Cuireann an tAontas Eorpach seirbhís chuimsitheach lárnach teagmhála mar aon le raon leathan eolais, seirbhísí agus líonraí tacaíochta ar fáil ar fud na hÉireann.
Má tá ceisteanna agat maidir leis an Aontas, má tá cabhair uait maidir le conas teacht ar eolas ar leith, má tá rochtain uait ar dhoiciméid nó má tá cabhair uait ó shaineolaí de chuid an Aontais le haghaidh imeachta, lean na naisc thíos le glao a chur orainn, le scríobh chugainn nó le bualadh linn.
An bhfuil eolas uait faoin Aontas? Bain úsáid as ár seirbhís teileafóin saor in aisce i mBéarla, i nGaeilge nó in aon teanga eile den Aontas. Nó scríobh chuig foireann thiomnaithe EUROPE DIRECT.
Faigh faisnéis ghinearálta maidir leis an Aontas agus faisnéis nó tacaíocht a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith, rochtain ar dhoiciméadacht an Aontais, nó saineolaí le haghaidh d’imeachta nó do chuairte scoile in Éirinn.
Team EUROPE DIRECT is a network of independent and inspirational speakers and moderators, proficient in EU topics and communication, capable of conveying the activities of the EU to a broad audience.
Déan teagmháil le foirne preasa an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn/sa Bhruiséil. Faigh rochtain ar sheirbhísí do na meáin, ábhair, nósanna imeachta creidiúnaithe, fothaí preaseisiúintí agus foláirimh
Faigh eolas faoi ghréasáin eile a thugann tacaíocht maidir le cearta agus dlí an Aontais Eorpaigh, fostaíocht, oiliúint, taighde agus soghluaisteacht, cearta tomhaltóirí agus gnólachtaí.
Bíonn lúcháir ar Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn fáilte a chur roimh dhaltaí agus a múinteoirí cuairt a thabhairt orainn in Áras na hEorpa agus foghlaim faoin Aontas Eorpach.
Sonraí teagmhála agus suíomh Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn