Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Soghluaisteacht san Aontas Eorpach Ceisteanna coitianta

Taisteal san Aontas Eorpach

De bhrí nach páirtí i gComhaontú Schengen í Éire, bíonn ar shaoránaigh na tíre sin pas a thaispeáint le dul isteach i mBallstáit eile. Ar an gcaoi chéanna, caithfidh gach saoránach den Aontas pas nó cárta aitheantais náisiúnta bailí a thaispeáint le teacht isteach in Éirinn.

An féidir bac a chur ar an gceart taistil atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh?

Ní féidir bac a chur ar an gceart taistil go Ballstát eile ach amháin ar chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Sa chás go ndiúltaítear cead do náisiúnach de Bhallstát amháin dul isteach i mBallstát eile, ba cheart fáthanna an diúltaithe sin a chur in iúl dó. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin sa chás ZZ v Státrúnaí na Roinne Gnóthaí Baile C-300/11.

An féidir le saoránaigh de chuid na Breataine atá ina gcónaí in Éirinn taisteal go Ballstáit eile gan ach a bpas a thaispeáint?

Is féidir le daoine a bhfuil pas de chuid na Ríochta Aontaithe acu, gan beann ar an áit a bhfuil siad ina gcónaí, taisteal go dtí aon Bhallstát de chuid an Aontais ar feadh tréimhse suas le trí 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá gan ach a bpas a thaispeáint. Ba cheart go mbeadh ar a laghad 6 mhí bailíochta fágtha ar a bpas ag saoránaigh de chuid na Breataine agus níor cheart go mbeadh an pas níos sine ná 10 mbliana d’aois nó d’fhéadfaí cead isteach sa Stát óstach a dhiúltú.

Cad is féidir liom a dhéanamh má chuirtear bac ar mo cheart taistil chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír agus mé ag pointe iontrála na tíre sin?

Más saoránach d'Éirinn thú agus má chuirtear bac ar do cheart taistil chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír agus má tá comhairle nó cúnamh uait, déan teagmháil le hambasáid nó le consalacht na hÉireann sa tír sin. Mura bhfuil ambasáid ná consalacht ag Éirinn sa tír sin, tá sé de cheart agat cúnamh a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon cheann de na sé Bhallstát is fiche eile atá sa tír sin a dteastaíonn uait dul isteach inti. Má bhíonn aon deacracht eile agat ionadaíocht taidhleoireachta nó chonsalach a fháil, ba cheart dul i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Más saoránach de thír eile thú, ba cheart teagmháil a dhéanamh le hambasáid nó le consalacht do Stáit baile sa tír sin a dteastaíonn uait dul isteach inti.

An bhfuil aon srian taistil ar bhaill teaghlaigh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh den Aontas iad féin?

Daoine nach saoránaigh den Aontas Eorpach iad féin, ach atá ina mball de theaghlach saoránaigh den Aontas agus a bhfuil cárta cónaithe arna eisiúint faoi Airteagal 10, Treoir 2004/38/CE ina seilbh acu agus atá ag taisteal in éineacht le baill teaghlaigh ar saoránaigh den Aontas iad nó atá ag taisteal chun bheith in éineacht leis na saoránaigh sin, ba cheart cead isteach a bheith acu in aon Bhallstát den Aontas Eorpach ach a bpas agus cárta cónaithe bailí a thaispeáint, cárta chónaitheoir bhuain san áireamh (Ryanair v Orzagos Rendor-fokapitanysag, Cás, C-754/18) in ionad víosa (Airteagal 5 de Threoir 2004/38/CE).

Céard faoi dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad féin ach atá ina mball de theaghlach saoránach de chuid na Breataine atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe?

D’fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil ó dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad féin ach atá ina mball de theaghlach saoránach de chuid na Breataine chun dul isteach chuig aon Bhallstát, Éire san áireamh.

Is saoránach Francach mé atá pósta le náisiúnach Téalannach. In Éirinn atá cónaí orainn. Tá sé beartaithe againn taisteal chun na Polainne ar saoire i mí Mheán Fómhair. Cad iad na doiciméid taistil a theastóidh le taisteal chun na Polainne? Dá dtaistealóimis chuig tíortha eile san Aontas Eorpach, an iad na doiciméid chéanna a bheadh ag teastáil?

De bhrí gur saoránach Francach thú ar a bhfuil cónaí in Éirinn, is féidir leat taisteal chun na Polainne nó go dtí aon tír eile san Aontas Eorpach gan iachall ort ach pas nó cárta aitheantais náisiúnta bailí a thaispeáint, má iarrtar sin. Maidir le do chéile, má tá cárta cónaithe arna eisiúint de bhun Airteagal 10, Treoir 2004/38/CE ina sheilbh aige, tá sé i dteideal taisteal i do theannta chun na Polainne ach a phas agus a chárta cónaithe Éireannach a thaispeáint agus ní chaithfidh víosa a bheith aige.

Sula dtéann tú ag taisteal, bí cinnte go bhfaighidh tú do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte agus árachas taistil oiriúnach.

Maidir leis an gcárta cónaithe atá ag an náisiúnach tríú tír, más cárta é nár eisíodh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2004/38/CE, is féidir go mbeidh gá le víosa. Sa chás sin, má tá an náisiúnach tríú tír ag taisteal in éineacht le ball dá theaghlach ar saoránach den Aontas é nó má tá sé ag taisteal chun bheith in éineacht leis an saoránach sin, ba cheart an víosa a bhronnadh go pras, gan táille gan fhoirmiúlacht (Airteagal 5, Treoir 2004/38/CE).

An bhfuil na húdaráis náisiúnta toilteanach víosaí a bhronnadh gan fhoirmiúlacht agus go pras ar pháirtithe saoránach den Aontas?

Fiú i gcás ina bhfilleann saoránach den Aontas ar a Bhallstát tionscnaimh, e.g. náisiúnach Éireannach atá ina chónaí i mBallstát eile den Aontas a fhilleann ar Éirinn lena pháirtí, páirtí nach saoránach den Aontas é. Sa chás sin caithfidh na húdaráis náisiúnta iontráil agus cónaí an pháirtí sin a éascú ar choinníoll gur féidir leis an lánúin a chruthú go bhfuil siad i gcaidreamh buan. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin sa chás ‘Secretary of State for the Home Office v Rozanne Banger’, C-89/17.

Cad iad na cearta taistil atá ag baill teaghlaigh ó thríú tíortha ar bronnadh ceadanna cónaithe orthu faoin dlí náisiúnta seachas faoi dhlí an Aontais?

Ball teaghlaigh nach saoránach den Aontas Eorpach é a bhfuil ceadanna cónaithe náisiúnta ina sheilbh aige a eisíodh de bhun dhlí náisiúnta na hÉireann agus ar mian leis taisteal go dtí Ballstáit eile den Aontas Eorpach, beidh air víosaí bailí a bheith aige, fiú má tá an ball teaghlaigh Éireannach chun bheith in éineacht leis. Ar an gcuma chéanna, baill teaghlaigh ó thríú tíortha a bhfuil cead cónaithe acu a eisíodh faoi dhlí náisiúnta Ballstáit eile, beidh orthu víosa bailí a bheith acu chun dul isteach in Éirinn. Más in éineacht le ball dá theaghlach ar saoránach den Aontas é a bheifear ag taisteal nó chun bheith in éineacht leis an mball teaghlaigh sin, ba cheart an víosa a bhronnadh go pras, gan táille, gan foirmiúlacht.

Is náisiúnach Éireannach mé atá pósta le náisiúnach Síneach. In Éirinn atá cónaí orainn. Tá súil againn dul chun na Fraince an mhí seo chugainn. An bhfuil sé fíor nach dteastóidh víosa ó mo bhean chéile agus go bhféadfaidh sí a stampa cónaithe Éireannach a úsáid in ionad víosa? 

Ós rud é gur náisiúnach Éireannach thú a bhfuil cónaí ort in Éirinn, is de bhun dhlí na hÉireann agus ní de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh atá cead ag do bhean chéile cónaí in Éirinn mar nach meastar go bhfuil tú ag baint feidhm as cearta faoi Chonradh an Aontais Eorpaigh de thoradh tú a bheith i do chónaí nó ag obair i dtír eile seachas sa tír ina bhfuil tú i do náisiúnach (Airteagal 3, Treoir 2004/38/CE). Is é a chiallaíonn sé sin nach faoi dhlí an Aontais Eorpaigh a bronnadh doiciméad cónaithe do mhná céile agus nach bhfuil aon teidlíocht aici an doiciméad sin a úsáid in ionad víosa mar a dhéanfaí dá mba rud é gur faoi dhlí an Aontais Eorpaigh a bronnadh an doiciméad sin uirthi. Mar sin féin, nuair a dhéanfaidh do bhean chéile iarratas ar víosa in ambasáid na tíre a bhfuil sé beartaithe aici dul ann, ba cheart don ambasáid sin an víosa a bhronnadh gan mhoill, gan táille, gan foirmiúlacht, más in éineacht leat nó le bheith in éineacht leat a bheidh sí ag taisteal (Airteagal 5, Treoir 2004/38/CE). Níor cheart go mbeadh uirthi ach a pas agus bhur dteastas pósta a thaispeáint agus níor cheart go mbeadh uirthi fianaise a thabhairt maidir le neamhspleáchas airgid, áirithintí óstáin, srl.

Ag tiomáint san Aontas Eorpach

Is ar dhéanamh "cárta creidmheasa" phlaistigh atá gach ceadúnas tiomána nua a eisítear san Aontas Eorpach. Is i bhfoirm chaighdeánach Eorpach atá na ceadúnais nua sin agus is fearr a ngnéithe slándála.

Iomprófar ceadúnais a eisíodh roimh Eanáir 2013 ar an bhformáid nua tráth a n-athnuaite nó faoi 2033 ar a dhéanaí.

An bhfuil ceadúnas tiomána a eisíodh i mBallstát amháin aitheanta i mBallstáit eile? Is saoránach Éireannach mé agus tá ceadúnas tiomána Éireannach agam. Tá mé ag dul ag pósadh níos déanaí sa bhliain agus tá súil agam dul chun cónaithe sa Phortaingéil in éineacht le m'fhear céile Portaingéalach. An mbeidh orm ceadúnas tiomána Portaingéalach a fháil nuair a aistreoidh mé chun na Portaingéile nó an dtabharfaidh na húdaráis áitiúla aitheantas do mo cheadúnas Éireannach? 

Foráiltear i dTreoir 2006/126/CE go ndéantar ceadúnais tiomána a aithint go frithpháirteach laistigh den Aontas. Ar bhonn na Treorach sin, agus ar choinníoll go bhfuil an ceadúnas bailí in Éirinn, tá do cheadúnas tiomána bailí sa Phortaingéil agus ba cheart go n-aithneofaí ansin é. Ní gá duit ceadúnas tiomána Portaingéalach a fháil nuair a rachaidh tú chun cónaithe sa Phortaingéil.

Mar sin féin, is é an riail ghinearálta má tá ceadúnas tiomána bailí agat agus má théann tú chun “gnáthchónaithe” i mBallstát eile seachas sa Bhallstát a d'eisigh an ceadúnas, go bhféadfaidh údaráis an Bhallstáit sin, an Phortaingéil sa chás seo, aon fhaisnéis a theastaíonn chun críocha riaracháin a thaifeadadh ar an gceadúnas agus féadfaidh sé a rialacha náisiúnta féin a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

  • tréimhse bhailíochta an cheadúnais;
  • scrúduithe sláinte (chomh minic céanna agus is gá i gcás náisiúnaigh na tíre);
  • socruithe cánach (a bhaineann le ceadúnas a bheith agat);
  • pionóis (ceadúnas pointí pionóis, mar shampla);
  • srianadh, fionraí, tarraingt siar nó cealú an cheadúnais.

Is Briotanach mé agus táim i mo chónaí in Éirinn. Tá ceadúnas tiomána de chuid na Ríochta Aontaithe agam. Níor athraigh mé é roimh an 31 Nollaig 2020. An bhfuil an ceadúnas sin fós bailí?

Níl do cheadúnas de chuid na Ríochta Aontaithe bailí a thuilleadh le bheith ag tiomáint in Éirinn. Ó tharla go bhfuil tú i do chónaí in Éirinn agus má tá sé beartaithe agat fanacht agus tiomáint ansin, ní mór duit do cheadúnas de chuid na Ríochta Aontaithe a aistriú go ceadúnas de chuid na hÉireann. Daoine a bhfuil ceadúnas na Ríochta Aontaithe/Thuaisceart Éireann acu agus atá ag cur fúthu in Éirinn, is féidir leo a gceadúnas a aistriú agus ceadúnas de chuid na hÉireann a fháil, ar choinníoll go bhfuil an ceadúnas atá á aistriú bailí le haistriú agus nach bhfuil sé imithe in éag ar feadh níos mó ná aon bhliain amháin. Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir leat dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiománaithe.

Is Éireannach mé agus tá mé ag cur fúm i dTuaisceart Éireann. Tá ceadúnas tiomána de chuid Thuaisceart Éireann agam. Oibrím thar an teorainn in Éirinn. An bhfuil mo cheadúnas bailí le bheith ag tiomáint in Éirinn?

Le ceadúnas tiomána de chuid Thuaisceart Éirinn, tá cead agat tiomáint in Éirinn má leanann tú ar aghaidh de bheith ag cur fút i dTuaisceart Éireann. Is féidir le cuairteoirí go hÉirinn tiomáint ar cheadúnas tiomána ó Stát ar bith lasmuigh den Aontas Eorpach/LEE ar feadh suas le haon bhliain amháin más ceadúnas reatha agus bailí é an ceadúnas. Ach má bhogann tú go hÉirinn, ní mór duit do cheadúnas tiomána a aistriú, sin nó iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána in Éirinn.

An gá dom árachas gluaisteáin breise a fháil agus mé ag taisteal chuig Ballstát eile?

Beidh agat faoi pholasaí árachais do ghluaisteáin an leibhéal is ísle clúdach is gá faoin dlí (is é sin dliteanas tríú páirtí), gan costas breise a íoc. Tá an dlí sin i bhfeidhm sna Ballstáit uile agus san Íoslainn, san Iorua agus san Eilvéis.

Má tá polasaí árachais cuimsitheach agat sa bhaile, ba cheart duit a fháil amach an bhfuil an clúdach sin bailí i dtíortha eile. B'fhéidir go mba cheart árachas a chlúdaíonn cliseadh feithicle a fháil chomh maith.

An bhfuil árachas gluaisteáin breise ag teastáil anois nuair atáthar ag tiomáint ó Éirinn go dtí Tuaisceart Éireann nó an Ríocht Aontaithe?

Níl aon árachas gluaisteáin breise ag teastáil do gluaisteáin atá cláraithe in Éirinn agus atá á dtiomáint i dTuaisceart Éireann nó sa Ríocht Aontaithe. I gcás feithiclí atá cláraithe in Éirinn, níl gá le cárta glas le taisteal sa Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann san áireamh, má tá teastas árachais bailí de chuid na hÉireann agat.

An bhfuil cárta glas ag teastáil nuair atá gluaisteán atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann san áireamh, á thiomáint in Éirinn?

Ón 2 Lúnasa 2021 ní theastóidh cárta glas a thuilleadh ó fheithiclí atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann san áireamh) má tá siad á dtiomáint i bPoblacht na hÉireann nó in aon áit san Aontas Eorpach.

Chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach an Ríocht Aontaithe a thabhairt isteach sa limistéar cúrsaíochta saor ó chárta glas tar éis Brexit.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi chearta taistil san Aontas Eorpach? 

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi chearta taistil san Aontas anseo

Doiciméid phoiblí san Aontas Eorpach

Le teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Doiciméid Phoiblí, Rialachán 2016/1191/AE, mí Feabhra 2019, rinneadh simpliú ar na nósanna imeachta a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a aithint. Saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i dtír de chuid an Aontais Eorpaigh seachas a dtír féin, is minic a bhíonn orthu doiciméad poiblí a chur faoi bhráid údaráis na tíre sin de chuid an Aontais ina bhfuil cónaí orthu. Ar na doiciméid sin tá teastais bhreithe nó doiciméid grinnfhiosraithe coiriúlachta.

Roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin, ba mhinic ab éigean do shaoránaigh, nuair a bhíodh orthu doiciméad poiblí a chur faoi bhráid tír eile de chuid an Aontais, stampa barántúlachta (apastaile) a fháil chun a chruthú gur dhoiciméad barántúil an doiciméad poiblí sin a bhí acu. Go minic níor mhór do shaoránaigh freisin cóip dheimhnithe den doiciméad poiblí a chur ar fáil, agus aistriúchán teanga. Leis an Rialachán maidir le Doiciméid Phoiblí, cuirtear deireadh le roinnt nósanna imeachta maorlathacha:

  • Maidir le doiciméid phoiblí (teastas breithe, deimhniú pósta, breithiúnas cúirte, mar shampla) agus cóipeanna deimhnithe arna n-eisiúint ag údaráis tíre atá san Aontais Eorpach, ní mór d’údaráis thíortha eile an Aontais Eorpaigh glacadh leis na doiciméid agus na cóipeanna sin mar chinn bharántúla fiú agus gan aon stampa barántúlachta (apastaile) orthu;
  • Ní gá do na saoránaigh a thuilleadh an dá rud, an doiciméad poiblí bunaidh agus cóip dheimhnithe, a chur ar fáil ag an tráth céanna. Sa chás go gceadaíonn tír de chuid an Aontais Eorpaigh cóip dheimhnithe de dhoiciméad poiblí a chur faoi bhráid a cuid údarás in ionad an doiciméid bunaidh, ní mór d’údaráis na tíre sin de chuid an Aontais Eorpaigh glacadh le cóip dheimhnithe as an tír de chuid an Aontais Eorpaigh inar eisíodh an doiciméad poiblí;
  • Ní gá do shaoránach a thuilleadh aistriúchán teanga ar an doiciméad poiblí a sholáthar. Mura i gceann éigin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh atá an doiciméad poiblí, tig le saoránach foirm chaighdeánach ilteangach a iarraidh, rud atá le fáil i dteangacha uile an Aontais, ar údaráis na tíre de chuid an Aontais Eorpaigh a d’eisigh an doiciméad poiblí. Ionas nach mbeadh gá le haistriúchán, is féidir an fhoirm sin a cheangal den doiciméad poiblí. Aon uair a chuirfidh saoránach doiciméad poiblí i láthair údaráis agus foirm chaighdeánach ilteangach in éineacht leis, ní fhéadfaidh an t-údarás sin aistriúchán a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla.
  • I dtaca le doiciméad poiblí a chuirfeadh saoránach i láthair údaráis na tíre de chuid an Aontais a bhfuil sé ina aoi aici, ní mór d’údaráis na tíre óstaí sin glacadh le haistriúchán deimhnithe ó aon tír de chuid an Aontais Eorpaigh.

Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach lasmuigh den Aontas Eorpach

Tá mo mhac ar saoire faoi láthair i gCúba agus tá sé beartaithe aige taisteal chun na hAirgintíne agus Peiriú ina dhiaidh sin. Cad a tharlódh dá mbeadh fadhb aige i gceann de na tíortha sin nuair nach bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta ná chonsalach ag Éirinn iontu?

Ceann de na buntáistí a bhaineann le saoránacht den Aontas Eorpach, i gcás ina mbeadh fadhb ag do mhac i dtír nach bhfuil san Aontas Eorpach agus nach bhfuil aon ionadaíocht taidhleoireachta ná chonsalach ag Éirinn inti, gurbh fhéidir leis cúnamh a lorg ó aon cheann de na hionadaithe taidhleoireachta nó consalacha atá ag na seacht mBallstát is fiche eile. Bheadh orthu caitheamh le do mhac ar an mbonn céanna agus a gcaithfeadh siad le náisiúnaigh a dtíre féin. Tá an ceart sin tábhachtach do náisiúnach as tír bheag ar nós na hÉireann mar nach mbíonn ionadaíocht taidhleoireachta ná chonsalach aici i ngach tír ar domhan.

