Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Ceisteanna coitianta: Obair a dhéanamh san Aontas

Mar shaoránach den Aontas, tá an ceart agat obair a dhéanamh in aon Bhallstát eile de chuid an Aontais gan chead oibre a fháil. Is ceart go gcaitear leat ar an gcaoi chéanna is a chaitear le náisiúnaigh na tíre sin maidir le rochtain ar fhostaíocht, dálaí oibre agus íocaíocht.

Sochar dífhostaíochta a éileamh i mBallstát eile

Is féidir sochar dífhostaíochta a íoc leat i mBallstát eile seachas an Ballstát ina raibh tú fostaithe. Ní mór duit coinníollacha áirithe a chomhlíonadh agus ní bheidh an sochar iníoctha ach ar feadh trí mhí, tréimhse is féidir a fhadú go sé mhí ar a mhéad.

Bhí mé ag obair i dtionscal na teicneolaíochta faisnéise (TF) in Éirinn agus rinneadh iomarcaíocht orm i mí an Mhárta. Níor éirigh liom post eile a fháil san earnáil TF i mo cheantar áitiúil. Tá deirfiúr liom ina cónaí sa Ghearmáin. Mhol sí dom dul chun na Gearmáine agus obair a lorg ansin. Is clos dom go mb'fhéidir go bhféadfaí an sochar dífhostaíochta a íoctar liom a aistriú chun na Gearmáine ach nílim cinnte an bhfuil sin fíor. An féidir leat a rá liom an mbeinn i dteideal an sochar dífhostaíochta a éileamh ó Éirinn agus mé i mo chónaí sa Ghearmáin?

Más rud é go bhfuil tú ag fáil sochar dífhostaíochta in Éirinn le 4 seachtaine anuas ar a laghad agus gur mian leat dul go tír eile san Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun obair a lorg, e.g. an Ghearmáin, is féidir an sochar sin a íoc leat sa tír sin ar feadh tréimhse trí mhí, tréimhse is féidir a fhadú go sé mhí.

Chun do shochar dífhostaíochta a aistriú ó Éirinn go dtí an Ghearmáin, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. Is den riachtanas gur chuir tú tú féin ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a íocann sochair leat (Éire) ar feadh ceithre seachtaine ar a laghad tar éis duit do phost a chailleadh. Is féidir eisceachtaí a dhéanamh.
  2. Ní mór duit Foirm U2 a iarraidh san oifig áitiúil slándála sóisialta INTREO. Leis an doiciméad sin, is féidir leat clárú leis na seirbhísí fostaíochta thar lear.
  3. Laistigh de sheacht lá tar éis Éire a fhágáil, ní mór duit clárú le seirbhísí fostaíochta na tíre inar mian leat obair a lorg (an Ghearmáin). Ansin, ní mór duit na hoibleagáidí agus na nósanna imeachta rialaithe atá eagraithe ag na seirbhísí fostaíochta sa tír sin a chomhlíonadh.
  4. Mura féidir leat obair a fháil, ní mór duit filleadh roimh dhul in éag na tréimhse a shonraigh tú san fhoirm U2. Má fhilleann tú níos déanaí ná sin, gan cead sainráite ó sheirbhísí fostaíochta na tíre a íocann sochair leat, caillfidh tú aon teidlíochtaí atá fágtha.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shochar dífhostaíochta a aistriú go dtí an Ghearmáin, moltar duit dul i dteagmháil leis an Roinn um Thaifid Idirnáisiúnta, Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, Urlár 1, Teach Dhroichead Uí Chonaill, Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath 2. Fón: (01) 8748444.

Fostaíocht a fháil i mBallstát eile den Aontas

Nuair a théann tú go Ballstát eile den Aontas ag lorg oibre, tá tú i dteideal go gcaithfear leat mar a chaitear le náisiúnaigh na tíre sin ó thaobh rochtain ar obair agus dálaí oibre ar nós pá agus saoire.

Is náisiúnach Éireannach mé atá ag lorg fostaíochta faoi láthair sa Danmhairg. Tá fadhb agam sa mhéid is nach féidir liom post a fháil gan m'uimhir árachais náisiúnta a bheith agam agus ní féidir liom uimhir árachais náisiúnta a fháil mura féidir liom fianaise a thabhairt go bhfuilim fostaithe sa Danmhairg. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Is fadhb é seo a thagann aníos arís agus arís eile san Aontas Eorpach agus is fadhb é a chuireann bac ar shaorghluaiseacht oibrithe. Chun féachaint leis an méid sin a réiteach i do chás-sa, moltar duit dul i dteagmháil le hionadaí SOLVIT sa Danmhairg. Líonra is ea SOLVIT a bunaíodh chun teacht ar réiteach go pras agus go neamhfhoirmiúil ar fhadhbanna a thagann as dlí an Aontais Eorpaigh a bheith á chur i bhfeidhm go mícheart ag na húdaráis phoiblí.

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta mar oibrí san Aontas Eorpach le fáil ar an suíomh gréasáin seo.void(0)

Áiseanna do dhaoine atá faoi mhíchumas

An bhfuil ar gach fostóir bearta a dhéanamh chun áiseanna a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas?

Freagraíodh an cheist sin i gcás a tháinig os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Sa chás ‘An Coimisiún v an Iodáil’, C-312/11, chloígh an Chúirt le Treoir 2000/78/CE (an Chóir Chomhionann san Fhostaíocht) agus chinn sí nach mór do na Ballstáit ceangal a chur ar fhostóirí bearta éifeachtúla agus praiticiúla a dhéanamh (chun áitribh, trealamh, sceidil ama agus dáileadh cúraimí a choigeartú), agus na riachtanais ar leith a bhaineann le gach cás a chur san áireamh, ionas go bhféadfaidh aon duine atá faoi mhíchumas post a fháil, nó dul chun cinn san fhostaíocht a dhéanamh agus tabhairt faoi oiliúint, gan ualach díréireach a chur ar an bhfostóir.

Cáilíochtaí a aithint

Fadhb a thagann aníos go minic agus obair á lorg ag duine i mBallstát eile is ea aithint cáilíochtaí. Má oibríonn tú i ngairm rialáilte, i.e. gairm ina n-éilítear cáilíochtaí sonracha agus taithí shonrach, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort aitheantas foirmiúil ar do cháilíochtaí a lorg sula mbeifeá i dteideal dul ag obair sa ghairm sin. I gcás gairmeacha áirithe, e.g. dochtúirí, fiaclóirí, mná cabhrach, déantar foráil maidir le haitheantas uathoibríoch faoi Threoir 2005/36/CE. Tá gairmeacha eile ann nach bhfuil aon chomhaontú aitheantais den chineál sin ann dóibh, e.g. an mhúinteoireacht. Sna gairmeacha sin, ní mór duit do cháilíochtaí agus do thaithí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil le go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh an bhfuil do cháilíochtaí comhionann leis na cáilíochtaí a éilítear sa Stát ina bhfuil tú ag lorg oibre.

Is Éireannach mé agus cháiligh mé mar mhúinteoir sa Phortaingéil le déanaí. Ghlac mé leis go mbeinn in ann tosú ag múineadh in Éirinn láithreach ach cuireadh in iúl dom nach mar sin atá. Ina ionad sin, ní mór dom aitheantas foirmiúil a fháil in Éirinn ar mo cháilíochtaí. Cén fhianaise ar mo cháilíochtaí atá an Roinn Oideachais i dteideal a iarraidh?

Déantar foráil maidir le haitheantas cáilíochtaí san Aontas Eorpach faoi Threoir 2005/36/CE arna leasú. Faoin Treoir sin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar mian leat gairm a chleachtadh an méid seo a leanas a éileamh:

  • cruthúnas go bhfuil taithí ghairmiúil dhá bhliain ar a laghad agat sa ghairm lena mbaineann: féadann sé go n-iarrfaí an cruthúnas seo i gcás nach bhfuil an ghairm ná an oiliúint faoi rialáil i do Bhallstát baile ach go bhfuil an ghairm faoi rialáil sa Bhallstát óstach (is é sin, sa Bhallstát ar mian leat dul i mbun gairme ann). Níl sé fíor-riachtanach agat teastas ó údarás inniúil a chur ar fáil. Ní mór don Bhallstát óstach glacadh le duillíní pá nó teistiméireachtaí ó fhostóirí, mar shampla, ach mar sin féin, caithfidh do ghníomhaíocht ghairmiúil a bheith léirithe go soiléir ar do chuid doiciméad;
  • eolas maidir leis an oiliúint atá ort, ach ní theastóidh ach an méid eolais is gá chun a chinneadh an bhféadfadh sé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir an oiliúint sin agus an oiliúint a éilítear sa Bhallstát ar mian leat dul i mbun gairme ann. De ghnáth, ní gá duit ach an t-eolas seo a leanas a thabhairt: eolas maidir le fad iomlán do thréimhse staidéir, na hábhair a ndearna tú staidéar orthu agus doimhneacht/leibhéal an staidéir sin agus eolas maidir leis an gcoibhéis idir an teoiric agus an obair phraiticiúil.

Tá tuilleadh eolais faoi aitheantas cáilíochtaí san Aontas Eorpach le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Is Éireannach mé atá ag déanamh staidéar leighis faoi láthair in Ollscoil Dhún Éideann. An aithneofar mo cháilíocht in Éirinn?

Cé nach ann a thuilleadh don fhoráil maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla ón Ríocht Aontaithe san Aontas, deirtear go sonrach sa Mheabhrán Tuisceana idir an Ríocht Aontaithe agus Éire i dtaca le Comhaontú an Chomhlimistéir Taistil go bhfuil údaráis na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe tiomanta a chinntiú go leantar ar aghaidh le bearta cuimsitheacha chun aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a éascú.

Maidir le gairmithe den Aontas a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó atá ag obair ar an teorainn léi, agus gairmithe den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí san Aontas nó atá ag obair ar an teorainn leis, mar aon leo siúd a bhain a gcáilíochtaí gairmiúla amach sa Ríocht Aontaithe, cinntítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas go leanfar d'aitheantas a thabhairt dá gcáilíochtaí gairmiúla i gcás inar bronnadh cinneadh aitheantais i leith na gcáilíochtaí roimh an 31 Nollaig 2020, sin nó gur cuireadh isteach air.

Oibrithe ar postú

Sa Treoir maidir le hOibrithe ar Postú 1996 arna leasú, déantar iarracht iomaíocht chóir a chinntiú agus cosaint oibrithe ar postú a ráthú. Sa Treoir, leagtar amach bunsraith coinníollacha fostaíochta amhail cur i bhfeidhm an íosphá sa Stát óstach, saoire, uaireanta uasta oibre agus tréimhsí íosta scíthe chomh maith le sláinte agus sábháilteacht ag an obair. Is minic a chuirtear na bunchoinníollacha oibre sin i bhfeidhm go mícheart nó nach gcuirtear i bhfeidhm iad sa Stát óstach.

D'iarr m'fhostóir Éireannach orm post sealadach a ghlacadh sa Spáinn ar feadh tréimhse deich mí. Chuir m'fhostóir in iúl dom go bhfanfaidh mé faoi árachas faoi reachtaíocht na hÉireann chun críocha slándála sóisialta ar feadh thréimhse an phostaithe. An bhfuil an méid sin ceart nó an mbeidh mé faoi mhíbhuntáiste maidir le mo theidlíochtaí slándála sóisialta de thoradh an phostaithe?

Má chuireann d'fhostóir ag obair i dtír eile thú, fanfaidh tú faoi árachas faoi reachtaíocht do thíre baile má chomhlíonann tú na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe ar postú.

Ciallaíonn sé sin gur féidir leat a bheith ag obair ansin ar feadh 24 mhí ar a mhéad thar ceann d'fhostóra atá bunaithe sa Bhallstát baile. Sula n-imeoidh tú, déan cinnte de go bhfuil Foirm A1 agat: gheobhaidh tú ceann ó d'oifig slándála sóisialta áitiúil. Deimhnítear le Foirm A1 go bhfuil tú cumhdaithe faoi reachtaíocht na tíre óna ndéantar tú a phostú. Dearbhaíonn d'fhostóir do staid leis an institiúid slándála sóisialta inniúil.

Leis an réiteach sin, seachnaítear athruithe a dhéanamh ar do staid slándála sóisialta gach uair a chuirtear ag obair thar lear thú ar feadh tréimhsí gearra. Dá bhrí sin níor cheart duit a bheith faoi mhíbhuntáiste a mhéid a bhaineann le do theidlíochtaí slándála sóisialta.

Remote Working

I am a Portuguese citizen employed in Ireland.  Since the Covid-19 pandemic, I have been working remotely in Portugal for three weeks in every four.  My employer has recently directed that this practice cannot continue as it impacts on his social security obligations towards me.  Is this correct?

Generally, a worker is affiliated to the social security scheme of the Member State where they work (Regulation (EC) 883/2004).  During the pandemic, Member States agreed that a total change of location of work which would normally trigger a change of affiliation, would not affect the applicable legislation.  From 1st January 2023, it was agreed that the above concession would no longer apply and the rules contained in Regulation (EC) 883/2004 would operate as normal.  For you, the substantial part of your employment activities appear to be in Portugal.  This would mean that Portugal would become the competent State for social security purposes rather than Ireland as was the case when you were working exclusively there.  This has implications for your employer. If your employer permits you to spend 25% or more of your time working from Portugal, social security contributions will be due in your home Member State (Portugal), and not in the Member State where the employer is based (Ireland). If these are not paid when they are due, the employer may be liable to fines, interest and penalty surcharges. Some employers are aware of this and do not permit remote working.

Saoire bhliantúil

Tá sé leagtha síos i ndlí an Aontais go bhfuil oibrithe i dteideal 20 lá ar a laghad de shaoire bliantúla ar pá in aghaidh na bliana. Mar sin féin, i bhformhór na mBallstát, tá tréimhse níos faide ná 20 lá leagtha síos sa dlí. I gcás nach raibh oibrí in ann a cheart chun saoire bhliantúil a fheidhmiú de bharr gníomhaíochtaí nó riachtanais de chuid an fhostóra, ba cheart é a bheith in ann a shaoire bhliantúil ar pá nár glacadh a thabhairt anonn agus a charnadh. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin sa chás ‘Conley King v The Sash Window Workshop Ltd. agus Richard Dollar’, C-2014/16.

Saoire bhliantúil tar éis fhoirceannadh an chaidrimh fostaíochta

Má tharlaíonn sé go scoireann oibrí de bheith ag obair d'fhostóir, tá sé i dteideal liúntais más rud é nár bhain sé leas nó leas iomlán as a cheart maidir le saoire bhliantúil íoctha a ghlacadh. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin sa chás Manschek v Magistratsdirektion der Stadt Wien – Personalstelle Wiener Stadtwerke, Cás C-341/15.

Saoire bhliantúil tar éis saoire mháithreachais

De réir dhlí an Aontais Eorpaigh, tá ról éagsúil san ionad oibre ag an gceart chun saoire mháithreachais agus ag an gceart chun saoire bhliantúil. Is é is aidhm do shaoire bhliantúil a chinntiú go nglacann oibrithe sos ceart agus déantar foráil ina leith sin sa Treoir um Am Oibre. Os a choinne sin, is é atá i gceist le saoire mháithreachais riocht fisiceach mná a chosaint le linn na tréimhse ábhartha sin agus an caidreamh ar leith idir bean agus a leanbh tar éis breith clainne a chosaint.

Ní féidir caitheamh go neamhfhabhrach le mná ó thaobh a ndálaí oibre de de thoradh an chirt atá acu saoire mháithreachais a ghlacadh. Dá réir sin, ba cheart duit a bheith in ann saoire bhliantúil a ghlacadh i dtréimhse eile seachas le linn thréimhse do shaoire mháithreachais fiú má bhíonn do shaoire mháithreachais ann an tráth céanna leis an tsaoire bhliantúil atá socraithe ag d'ionad oibre.

Táim ag iompar agus tá súil agam mo shaoire mháithreachais a ghlacadh ó lár mhí Feabhra go dtí déanach i mí Lúnasa. Fágann sin go mbeidh forluí idir mo shaoire mháithreachais agus an tsaoire bhliantúil coicíse a chaithfear a ghlacadh ó m’áit oibre ag tús mhí Lúnasa. Táim sásta filleadh ar an obair déanach i mí Lúnasa ach is eol dom go mbeidh am saor de dhíth orm déanach i mí Dheireadh Fómhair agus ba bhreá liom mo laethanta saoire a chur ar athlá go dtí sin. Luaigh mé an méid sin le mo Bhainisteoir Acmhainní Daonna ach deir sé nach féidir a leithéid a dhéanamh, i.e. nach bhfuil neart air go bhfuil forluí idir mo shaoire mháithreachais agus saoire bhliantúil an chomhlachta agus nach féidir liom mo shaoire bhliantúil a ghlacadh tráth ar bith eile.

