Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Ceisteanna coitianta: Rochtain a fháil ar chóir leighis i dtíortha eile san Eoraip

Tá na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le cóir leighis a fháil i mBallstát eile an-éagsúil, ag brath ar an gcuspóir atá leis an tréimhse fanachta agus fad na tréimhse sin sa tír eile. D’fhéadfadh duine a bheith ina chónaí go sealadach sa tír, ar shaoire nó ar thuras gnó mar shampla. D’fhéadfadh sé go ndeachaigh tú chun an tíre sin díreach ar mhaithe le cóir leighis a fháil, mar nach raibh an chóir sin le fáil in Éirinn; nó mar go mbeadh moill fhada ag baint leis an gcóir sin a fháil in Éirinn; nó d’fhéadfadh sé gurb amhlaidh atá do chónaí aistrithe agat chun na tíre sin.

Cóir leighis a fháil le linn tréimhse shealadach thar lear - an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Éascaíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte do dhaoine as na 27 mBallstát, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis seirbhísí cúraim leighis agus sláinte a fháil agus iad ar chuairt shealadach thar lear.

Má tá tú ag dul ar saoire, ar thuras gnó nó ag staidéar thar lear, ná dearmad do chárta a fháil roimh ré. Sábhálfaidh sé am agus airgead ort má bhíonn tinneas ort nó má bhaineann gortú díot thar lear.

Cad iad buntáistí praiticiúla an chárta?

Cinnteoidh an cárta go mbeidh an rochtain chéanna agat ar chóir leighis riachtanach faoi chúram sláinte na hearnála poiblí (e.g. dochtúir, cógaslann, ospidéal nó ionad cúraim sláinte) agus atá ag náisiúnaigh na tíre a bhfuil tú ar cuairt inti. Má theastaíonn cúram sláinte uait i dtír ina ngearrtar táille as an gcúram sláinte, gheobhaidh tú aisíocaíocht láithreach, nó nuair a fhillfidh tú ar do thír féin. Is é is cuspóir leis an gcárta go bhfaighidh tú an cúram a theastaíonn uait le go bhféadfaidh tú fanacht ar cuairt sa tír sin.

Tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne, áfach, nach gclúdóidh an cárta na costais ar chúram sláinte agus tú thar lear má tá tú ag taisteal le dul faoi chóir leighis do thinneas nó do ghortú a bhí ort sular fhág tú an baile. Ní chlúdóidh an cárta aon chúram leighis a thugann soláthraithe cúraim sláinte na hearnála príobháidí duit.

Is náisiúnach Éireannach í Córa agus tá sí ina cónaí in Éirinn. Tá sé beartaithe aici dul go dtí an Spáinn ar feadh tréimhse ghairid. Cé go bhfuil sí folláin, tá imní uirthi faoi chúrsaí cúraim sláinte dá mbuailfeadh tinneas í agus í thar lear. Mar shaoránach den Aontas Eorpach, an bhfuil sí i dteideal cúram sláinte sa Spáinn nó in aon Bhallstát eile?

Mar dhuine atá ina cónaí i mBallstát, tá Córa i dteideal cóir leighis riachtanach saor in aisce nó ar chostas laghdaithe a fháil in aon Bhallstát agus san Íoslainn, san Iorua, i Lichtinstéin agus san Eilvéis. Má bhuaileann tinneas í, ba cheart di dul go dtí an t-ospidéal poiblí is gaire di agus a Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a thaispeáint. Gheobhaidh sí an chóir leighis chéanna agus a fhaigheann gach náisiúnach de chuid na Spáinne.

Ní chlúdaítear faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte ach cóir leighis ón earnáil phoiblí - tá a rialacha féin ag gach tír maidir le soláthar cúraim sláinte. I roinnt tíortha tá sé saor in aisce, ach i dtíortha eile beidh gá íoc as cuid den chostas; i dtíortha eile fós beidh gá an t-iomlán a íoc agus aisíocaíocht a éileamh.

Cá bhfaighidh mé an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte?

Tá na roghanna seo a leanas agat le hiarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte:

  • Is féidir cur isteach air ag http://www.ehic.ie/..
  • Is féidir dul chuig aon Oifig Sláinte áitiúil agus foirm iarratais a líonadh isteach.
  • Le hiarratas a dhéanamh tríd an bpost, iarr ar fhoirm iarratais in Oifig Sláinte, in Oifig Cúraim Pobail nó in Ionad Sláinte áitiúil. Is féidir leis na hoifigí sin foirm iarratas a chur chugat sa phost nó is féidir leat í a íoslódáil ag www.ehic.ie. Seol na foirmeacha, agus iad líonta isteach, chuig d'Oifig Sláinte áitiúil.

Tá cónaí orm lasmuigh d’Éirinn ach faighim mo phinsean ó Éirinn - cá ndéanfaidh mé iarratas ar mo Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)?

Ba cheart duit cur isteach ar do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte sa tír sin a bhfuil tú ag ranníoc isteach ina chóras slándála sóisialta nó a bhfuil tú ag baint sochar as. Is féidir nach é sin an Ballstát a bhfuil tú i do chónaí ann.

Is é a chiallaíonn sé sin go praiticiúil go mbeidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a eisiúint do dhaoine nó do phinsinéirí agus dá gcleithiúnaithe atá faoi árachas in Éirinn ach a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit eile, e.g. duine atá ar scor agus ag tarraingt pinsean ranníocaíoch ón Roinn Coimirce Sóisialaí ach a bhfuil cónaí air sa Spáinn, ba cheart dó cur isteach ar a Chárta Eorpach um Árachas Sláinte in Éirinn.

Is Briotanach ar scor mé agus táim i mo chónaí in Éirinn. Tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agam a d’eisigh an Ríocht Aontaithe. An bhfuil an cárta sin fós bailí le haghaidh taistil chuig na Ballstáit?

Má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte de chuid na Ríochta Aontaithe agat, beidh sé bailí go dtí dáta éaga an chárta féin. Nuair a rachaidh sé in éag, beidh ort iarratas a dhéanamh ar chárta domhanda um árachas sláinte ón Ríocht Aontaithe chun é a chur ina áit. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Is Éireannach mé agus táim i mo chónaí agus fostaithe sa Ríocht Aontaithe ó bhí 2019 ann. Rachaidh mo Chárta Eorpach um Árachas Sláinte in éag an mhí seo chugainn. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte arís sa Ríocht Aontaithe i mo cháil mar Éireannach nó ar cheart dom iarratas a dhéanamh in Éirinn?

Nuair a théann do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte in éag, mar Éireannach a bhí ag cur faoi sa Ríocht Aontaithe roimh an 31 Nollaig 2020, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte ón Ríocht Aontaithe. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

An gá árachas taistil a fháil sa bhreis ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte?

Moltar árachas taistil a fháil sa bhreis ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte. Ní mórán tíortha a íocann as costas iomlán na cóireála leighis, fiú faoi shocruithe cómhalartacha seirbhísí sláinte. Má bhuaileann tinneas thú nó má bhíonn timpiste agat thar lear d'fhéadfadh costas breise taistil, lóistín agus aisdúichithe a bheith i gceist agus b'fhearr árachas a fháil a chlúdódh a leithéidí de chásanna. Tá roinnt árachóirí taistil ann nach n-urramóidh éileamh árachais taistil ar chostais chúraim sláinte murar féidir le sealbhóir an pholasaí fianaise den Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a thaispeáint.

Cé air a nglaofaidh mé i gcás éigeandála?

Is í 112 an t-aon uimhir éigeandála Eorpach, ar féidir glaoch uirthi saor in aisce aon áit san Aontas Eorpach, ó línte talún agus ó fhóin phóca. Cuirfidh 112 i dteagmháil thú leis an tseirbhís éigeandála ábhartha (póilíní áitiúla, briogáid dóiteáin nó seirbhísí leighis) agus is féidir glaoch ar an uimhir sin de lá agus d'oíche. Tá 112 i bhfeidhm anois i ngach Ballstát den Aontas Eorpach, chomh maith leis na huimhreacha náisiúnta éigeandála (ar nós 999 nó 110). Úsáidtear 112 freisin i roinnt tíortha lasmuigh den Aontas, amhail Montainéagró agus an Tuirc.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an suíomh gréasáin seo.

Má tá tinneas fadtéarmach orm a dteastaíonn cóir leighis sheachtainiúil lena aghaidh, e.g. diaibéiteas? An féidir liom cuairt a thabhairt ar dhochtúir i Stát eile agus cé a íocfaidh as an gcostas sin?

Níl an clúdach a thugtar faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte teoranta do chóireáil éigeandála. Ba cheart duit do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a thaispeáint san ospidéal le dul faoi chóir leighis. Is féidir go n-iarrfar ort doiciméid a thaispeáint, ó do dhochtúir teaghlaigh, i dtaobh an tinnis atá ort. Moltar duit, dá bhrí sin, litir a bheith agat ó do dhochtúir agus cur síos inti ar do chás.

An bhfuil mac léinn atá i mbun staidéir i mBallstát eile i dteideal cúram sláinte sa Bhallstát sin?

Tá mic léinn i dteideal gach sochair chomhchineáil i leith cúram sláinte, e.g. cúram sláinte agus cógais leighis, le linn dóibh a bheith i mbun staidéir i mBallstát eile. Lena chinntiú gur féidir le mic léinn leas a bhaint as na sochair sin, ba cheart dóibh an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil sula n-imeoidh siad. Glactar leis go gcoinníonn mic léinn a ngnáthchónaí ina Stát baile agus caitear le mic léinn atá ag staidéar i dtír eile amhail agus go bhfuil siad ag "ar cuairt" inti. I gcásanna mar sin, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí má eisítear é i Stát baile an mhic léinn agus rathaíonn sé an méid seo a leanas do mhic léinn atá i mbun staidéir i mBallstát eile, "aon sochar comhchineál a bheidh de dhíth le linn a gcuairte, agus sin ag cur san áireamh an saghas sochair agus fad tuartha na cuairte".

Nuair a sheoltar an fhoirm iarratais ar ais, ba cheart litir ó choláiste an mhic léinn a bheith istigh léi ina ndearbhófar gur cuid de chúrsa cláraithe iad na seimeastair thar lear.

Má éiríonn an mac léinn tinn agus é thar lear, ba cheart dó an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a thaispeáint don fhoireann leighis a dtéann sé i gcomhairle leo ina ospidéal poiblí áitiúil.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte?

Tuilleadh eolais faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.

Teacht ar Chúram Sláinte Réamhphleanáilte i Stát eile de chuid an Aontais

Cad é a chiallaíonn an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann?

Treoir 2011/24/AE, an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, tá sí ceaptha na cearta atá ag othair a shoiléiriú i dtaca le teacht ar chóir leighis atá slán agus d'ardcháilíocht ar fud an Aontais Eorpaigh, gan beann ar na teorainneacha idirnáisiúnta, agus aisíocaíocht a fháil as an gcóir leighis sin. Ba cheart caitheamh le hothair a théann go tír eile san Aontas Eorpach le dul faoi chóir leighis, ba cheart caitheamh leo ar an dóigh chéanna a gcaitear le saoránaigh na tíre sin. Má tá othair i dteideal an chúraim sláinte sin sa bhaile, gheobhaidh siad aisíocaíocht ó na húdaráis sa bhaile. Ní bheidh an aisíocaíocht sin níos mó ná an costas a bheadh ar an gcóir leighis dá bhfaighfí sa bhaile í. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh ar an othar údarú a iarraidh sula n-imíonn sé thar lear le haghaidh cóireála, go háirithe más gá oíche a chaitheamh lena haghaidh in ospidéal nó má tá cúram sláinte an-speisialaithe agus an-chostasach i gceist.

Cén dóigh a gcomhlánaíonn an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann na forálacha atá ann faoi láthair, i Rialachán 883/2004/CE agus Rialachán 987/2009/CE, maidir le cúram leighis nó sláinte a fháil i mBallstát eile?

Más ag taisteal ar feadh tamaill ghairid atá tú go tír eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó go dtí an Eilbhéis agus go bhfuil cúram sláinte de dhíth ort sa tír sin, is féidir leat brath ar do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte go fóill chun an cúram sláinte atá de dhíth ort a fháil le linn an tamaill ghairid sin.

Maidir le cúram sláinte réamhphleanáilte i mBallstát eile den Aontas, is féidir leat iarratas a dhéanamh faoi Rialachán 883/2004/CE. Ní féidir an t-údarú sin a dhiúltú más rud é nach féidir cóir leighis a fháil sa bhaile laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh leighis de. Tabhair do d'aire gur mar seo atá in Éirinn: má tá cóir leighis incháilithe le haghaidh maoiniú faoi Scéim Cóireála Thar Lear E112 (de bhun Rialachán 883/2004/CE), is ionann sin agus a rá nach mbeidh sí incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann. Sula gcuirtear iarratas isteach faoi cheachtar den dá scéim, ní mór duit a chinntiú go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoin scéim cheart. Chun comhairle a fháil, ba cheart duit dul i dteagmháil le hoifig na Scéime Cóireála Thar Lear nó le Pointe Teagmhála Náisiúnta na Treorach maidir le Cúram Sláinte Trasteorann.

Cén buntáiste breise a thugann an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann thar a bhfuil ar fáil trí na forálacha atá ann cheana féin i dtaca le cúram sláinte a fháil thar lear faoi na Rialacháin slándála sóisialta?

Ar an gcéad dul síos, clúdaíonn an Treoir gach soláthraí cúraim sláinte san Aontas Eorpach, agus ina cheann sin, níl sí teoranta do sholáthraithe poiblí. Ar an dara dul síos, ní bheidh réamhúdarú de dhíth i ngach cás, faoi mar atá i láthair na huaire faoi na rialacháin slándála sóisialta, i dtaca le cóir leighis phleanáilte. Mar othar, ba cheart go mbeifeá in ann go leor eolais a fháil le gur féidir leat do rogha a dhéanamh go muiníneach sula gcinneann tú cóir leighis a fháil i Stát eile. Cuireadh pointí náisiúnta teagmhála ar bun chun cabhrú le hothair agus chun comhairle a thabhairt dóibh faoi na roghanna atá ann faoin treoir. 

Seo a leanas sonraí teagmhála an phointe teagmhála náisiúnta in Éirinn: Pointe Teagmhála Náisiúnta, Rannóg na Treorach maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ospidéal Naomh Cainneach, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Cill Chainnigh.

Fiosruithe ginearálta: 056 778 4546

Cén uair atá réamhúdarú de dhíth ón údarás náisiúnta faoin treoir chun cóir leighis a fháil i Stát eile?

Tig leis na húdaráis náisiúnta córas ‘réamhúdarúcháin’ a thabhairt isteach do dhaoine ar mian leo dul go Ballstát eile chun cóir leighis a fháil i dtrí chás ar leith, mar atá:

  1. Le haghaidh cúram sláinte nuair is gá oíche amháin ar a laghad a chaitheamh san ospidéal
  2. Le haghaidh cúram sláinte ardspeisialaithe agus dian ar chostais.
  3. I gcásanna áirithe tromchúiseacha a bhfuil baint acu le cáilíocht nó le sábháilteacht an chúraim a chuireann an soláthraí seirbhíse sláinte sin ar fáil.

Más faoi réir reachtaíocht na hÉireann atá tú, ní mór duit réamhúdarú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a fháil sna cásanna sin ar fad. 

An féidir an t-údarú sin a dhiúltiú?

Is féidir leis na húdaráis náisiúnta sláinte údarú a dhiúltiú dá bhféadfadh an chóir leighis sin, nó an soláthraí cúram sláinte sin, an t-othar a chur i mbaol. Más féidir an cúram sláinte a chur ar fáil sa bhaile laistigh d'achar ama inchosanta ó thaobh leighis de, is féidir údarú a dhiúltú sa chás sin freisin. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit an t-údar atá acu le cinneadh den sórt sin a mhíniú agus caithfidh an tuiscint atá acu ar an rud is "inchosanta ó thaobh leighis de" a bheith bunaithe ar na tosca ar leith a bhaineann le do chás féin.

Cad is féidir liom a dhéanamh má dhiúltaítear dom?

Tá de cheart ag othair achomharc a iarraidh ar aon chinneadh riaracháin a rinneadh ina leith faoi chúram sláinte trasteorann.

Cá mhéad a aisíocfar liom i ndiaidh dom cóir leighis a fháil thar lear?

