sa bhliain ina dhiaidh sin, agus ag deireadh mhí Eanáir atá an spriocdháta le haghaidh an tseisiúin dar tús mhí Dheireadh Fómhair. Glactar le hiarratais ó shaoránaigh an Aontais agus ó shaoránaigh de thíortha lasmuigh den Aontas agus gheobhaidh na hoiliúnaithe a roghnófar liúntas míosúil. Ní mór do na hiarratasóirí a bheith ina gcéimithe agus eolas an-mhaith a bheith acu ar dhá cheann de theangacha oifigiúla an Aontais (is leor teanga amháin i gcás saoránaigh de thíortha lasmuigh den Aontas).

Tabhair do d’aire: i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, is féidir iarratas a dhéanamh freisin ar thréimhse oiliúna aistriúcháin, mar shampla, nó ar thréimhse oiliúna eolaíochta (an tAirmheán Comhpháirteach Taighde).

Tréimhsí oiliúna in institiúidí an Aontais

Tréimhsí oiliúna sa Choimisiún Eorpach

Poist bhuana

Tá 40,000 duine fostaithe in institiúidí an Aontais – formhór acu laistigh den Aontas, ach cuid acu in áiteanna ar fud an domhain chomh maith. De bhrí gur saoránach den Aontas thú, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar phost in aon cheann d’institiúidí an Aontais. 

Is faoi bhainistíocht lárnach na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) a bhíonn na ‘comórtais oscailte’ nó concours do dhaoine ar mian leo poist bhuana a fháil mar oifigigh nó fonctionnaires an Aontais i gceann de na hinstitiúidí. 

Bíonn na riachtanais i gcás gach comórtais éagsúil, mar sin déan cinnte de go léann tú go han-ghrinn na treoracha a bhaineann leis an gcomórtas sula ndéanann tú iarratas. 

Is féidir leat cuntas EPSO agus EU CV a chruthú tráth ar bith chun bheith céim amháin chun tosaigh nuair a fhoilseofar comórtas a bhfuil spéis agat ann.

Tabhair do d’aire: Ní mór oifigigh an Aontais a bheith in ann obair a dhéanamh trí níos mó ná teanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne

Gairmréim leis na hinstitiúidí Eorpacha, an gairmréim duitse í?

Na deiseanna fostaíochta is déanaí

Poist shealadacha

Bíonn poist shealadacha ar fáil in institiúidí, i ngníomhaireachtaí agus i gcomhlachtaí an Aontais freisin – is poist do Bhaill Foirne ar Conradh (conarthaí CAST a thugann cuid mhór de na hinstitiúidí ar na poist sin) nó do Bhaill Foirne Shealadacha (conarthaí ar théarma seasta le coinníollacha atá cosúil leis na coinníollacha a bhaineann le conarthaí buana) formhór na bpost. 

Bíonn roinnt comórtais CAST oscailte go buan. I gcásanna mar sin, is féidir leat iarratas a chur isteach tráth ar bith agus nuair a bheidh iarrthóirí de dhíth ar na hinstitiúidí chun poist a líonadh, féachfaidh siad ar an liosta sin agus cuirfidh siad tús leis na nósanna earcaíochta.

Chun eolas a fháil faoi phoist i ngníomhaireachtaí an Aontais, féach an liosta folúntas atá ag na gníomhaireachtaí nó ag na comhlachtaí féin.

Na deiseanna fostaíochta is déanaí

Glao ar aistritheoirí (oscailte go buan)

Tuilleadh eolais

Má bhíonn aon cheist agat faoin eolas thuas, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig COMM-IE-INFO-REQUESTatec [dot] europa [dot] eu (COMM-IE-INFO-REQUEST[at]ec[dot]europa[dot]eu) agus ‘EU Careers’ a chur i líne an ábhair.

Ina theannta sin, eagraíonn Roinn Gnóthaí Eachtracha Rialtas na hÉireann feachtas faisnéise faoi phoist leis an Aontas Eorpach chun feasacht a mhéadú maidir leis na deiseanna gairme atá ar fail d’Éireannaigh in institiúidí an Aontais. Is féidir iad a leanúint ar na meáin shóisialta ag @EUJobsIreland chomh maith. Tacaíonn an Rialtas freisin le hiarrthóirí a bhfuil iarratas déanta acu ar phoist bhuana in institiúidí an Aontais trí eolas agus comhairle a chur ar fáil dóibh fad is a bhíonn an comórtas ar siúl.

An eagraíocht ar a dtugtar Gluaiseacht na hEorpa, Éire, cuireann sí ‘Leabhar Glas’ amach (a ndéantar nuashonrú air gach bliain) ina bhfuil sonraí faoi na hintéirneachtaí agus na deiseanna fostaíochta eile atá ar fáil do chéimithe Éireannacha sa Bhruiséil. Ina theannta sin, eisíonn Gluaiseacht na hEorpa nuachtlitir gach seachtain ina mbíonn sonraí cothrom le dáta faoi dheiseanna gairme agus comórtais oscailte. 

Feachtas faisnéise faoi phoist leis an Aontas Eorpach, an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Leabhar Glas Ghluaiseacht na hEorpa, Éire

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh