Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Cuairteanna scoile ar Ionadaíocht an Choimisiúin in Éirinn

Bíonn lúcháir ar Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn fáilte a chur roimh dhaltaí agus a múinteoirí cuairt a thabhairt orainn in Áras na hEorpa agus foghlaim faoin Aontas Eorpach.

Cuirimid fáilte roimh dhaltaí bunscoile agus meánscoile, agus roimh mhic léinn ó institiúidí breisoideachais agus ardoideachais.

Don bhliain acadúil 2022/2023, is i lár na seachtaine amháin atá cuairteanna ar ár n-oifig ar fáil. Cuairt amháin in aghaidh na scoile a cheadaítear, agus is é 40 líon uasta na ndaltaí is féidir páirt a ghlacadh sa chuairt.

Maireann an ghnáthchuairt timpeall 90 nóiméad agus bíonn cur i láthair agus scannán faoi Éirinn agus an tAontas Eorpach san áireamh, chomh maith le plé agus tráth na gceist do na daltaí ina dhiaidh sin.

Ar na topaicí a d’fhéadfadh a bheith san áireamh, tá:

  • Stair agus bunús an Aontais Eorpaigh
  • Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus an méid a dhéanann siad
  • Éire agus an tAontas Eorpach
  • An chaoi a bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Aontas Eorpach ar dhúshláin mhóra, amhail an t-athrú aeráide agus an cogadh san Úcráin
  • An chiall a bhaineann leis an Aontas Eorpach do dhaoine óga
  • Eolas faoi ghairmeacha sna hinstitiúidí (mic léinn sa tsraith shinsearach).

Chun cuairt a eagrú do do rang, seol ríomhphost chugainn le do thoil leis an dáta agus an t-am is fearr leat agus beimid ar ais i dteagmháil leat faoi. Seo é ár seoladh ríomhphoist: comm-ie-info-request@ec.europa.eu

Féadfar cuairt fhíorúil* a eagrú freisin – cuir in iúl dúinn dá mb’fhearr leat an rogha sin.

Táimid ag tnúth le bualadh leat!

6th year students from Coláiste Phádraig in Lucan visiting Europe House

* Déanfaidh scoileanna rannpháirteacha cuairteanna fíorúla a óstáil ar an ardán teicniúil is fearr leo agus beidh siad faoi réir a gcóid iompair maidir leis an gcianfhoghlaim.