Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Cearta Paisinéirí Aeir Ceisteanna Coitianta

Táillí aeir

Nuair a iarraim praghas eitilte chun taisteal thar lear, an bhfuil dualgas ar an aerlíne an praghas iomlán, cánacha agus táillí breise san áireamh, a thaispeáint dom?

Ceanglaítear le Rialachán 1008/2008/CE maidir le haersheirbhísí sa Chomhphobal go mbeidh an táille iomlán – is é sin gach cáin, gach muirear, gach formhuirear agus gach táille atá intuartha agus dosheachanta tráth a fhoilsithe – curtha san áireamh sa phraghas a bheidh foilsithe i leith na seirbhíse. Ní mór mionsonraí a thabhairt freisin faoi chodanna éagsúla an phraghais (táillí, cánacha, muirir aerfoirt agus costais eile).

Ó thaobh táillí aeir de, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Air Berlin v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbande, Cás C-573/13, gur cheart do chóras ríomhaireachta an praghas deiridh atá le híoc a shonrú, ón tús, i dtaca le gach eitilt ó aerfort san Aontas a bhaineann leis an táille sin. 

I gCás C-28/18, Ryanair Ltd v Autorita Garante delia Concorrenza e del Mercato, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach mór d’aeriompróirí a léiriú, ón gcéad uair a fhoilsítear a dtairiscintí praghais ar an idirlíon, cad é an CBL ar eitiltí intíre agus cad iad na táillí a ghearrtar as íoc le cárta creidmheasa.  Ina theannta sin, i gcás Verbraucherzentrale Baden-Wurttemburg eV v Germanwings GmbH, C-330/17, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás nach luann an aerlíne na táillí aeir le haghaidh eitiltí laistigh den Chomhphobal in euro, nach mór di na táillí a lua in airgeadra áitiúil a bhaineann go oibiachtúil leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil.

Mar gheall ar Threoir 2011/83/AE maidir le Cearta Tomhaltóirí, tá breis trédhearcachta ann do phaisinéirí, go háirithe agus iad ag ceannach ticéid iompair ar líne. Cuireann an Treoir sin cosc ar bhoscaí réamhthiceáilte, ar ghaistí costais idirlín agus ar aon táille breise nár cuireadh na paisinéirí ar an eolas fúthu roimh ré. Thairis sin, cuirtear cosc ar thrádálaithe táillí a ghearradh as modhanna íocaíochta (e.g. cártaí creidmheasa) a úsáid má sháraíonn na costais sin an costas atá ar an trádálaí féin a sheasamh as na modhanna céanna a úsáid.

Ní mór d’aerlínte faisnéis a sholáthar do phaisinéirí faoi réiteach malartach díospóide, trí nasc a chur ar a suíomh gréasáin chuig ardán réitithe díospóidí ar líne an Aontais Eorpaigh.

Sampla

Teastaíonn ó Sheán dul go Páras. Tá cuid mhór aerlínte ag freastal ar an mbealach sin. De bharr Rialachán 1008/2008/CE, tig le Seán bheith cinnte de gurb é an praghas deiridh an praghas a thug gach aerlíne dó agus nach gcuirfear táillí breise sa chuntas nuair a roghnóidh sé eitilt.

Laistigh den Aontas, tá toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar áit chónaithe nó ar náisiúntacht a dhéanamh idir paisinéirí nó idir úsáideoirí seirbhísí lastais maidir leis an teacht atá acu ar tháillí.

An ceadmhach árachas cealaithe eitilte a chur san áireamh ar shuíomh gréasáin taistil mar réamhshocrú i bpraghas an ticéid?

Ní ceadmhach. Tá ceangal ar shuíomhanna nó ar chuideachtaí a dhíolann ticéid aerlínte an ‘praghas deiridh’ a shonrú, is é sin le rá, praghas na heitilte le cois gach cánach, táille agus formhuirir.  Mar sin féin, i dtaca le forlíonta roghnacha praghais a bhaineann le seirbhísí breise, ní mór iad a chur in iúl go soiléir i dtús an phróisis, sula gcuirfear aon eitiltí in áirithe, agus is ar bhonn toilithe shainráite a ghlacfaidh an custaiméir leo.  Rinneadh soiléiriú ar an bpointe sin le breith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-112/11, Ebookers.com Deutchland GmbH.

Sampla

Bhí Méabh ag cur eitilt in áirithe ar an idirlíon.  Nuair a roghnaigh sí a heitilt, liostaíodh na costais sa choirnéal ar bharr leathanach an tsuímh gréasáin, ar dheis, faoin gceannteideal “do chostais taistil go dtí seo”. Le cois phraghas na heitilte, bhí méideanna san áireamh a bhain le “cánacha agus táillí” agus “árachas cealaithe” a ríomhadh go huathoibríoch.  Ag bun an leathanaigh bhí fógra ann á chur in iúl don chustaiméir cad ba cheart a dhéanamh má bhí sí ag iarraidh diúltú don árachas cealaithe a cuireadh isteach mar réamhshocrú. Sin an dóigh a ndéantar an rogha sin.

Níl iallach ar Maeve glacadh le hárachas cealaithe agus níl sé ag teastáil don eitilt. Is faoin gcustaiméir atá sé glacadh leis nó diúltú dó.  De réir dhlí an Aontais Eorpaigh, is éigean forlíonta roghnacha praghais dá sórt a chur in iúl ar bhealach soiléir, trédhearcach, neamhdhébhríoch i dtús an phróisis agus is ar bhonn toilithe shainráite a nglacfaidh an custaiméir leo.

Paisinéirí Aerlíne a Chosaint – Rialachán 261/2004/CE

An bhfuil cearta agam má chuirtear m'eitilt ar ceal, má chuirtear moill uirthi nó má dhiúltaítear cead bordála dom de dheasca ró-áirithintí?

Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, Rialachán 261/2004/CE, (‘an Rialachán’), tá cearta agat má chuirtear d’eitilt ar ceal, má bhíonn moill uirthi nó má dhiúltaítear cead bordála duit. Ní chuirtear an chosaint a thugtar faoin Rialachán ar fáil, áfach, ach i gcásanna sonracha áirithe.

An bhfuil teorainn ann maidir le cén áit agus cén uair is féidir le paisinéir aerlíne cosaint a fháil faoin Rialachán sin?

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le gach paisinéir atá ag eitilt ó aerfort i mBallstát agus maidir le gach paisinéir atá ag eitilt ó aerfort i dtír nach bhfuil san Aontas Eorpach go dtí aerfort atá san Aontas Eorpach más aerlíne Chomhphobail í an aerlíne (Airteagal 3(1)).

Sampla

Tá Tomás ag taisteal go hÉirinn ar eitilt de chuid Aer Lingus ó aerfort Newark in SAM. Fuair sé scéala go bhfuil an eitilt curtha ar ceal. Tá cearta aige faoin Rialachán. Murab ionann agus Tomás, tá Mairéad ag taisteal go hÉirinn ón aerfort céanna ar aerlíne Mheiriceánach nach aerlíne Chomhphobail í. Níl aon chearta aici faoin Rialachán.

Fiú má chruthaíonn agus má oibríonn aerlíne nach as an Aontas Eorpach í suíomh gréasáin i mBallstát, féach nach féidir talamh slán a dhéanamh de go gcuirfear aon chonradh chun ticéid aerlíne a cheannach i gcrích faoi dhlí an Aontais sa chás go n-imíonn eitiltí agus go dtagann siad i dtír arís lasmuigh den Aontas, fiú má tá oifig ag an aerlíne i mBallstát ina bhfuil an suíomh gréasáin lonnaithe.  Dheimhnigh Cúirt Réigiúnach Frankfurt an méid sin i mí na Nollag 2014. Cé nár tugadh an t-ábhar ós comhair na Cúirte Breithiúnais le haghaidh rialú cinntitheach ar leibhéal an Aontais, is suimiúil agus is áititheach rialú na Cúirte in Frankfurt.

Cad is aerlíne Chomhphobail ann?

Sin aerlíne atá faoi cheadúnas i mBallstát den Aontas Eorpach (Airteagal 2).  Ní chumhdaítear eitiltí héileacaptair sa Rialachán.

Má fhaighim cabhair i dtaobh moill nó cealú ó údarás aerfoirt nach bhfuil san Aontas Eorpach, an bhfágann sin nach féidir liom leas a bhaint as mo chearta faoin Rialachán?

In Airteagal 3(1)(b) den Rialachán leagtar síos nach bhfuil paisinéirí a fuair cabhair cheana i dtríú tír i dteideal tuilleadh cabhrach ón aerlíne lena mbaineann.

Sampla

Bhí Séamus le taisteal ó Iostanbúl go Baile Átha Cliath. Cuireadh an eitilt ar ceal. Fuair sé cabhair i bhfoirm dearbhán taistil agus lóistín in Iostanbúl ón údarás aerfoirt ansin.  Níl aon cheart aige, dá bhrí sin, cosaint a éileamh faoin Rialachán.

Mar sin féin, bunaithe ar an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Van der Lans v Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV, C-257/14, dá mba rud é nach bhfuair Séamus ach lóistín nó na dearbháin taistil, d’fhéadfaí a áitiú go mbeadh sé i dteideal an chosaint a éileamh a baineadh de faoin Rialachán.

An bhfuil aon dualgais eile ormsa, mar phaisinéir aerlíne, le go mbeidh mé in ann tairbhe a bhaint as an Rialachán?

Tá.  Faoi Airteagal 3(2), chun go mbeidh paisinéirí in ann tairbhiú den Rialachán, tá orthu áirithint dhearbhaithe a bheith acu ar an eitilt lena mbaineann agus, cé is moite de chás inar tugadh fógra roimh ré dóibh gur cuireadh an eitilt ar ceal, beidh orthu teacht i láthair le seiceáil isteach roimh ré ag an am a leagadh síos dó sin, nó murar tugadh am sonrach le fios, 45 nóiméad roimh am imeachta sceidealaithe na heitilte ar a dhéanaí.

Sampla

Chuir Póilín eitilt Aer Lingus in áirithe ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Bhruiséil. Tugadh le fios ar an ticéad nach mór di seiceáil isteach dhá uair an chloig ar a laghad roimh am imeachta sceidealaithe na heitilte. Sheiceáil sí isteach uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe agus diúltaíodh cead bordála di mar go raibh a suíochán tugtha ag an aerlíne do phaisinéir eile. Dá dheasca sin, níl sé de cheart aici tairbhiú den Rialachán mar nár chloígh sí leis na coinníollacha ar ar eisíodh an ticéad.

Is tábhachtach a choinneáil i gcuimhne go bhfuil eisceacht ann i gcás paisinéirí a fuair fógra roimh ré ón aerlíne go raibh an eitilt curtha ar ceal agus is é an eisceacht atá ann nach bhfuil orthu teacht i láthair le seiceáil isteach ag an am sceidealaithe – is féidir leo cosaint a éileamh faoin Rialachán. Is é a chiallaíonn sé sin má tá tú ag eitilt, abair, ó Pháras go Baile Átha Cliath agus má fhaigheann tú téacs ón aerlíne ag rá go bhfuil an eitilt curtha ar ceal agus go ndeirtear leat gan teacht i láthair ag an aerfort ag am imeachta sceidealaithe na heitilte, coimeádfaidh tú do chearta faoin Rialachán cé nár tháinig tú i láthair ag an aerfort.