Gheobhaidh othair an méid céanna aisíocaíochta agus a gheobhaidís sa bhaile ina dtír féin le haghaidh an cineál céanna cúram sláinte. Ballstáit a bhfuil cúram sláinte saor in aisce acu ag an bpointe seachadta, ní mór dóibh a gcuid táillí aisíocaíochta a chur in iúl d'othair. Más saoire an chóir leighis thar lear ná sa bhaile, gheofar aisíocaíocht a chúitíonn fíorphraghas na cóireála.

An féidir liom cúram sláinte a lorg thar lear más rud é nach bhfuil an chóir leighis ar fáil i mo thír féin?

Is féidir, ach ní bheidh tú i dteideal aisíocaíochta ach amháin má tá sé ar cheann de na córacha leighis a bhfuil tú ina dteideal de réir dhlí agus rialacha do thíre baile. 

In Éirinn, faoin Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, is féidir teacht ar aon seirbhís a chuireann na seirbhísí sláinte poiblí ar fáil in Éirinn, mar shampla:

  • seirbhísí leochaileacha agus síciatracha san ospidéil – cúram lae, cúram mar othar cónaitheach, cúram mar othar seachtrach,
  • cúram mar othar seachtrach sa phobal, mar shampla:
    • seirbhísí fiaclóireachta/ortodóntaice (tá eisceachtaí áirithe ann, e.g. seirbhísí criathraithe fiaclóra i scoileanna)
    • seirbhísí labhartha agus teanga nó seirbhísí teiripe saothair (tá eisceachtaí áirithe ann, e.g. measúnú i dtaca le háiseanna baile)
    • seirbhísí síceolaíochta nó seirbhísí fisiteiripe nó seirbhísí míchumais
    • clár meatadóin
    • seirbhísí oftalmacha (tástálacha súl etc.)
    • seirbhísí meabhairshláinte

An gcaithfidh mé íoc as cóir leighis trasteorann sula gcuirtear orm í?

Caithfidh; is gnách go n-íocann an t-othar ar dtús agus ansin go bhfaigheann sé aisíocaíocht ón na húdarás náisiúnta chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Cad a ba cheart dom a dhéanamh má tharlaíonn rud éigin as bealach agus cóir leighis á cur orm thar lear?

Beidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta in ann do chuid ceart a mhíniú duit agus eolas a thabhairt ar an gcur chuige is infheidhme sa tír ina gcuirtear an chóir leighis ar fáil. Tá oibleagáid ar údaráis do thíre féin an cúram leighis iardain chéanna a thabhairt amhail agus gur cuireadh an chóir leighis ort laistigh dá gcríocha féin.

Cén dóigh a bhféadfainn bheith cinnte go ndéanfar cúram leighis iardain cheart a chur orm ar theacht abhaile dom?

Tá oibleagáid ar do thír féin a chinntiú go bhfuil an chóir leighis iardain ar an gcáilíocht chéanna beag beann ar cén áit san Aontas Eorpach inar tugadh an chóir leighis.

An nglacfar le m’oideas i mBallstát eile den Aontas Eorpach?

Ba cheart go nglacfaí le hoideas a eisíodh i dtír amháin den Aontas Eorpach i dtír chónaithe othair agus a mhalairt. Cinntíonn sin go gcuirtear cúram leighis iardain cuí ar othar i ndiaidh dó dul faoi chúram sláinte i dtír eile den Aontas Eorpach ar theacht abhaile dó. Tá an t-othar i dteideal an leigheas ceart a fháil de réir an oidis ar an gcoinníoll go bhfuil údarú faighte ag an leigheas sin agus go bhfuil sé ar fáil ar an margadh sa tír inar mhaith leis nó léi an táirge a fháil. 

Cén fhaisnéis nach mór a chur san áireamh in oideas chun a chinntiú gur féidir teacht ar an leigheas céanna sin lasmuigh den Bhallstát inar eisíodh an t-oideas?

Le go mbeidh oideas incháilithe i dtíortha éagsúla, ní mór dó cloí leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2012/52/AE. Ní mór céad ainm agus sloinne an ghairmithe a scríobhann an t-oideas a bheith scríofa air mar aon lena cháilíochtaí gairmiúla; a shonraí díreacha teagmhála; a sheoladh oibre agus a lorg láimhe. Lena chois sin, ní mór na nithe eile seo a chur san áireamh: dáta eisithe; céad ainm agus sloinne an othair; a dháta breithe agus faisnéis faoin táirge a luaitear san oideas. I dtaca le faisnéis faoin táirge a luaitear san oideas, ba chóir ainm coiteann an táirge a thabhairt (Treoir 2001/83/CE); ainm an bhranda; an foirmliú cógaisíochta (táibléad, tuaslagán, etc.), an chainníocht; an láidreacht agus an réim dháileogach. 

