Más náisiúnach de chuid na hÉireann nó aon Bhallstát eile thú, is saoránach den Aontas Eorpach thú freisin. A bhuí leis an stádas sin, is iomaí ceart tábhachtach agat faoi dhlí an Aontais, go háirithe ceart na saorghluaiseachta ar fud na hEorpa más mian leat cur fút, obair nó staidéar a dhéanamh nó dul ar scor i dtír eile.
Más i dtír lasmuigh den Aontas atá tú agus nach bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta ag do thír ann, tá sé de cheart agat dul chuig ambasáid nó consalacht aon Bhallstáit eile ar lorg cúnaimh agus cosanta.
Do Chearta san Aontas Eorpach
Bíodh do chearta ar eolas agat
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Conas sárú ar do chearta a thuairisciú
Cosaint do sceithirí
Ceisteanna Coitianta faoi Do Chearta
Cearta Paisinéirí Aeir Ceisteanna coitianta
Cearta Paisinéirí Aeir san Aontas: táillí aeir, eolas do phaisinéirí, moilleanna agus cealuithe, árachas, cead bordála a dhiúltú, soghluaisteacht laghdaithe, bagáiste
Rochtain a fháil ar chóir leighis i mBallstáit eile de chuid an Aontais: Ceisteanna coitianta
Rochtain a fháil ar chóir leighis i mBallstáit eile de chuid an Aontais: an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, cúram sláinte réamhphleanáilte i mBallstát eile de chuid an Aontais agus cearta cónaithe.
Soghluaisteacht san Aontas Eorpach: Ceisteanna coitianta
Taisteal agus tiomáint san Aontas, cosaint taidhleoireachta agus chonsalach lasmuigh den Aontas agus comharbas trasteorann.
Cearta pinsin san Aontas Ceisteanna coitianta
Cearta pinsin do dhaoine a d’oibrigh i dtíortha eile san Aontas, pinsin a ríomh agus scéimeanna pinsin fhorlíontaigh.
An taisteal ar Bhusanna, ar Bháid Farantóireachta agus ar Thraenacha: Ceisteanna coitianta
Cearta paisinéirí bus agus cóiste, paisinéirí farantóireachta agus paisinéirí traenach.
Obair a dhéanamh san Aontas: Ceisteanna coitianta
Sochar dífhostaíochta i mBallstát eile den Aontas, fostaíocht i mBallstát eile den Aontas, áiseanna do dhaoine atá faoi mhíchumas, cáilíochtaí, saoire bhliantúil.