Sampla

Tá suíochán curtha in áirithe ag Laoise ar eitilt ón tSionainn go Páras don lá amárach.  Chuala sí ar an nuacht nach ligfear d'aon eitilt imeacht ón tSionainn idir a 7 ar maidin agus a 7 tráthnóna an lá sin. Fuair sí téacs faoi sin ón aerlíne freisin agus ag insint di go gcuirfear an eitilt ar ceal. Moltar sa tuairisc nuachta do phaisinéirí a bhfuil eitiltí acu amárach gan teacht go dtí an t-aerfort. Thug an aerlíne an chomhairle chéanna di sa téacs.  Tig léi cosaint a éileamh faoin Rialachán cé nár tháinig sí i láthair ag an aerfort.

Conas is féidir mo chearta a fheidhmiú faoin Rialachán?

Más rud é gur chuir tú do thicéid taistil in áirithe go díreach, i dtús báire, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an aerlíne lena mbaineann agus na cearta atá agat faoi Rialachán 261/2004/CE a lua. 

Má bhí moill ar d’eitilt nó má cuireadh ar ceal í nó má diúltaíodh cead bordála duit agus tú ar saoire láneagraithe, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an ngníomhaireacht taistil.  Má dhéanann tú éileamh in aghaidh do ghníomhaireachta taistil i leith eitilt a cuireadh ar ceal nó a raibh moill uirthi, nó de bharr gur diúltaíodh cead bordála duit, ní féidir leat éileamh a dhéanamh in aghaidh na haerlíne freisin.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás HG agus Daoine Eile v Aegean Airlines, C-163/18.

Chun an aerlíne oibriúcháin lena mbaineann a aithint, bíodh a fhios agat go meastar gurb í an aerlíne a fhruilíonn aerárthach, an fhoireann san áireamh, faoi léas fliuch ó aerchuideachta eile ach a choinníonn freagracht oibríochtúil na heitilte, meastar gurb í an aerlíne sin an aerlíne oibriúcháin chun críocha an Rialacháin sin.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás Wolfgang Wirth agus Daoine Eile v Thomson Airways Ltd, C-532/17. Sa chás sin, chuir an tUasal Wirth agus paisinéirí eile eitiltí in áirithe ón nGearmáin go Meicsiceo leis an aerchuideachta TUIfly. Chun an eitilt a oibriú, bhain TUIfly úsáid as aerárthach agus foireann aerchuideachta eile, mar atá Thomson Airways, faoi léas fliuch.  Is éard is léas fliuch ann socrú lena gcuimsítear fruiliú aerárthaigh, soláthar foirne agus, in amanna, breosla, san áireamh.  Cuireadh moill mhór ar an eitilt agus, dá bhrí sin, d’éiligh an tUasal Wirth agus daoine eile cúiteamh ar Thomson Airways faoi Rialachán 261/2004/CE. Dhiúltaigh Thomson Airways an cúiteamh a íoc ar an mbonn nárbh í an aerlíne oibriúcháin chun críocha an Rialacháin í. Sa chás sin, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nárbh é Thomson an aerlíne oibriúcháin. Ina ionad sin, ba ar TUIfly a bhí sé an cúiteamh a íoc.

Má chreideann tú gur sáraíodh do chearta faoin Rialachán, féadfaidh tú gearán faoin sárú a deirtear a rinneadh in aon aerfort ar chríoch Ballstáit nó a bhaineann le haon eitilt ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach chuig aerfort ar an gcríoch sin, féadfaidh tú sin a chur faoi bhráid chomhlacht náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit sin.

Foráiltear in Airteagal 16 den Rialachán go n-ainmneoidh gach Ballstát comhlacht a mbeidh sé de chúram air an Rialachán a chur i bhfeidhm. Is ar Údarás Eitlíochta na hÉireann atá an cúram sin in Éirinn.

Sampla

Tá Róise ag eitilt ó Rennes na Fraince go Baile Átha Cliath. Cuireadh a heitilt ar ceal agus ní bhfuair sí aon chabhair ón aerlíne. Teastaíonn uaithi gearán a dhéanamh. Níl Fraincis ar a toil aici agus tá drogall uirthi gearán a dhéanamh i bhFraincis. Mar sin féin, is gá di gearán a chur chuig an údarás náisiúnta forfheidhmithe sa Fhrainc, mar atá – Direction Générale de L'aviation Civile (DGAC), Direction du Transport Aérien, Mission du Droit des Passagers, Bureau des Passagers Aériens, 50 Rue Henry Farman, FR-75720 Paris Cedex 15. Teil.:+33 1 58.09.39.79.  Facs: +33 1 58.09.38.45.

Is féidir teacht ar shonraí na n-údarás náisiúnta forfheidhmithe uile anseo.

Faoin Rialachán, an féidir leis an Údarás Náisiúnta Forfheidhmithe iallach a chur ar aerlíne cúiteamh a íoc le paisinéirí i gcás ina ndiúltaítear bordáil, moill nó cealú?

Roimhe seo, bhí mearbhall ann maidir le cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh Údaráis Náisiúnta Forfheidhmithe iallach a chur ar aerlínte cúiteamh a íoc le paisinéirí.  Tugadh aghaidh ar an tsaincheist sin i gcás LOT v Budapest Fovaros Kormanyhivatala, C597/20 inar rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhféadfaidh an t-údarás náisiúnta forfheidhmithe faoin Rialachán, agus mar fhreagra ar ghearáin aonair, iallach a chur ar iompróir cúiteamh a íoc le paisinéirí.

Is féidir comhairle agus cúnamh a fháil freisin ón Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí is gaire duitse.  Tá Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i ngach Ballstát, agus san Íoslainn agus san Iorua.  Is féidir na sonraí teagmhála a fháil ar an suíomh gréasáin seo.

Féach An 12 mholadh is tábhachtaí ón Aontas Eorpach do Phaisinéirí.

Cad iad na teorainneacha ama faoinar féidir caingean a thionscnamh chun cúiteamh a fháil de bharr eitilt a bheith curtha ar ceal?

Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais i gCás C-139/11, Joan Cuadrench More v Koninklijke Maatschappij NV gur de réir rialacha náisiúnta gach Ballstáit is ceart cinneadh a dhéanamh faoi na teorainneacha ama faoinar féidir caingean a thionscnamh chun cúiteamh a fháil de bharr eitilt a bheith curtha ar ceal.

Cé na Ballstáit a bhfuil dlínse acu i gcaingne a thionscnaítear faoin Rialachán?

I gcás ina bhfuil na heitiltí idir Ballstáit den Aontais agus le haon iompróir amháin, féadfar éileamh ar chúiteamh a thabhairt chuig an gcúirt sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an áit imeachta nó ar an gceann scríbe de bhun Rialachán (CE) 1215/2012 (An Bhruiséil I).  Faoi Airteagal 4 den Bhruiséil I, féadfaidh paisinéir a mbeidh caingean dlí á dhéanamh aige faoi Rialachán 261/2004/CE é sin a dhéanamh os comhair chúirteanna shainchónaí na haerlíne is cosantóir.

Faisnéis do Phaisinéirí

An bhfuil dualgas ar an aerlíne paisinéirí a chur ar an eolas faoi na cearta atá acu de bharr an Rialacháin?

Tá. Leagtar síos in Airteagal 14 den Rialachán go gcaithfear fógra soléite a thaispeáint ag an deasc cláraithe á mhíniú do na paisinéirí gur cheart dóibh bileog a iarraidh ag an deasc cláraithe nó ag an ngeata bordála má dhiúltaítear cead bordála dóibh nó má chuirtear a n-eitilt ar ceal nó má tá moill dhá uair an chloig ar a laghad ar a n-eitilt. Beidh a gcearta tugtha le fios ar an mbileog sin, go háirithe a gcearta maidir le cúiteamh agus cabhair.

Má dhiúltaíonn aerlíne cead bordála do phaisinéirí nó má chuirtear eitilt ar ceal, ba cheart di fógra i scríbhinn a thabhairt do gach paisinéir ina sonrófar na rialacha maidir le cúiteamh agus cabhair. Ba cheart di fógra den chineál céanna a thabhairt do gach paisinéir a bhfuil moill dhá uair an chloig ar a laghad ar a n-eitilt. Ba cheart sonraí teagmhála an údaráis forfheidhmiúcháin sa Bhallstát a thabhairt don phaisinéir i bhfoirm scríbhinn.

Moill ar eitiltí – cearta aerphaisinéirí

Cé na cearta atá agam má chuirtear moill ar m'eitilt?

In Airteagal 6 den Rialachán leagtar amach na cearta atá ag paisinéirí má bhíonn moill ar a n-eitilt. Sa chás go bhfuil aerlíne réasúnta cinnte go mbeidh moill ar eitilt thar am sceidealaithe an imeachta, tá paisinéirí i dteideal béilí agus deochanna atá i gcomhréir réasúnta leis an am feithimh agus dhá ghlaoch gutháin nó dhá ríomhphost nó dhá fhacs saor in aisce. Beidh an tráth a gcuirfear na cearta sin i bhfeidhm ag brath ar fhad na moille agus ar fhad na heitilte mar seo a leanas:

  • dhá uair an chloig nó níos faide i gcás eitiltí 1,500km nó níos giorra;
  • trí uair an chloig nó níos faide i gcás eitiltí laistigh den Chomhphobal atá níos faide ná 1,500km agus i gcás na n-eitiltí eile uile idir 1,500 agus 3,000km;
  • ceithre uair an chloig nó níos faide i gcás eitiltí nach bhfuil clúdaithe sna catagóirí thuas

Má dhéantar an t-am imeachta a bhfuil coinne go réasúnta leis a chur siar ar a laghad go dtí an lá tar éis an ama imeachta a fógraíodh roimhe sin, tá paisinéirí i dteideal lóistín óstáin agus cóir iompair idir an t-aerfort agus an lóistín sin má bhíonn gá le lóistín thar oíche.

Sampla

Beidh Marcas ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Heathrow ach tá moill trí uair an chloig ar an eitilt.  Tá sé i dteideal dhá théacs, dhá ghlaoch gutháin nó dhá ríomhphost agus béilí agus deochanna atá i gcomhréir réasúnta le fad na moille, e.g. caife agus muifín nó ceapaire.  Tá an eitilt a bhí ag Máire go Nua-Eabhrac ar a 10 a chlog san oíche curtha siar go 7 a chlog ar maidin an lá dar gcionn.  Tá Máire i dteideal na nglaonna gutháin, srl. agus na mbéilí agus na ndeochanna céanna i gcomhréir réasúnta le fad na moille.  Ach, murab ionann agus Marcas, beidh gá ag Máire le rud éigin níos téagartha ná muifín agus caife.  Chomh maith leis sin, beidh sí i dteideal lóistín óstáin agus cóir iompair idir an lóistín agus an t-aerfort.

Má mhaireann an mhoill cúig uair an chloig nó níos faide, tá rogha ag na paisinéirí aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid a iarraidh i leith na gcodanna sin den turas nár taistealaíodh agus i leith na gcodanna sin den turas a taistealaíodh más rud é nach bhfuil aon leas le baint as an eitilt a thuilleadh de réir phleananna an turais, agus, más ábhartha, eitilt fillte chuig an gcéad phointe imeachta a luaithe is féidir.

Samplaí

Eitilt ó Chorcaigh go Páras:

Tá Lisa ag taisteal ó Chorcaigh go Páras ar thuras fillte. Tá moill sé uair an chloig ar a heitilt. Cinneann sí gan taisteal. Ba cheart di iarraidh ar an aerlíne a háirithint a chur ar ceal agus gheobhaidh sí aisíocaíocaíocht laistigh de sheacht lá.

Eitilt ó Bhaile Átha Cliath go hAmstardam agus ansin ar aghaidh go Dubai:

Tá Rónán ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Londain agus ansin ar aghaidh go Dubai, ar thuras fillte.  Má tá moill níos mó ná cúig uair an chloig ar a eitilt ó Bhaile Átha Cliath agus má chuireann sé an eitilt ina dhiaidh sin ar ceal, tá sé i dteideal aisíocaíochta ar a thicéid laistigh de sheacht lá.  Má bhíonn moil níos mó ná cúig uair an chloig ar an eitilt ó Londain, is féidir leis aisíocaíocht mar aon le heitilt ar ais go Baile Átha Cliath a éileamh.

An bhfuil an paisinéir i dteideal cúiteamh airgid ar bith i gcás moille?

Is féidir go mbeidh an paisinéir i dteideal cúitimh i gcás moill is faide ná trí uair an chloig.  An 19 Samhain 2009, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna cásanna comhcheangailte Sturgeon v Condor Flugdienst GmbH agus Bock agus Daoine eile v Air France SA, C-402 agus 423/07 go bhféadfadh cúiteamh a bheith iníoctha amhail agus gur cuireadh an eitilt ar ceal i gcás ina bhfuil moill níos faide ná trí uair an chloig ann dá bharr.  Mar sin féin, ní bheidh an cúiteamh iníoctha más féidir leis an aerlíne a chruthú gur dálaí eisceachtúla nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta ab fhéidir ba chúis leis an moill.

Bhí drogall ar a lán aerlínte cloí le cinneadh na Cúirte Breithiúnais i gcás Sturgeon agus dhiúltaigh siad cúiteamh a íoc i gcás moille.  Thángthas ar réiteach faoin ábhar sin de thoradh Chásanna C-581/10 Nelson agus Daoine eile v Deutsche Lufthansa AD agus C-629/10 TUI Travel agus Daoine eile v an tÚdarás um Eitlíocht Shibhialta.  Sna cásanna sin, dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais a léirmhíniú ar dhlí an Aontais Eorpaigh i gcás Sturgeon.  D’athdhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go n-éilíonn prionsabal na córa cothroime go gcaithfear glacadh leis go bhfuil paisinéirí ar cuireadh moill ar a n-eitiltí agus paisinéirí ar cuireadh a n-eitiltí ar ceal ‘ag an nóiméad deireanach’ inchomparáide maidir lena gceart cúitimh a fheidhmiú, mar go ndearnadh an ciotaí céanna dóibh, is é sin gur chaill siad am. De bhrí go bhfuil paisinéirí ar cuireadh a n-eitiltí ar ceal i dteideal cúitimh má tá an t-am a chailleann siad cothrom le, nó níos faide ná, trí uair an chloig, bhí an Chúirt den tuairim go bhfuil paisinéirí a raibh moill trí uair an chloig ar a laghad ar a n-eitiltí in ann tairbhiú de na cearta céanna amhail is dá mba rud é gur cuireadh a n-eitilt ar ceal.

Mar sin féin, rialaigh an Chúirt nach mbíonn paisinéirí i dteideal cúitimh de dheasca moille más féidir leis an aerlíne a chruthú gur dálaí eisceachtúla nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta ab fhéidir, is é sin le rá dálaí nach bhfuil neart ag an aerlíne orthu, ba chúis leis an moill.

I ngeall ar chinneadh sin na Cúirte Breithiúnais, i gcás eitiltí a bhfuil moill orthu, más faide ná trí uair an chloig an mhoill agus má tá neart ag an aerlíne ar an moill sin, ba cheart do na haerlínte an cúiteamh cuí a íoc.  €250-€600 an cúiteamh sin, de réir fhad na moille agus fhad na heitilte.

I gcás Corina van der Lans v Kininkliike Luchtvaart Maatschappii, Cás C-257/14, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tuilleadh soiléirithe i dtaobh na gcásanna sin inarb iad ‘fadhbanna teicniúla’ is cúis leis na moilleanna. Sa chás sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach ‘dálaí eisceachtúla’ iontu féin na fadhbanna teicniúla sin a thagann chun cinn le linn cothabháil aerárthaí ná iad siúd a thagann chun cinn mar nach ndearnadh an chothabháil sin.  I gcásanna áirithe, nuair is fadhbanna teicniúla is cúis le moill dá shórt, tá ceanglas ar aerlínte cúiteamh a íoc le paisinéirí má tá moill níos faide ná dhá uair an chloig ar an eitilt.

Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Marcela Peskova agus Jiri Peska v Travel Service a.s., C-315/15 gur cás eisceachtúil é imbhualadh idir aerárthach agus éan, cás a d’fhéadfadh an aerlíne a dhíolmhú óna hoibleagáid cúiteamh a íoc i gcás moill mhór a bheith ar eitilt.

Má oibríonn iompróir nach bhfuil lonnaithe san Aontas eitilt thar ceann iompróra de chuid an Aontais agus má bhíonn moill ar an eitilt sin, an féidir le paisinéirí cúiteamh a éileamh?  Cé uaidh ar féidir leo éileamh a dhéanamh?

Go deimhin, is féidir le paisinéirí cúiteamh a éileamh ó iompróir nach bhfuil lonnaithe san Aontas i gcás ina n-oibríonn an t-iompróir sin an eitilt ina hiomláine thar ceann iompróra de chuid an Aontais.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás United Airlines, C-561/20.  Sa chás sin, rinne triúr aerphaisinéirí áirithint le Lufthansa trí ghníomhaireacht taistil d’eitilt ón mBruiséil go San Jose (SAM) le stad i Newark.  Rinne United Airline an eitilt ina hiomláine a oibriú.  Bhain na paisinéirí an ceann scríbe amach le moill 223 nóiméad.  Rinneadh éileamh ar chúiteamh faoi Rialachán 261/2004/CE i gcoinne United Airlines os comhair chúirteanna na Beilge.  Cuireadh an t-ábhar faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais a rialaigh go raibh United Airlines faoi dhliteanas na paisinéirí a chúiteamh i leith na moille.

Maidir le paisinéirí a cúitíodh cheana as eitilt a cuireadh ar ceal agus a thoilíonn taisteal ar eitilt eile, an mbeidh siad i dteideal cúiteamh a fháil as moill ar eitilt an turais mhalartaigh?

De réir an rialaithe a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás 32/18, A agus Daoine Eile v Finnair Oyj, maidir le paisinéirí a cúitíodh cheana as eitilt a cuireadh ar ceal agus a ghlac leis an turas malartach, féadfaidh na paisinéirí sin a bheith i dteideal cúiteamh a fháil as moill ar eitilt an turais mhalartaigh. 

Cad é mar a chinntear fad na moille, i dtaca le cúiteamh a íoc?

Ní mheastar go mbaineann eitilt an ceann scríbe amach go dtí go n-osclaítear na doirse le ligean do na paisinéirí imeacht den aerárthach.   Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chinn an méid sin i gcás Germanwings GmbH v Ronny Henning, Cás C-452/13.  Sa chás sin, d'imigh an t-eitleán trí uair an chloig agus deich nóiméad tar éis am sceidealta a imeachta ach thuirling sé ar an rúidbhealach in aerfort an chinn scríbe Köln/Bonn agus moill dhá uair an chloig, ocht nóiméad agus caoga air.  Is amhlaidh, áfach, a thóg sé cúig nóiméad bhreise ar an eitleán dul go dtí an post díbhordála agus na doirse a oscailt.

Rialaigh an Chúirt gur féidir a mheas gur míchaoithiúlacht do phaisinéirí an t-am a chaitear idir an tuirlingt agus an díbhordáil. Seo mar a labhair an Chúirt: "...[de dheasca moille] ní féidir le paisinéirí a gcuid gníomhaíochtaí pearsanta, baile, sóisialta ná gnó a reáchtáil mar ab áil leo é". “Nuair a thugtar cead do phaisinéirí an t-aerárthach a fhágáil agus go dtugtar ordú chuige sin doirse an aerárthaigh a oscailt, is ag an tráth sin, agus ag an tráth sin amháin, a thagann deireadh leis na srianta atá orthu agus gur féidir leo leanúint ar aghaidh lena ngnáthghníomhaíochtaí."

Céard a tharlóidh mura gcuirfidh an aerlíne cabhair ar fáil dom agus moill ar m'eitilt? An bhfuil an paisinéir i dteideal aisíocaíocht a éileamh ón aerlíne i leith deochanna, bia agus glaonna gutháin?

Ní dhéantar tagairt shonrach dó sin sa Rialachán. Mar sin féin, thiocfadh sé salach ar mheon agus ar chuspóir an Rialacháin dá ndiúltódh aerlíne cúiteamh a thabhairt i leith caiteachas réasúnta ar nithe ba cheart di a sholáthar faoin Rialachán.  Is tábhachtach aird a thabhairt ar an bhfocal “réasúnta” anseo.  Fiú mura gcomhlíonann an aerlíne a hoibleagáidí maidir leis an gcabhair ba cheart di a thabhairt faoin Rialachán, ní chiallaíonn sé sin gur cheart duit bheith ag súil le cúiteamh a fháil i leith béile mór murar mhair an mhoill ach trí uair an chloig.

Mura dtugann an aerlíne an chabhair a leagtar síos sa Rialachán seo duit, ba cheart duit dul chomh fada le deasc cláraithe nó deasc bordála na haerlíne agus fógra i scríbhinn faoi do chearta de réir Airteagal 14 den Rialachán a iarraidh.  Má dhiúltaítear sin a dhéanamh nó mura ndéanfaidh an aerlíne aon iarracht cabhair a thabhairt duit, ba cheart duit na hadmhálacha uile bia, dí agus glaonna a choimeád agus iad a chur faoi bhráid na haerlíne tráth níos faide anonn, nó faoi bhráid an chomhlachta náisiúnta forfheidhmithe nó le go mbeidh siad agat le tabhairt do Chúirt na nÉileamh Beag má thograíonn tú caingean dlí a agairt leis na costais a fháil ar ais.

Cealú eitiltí – cearta aerphaisinéirí

Cé na cearta atá agam má chuirtear m'eitilt ar ceal?

Is in Airteagal 5 den Rialachán a leagtar amach an chabhair atá ar fáil do phaisinéirí a gcuirtear a n-eitilt ar ceal. Má chuirtear eitilt ar ceal, tá paisinéirí i dteideal aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid i leith na gcodanna sin den turas nár taistealaíodh agus i leith na gcodanna sin den turas a taistealaíodh más rud é nach bhfuil aon leas le baint as an eitilt a thuilleadh maidir le pleananna turais an phaisinéara, agus, más ábhartha, eitilt fillte chuig an gcéad phointe imeachta a luaithe is féidir nó turas malartach chuig an gceann scríbe a luaithe is féidir nó turas malartach ar chaoithiúlacht an phaisinéara chuig an gceann scríbe ach suíocháin a bheith ar fáil.

An féidir leis an aerlíne dearbháin a thairiscint in ionad costas na heitilte a aisíoc?

Tháinig an cheist sin aníos go minic i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.  I gcás ina gcuireann aerlíne eitilt ar ceal, tá dhá rogha ag paisinéirí: aisíocaíocht a fháil nó dul ar thuras malartach.  Is féidir aisíocaíocht a dhéanamh in airgead nó trí dhearbhán. Is féidir aisíocaíocht a dhéanamh trí dhearbhán má chomhaontaíonn an paisinéir amhlaidh agus sa chás sin amháin.

I dteannta aisíocaíochta, tá paisinéirí i dteideal béilí agus deochanna i gcomhréir réasúnta leis an am feithimh, sin agus dhá ghlaoch gutháin, dhá théacs nó dhá ríomhphost. Más ar an lá i ndiaidh lá na heitilte a bhí pleanáilte a tharlóidh an turas malartach, beidh paisinéirí i dteideal lóistín óstáin más gá fanacht thar oíche amháin nó níos mó nó más gá fanacht thar an dáta a bhí beartaithe ag an bpaisinéir. Ba cheart cóir iompair a chur ar fáil idir an t-óstán agus an t-aerfort.

I gcás cealaithe, tá paisinéirí i dteideal cúiteamh airgid freisin. Braitheann an méid airgid ar fhad na heitilte. Ba cheart do na paisinéirí €250 a fháil más 1,500km nó níos gairide fad na heitilte atá curtha ar ceal; €400 a fháil más faide ná 1,500km eitilt sa Chomhphobal a cuireadh ar ceal nó más idir 1,500km agus 3,500km i dtaca le heitilt nach bhfuil sa Chomhphobal agus €600 i gcás na n-eitiltí uile eile.

Is féidir na méideanna sin a laghdú 50% má thugtar tairiscint de thuras malartach don phaisinéir agus nuair nach mó ná ceithre uair an chloig níos moille ó am teachta sceidealaithe na heitilte a cuireadh in áirithe an t-am teachta.

An bhfuil aon teorainn ama nach mór costas eitilte a aisíoc roimpi?

Leagtar síos in Airteagal 8(1) nach mór aisíocaíocht eitilte agus íocaíochtaí cúitimh a leagtar síos sa Rialachán a dhéanamh faoi cheann seacht lá, in airgead tirim, trí aistriú leictreonach bainc, trí ordú bainc nó trí sheic bainc nó, ar chomhaontú sínithe an phaisinéara, i ndearbháin taistil agus/nó trí sheirbhísí eile.

Níl an cúiteamh sin iníoctha má fuair an paisinéir fógra seacht lá ar a laghad roimh an dáta imeachta maidir leis an gcealú eitilte nó fógra níos giorra ná seacht lá i gcás nach mbíonn ar an bpaisinéir imeacht níos luaithe ná uair an chloig roimh an am sceidealaithe agus i gcás nach mbaineann sé ceann scríbe amach níos deireanaí ná dhá uair an chloig tar éis an ama sceidealaithe.

Samplaí

Cealú breis agus 14 lá roimh an dáta imeachta:

Fuair Aodh téacs ón aerlíne ag rá leis go bhfuil an eitilt a bheidh aige faoi cheann 16 lá curtha ar ceal.  Níl aon cheart aige ar chúiteamh faoin Rialachán ach tig leis aisíocaíocht chostas an ticéid a iarraidh. Mar sin féin, mura mbeidh an aerlíne in ann a chruthú gur insíodh d’Aodh gur cuireadh an eitilt ar ceal níos mó ná coicís roimh an am imeachta sceidealaithe, beidh Aodh i dteideal cúitimh.  Dearbhaíodh an méid sin i gcás Bas Jacob Adriaan Krijgsman v Surinaamse Luchtvaart Maatschappij, NV, C-302/16.

Cealú idir 7 agus 14 lá roimh an dáta imeachta:

Fuair Cathal téacs ón aerlíne ag rá leis go bhfuil an eitilt a bheidh aige faoi cheann 10 lá curtha ar ceal.  Tá sé i dteideal cúitimh mar gur cuireadh an eitilt ar ceal idir 7 agus 14 lá roimh an dáta imeachta agus imeoidh a eitilt dhá uair an chloig ar a laghad i ndiaidh an ama imeachta sceidealaithe a chuir sé in áirithe agus bainfidh sé ceann scríbe amach breis is ceithre uair an chloig níos deireanaí ná an t-am teachta sceidealaithe a chuir sé in áirithe.

Cealú níos faide ná 7 lá roimh an dáta imeachta:

Fuair Liam téacs ón aerlíne ag rá leis go bhfuil an eitilt a bheidh aige faoi cheann dhá lá curtha ar ceal. Tá sé i dteideal cúitimh mar gur cuireadh an eitilt ar ceal níos faide ná 7 lá roimh an dáta imeachta agus imeoidh an eitilt nua breis agus uair an chloig roimh an am imeachta a chuir sé in áirithe agus bainfidh sé ceann scríbe amach breis is dhá uair an chloig níos deireanaí ná an t-am teachta sceidealaithe a chuir sé in áirithe.

Féach nach bhfuil aon dálaí eisceachtúla i gceist sna samplaí thuas.

I gcás eitilt a bheith curtha ar ceal ní mór don aerlíne aon choimisiún a íocadh d’idirghabhálaithe nuair a ceannaíodh na ticéid a chúiteamh freisin, ar choinníoll go raibh an aerlíne ar an eolas fúthu.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás Dirk Harms agus Daoine Eile v Vueling Airlines, C-601/17.

Cheannaigh Grace ticéid eitilte di féin agus dá fear céile chun dul go hAmstardam ó Bhaile Átha Cliath leis an suíomh gréasáin “Opodo”.  Cuireadh an eitilt ar ceal trí lá roimh am imeachta sceidealaithe na heitilte.  Tá Grace i dteideal praghas an ticéid agus an coimisiún a d'íoc sí le Opodo a éileamh ón aerlíne.  Ba cheart go n-éireoidh le Grace lena héileamh, ar choinníoll go raibh an aerlíne ar an eolas faoin gcoimisiún a d'íoc sí.

Conas a ríomhtar cúiteamh má chuirtear nasceitilt ar ceal nó má bhíonn moill mhór uirthi?

Rinneadh soiléiriú ar chás na nasceitiltí i gCás C-11/11 (Air France SA v Heinz-Gerke Folkerts agus Luz-Tereza Folkerts).  Sa chás sin, bhí moill ar na paisinéirí nuair a bhain siad an ceann scríbe amach.  Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach mór cúiteamh a thabhairt do phaisinéir nasceitiltí díreacha i gcás ina bhfuil moill air ag an bpointe imeachta ar feadh tréimhse faoi bhun na dteorainneacha atá sonraithe sa Rialachán, ach go mbaineann sé ceann scríbe amach trí uair an chloig ar a laghad níos déanaí ná mar a bhí sceidealaithe. Ní gá íostréimhse moille a bheith ag an bpointe imeachta chun cúiteamh a fháil.

Má chuirtear nasceitilt ar ceal nó má bhíonn moill mhór uirthi, is de réir an fhaid dhírigh nó an fhaid mhórchiorclaigh idir an t-aerfort imeachta agus an t-aerfort teacht isteach a chaitear an cúiteamh atá le híoc leis an bpaisinéir a ríomh.  Is éard is brí le ‘fad mórchiorclach’ an fad is giorra idir dhá phointe ar dhromchla sféir. I gcás Birgit Bossen, Anja Bossen agus Gudula Grossman v Brussels Airlines, dhearbhaigh CBAE nuair a dhéantar an t-achar a taistealaíodh a ríomh gurb é atá ábhartha an t-achar idir áit imeachta thosaigh an phaisinéara aeir agus an ceann scríbe deiridh, agus gur cheart neamhaird a dhéanamh d’áit aon naisc eitilte chun an ríomh sin a dhéanamh. 

Bhí sé beartaithe ag Artúr eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Frankfurt áit a bhfaigheadh sé eitilt eile chuig Vársá.  Bhí moill ceithre uair an chloig ar an eitilt go Frankfurt agus d'imigh an nasceitilt chuig Vársá air dá dheasca sin.  Is é an fad díreach idir Baile Átha Cliath agus Vársá, seachas an fad a eitlíodh, a chaithfidh an aerlíne a úsáid chun an cúiteamh atá le híoc le hArt a ríomh.

Conas is féidir liom fad na heitilte a ríomh?

Ba cheart go gcuideodh an suíomh gréasáin seo leat fad na heitilte a ríomh.

Féadfaidh sé go n-íocfar cúiteamh freisin as moill fhada ar nasceitiltí go tríú tíortha a bhfuil stadanna lasmuigh den Aontas mar chuid díobh.  Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás Claudia Wegener v Royal Air Maroc SA, C-537/17.  Sa chás sin, chinn an Chúirt agus gach rud san áireamh gur cheart a mheas gur aon nasceitilt amháin iad eitiltí ó Bheirlín go Casablanca agus ansin ó Chasablanca go hAgadir agus, dá réir sin, go bhfuil siad laistigh de raon feidhme an Rialacháin.

Maidir le cúiteamh a éileamh as moill ar nasceitiltí, féadfar aerlíne nár oibrigh ach an chéad chéim de nasceitilt i mBallstát amháin, féadfar an dlí a chur uirthi i mBallstát an chinn scríbe deiridh.  Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcásanna uamtha Fightright GmbH v Air Nostrum agus daoine eile, C-274/16, Becker v Hainan Airlines Co Ltd, C-447/16 agus Barkan agus daoine eile v Air Nostrum agus daoine eile, C448/16. 

D'fhéadfadh cúiteamh a bheith iníoctha freisin i gcás ina gcuirtear moill mhór ar an dara nasceitilt atá mar chuid d’áirithint aonair a rinneadh le haeriompróir ón Aontas, fiú má tá an nasceitilt le imeacht ó cheann scríbe lasmuigh de Aontas agus teacht isteach i gceann scríbe lasmuigh den Aontas agus más iompróir nach den Aontas é a oibreoidh í.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás C-502/18, CS agus Daoine Eile v Ceske Airlines. 

Chuir Gráinne eitiltí in áirithe trí Aer Lingus ó Bhaile Átha Cliath go Sydney via Abú Daibí.  Is é Aer Lingus a d’oibrigh an chéad nasceitilt ó Bhaile Átha Cliath go Abú Daibí agus rinneadh é in am.  Mar sin féin, an dara heitilt idir Abú Daibí agus Sydney a d'oibrigh aerlíne neamh-Chomhphobail faoi chomhaontú roinnte cód, thuirling an eitilt sin 8 n-uair an chloig mall.  D’fhéadfadh sé go mbeadh Gráinne i dteideal cúiteamh a fháil ó Aer Lingus i leith na moille.

An ceart chun cúitimh d’aerphaisinéirí a raibh moilleanna fada orthu, tá feidhm aige maidir le nasceitiltí atá comhdhéanta d’eitiltí arna n-oibriú ag aeriompróirí oibríochta ar leithligh.  Deimhníodh an méid sin i gcás C-436/21, Flightright GmbH v American Airlines Inc.

I gcás ina bhfuil roinnt nasceitiltí, atá á n-oibriú ag aeriompróirí ar leith, curtha in áirithe in aon áirithint dheimhnithe amháin, agus go gcuirtear an eitilt dheireanach den turas ar ceal, féadfar cúiteamh as an gcealú a lorg os comhair cúirte in áit imeachta na chéad eitilte.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an méid sin i gcás C-606/19, Flightright v Iberia.

Chuir Úna agus a teaghlach turas in áirithe ina raibh nasceitiltí in aon áirithint dheimhnithe amháin.  Bhí trí chéim i gceist sa turas.  Is é British Airways a d'oibrigh an chéad eitilt den turas, ó Bhaile Átha Cliath go Londain.  Is é Iberia, aerlíne ón Spáinn, a d'oibrigh an dá eitilt eile den turas ó Londain go dtí Maidrid agus ó Mhaidrid go Donostia-San Sebastián.  Cuireadh an tríú heitilt ar ceal laistigh de 24 uair an chloig ón am imeachta.  Bunaithe ar chás Flightright thuas, is féidir le hÚna éileamh ar chúiteamh a thabhairt os comhair na cúirte in Éirinn faoi Rialachán 261/2004/CE.

An bhfuil dualgas ar an aerlíne cúiteamh a íoc mura bhfuil neart ar bith ag an aerlíne ar an gcealú?

Leagtar síos in Airteagal 5(3) nach bhfuil dualgas ar an aerlíne cúiteamh a íoc más féidir léi a chruthú gur dhálaí eisceachtúla ba chúis leis an moill, dálaí nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta ab fhéidir. Tugtar na samplaí seo a leanas de dhálaí eisceachtúla féideartha sa Rialachán: éagobhsaíocht pholaitíochta; drochaimsir; baol slándála; easnaimh gan choinne i slándáil na heitilte; agus, stailceanna a chuireann isteach ar oibriú aerlíne. Is ceart a choinneáil i gcuimhne, ámh, gur sna dálaí eisceachtúla sin amháin, dálaí ina mbeadh sé dodhéanta an cealú eitilte a sheachaint fiú dá ndéanfadh an aerlíne gach beart ba réasúnta, a scaoiltear an aerlíne ón oibleagáid cúiteamh a íoc.

An bhféadfaí a mheas gur dáil eisceachtúil de réir bhrí Airteagal 5(3) é luaithreamhán bolcánach san aerspás?

D’fhéadfaí.  I gcás McDonagh v Ryanair, C12/11, rialaigh an Chúirt go bhfuil dálaí áirithe, ar nós dúnadh roinnt d'aerspás na hEorpa mar thoradh ar bhrúchtadh bolcánach, mar a tharla i gcás Eyjafjallajökull, go bhfuil dálaí den saghas sin ina ‘ndálaí eisceachtúla’.  Cé go bhféadfaidh sé nach gcaithfeadh na haerlínte cúiteamh a íoc i ndálaí eisceachtúla den sórt sin, níl siad díolmhaithe ón oibleagáid atá orthu cúram a dhéanamh de phaisinéirí.

Iarradh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú maidir leis an gceist an dtagann an oibleagáid cúram a dhéanamh de phaisinéirí faoi réir teorainn ama agus/nó teorainn airgeadaíochta i gcás den sórt sin.  I bhfocail eile, ar mhair an oibleagáid sin cúram a dhéanamh de phaisinéirí ar feadh tréimhse theoranta agus an raibh uasteorainn ar mhéid na speansas a d’fhéadfaí a éileamh le linn an am feithimh.

Is é a d'fhreagair an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil aon fhoráil ann i Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le haon srian, bíodh sé ina shrian ama nó ina shrian airgid, maidir leis an oibleagáid cúram a dhéanamh de phaisinéirí ar cuireadh a n-eitilt ar ceal de bharr dálaí eisceachtúla. Is é a chiallaíonn sé sin go bhfuil an aerlíne freagrach as cúram a dhéanamh de phaisinéirí feadh na tréimhse iomláine a mbíonn ar na paisinéirí sin fanacht le turas malartach a fháil.

Má theipeann ar an aerlíne cloí leis an oibleagáid cúram a dhéanamh d’aerphaisinéir, ní fhéadfaidh an paisinéir sin aisíocaíocht a fháil ach i leith na gcostas sin a bhí riachtanach, iomchuí agus réasúnta mar chúiteamh ar easnamh na haerlíne.

Abair ‘tobstailc neamhoifigiúil’ foirne eitilte tar éis fógra athstruchtúraithe gan choinne – an ‘dáil eisceachtúil’ sin a shaorfadh an aerlíne ón dualgas atá uirthi cúiteamh a íoc sa chás go gcuirfí eitilt ar ceal nó go mbeadh moill mhór ar eitilt?

Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Krusemann agus daoine eile v TUIfly GmbH (2018) nach ‘dáil eisceachtúil’ í an tobstailc go raibh dualgas ar an aerlíne cúiteamh a íoc le paisinéirí a ndearna cealú agus moill difear dóibh.  Thug an Chúirt dá haire go leagtar amach dhá choinníoll charnacha i Rialachán 261/2004/CE is gá a chomhlíonadh le gur féidir teagmhas a bheith ina dháil eisceachtúil.  Ar dtús, ní féidir an teagmhas a bheith ina dhlúthchuid, de bharr a nádúir nó a thionscnaimh, de ghnáthchleachtadh ghníomhaíocht na haerlíne, agus ní mór gan neart ar bith a bheith ag an aerlíne ar an teagmhas sin.

Chuir an Chúirt i dtábhacht nach ionann é a bheith luaite in aithris sa Rialachán go bhféadfaí dálaí den sórt sin a bheith ann de thoradh, go háirithe, stailce agus a rá gur gá, go huathoibríoch agus go riachtanach, stailc a bheith ina cúis le díolúine ón oibleagáid cúiteamh a íoc.  Is é rud gur gá a mheas, ar bhonn cás ar chás, an bhfuil an dá choinníoll thuasluaite comhlíonta.

Más féidir glacadh le stailc i measc coincheap na n-imthosca urghnácha lenar féidir an aerlíne a scaoileadh ón oibleagáid atá uirthi cúiteamh a íoc i ngeall ar chealú nó moill fhada i dtaca le heitilt, rinneadh an tsaincheist sin a mheas an athuair i gcás Airhelp Ltd v Scandinavian Airline System SAS, C-28/20.  Sa chás sin, maidir le stailc a eagraíonn ceardchumann fhoireann aeriompróra a bhfuil sé mar aidhm léi méaduithe ar phá a fháil, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach dtagann sí faoi choincheap imthosca urghnácha.

An cúinsí urghnácha a bheadh i gceist le breoiteacht nó bás baill foirne díreach roimh an eitilt agus an scaoilfeadh an aerlíne ón oibleagáid cúiteamh a íoc le paisinéirí nuair a cuireadh an eitilt ar ceal?

Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCásanna uamtha C-156/22 go C-158/22 (TAP Portugal) nach ndéanann cealú eitilte mar gheall ar bhás an chomhphíolótaigh gan choinne an aerlíne a dhíolmhú ón oibleagáid atá uirthi aerphaisinéirí a chúiteamh.  Sa chás sin, fuarthas go raibh comhphíolóta na heitilte marbh ina leaba óstáin beagán níos lú ná dhá uair an chloig roimh imeacht sceidealta na heitilte. Tar éis na hócáide tragóidí sin, ní raibh foireann iomlán na heitilte in ann eitilt, agus cuireadh an eitilt ar ceal dá bharr. Dúirt an Chúirt go bhfuil dlúthbhaint ag bainistíocht neamhláithreachta de dheasca breoiteachta nó bás ball foirne le ceist na pleanála foirne agus na n-uaireanta oibre foirne, agus gurb é an toradh a bhí air sin gur gné dhílis de ghnáthfheidhmiú ghníomhaíocht an aeriompróra oibríochta é teagmhas den sórt sin.

An féidir le haerlíne brath i gcónaí ar ‘dheacrachtaí teicniúla’ mar chúis cealaithe agus diúltú cúiteamh a íoc?

Ní féidir. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gceist sin den chéad uair i mí na Nollag 2008 i gcás Wallentin Herman v Alitalia inar dúradh nach féidir le haerlínte diúltú cúiteamh a íoc ach amháin má chuirtear eitilt ar ceal de bharr fadhbanna teicniúla nuair a eascraíonn an fhadhb ó eachtraí nach mbaineann go dlúth, de bharr a nádúir nó a dtionscnaimh, le gnáthchleachtadh ghníomhaíocht na haerlíne lena mbaineann agus nach bhfuil neart ar bith aici orthu.

Maidir leis sin, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Samhain 2014 i gcás Sandy Stewart agus daoine eile v Condor Flugdienst (Cás C-394/14) nach ‘dálaí eisceachtúla’ é staighre bordála soghluaiste bualadh faoi aerárthach agus nach scaoileann a leithéid an aerlíne ón gceangal atá air cúiteamh a íoc as moill níos faide ná trí uair an chloig a bheith ar eitilt.

Cad iad na cearta atá agam má atreoraítear an eitilt chuig aerfort eile?

I gcás ina n-atreoraítear eitilt chuig aerfort eile nárbh é an t-aerfort a sonraíodh nuair a cuireadh an eitilt in áirithe ach a fhreastalaíonn ar an mbaile céanna, an chathair chéanna, nó an réigiún céanna, foráiltear sa Rialachán gurb é an aerlíne atá freagrach as na costais a íoc chun an paisinéir a aistriú ón aerfort sin nó an ceann scríbe nua sin ar ais chuig an aerfort a sonraíodh nuair a cuireadh an eitilt in áirithe, sin nó chuig ceann scríbe eile atá gar dó agus a n-aontaíonn an paisinéir leis (Airteagal 8(3)).  In WZ v Austrian Airlines AG, C-826/19, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil an ceart go huathfheidhmeach ag paisinéir cúiteamh a fháil ag ráta comhréidh díreach i ngeall gur atreoraíodh eitilt chuig aerfort in aice láimhe.

Cad é an difríocht idir moill agus cealú?

In Airteagal 2 den Rialachán tá sainmhíniú ar chealú agus de réir an tsainmhínithe sin is é is cealú ann eitilt a bhí beartaithe roimhe sin agus a raibh áit amháin ar a laghad curtha in áirithe inti ach nach ndeachaigh. Ní thugtar aon sainmhíniú ar “mhoill” sa Rialachán agus ní fhoráiltear ann gurb ionann moill d'fhad áirithe agus cealú. Mar threoir, deirtear gur féidir a mheas gur tharla cealú má athraíodh uimhir eitilte agus, in éineacht leis sin, go raibh moill ann.

Má chaillim an chéad dá lá de mo laethanta saoire de dheasca m'eitilt a bheith ar ceal, an féidir liom costas an lóistín a éileamh ar an aerlíne?