An bhfuil aon chearta agam maidir leis seo?

Tá tú i dteideal do shaoire bhliantúil a ghlacadh le linn tréimhse eile seachas le linn thréimhse do shaoire mháithreachais fiú má bhíonn an tsaoire bhliantúil atá socraithe ag d'ionad oibre ann an tráth céanna le do shaoire mháithreachais. Deimhníodh an ceart sin i gcás a tháinig os comhair Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa – Gomez v Continental Industrias del Caucho S.A. C-342/01.

Am oibre – An turas ón mbaile agus an turas abhaile agus céadchustaiméir agus custaiméir deireanach an lae

Sa chás Federación de Servicios Privados del sindicato Comisiones obreras (CC.OO) v Tyco Integrated Security SL, C-266/14, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás oibrithe nach bhfuil gnáthionad oibre nó ionad oibre socraithe acu, gur am oibre iad na turais a dhéanann siad idir a mbaile agus céadchustaiméir agus custaiméir deireanach an lae.

Tá mé fostaithe mar mheasúnóir fuinnimh. Oibrím ón mbaile agus níl bunoifig agam. Déanann mé measúnuithe fuinnimh i dtithe príobháideacha. An dtosaíonn mo lá oibre nuair a shroichim ceann de na tithe seo agus an gcríochnaíonn sé nuair a fhágaim an teach deireanach tar éis measúnú a dhéanamh ansin?

I bhfianaise an cháis thuasluaite, tosaíonn do lá oibre nuair a fhágann tú do theach féin agus críochnaíonn sé nuair a bhaineann tú do theach féin amach ag deireadh an lae má théann tú caol díreach abhaile tar éis duit an measúnú deireanach a dhéanamh. Ba cheart duit an méid sin a chur i bhfios do d’fhostóir agus an cás thuasluaite a lua leis.

Teidlíocht ar shochar sóisialta le linn obair in Éirinn a lorg

Faoi dhlí an Aontais, níl aon teidlíocht uathoibríoch ann ar shochar sóisialta i mBallstát eile den Aontas. Tá tú i dteideal dul chun cónaithe i mBallstát eile den Aontas má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe nó má tá acmhainní leordhóthanacha agat chun soláthar duit féin ansin (Airteagal 7 de Threoir 2004/38/CE). 

Is náisiúnach Iodálach mé, tá cónaí orm in Éirinn agus táim ag lorg oibre. Rinne mé iarratas ar shochar sóisialta ach dhiúltaigh údaráis na hÉireann é a thabhairt dom. An sárú é an diúltú seo ar mo cheart go gcaithfí go cothrom liom?

Níl an diúltú sochar sóisialta a thabhairt duit le linn duit obair a lorg in Éirinn in aghaidh dhlí an Aontais Eorpaigh. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin sa chás Jobcenter Berlin Neukölln v Nazifa, Sonita, Valentina and Valentino Alimanovic, Cás C-67/14. Sa chás sin, chinn an Chúirt nach sárú ar phrionsabal Eorpach na córa comhionainne é “sochair airgid neamhranníocacha speisialta” a dhiúltú do shaoránaigh den Aontas, más saoránaigh iad a bhfuil ceart cónaithe i gcríoch Ballstáit óstaigh acu chun obair a lorg, agus ar an mbonn sin amháin.

Tuilleadh Comhairle Dlí maidir le do Chearta

Cá bhfaighidh mé comhairle dlí faoi mo chearta san Aontas?

Má theastaíonn comhairle dlí uait maidir le do chearta san Aontas, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Comhairliúcháin Your Europe. Is seirbhís comhairliúcháin de chuid an Aontais í sin don phobal. Foireann 60 dlíodóir atá inti, a chumhdaíonn teangacha oifigiúla uile an Aontais agus a bhfuil eolas acu ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta i ngach tír san Aontas. Tabharfaidh siad comhairle phearsantaithe agus saor in aisce duit sa teanga is rogha leat, laistigh de sheachtain.  An freagra a gheobhaidh tú, trí ríomhphost nó ar an nguthán faoi mar is rogha leat, tabharfaidh sé soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhfuil feidhm aige i do chás agus míneoidh sé conas is féidir leat do chearta san Aontas a fheidhmiú.