Comharbas trasteorann

Roimhe seo, mar gheall air go raibh rialacha na mBallstát éagsúil le chéile, ba chasta agus ba chostasach an rud é déileáil le hoidhreachtaí a bhain le níos mó ná aon Bhallstát amháin. Le Rialachán 650/2010/AE (an Rialachán maidir le Comharbas), reachtaíocht nua de chuid an Aontais Eorpaigh, soiléirítear cén Ballstát a mbeidh dlínse ag a chúirteanna maidir leis an oidhreacht agus cén dlí a chuirfidh na cúirteanna sin i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go mbeidh sé i bhfad níos simplí déileáil le hoidhreacht trasteorann. Faoin Rialachán, is iad cúirteanna an Bhallstáit ina raibh gnáthchónaí ar an duine tráth a bháis a dhéileálfaidh leis an oidhreacht agus is é dlí an Bhallstáit sin a chuirfear i bhfeidhm. Féadfaidh saoránach a chinneadh gurb é dlí a thíre náisiúntachta a chuirfear i bhfeidhm ar a eastát, is cuma an Ballstát an tír sin nó nach ea. Breithiúnais maidir le hoidhreacht a thugtar i mBallstát amháin, tabharfar aitheantas dóibh láithreach sna Ballstáit eile as seo amach. Féach nach bhfuil an Rialachán maidir le Comharbas i bhfeidhm in Éirinn ná sa Danmhairg. Cé nach bhfuil na tíortha sin faoi réir fhorálacha an Rialacháin maidir le Comharbas, is féidir le saoránaigh Éireannacha agus Dhanmhargacha atá ina gcónaí i dtír ina bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le Comharbas leas a bhaint as rialacha an Rialacháin sin.

Is saoránach Éireannach mé atá i mo chónaí sa Fhrainc. Tá teach beag agam agus ba mhaith liom é a fhágáil ag an ngarmhac is sine atá agam. An féidir liom dlí na hÉireann a chur i bhfeidhm le deimhin a dhéanamh de go bhfaighidh sé le hoidhreacht é?

Is féidir. Faoin Rialachán maidir le Comharbas, is féidir leat dlí na hÉireann a roghnú mar an dlí is infheidhme maidir le comharbas do thí sa Fhrainc. Más sa Fhrainc a dhéantar an comharbas a láimhseáil, cuirfidh na húdaráis Fhrancacha dlí na hÉireann i bhfeidhm ar d'eastát ina iomláine.

Tá sé tábhachtach, mar sin féin, go ndéanfaidh tú dlí na hÉireann a roghnú go foirmiúil mar an dlí is infheidhme maidir le d’uacht. Mura ndéanfaidh tú sin, is é dlí na Fraince a chuirfear i bhfeidhm ar d'eastát ina iomláine más sa Fhrainc atá gnáthchónaí ort tráth do bháis.

Tuilleadh Comhairle Dlí maidir le do Chearta:

Má theastaíonn comhairle dlí uait maidir le do chearta san Aontas, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Comhairliúcháin Your Europe. Is seirbhís comhairliúcháin de chuid an Aontais í sin don phobal. Foireann 60 dlíodóir atá inti, a chumhdaíonn teangacha oifigiúla uile an Aontais agus a bhfuil eolas acu ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta i ngach tír san Aontas. Tabharfaidh siad comhairle phearsantaithe agus saor in aisce duit sa teanga is rogha leat, laistigh de sheachtain.  An freagra a gheobhaidh tú, trí ríomhphost nó ar an nguthán faoi mar is rogha leat, tabharfaidh sé soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhfuil feidhm aige i do chás agus míneoidh sé conas is féidir leat do chearta san Aontas a fheidhmiú.