Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

An taisteal ar Bhusanna, ar Bháid Farantóireachta agus ar Thraenacha: Ceisteanna coitianta

Cosaint do phaisinéirí bus agus cóiste – Rialachán 181/2011/AE

Más taistealaí bus mé, an bhfuil na cearta atá agam cosúil le cearta paisinéirí aerlínte?

Tá. Na cearta atá ag taistealaithe bus agus cóiste ar fud an Aontais Eorpaigh, tá siad cosúil le cearta paisinéirí aerlínte. In Éirinn, áfach, tá cur chun feidhme Rialachán 181/2011/AE teoranta ó tharla nach dtagann cuid mhór de na cearta a chuirtear ar fáil faoin Rialachán i bhfeidhm ach sa chás gur turas níos faide ná 250 km an turas.

Le Rialachán (AE) Uimh. 181/2011, leagtar amach cearta bunúsacha taistealaithe agus cuireann sé roinnt oibleagáidí ar chuideachtaí bus agus cóiste agus ar bhainisteoirí críochfort maidir lena bhfreagracht ó thaobh paisinéirí de. Áirítear ar na cearta sin:

  • gan idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar náisiúntacht ó thaobh taraifí agus coinníollacha eile conartha de;
  • gan idirdhealú a dhéanamh maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine atá faoi mhíchumas agus daoine atá faoi mhíchumas luaineachta. Go háirithe, ba cheart cúnamh saor in aisce a bheith ar fáil ag críochfoirt ainmnithe busanna agus ar bord busanna agus cóistí agus ba cheart cúiteamh airgid a íoc freisin do threalamh soghluaisteachta a chailltear nó a ndéantar damáiste dó;
  • eolas leordhóthanach a chur ar fáil atá furasta teacht air do gach paisinéir roimh agus le linn a dturas agus eolas ginearálta a chur ar fáil i gcríochfoirt busanna agus ar an idirlíon faoi chearta paisinéirí freisin;
  • praghas iomlán an ticéid a aisíoc nó athródú a dhéanamh i gcás ró-áirithintí, cealuithe nó moilleanna os cionn dhá uair an chloig ó am measta an imeachta (níl seo infheidhme ach do thurais níos faide ná 250 km);
  • cúiteamh 50% de phraghas an ticéid a thabhairt le cois aisíocaíocht an phraghais iomláin i gcás ró-áirithintí, cealuithe nó moilleanna os cionn dhá uair a chloig ó am measta an imeachta agus tarlaíonn sin nuair a theipeann ar an gcuideachta bus nó cóiste a cheart ar rogha d'aisíocaíocht nó d'athródú a thairiscint do phaisinéir (níl seo infheidhme ach do thurais níos faide ná 250 km);
  • cúnamh leordhóthanach (sneaiceanna, béilí, sólaistí agus, lena chois sin, lóistín más gá) a chur ar fáil i gcás cealuithe nó moilleanna os cionn 90 nóiméad do thurais a mhaireann níos faide ná trí huaire (níl seo infheidhme ach do thurais níos faide ná 250 km);
  • cúiteamh a thabhairt má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, nó má dhéantar damáiste do bhagáiste nó má chailltear é de bharr tionóiscí bóthair;
  • dualgas a bheith ar chuideachtaí bus agus cóiste sásra bainistithe gearán a chur ar bun agus é a bheith ar fáil do gach paisinéir;
  • comhlachtaí neamhspleácha a chur ar bun i ngach ceann de na Ballstáit a bhfuil sainordú acu an Rialachán a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh.

Tá tuilleadh eolais ar do chearta mar phaisinéir bus san Aontas Eorpach le fáil anseo.

Cosaint do phaisinéirí bád farantóireachta – Rialachán 1177/2010/AE

Má bhím ag taisteal ar bhád farantóireachta, an bhfuil na cearta atá agam cosúil le cearta paisinéirí aerlínte?

I ndeireadh 2012, tháinig Rialachán Uimh. 1177/2010 i bhfeidhm chun paisinéirí a chosaint ar muir agus ar uiscebhealaí intíre. Paisinéirí a bhíonn ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre san Aontas, agus go háirithe daoine atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta, tá cearta acu atá cosúil leis na cearta atá ag paisinéirí aeir nó traenach. Seo roinnt de na cearta nua sin:

  • eolas leordhóthanach atá furasta teacht air a chur ar fáil do gach paisinéir roimh agus le linn a dturas, agus eolas ginearálta freisin faoina gcearta sna críochfoirt agus ar bord long;
  • cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil amhail sneaiceanna, béilí, sólaistí agus, i gcás inar gá, lóistín ar feadh trí oíche mar aon le €80 in aghaidh na hoíche i gcás cealuithe nó moilleanna os cionn 90 nóiméad tar éis an ama imeachta;
  • deimhin a dhéanamh de rogha a thabhairt idir aisíocaíocht nó athródú i gcás cealuithe nó moilleanna os cionn 90 nóiméad tar éis an ama imeachta;
  • cúiteamh a thabhairt, idir 25% agus 50% de phraghas an ticéid, i gcás moilleanna os cionn 90 nóiméad ar theacht isteach go ceann scríbe;
  • gan idirdhealú a dhéanamh sa dóigh a gcaitear le daoine agus cúnamh ar leith saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta ag críochfoirt chalafoirt agus ar bord long, agus cúiteamh airgid a íoc freisin má dhéantar damáiste dá gcuid trealamh soghluaisteachta nó má chailltear é;
  • sásra a bhunú a chuireann lucht iompair agus oibreoirí críochfort i bhfeidhm chun gearáin paisinéirí a láimhseáil;
  • comhlachtaí náisiúnta neamhspleácha a cheapadh le bheith i mbun an Rialachán a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis a ghearradh.

Lena chois sin, faoi dhlí an Aontais beidh na cearta seo a leanas ag paisinéirí a bhaineann timpiste dóibh agus iad ag taisteal ar muir:

  • cúiteamh airgid a íoc má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, nó má dhéantar damáiste do bhagáiste, d'fheithiclí, agus do threalamh soghluaisteachta nó do threalamh eile ar leith, nó má chailltear é;
  • réamhíocaíocht a dhéanamh (laistigh de chúig lá déag) chun riachtanais airgeadais a chlúdach má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir;
  • ceart cúitimh dhírigh a thabhairt i gcoinne soláthraí árachais an chuideachta iompair i gcás báis nó díobhála pearsanta;
  • an ceart ar eolas cuí agus sothuigthe a fháil maidir leis na cearta thuasluaite roimh nó, ar a dhéanaí, ag an am imeachta.

I mí Mheán Fómhair 2021 thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBEU) rialú in Irish Ferries Limited v An tÚdarás Náisiúnta Iompair, Cás C-570/19 inar soiléiríodh cur i bhfeidhm agus léirmhíniú Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 maidir le Cearta Paisinéirí agus iad ag Taisteal ar Muir agus ar Uiscebhealaí Intíre. Ba é sin an chéad chás a cuireadh faoi bhráid maidir leis an Rialachán.

Chuir Ard-Chúirt na hÉireann an t-ábhar faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar iarratas ar réamhrialú ar chearta paisinéirí a bhfuil sé i gceist acu taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre nuair a chuirtear a dturas ar ceal.

D’eascair an t-éileamh ó mhoill 200 lá i seachadadh árthach nua de chuid Irish Ferries, an WB Yeats, ár árthach é a bhí le seachadadh ag longchlós Gearmánach do shéasúr an tsamhraidh 2018. Mar a tharla sé, ní raibh an t-árthach réidh in am, agus ar a laghad dhá mhí roimh a ndáta imeachta, cuireadh in iúl do níos mó ná 20,000 paisinéir a cheannaigh ticéid do bhealach de chuid Irish Ferries idir Baile Átha Cliath agus Cearbóg go gcaithfí iad a athródú nó go gcaithfí a dturas a chur ar ceal.

B’éigean d’Údarás Náisiúnta Iompair na hÉireann (NTA) idirghabháil a dhéanamh agus chuir siad ceangal ar Irish Ferries cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí as an gcealú agus as an athródú, agus as aon chostais a thabhaigh siad dá bharr.

Mháigh Irish Ferries os comhair Ard-Chúirt na hÉireann go raibh an cinneadh sin neamhréasúnach agus díréireach.

Rinne an Ard-Chúirt deich gceist maidir le léirmhíniú Rialachán (AE) Uimh.1177/2010 a tharchur chuig CBAE.

Ba é an chéad argóint a bhí ag Irish Ferries nach raibh feidhm ag an Rialachán ar chor ar bith i gcúinsí inar cuireadh an cealú in iúl do phaisinéirí seacht seachtaine ar a laghad roimh lá an turais a bhí curtha in áirithe. Bunaíodh é sin i bpáirt ar theanga an Rialacháin féin, a thagraíonn do ‘thaisteal a chuirtear isteach air’, sin agus i bpáirt freisin ar an gcaoi nach bhfaigheann aerphaisinéirí cúiteamh nuair a chuirtear a n-eitiltí ar ceal níos mó ná coicís roimh lá an turais a cuireadh in áirithe (cf Airteagal 5(1)(c) de Rialachán 261/2004/CE maidir le hAerphaisinéirí).

Rialaigh CBAE go bhfuil feidhm ag an Rialachán i gcás ina gcuirtear ar chuideachta farantóireachta áirithintí a chur ar ceal i bhfad roimh lá beartaithe an turais i ngeall ar sheachadadh déanach soithigh. Ní gá ach áirithint a bheith déanta ag an bpaisinéir nó ticéad a bheith ceannaithe aige.

Rialaigh CBAE freisin go bhféadfadh athródú trí sheoladh malartach nó trí sheoladh malartach ar bhealach atá éagsúil leis an seoladh tosaigh nó trí dhroichead talún (bóthar nó iarnród) a bheith ina ‘athródú chuig an gceann scríbe deiridh’ faoi ‘choinníollacha inchomparáide’ de réir bhrí Airteagal 18 den Rialachán má tá coinníollacha eile an tseolta sin inchomparáide leis na coinníollacha a leagtar síos don seoladh tosaigh sa chonradh iompair. Mar sin féin, faoi Airteagal 18(1)(a), ní mór costas breise an athródaithe sin a aisíoc leis an bpaisinéir. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 19, ní mór cúiteamh a thairiscint don phaisinéir as moill fhada nó as cealú na háirithinte bunaidh (ach amháin sa chás gur roghnaigh sé nó sí aisíocaíocht iomlán seachas athródú a dhéanamh). Sa bhreis air sin, agus ‘praghas an ticéid’ á mheas chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19, ní mór aon seirbhísí breise roghnacha a roghnaíonn an paisinéir, amhail rochtain ar tholglanna nó ar chonchrónna, a chur san áireamh.

Maidir le cosaint Irish Ferries i dtaca leis an éileamh ar chúiteamh ar na forais gurbh ‘toisc urghnách’ an mhoill a bhí ar sheachadadh an soithigh, bhí CBAE ag brath ar an gcásdlí a cinneadh faoin Rialachán maidir le Cosaint Paisinéirí Aerlínte chun cur i bhfeidhm na cosanta sin a theorannú go mór. Thug sí dá haire go bhfuil bainistiú agus oibriú cabhlaigh soithí ina chuid dhílis de ghnáthfheidhmiú gníomhaíochta iompróra mhuirí, agus go bhfuil soitheach nua a ordú laistigh dá smacht. Dá bhrí sin, ní toisc urghnách a bhí i gceist le mainneachtain an longchlóis an soitheach a sheachadadh in am chun cosaint a thabhairt d’éileamh ar chúiteamh. Ba ábhartha i ndáil leis sin go raibh foráil déanta sa chonradh idir an t-iompróir agus an longchlós go dtabharfadh an longchlós cúiteamh don iompróir i gcás inar seachadadh an soitheach déanach.

De bhun Airteagal 24 den Rialachán ní mór do phaisinéir aon ghearán a chur faoi bhráid iompróra laistigh de dhá mhí ó dháta na feidhmíochta réamh-mheasta. Rinne Irish Ferries iarracht a éileamh nach bhféadfadh paisinéir cúiteamh a fháil do mhoill nó do chealú ach amháin i gcás inar iarr sé ar chúiteamh laistigh de dhá mhí ó fheidhmíocht réamh-mheasta na hoibleagáide faoi chaibidil. Níor aontaigh an Chúirt gurbh ionann iarratas ar chúiteamh agus gearán.

Rinne Irish Ferries iarracht freisin rannpháirtíocht Údarás Náisiúnta Iompair na hÉireann a theorannú i leith paisinéirí ar bith a bhí ag taisteal ón bhFrainc go hÉirinn. Ba é conclúid CBAE, áfach, nach mór a léirmhíniú gurb é is ciall le hAirteagal 25(1) go gcumhdaítear le dlínse comhlachta náisiúnta atá freagrach as an Rialachán a fhorfheidhmiú seirbhísí iompair ó chalafoirt atá suite i gcríoch an Bhallstáit sin agus, i gcás ina mbaineann an t-iompar le turas fillte atá curtha ar ceal ina iomláine, seirbhísí iompair fillte ó Bhallstát eile chuig calafoirt atá suite ar chríoch an chéad Bhallstáit sin. Dá bhrí sin, bhí dlínse ag Údarás Náisiúnta Iompair na hÉireann ar phaisinéirí ar an dá chos de na turais a bhí beartaithe ag an mbád farantóireachta.

Níor mheas CBAE go raibh an ceanglas ar iompróirí muirí cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí díréireach i ngeall gurb é rún an reachtais leibhéal ard cosanta a chur ar fáil do thomhaltóirí agus go bhfuil leibhéal an chúitimh pionnáilte don phraghas a d’íoc an tomhaltóir; sin agus nach raibh sé neamhbhailí ach oiread trí bhíthin éiginnteachta.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Cosaint do phaisinéirí iarnróid – Rialachán 1371/2007/CE

Má bhím ag taisteal ar thraein, an bhfuil na cearta atá agam cosúil le cearta paisinéirí aerlínte?