Faoi Airteagal 14 den Rialachán, is féidir le paisinéirí nár thug suas a suíochán ar an eitilt go deonach éileamh breise a dhéanamh ar chúiteamh. Is sna cúirteanna náisiúnta a dhéantar na héilimh sin.  I bhfianaise an mhéid airgid atá i gceist, in Éirinn, d'fhéadfaí formhór na n-éileamh a thabhairt os comhair Chúirt na nÉileamh Beag a dhéileálann le héilimh atá níos ísle ná €2,000.

Ní mór do phaisinéirí tabhairt dá n-aire faoi Choinbhinsiún Montréal, lena rialaítear dliteanas na haerlíne, go ndlitear den aerlíne ‘gach damáiste a bhaineann le moill’ go dtí 4,150 ceart speisialta tarraingthe (CST) . (€5,094 an 21 Meitheamh 2023). Ní bheidh an aerlíne faoi dhliteanas, áfach, má thugann sí cruthúnas go ndearna sí gach beart réasúnta a d'fhéadfaí a dhéanamh leis an damáiste a sheachaint nó go raibh sé dodhéanta na bearta sin a dhéanamh. Dá mba fhadhbanna teicniúla a bhaineann go dlúth le gnáthchleachtadh ghníomhaíocht na haerlíne ba chúis leis an gcealú, d'fhéadfaí a mhaíomh go bhféadfaí éileamh a dhéanamh ar chostais an lóistín nár úsáideadh. Dá mba luaithreamhán bolcánach san aerspás ba chúis leis an gcealú, áfach, gach seans nach mbeadh an aerlíne faoi dhliteanas faoi Choinbhinsiún Montréal.

Sampla

Bhí sé beartaithe ag Páid agus a chéile, Máirín, eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Cóbanhávan chun comóradh lá a bpósta a cheiliúradh.  Bhí óstán sómasach curtha in áirithe acu don dá oíche a mbeidís i gCóbanhávan.  An lá roimh imeacht dóibh, cuireadh an eitilt ar ceal.  Ghearr an t-óstán an praghas iomlán as an gcéad oíche orthu mar nár leor an fógra a thug siad le haisíocaíocht a fháil.  Dhiúltaigh an aerlíne costas an óstáin a aisíoc leo cé gur fhill Páid agus Máire ar an mbaile i mBaile Átha Cliath agus iad ag feitheamh le scéala an imeodh nó nach n-imeodh an eitilt agus níor iarr siad ar an aerlíne íoc as lóistín oíche a raibh siad ina theideal.  Rinne siad iarracht an costas sin a éileamh ón árachas ach tugadh le fios dóibh nach raibh aon chlúdach árachais acu ina leith sin.  Tá rún acu an aerlíne a thabhairt chun na cúirte leis an gcostas lóistín €500 a fháil ar ais.

Sin caingean dlí is féidir le Páid agus Máirín a agairt iad féin, gan aturnae, os comhair Chúirt na nÉileamh Beag in Éirinn mar gur lá ná €2,000 luach an éilimh.  Is féidir breis sonraí faoi Chúirt na nÉileamh Beag a fháil ar an suíomh gréasáin seo.

Sula gcuirfidh Páid agus Máirín tús leis an gcás cúirte, áfach, ba cheart dóibh smaoineamh faoin seans atá acu bua a fháil. Cé go gceapann siadsan gur míchóir a bhí ann, ní bheidh an aerlíne faoi dhliteanas más féidir léi a chruthú go ndearna sí gach beart a d'fhéadfadh sí a dhéanamh go réasúnta leis an damáiste a sheachaint nó gur dhodhéanta na bearta sin a dhéanamh.

Cén stádas atá ag na táillí cealaithe a ghearrann cuideachtaí aerlíne?

I gcás ina gcealaíonn paisinéir eitilt a cuireadh in áirithe nó nach dtéann sé ar eitilt agus má ghearrann aerlíne táille cealaithe dá dheasca, féadfaidh an táille sin a bheith faoi réir athbhreithniú chun a mheas an táille mhíchóir í agus déanfar an t-athbhreithniú sin faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 93/13/CE maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha.

Tar éis idirphlé leis an gCoimisiún agus le húdaráis náisiúnta cosanta tomhaltóirí, i mí Mheán Fómhair 2021 thug 16 aerlíne mhóra gealltanas maidir le heolas níos fearr agus aisíocaíochtaí tráthúla paisinéirí má chuirtear eitiltí ar ceal.  Is iad a seo a leanas na gealltanais a thug na haerlínte:

  • aisíocfar paisinéirí laistigh de 7 lá mar a éilítear faoi dhlí an Aontais;
  • cuirfear eolas ar fáil do phaisinéirí ar bhealach níos soiléire maidir lena gcearta má chuireann an aerlíne eitilt ar ceal;
  • ar a suíomhanna gréasáin, ina ríomhphoist agus i gcumarsáid eile, tabharfaidh aerlínte an tsuntasacht chéanna do na roghanna éagsúla atá ag an bpaisinéir má chuireann an aerlíne eitilt ar ceal: atreorú, aisíocaíocht in airgead tirim agus aisíocaíocht i ndearbhán – más rud é go gcuireann an aerlíne sin ar fáil;
  • sa chumarsáid a dhéanann siad le paisinéirí, déanfaidh aerlínte idirdhealú soiléir idir cealuithe ag an aerlíne (agus na cearta reachtúla atá ag an bpaisinéir dá bharr) agus cealuithe ag an bpaisinéir (agus cearta conarthacha féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag an bpaisinéir sna cásanna sin faoi théarmaí agus coinníollacha iompair na haerlíne);
  • ní féidir dearbháin a thabhairt do phaisinéirí ach amháin má roghnaíonn siad iad go sainiúil.
  • paisinéirí a chuir eitilt in áirithe trí idirghabhálaí agus a bhfuil deacrachtaí acu aisíocaíocht a fháil ón idirghabhálaí sin, is féidir leo dul chuig an aerlíne agus iarraidh a dhéanamh chun aisíocaíocht dhíreach a fháil. Táthar ag súil leis go gcuirfidh aerlínte eolas ar fáil do phaisinéirí ar a suíomhanna gréasáin faoin méid sin agus faoi choinníoll ar bith maidir le haisíocaíocht dhíreach a iarradh.

Tá tuilleadh eolais faoi na gealltanais a tugadh le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Cealú eitiltí agus saoirí láneagraithe

Cé na cearta atá agam má chuirtear m'eitilt ar ceal agus mé ag taisteal ar shaoire láneagraithe?

Más cuid de shaoire láneagraithe an eitilt a cuireadh ar ceal, tá cearta breise agat faoi Threoir 2015/2032/AE maidir le Taisteal Láneagraithe agus is féidir cúiteamh a éileamh ón eagraí turais i leith na heitilte a cuireadh ar ceal.  Leagtar síos sa Treoir seo leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí i dtaca le saoirí láneagraithe agus socruithe taistil nasctha, agus é á chur san áireamh go bhfuil ag méadú ar an úsáid a bhaintear as an idirlíon chun áirithintí a dhéanamh.  Tá tuilleadh eolais faoi do chearta faoin Treoir sin le fáil ar an leathanach gréasáin seo: 

Chuir Aodhán agus a chéile saoire láneagraithe go Maidrid in áirithe trí ghníomhaire taistil Éireannach.  Mar sin féin, cúpla lá roimh an dáta imeachta a comhaontaíodh, chuir an gníomhaire taistil in iúl d’Aodhán gur cuireadh an tsaoire ar ceal agus go n-aisíocfaí costas iomlán a thurais gan mhoill.  Sna dálaí sin, ní féidir le hAodhán agus a chéile brath ar Rialachán 261/2004/CE chun aisíocaíocht a n-eitiltí a éileamh toisc nach féidir le paisinéirí a bhfuil sé de cheart acu eagraí a dturais a chur faoi dhliteanas aisíoctha i dtaca le costais a dticéad aeir, ní féidir leis na paisinéirí sin aisíocaíocht a éileamh ar an gcostas sin ón aeriompróir chomh maith.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an méid sin i gcás C-163/18, HG agus Daoine Eile v Aegean Airlines.

Chuir Liam turas láneagraithe chun na Gréige in áirithe dó féin agus dá theaghlach in Aibreán 2020.  Chuir an tionscnóir turas an turas ar ceal i lár mhí an Mhárta.  Tairgeadh dearbhán do Liam in ionad aisíocaíocht ar an turas áfach.  An bhfuil sé sin incheadaithe? 

Leagtar síos sa Treoir maidir le Taisteal Láneagraithe i gcás ina gcuirtear turas láneagraithe ar ceal go bhfuil Liam i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil ar aon íocaíocht a rinneadh ina leith. Ba cheart d’eagraí an phacáiste an aisíocaíocht a dhéanamh laistigh de 14 lá tar éis deireadh a chur leis an gconradh.  Is féidir an aisíocaíocht a dhéanamh in airgead nó trí dhearbhán. Is féidir aisíocaíocht a dhéanamh trí dhearbhán má chomhaontaíonn Liam amhlaidh áfach, agus sa chás sin amháin.  I bhfianaise na bhfadhbanna leachtachta atá ag iompróirí agus ag eagraithe, féadfaidh sé gur mian le Liam a mheas an nglacfaidh sé dearbhán má bhíonn na coinníollacha tarraingteach (e.g. más rud é go bhfuil cosaint chuí dócmhainneachta i bhfeidhm, go bhfuil an dearbhán inaisíoctha tar éis tréimhse áirithe ama agus gnéithe eile).

Cé na cearta atá agam má chuirtear moill ar m'eitilt agus mé ag taisteal ar shaoire láneagraithe?

Má chuireann tú eitilt in áirithe trí ghníomhaireacht taistil, féadfaidh tú caingean chun cúiteamh a ghnóthú i leith moill fhada a thabhairt os comhair na cúirte in áit imeachta na heitilte.  Dearbhaíodh an méid sin i gCás C-215/18, Libuse Kralova v Primera Air Scandanavia A/S.  Bhain an cás sin le saoire láneagraithe san Íoslainn a cuireadh in áirithe trí ghníomhaireacht taistil de chuid na Seicia. Bhí eitiltí ar aeriompróir de chuid na Danmhairge, Primera Air Scandanavia, agus lóistín san Íoslainn san áireamh.  Cuireadh an eitilt chun na hÍoslainne ar ceal.  Thionscain Libuse Kralova caingean in aghaidh na haerlíne ón Danmhairg chun cúiteamh a ghnóthú.  Cé nach raibh conradh díreach ag Libuse Kralova leis an aerlíne sin mar gur cuireadh an turas in áirithe trí ghníomhaireacht taistil, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go raibh an aerlíne fós faoi dhliteanas an phaisinéara i leith oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán 261/2004/CE maidir le paisinéirí aerlíne a chosaint.

Árachas taistil

Cén teorainn atá le dliteanas mo chuideachta árachais i leith caillteanas a bhaineann dom má chuirtear eitilt ar ceal nó má chuirtear moill uirthi, e.g. má shroichim an lóistín a bhí curtha in áirithe, nó an gnólacht carranna ar cíos, agus moill orm?

Baineann an cheist seo go sonrach leis an gconradh atá agat leis an gcuideachta árachais. Ba cheart duit féachaint ar théarmaí do pholasaí árachais.

Cead bordála a dhiúltú

Cad is brí le cead bordála a dhiúltú?

Is é an sainmhíniú a thugtar in Airteagal 2 ar chead bordála a dhiúltú ná diúltú paisinéirí a iompar ar eitilt in ainneoin iad a bheith tagtha i láthair don bhordáil ar na coinníollacha a leagadh síos, ach amháin má tá cúiseanna réasúnta ann le cead bordála a dhiúltú dóibh, e.g. cúiseanna sláinte, sábháilteachta nó slándála, nó doiciméid taistil neamhleor.

Tá plé ar chead bordála a dhiúltú in Airteagal 4 de Rialachán 261/2004/CE. Má tá coinne réasúnta ag aerlíne go mbeidh orthu cead bordála a dhiúltú do dhaoine, ba cheart don aerlíne ar dtús iarraidh ar dhaoine a n-áirithintí a thabhairt suas mar mhalairt ar shochair eile a bheidh le comhaontú idir an paisinéir lena mbaineann agus an aerlíne. Mura bhfuil dóthain daoine sásta a suíochán ar an eitilt a thabhairt suas le go bhféadfaidh na paisinéirí eile dul ar bord, féadfaidh an aerlíne dul in aghaidh a dtola agus cead bordála a dhiúltú dóibh.

Sampla

Tagann Eibhlín go dtí an deasc cláraithe dá heitilt ó Shligeach go Baile Átha Cliath. Tá sí in am. Cloiseann sí fógra á rá go bhfuil an aerlíne ag iarraidh ar dhaoine a suíochán ar an eitilt a thabhairt suas agus taisteal ar eitilt níos déanaí de bharr ró-áirithintí ar an eitilt sin. Níl ach beirt paisinéirí toilteanach sin a dhéanamh. Roghnaítear Eibhlín ansin le feitheamh ar an gcéad eitilt eile. Tá cearta aici faoin Rialachán. Cuirimis an cás sin i gcomparáid le cás ina dtagann Eibhlín i láthair ag an deasc cláraithe gan aon aitheantas grianghraif agus ina ndiúltaítear cead bordála di. Sa dara cás sin, níl sí i dteideal aon chabhrach faoin Rialachán.

Cad é an cúnamh a thugtar do phaisinéirí a dtéitear in aghaidh a dtola trí chead bordála a dhiúltú dóibh?

Paisinéirí a dtéitear in aghaidh a dtola trí chead bordála a dhiúltú dóibh, tá siad i dteideal an chúitimh chéanna agus atá paisinéirí ar cuireadh a n-eitiltí ar ceal. Tá paisinéirí i dteideal aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid i leith na gcodanna sin den turas nár taistealaíodh agus i leith na gcodanna sin den turas a taistealaíodh más rud é nach bhfuil aon leas le baint as an eitilt a thuilleadh maidir le pleananna turais an phaisinéara, agus, más ábhartha, eitilt fillte chuig an gcéad phointe imeachta a luaithe is féidir nó turas malartach chuig an gceann scríbe a luaithe is féidir nó turas malartach ar chaoithiúlacht an phaisinéara chuig an gceann scríbe faoi réir suíocháin a bheith ar fáil.

Lena chois sin, tá paisinéirí i dteideal béilí agus deochanna i gcomhréir réasúnta leis an am feithimh agus dhá ghlaoch gutháin, dhá théacs nó dhá ríomhphost. Más ar an lá i ndiaidh lá na heitilte a bhí pleanáilte a tharlóidh an turas malartach, beidh paisinéirí i dteideal lóistín óstáin más gá fanacht thar oíche amháin nó níos mó nó más gá fanacht thar an dáta a bhí beartaithe ag an bpaisinéir. Ba cheart cóir iompair a chur ar fáil idir an t-óstán agus an t-aerfort.

Tá paisinéirí i dteideal cúiteamh airgid freisin. Braitheann an méid airgid ar fhad na heitilte. Ba cheart do na paisinéirí €250 a fháil más 1,500km nó níos gairide fad na heitilte atá curtha ar ceal; €400 más faide ná 1,500km eitilt laistigh den Chomhphobal nó más idir 1,500km agus 3,500km eitilt nach bhfuil laistigh den Chomhphobal agus €600 i gcás na n-eitiltí eile uile.

Is féidir na méideanna sin a laghdú 50% má thugtar tairiscint de thuras malartach don phaisinéir agus nuair nach mó ná ceithre uair an chloig ó am teachta sceidealaithe na heitilte a cuireadh in áirithe an t-am teachta.

An bhfuil mé i dteideal brath ar Rialachán 261/2004/CE chun cúiteamh a éileamh má dhiúltaíodh cead bordála dom toisc gur maíodh gur neamhleor an doiciméad taistil a chuir mé i láthair chun bordáil ar an aerlíne?

I gcás ina ndiúltaítear do phaisinéir bordáil ar eitleán de bharr go maitear gur neamhleor an doiciméad taistil atá aige, tá an paisinéir fós faoi chosaint an Rialacháin i dtaca le cúiteamh agus cúnamh a thugtar do phaisinéir aeir.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an méid sin i gCás 584/18, D.Z. v Blue-Air Airline Management Solutions SRL. 

Is náisiúnach den Éigipt í Samia atá pósta ar náisiúnach den Fhrainc.  Tá an lánúin ina gcónaí i Maidrid, áit ar eisíodh cárta cónaithe do Samia mar bhall teaghlaigh ag saoránach den Aontas.  Nuair a rinne an lánúin iarracht bordáil ar eitilt ó Mhaidrid go Baile Átha Cliath diúltaíodh cead bordála do Samia ar an bhforas nach raibh víosa bhailí aici.  D’áitigh sí nach raibh víosa de dhíth uirthi mar go bhféadfaí brath ar a cárta cónaithe in ionad víosa chun taisteal chuig Ballstáit eile den Aontas ar choinníoll go raibh sí ag taisteal in éineacht lena ball teaghlaigh den Aontas é nó chuig an mball teaghlaigh sin.  Dhiúltaigh an aerlíne cead taistil di.

Sa chás sin ba cheart go mbeadh Samia in ann cúiteamh a éileamh go rathúil faoi Rialachán 261/2004/CE ar an ábhar gur diúltaíodh cead di dul ar bord an eitleáin.  Bhí sí i dteideal taisteal go hÉirinn lena fear céile ach a pas agus a cárta cónaithe Airteagal 10 a thaispeáint agus níor ghá víosa a bheith aici.

Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear cead bordála dom toisc gur athsceidealadh m’eitilt de dheasca stailce ag an aerfort cúpla lá roimhe sin?

Nuair atáthar ag caint ar chead bordála a dhiúltú do dhuine, ní bhaineann sin le ró-áirithintí amháin, ach d'fhéadfadh sé tarlú ar chúiseanna oibríochtúla freisin mar shampla.  Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an pointe sin i gCás C-22/11 Finnair Oyj v Timy Lassooy.  Déantar foráil i Rialachán 261/2004/CE maidir le cásanna inar féidir le haerlíne cead bordála a dhiúltú.  Cé is moite de na cásanna sin, tá paisinéirí i dteideal cúiteamh a fháil agus aisíocaíocht chostas a dticéad a fháil láithreach nó turas malartach chuig a gceann scríbe agus cúram a fháil agus iad ag fanacht ar eitilt níos déanaí.

Bhí eitilt curtha in áirithe ag Cathal a bhí le himeacht ar 11.40 ar maidin an 30 Iúil 2019.  De dheasca stailc san aerfort óna raibh an eitilt ag imeacht, bhí ar an aerlíne eitilt 11.40 an 29 Iúil 2019 a chur ar ceal.  Ionas nach mbeadh ar phaisinéirí na heitilte sin fanacht rófhada, rinne an aerlíne athsceidealú ar na heitiltí ina dhiaidh sin.  Dá thoradh sin, iompraíodh go leor de na paisinéirí ón eitilt sin ar eitilt ar 11.40 an lá dar gcionn.  De thoradh an athsceidealaithe sin, bhí ar roinnt paisinéirí, Cathal ina measc, a bhí in ainm agus dul ar eitilt 11.40 ar maidin an 30 Iúil, dul ar eitilt speisialta níos déanaí an lá sin ar 21.00 san oíche.  Dhiúltaigh an aerlíne cúiteamh ar bith a thabhairt do Shéarlas as an moill sin.

I bhfianaise chás Lassooy thuas, tá Cathal i dteideal cúitimh. Tá cás Chathail inchomparáide le cead bordála a dhiúltú de dheasca ró-áirithintí a rinne an aerlíne i dtosach ar chúiseanna eacnamaíocha.

Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear cead bordála dom ar nasceitilt de dheasca moille ar an gcéad eitilt, arbh é an aerlíne ba chúis léi?

Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gCás C-321/11 (German Rodriguez Cachafeiro, Maria de los Reyes Martinez-Reboredo Varela-Villamor v Iberia Lineas Aereas de Espana SA) nach mór cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí nasceitiltí má dhiúltaítear cead bordála dóibh de dheasca moille ar an gcéad eitilt, arbh é an aerlíne ba chúis léi.

Sampla

Cheannaigh Aodh ticéid aerlíne ó aerlíne le haghaidh turas ina raibh dhá nasceitilt.  Ag an deasc cláraithe, cláraíodh a chuid bagáiste le dul ar aghaidh go díreach chuig an gceann scríbe agus tugadh dhá chárta bordála dó don dá eitilt a bhí aige ina dhiaidh sin. Bhí moill uair go leith ar an gcéad eitilt.  In ainneoin na moille sin, bhí Aodh ag an ngeata imeachta don ghlao deiridh do na paisinéirí.  Diúltaíodh cead bordála dó ar bhonn nach raibh sé i láthair in am agus go raibh a shuíochán tugtha do phaisinéir eile.

Bhí Aodh i dteideal cúitimh láithreach. Chomh maith leis sin, bhí sé i dteideal cúitimh, aisíocaíocht chostas a thicéid nó turas malartach chuig a cheann scríbe agus cúraim agus é ag fanacht le heitilt níos déanaí.

An féidir leis an aerlíne coinníoll a chur sna téarmaí agus sna coinníollacha lena gcuirtear feidhmiú an Rialacháin ar ceal?

Ní féidir. Leagtar amach go soiléir an méid sin in Airteagal 15 den Rialachán.

Aerthaisteal do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil riachtanais speisialta acu

An bhfuil aon socruithe speisialta faoin Rialachán do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil riachtanais speisialta acu?

Tá.  Leagtar síos in Airteagal 11 den Rialachán gur cheart do na haerlínte tosaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine nó do mhadraí seirbhíse creidiúnaithe atá á dtionlacan agus do pháistí gan tionlacan.

Má bhaineann moill nó diúltú cead bordála do na daoine sin, i bprionsabal, tá siad i dteideal cúnaimh faoin Rialachán a luaithe is féidir.

Ina theannta sin, leagtar síos i Rialachán 1107/2006/CE go bhfuil cearta ar leith ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe le linn dóibh a bheith ag taisteal le haerlíne. Is é is cuspóir don Rialachán sin a chinntiú go bhfuil deiseanna taistil ag na paisinéirí sin atá inchomparáide leis na deiseanna taistil atá ag daoine eile.