Cén áit a dtig liom tuilleadh eolais a aimsiú in Éirinn faoi na cearta atá agam cúram sláinte a fháil thar lear?

Is féidir leat teacht ar thuilleadh eolais faoi chúram sláinte a fháil i dtír eile ar shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Cúram leighis agus sláinte a fháil agus cónaí ort i Stát eile

Cén teidlíocht atá agam ar chúram leighis agus sláinte má théim chun cónaí i Stát eile?

Tá sé de cheart agat sochair chomhchineáil a fháil le haghaidh tinnis, e.g. cúram sláinte agus cógais, sa tír ina bhfuil cónaí ort, is cuma cén áit a bhfuil tú faoi árachas, ar an mbonn céanna le náisiúnaigh na tíre sin.

Má tá tú faoi árachas i dtír eile seachas sa tír ina bhfuil cónaí ort, ba cheart duit clárú leis an institiúid cúraim sláinte áitiúil sa tír chónaithe. Chun é sin a dhéanamh, b'fhéidir go mbeadh ort Foirm S1 a iarraidh ar an institiúid cúraim sláinte óna bhfuair tú an t-árachas atá agat Ní mór duit an fhoirm sin a chur faoi bhráid na hinstitiúide sa tír ina bhfuil tú i do chónaí. Is gnách gur sin an cás ag pinsinéirí a théann ar scor i dtír nach ionann agus an tír a íocann a bpinsean agus ina bhfuil siad faoi árachas. Ní gá an nós imeachta sin a leanúint más ar feadh tréimhse shealadach amháin a bheidh tú sa tír eile. 

An féidir liom sochair a d'fhabhraigh mé sa tír a d'fhág mé a aistriú chuig an tír chónaithe nua?

Is ar an tír ina bhfuil tú faoi árachas atá an fhreagracht na sochair tinnis, mháithreachais nó atharthachta in airgead tirim a íoc, i.e. sochair a thugtar in ionad tuarastail a cuireadh ar fionraí de dheasca tinnis. Íocfar na sochair seo de réir rialacha na tíre ina bhfuil tú faoi árachas, is cuma cén áit a bhfuil tú i do chónaí nó ar cuairt ann.

Más gá coinníollacha áirithe a shásamh sula mbeidh tú i dteideal sochar, beidh ar an institiúid a dhéanfaidh scrúdú ar an éileamh tréimhsí árachais, cónaithe nó fostaíochta a raibh tú faoi reachtaíocht tíortha eile lena linn a chur san áireamh. Ráthaíocht atá ansin duit nach gcaillfidh tú do chlúdach árachais breoiteachta má athraíonn tú post nó má bhogann tú go tír eile.

Cá bhfaighidh mé breis eolais faoi mo chearta sláinte agus leighis má théim chun cónaí i mBallstát eile?

Tá breis eolais mhionsonraithe faoi do chearta cúraim leighis agus sláinte má théann tú chun cónaí i Stát eile le fáil anseo.

Tuilleadh Comhairle Dlí maidir le do Chearta

Cá bhfaighidh mé comhairle dlí faoi mo chearta san Aontas?

Má theastaíonn comhairle dlí uait maidir le do chearta san Aontas, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Comhairliúcháin Your Europe. Is seirbhís comhairliúcháin de chuid an Aontais í sin don phobal. Foireann 60 dlíodóir atá inti, a chumhdaíonn teangacha oifigiúla uile an Aontais agus a bhfuil eolas acu ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta i ngach tír san Aontas. Tabharfaidh siad comhairle phearsantaithe agus saor in aisce duit sa teanga is rogha leat, laistigh de sheachtain.  An freagra a gheobhaidh tú, trí ríomhphost nó ar an nguthán faoi mar is rogha leat, tabharfaidh sé soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhfuil feidhm aige i do chás agus míneoidh sé conas is féidir leat do chearta san Aontas a fheidhmiú.