Níl an taisteal ar chóras traenach intíre na hÉireann ar áireamh, den chuid is mó, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 lena ndéantar foráil maidir le cosaint paisinéirí iarnróid. Mar sin féin, is féidir le paisinéirí ar sheirbhísí iarnróid intíre na hÉireann tairbhiú de na bearta seo a leanas sa Rialachán a cheanglaíonn ar oibreoirí iarnróid na nithe seo a dhéanamh:

  • ceannach ticéid a éascú do phaisinéirí iarnróid ag oifigí ticéad nó díolmheaisíní, ar an bhfón, ar an idirlíon nó aon teicneolaíocht faisnéise eile atá ar fáil go forleathan; nó ar thraenacha. (Airteagal 9)
  • paisinéirí a chúiteamh nuair atá an t-oibreoir faoi dhliteanas i leith caillteanas bagáiste (Airteagal 11)
  • árachas leordhóthanach a bheith acu (Airteagal 12)
  • rochtain neamh-idirdhealaitheach a chinntiú do dhaoine atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta maidir le hiompar d’iarnród, stáisiúin, áirithintí agus ceannach ticéad san áireamh, gan costas breise a ghearradh orthu (Airteagal 19)
  • eolas faoi inrochtaineacht na seirbhísí iarnróid a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta (Airteagal 20(1))
  • slándáil phearsanta paisinéirí a chinntiú i stáisiúin iarnróid agus ar thraenacha (Airteagal 26)
  • cúiteamh a íoc má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir (Airteagal 13).

Chomh maith leis na cearta a thugtar do phaisinéirí seirbhísí intíre faoin Rialachán, is féidir le paisinéirí seirbhísí idirnáisiúnta tairbhiú freisin de na nithe seo a leanas:

  • bearta a cheanglaíonn ar oibreoirí iarnróid agus ar dhíoltóirí ticéad faisnéis taistil a thabhairt do phaisinéirí (Airteagal 8)
  • bearta a cheanglaíonn ar oibreoirí iarnróid réamhíocaíochtaí a dhéanamh le costais láithreacha a ghlanadh i gcás báis nó gortaithe mar thoradh ar úsáid na seirbhíse iarnróid (Airteagal 13)
  • cúiteamh i gcásanna moilleanna, cealuithe nó naisc a chailltear (Airteagal 17)
  • cúiteamh íosta arb ionann é agus 25% de phraghas an ticéid do mhoilleanna idir uair amháin agus dhá uair an chloig agus suas le 50% de phraghas an ticéid do mhoilleanna de dhá uair an chloig nó níos mó, ar an gcoinníoll gur mó an cúiteamh ná €4
  • cúnamh do phaisinéirí (sólaistí, lóistín agus socruithe eile taistil i gcás inar gá san áireamh) i gcás moilleanna os cionn 60 nóiméad (Airteagal 18)
  • ceangal ar oibreoirí iarnróid cúnamh saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta ag stáisiúin traenach agus ar thraenacha (Airteagal 22 & Airteagal 23) faoi réir coinníollacha áirithe (e.g., an dualgas fógra a thabhairt roimh ré d'oibreoirí iarnróid) (Airteagal 24)
  • ceangal ar oibreoirí iarnróid sásra a chur ar bun chun gearáin a láimhseáil le haghaidh na gceart agus na n-oibleagáidí a chumhdaítear faoi Rialachán Uimh. 1371/2007 (Airteagal 27)
  • ceangal ar oibreoirí iarnróid caighdeáin cáilíochta seirbhíse a shainiú agus córas bainistithe cáilíochta bainteach a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air (Airteagal 28).

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Tuilleadh Comhairle Dlí maidir le do Chearta

Cá bhfaighidh mé comhairle dlí faoi mo chearta san Aontas?

Má theastaíonn comhairle dlí uait maidir le do chearta san Aontas, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Comhairliúcháin Your Europe. Is seirbhís comhairliúcháin de chuid an Aontais í sin don phobal. Foireann 60 dlíodóir atá inti, a chumhdaíonn teangacha oifigiúla uile an Aontais agus a bhfuil eolas acu ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta i ngach tír san Aontas. Tabharfaidh siad comhairle phearsantaithe agus saor in aisce duit sa teanga is rogha leat, laistigh de sheachtain.  An freagra a gheobhaidh tú, trí ríomhphost nó ar an nguthán faoi mar is rogha leat, tabharfaidh sé soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhfuil feidhm aige i do chás agus míneoidh sé conas is féidir leat do chearta san Aontas a fheidhmiú.