Cad iad na cearta sin?

Seo roinnt de na cearta sin:

  • An ceart chun neamh-idirdhealaithe le linn áirithint a dhéanamh agus ticéad a cheannach
  • An ceart chun taistil ar an mbonn céanna le gach paisinéir eile
  • An ceart faisnéis a fháil faoi na rialacha sábháilteachta atá i bhfeidhm ag na haerlínte
  • An ceart cúnamh saor in aisce a fháil ag an aerfort agus ar bord aerárthaigh
  • An ceart dhá phíosa de threalamh gluaiseachta a iompar saor in aisce

Chun gur féidir le paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe leas a bhaint as na cearta sin, ba cheart an méid seo a leanas a bheith ar eolas acu:

Ní mór riachtanais chúnaimh an phaisinéara a thabhairt le fios don aerlíne, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turais 48 n-uair an chloig ar a laghad roimh imeacht na heitilte. Cuirfear comhlachtaí bainistíochta na n-aerfort ar an eolas dá réir sin agus beidh orthu cúnamh a thabhairt duit dul go geata an aerárthaigh agus go dtí do shuíochán. Ina dhiaidh sin, is ar na haerlínte atá an fhreagracht sin. Tá an cúnamh sin saor in aisce.

Cé nach bhfuil sé éigeantach fógra a thabhairt roimh ré, moltar sin a dhéanamh, mar sin féin, lena chinntiú go bhféadfaidh na soláthraithe seirbhíse (bainisteoirí aerfoirt agus aerlínte) an cúnamh is oiriúnaí do riachtanais agus do dhálaí turais an phaisinéara a eagrú dó.

Ní mór aon chathaoir rothaí leictreach nó aon ní eile a d'fhéadfadh a bheith contúirteach agus a bheidh le hiompar, ní mór sin a thabhairt le fios don aerlíne 48 uair an chloig roimh ré ar a laghad.

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta faoi Rialachán 1107/2006/CE le fáil ar an leathanach gréasáin seo.

Bagáiste

Cé na cearta atá agam má chailltear nó má chuirtear moill ar mo bhagáiste?

Déantar cur síos i gCoinbhinsiún Montréal ar bhagáiste atá caillte nó a bhfuil moill air. Faoin gCoinbhinsiún sin a ionchorpraíodh i ndlí an Aontais Eorpaigh faoi Rialachán 889/2002/CE, tá an méid is mó dliteanais faoina bhféadfaidh aerlíne a bheith i gcás bagáiste atá caillte nó a bhfuil moill air, tá sin teoranta do 1,000 Ceart Speisialta Tarraingthe (CST) in aghaidh an phaisinéara. Bíonn luach CST amháin difriúil ó lá go chéile agus tá sé nasctha leis na rátaí malairte. Mar shampla, €1,241 an luach a bhí ar 1,000 CST an 20 Meitheamh 2023.

Rinneadh an teorainn 1,000 CST sin i leith bagáiste atá caillte, a bhfuil moill air, a ndearnadh damáiste dó nó atá scriosta, a dhearbhú i gcinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás Walz v Clickair SA, inar fhógair an Chúirt nach mór a mheas go gcuimsíonn an teorainn 1,000 CST sin damáiste ábhartha agus neamhábhartha araon.

Má tá an bagáiste caillte, scriosta, má tá moill air nó má rinneadh damáiste dó, ní mór don phaisinéir gearán i scríbhinn a chur chuig an aerlíne a luaithe is féidir. I gcás damáiste a rinneadh do bhagáiste cláraithe, ní mór don phaisinéir gearán i scríbhinn a dhéanamh faoi cheann seacht lá, agus i gcás moille, faoi cheann 21 lá, ón dáta ar cuireadh an bagáiste ar fáil don phaisinéir.

I gcás bagáiste a bhfuil moill air, tá an t-aerlíne freagrach as aon damáiste ach amháin má rinne sé gach beart réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó má bhí sé dodhéanta na bearta sin a dhéanamh. Tá an dliteanas i leith bagáiste a bhfuil moill air teoranta do 1,000 CST (an tsuim choibhéiseach san airgeadra áitiúil).

Tá aerlínte áirithe ann a thairgeann íocaíocht láithreach aonuaire in airgead tirim ag ráta réamhshocraithe le haon earraí éigeandála is gá a cheannach a chúiteamh go dtí go seachadfar an bagáiste a bhfuil moill air. Tá aerlínte eile ann a íocann méid réamhshocraithe in aghaidh an lae, go dtí líon uasta laethanta.

Tá aerlínte eile ann, áfach, nach ndéanann íocaíochtaí ar an bpointe, ach a aisíocann an paisinéir as aon earraí éigeandála a bhí air a cheannach agus is minic a bhíonn ar an bpaisinéir na hadmhálacha a thaispeáint.

Murar tugadh do bhagáiste ar ais duit tar éis 21 lá i ndiaidh d'eitilte, ba cheart don aerlíne déileáil leis an gcás mar bhagáiste caillte agus an t-éileamh uait a shocrú ar an mbonn sin.

Sampla

D’eitil Áine ó Bhaile Átha Cliath go La Rochelle i gcomhluadar cairde ar feadh saoire cúig lá. Ar an drochuair, ní raibh tásc ná tuairisc ar a mála nuair a tháinig sí go dtí an crios bagáiste agus dúirt an aerlíne léi go ndéanfaidís gach iarracht lorg an bhagáiste a fháil agus go dtabharfaidís ar ais di é a luaithe ab fhéidir. Chaith Áine cúig lá sa Fhrainc ag feitheamh ar a bagáiste ach níor tháinig sé. Rinneadh an bagáiste a sheachadadh chuig an mbaile seacht lá i ndiaidh dó dul amú. Chuir sí éileamh ar €500 isteach mar go raibh sí den tuairim gur suim réasúnta a bhí ann a chlúdódh na costais éigeandála a bhí uirthi a sheasamh agus í sa Fhrainc. Thairg an aerlíne €30 di mar chúiteamh ar an ábhar gur bagáiste é a raibh moill air ach nach raibh caillte.

Tá sé tábhachtach a fhios a bheith ag Áine go bhforáiltear i gCoinbhinsiún Montréal gur 1,000 CST an t-éileamh is mó is féidir léi a dhéanamh. Níl aon chinnteacht ann go n-éireoidh lena héileamh má thugann sí an aerlíne os comhair Chúirt na nÉileamh Beag leis an difríocht idir a héileamh agus an tsuim a thairg an aerlíne di a fháil ar ais, mar nach bhfuil aon rialacha soiléire ann maidir le dliteanas i leith bagáiste a bhfuil moill air.

Cad a tharlaíonn nuair a chailltear bagáiste?

Is é an t-aerlíne atá freagrach in aon scrios, cailleadh nó damáiste a dhéantar do bhagáiste go dtí luach 1,000 CST (an tsuim choibhéiseach san airgeadra áitiúil). I gcás bagáiste cláraithe, is é an t-aerlíne atá freagrach fiú mura bhfuil an locht air féin, ach amháin i gcás ina raibh an bagáiste féin lochtach. I gcás bagáiste nach bhfuil cláraithe, níl an aerlíne freagrach ach amháin más air féin atá an locht.

Is é atá leagtha síos i gCoinbhinsiún Montréal go bhfuil dualgas ar an aerlíne, tar éis tréimhse 21 lá, déileáil le bagáiste a raibh moill air amhail is gur bagáiste caillte é. Le linn don aerlíne an t-éileamh ar chúiteamh a mheas, d'fhéadfadh sí liosta de na nithe a bhí sa bhagáiste a chuaigh amú a iarraidh ort, maille leis na hadmhálacha bunaidh. 1,000 CST an méid is mó is féidir a bheidh le híoc ag an aerlíne.

An bhfuil paisinéir i dteideal cúiteamh a iarraidh ó aerlíne as a chuid giuirléidí a chailleadh má seiceáladh isteach iad faoi ainm paisinéara eile ar an eitilt chéanna?

Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais i gCás C410/11 Pedro Espada Sánchez agus daoine eile v Iberia Líneas Aéreas de España SA go bhfuil paisinéir i dteideal cúiteamh a iarraidh ón aerlíne as a chuid giuirléidí a chailleadh fiú má seiceáladh isteach iad faoi ainm paisinéara eile ar an eitilt chéanna.

Chuaigh Niall agus a bhean Siobhán ar bord eitilte in éineacht lena mbeirt pháistí.  Bhí cuid stuif an teaghlaigh curtha in dhá chás agus cailleadh an dá chás sin le linn na heitilte agus ní bhfuarthas ar ais iad.  Dá bhrí sin, d'éiligh Niall, Siobhán agus na páistí damáistí 4,000 CST (1,000 CST an duine) ar an aerlíne.

Más féidir le Niall, Siobhán agus na páistí a chruthú go raibh giuirléidí gach duine acu sna cásanna a cailleadh, beidh gach duine acu i dteideal cúiteamh a éileamh as cailleadh na ngiuirléidí sin.  Níl an t-éileamh teoranta dóibh sin a bhfuil a n-ainmneacha scríofa ar ainmchlib na málaí taistil.

An féidir liom éileamh a dhéanamh ar mo pholasaí árachais baile nó taistil?

B'fhéidir go bhféadfá socrú níos fearr a fháil ón bpolasaí árachais taistil nó baile atá agat féin, fiú amháin agus an costas breise san áireamh a chuirfeadh sin leis an bpolasaí.

Beidh fianaise den chaillteanas nó den damáiste ag teastáil ón árachóir. D'fhéadfadh sé go mbeadh ort an damáiste a thuairisciú do na póilíní áitiúla, taobh istigh de 24 uair an chloig, más féidir. Má bhí ort na nithe riachtanacha a cailleadh a athsholáthar, mar shampla earraí níocháin nó éadaí, bí cinnte agus admhálacha a fháil, mar gach seans go mbeidh ort cóipeanna a thabhairt don árachóir. Iarr admháil i gcónaí i gcás seirbhísí riachtanacha a mbeidh ort íoc astu.

An bhfuil aon teorainn ama faoinar gá éileamh a dhéanamh?

Má tá an bagáiste caillte, scriosta, má tá moill air nó má rinneadh damáiste dó, ní mór don phaisinéir gearán i scríbhinn a chur chuig an aerlíne a luaithe is féidir. I gcás damáiste a rinneadh do bhagáiste cláraithe, ní mór don phaisinéir gearán i scríbhinn a dhéanamh faoi cheann seacht lá, agus i gcás moille, faoi cheann 21 lá, ón dáta ar cuireadh an bagáiste ar fáil don phaisinéir.

Cad a tharlaíonn i gcás bagáiste a ndearnadh damáiste dó nó i gcás nithe atá ar iarraidh ón mbagáiste?

Má rinneadh damáiste don bhagáiste, is minic a iarrann an aerlíne ar an bpaisinéir meastachán i scríbhinn a thabhairt ar an gcostas a bheadh ar dheisiú an bhagáiste.

Má chuaigh nithe ar iarraidh ón mbagáiste, is minic a bhíonn sé an-deacair aon chúiteamh a fháil, mar go bhfuil sé dodhéanta, nó geall leis, a chruthú go raibh na nithe sin sa bhagáiste a chéaduair.

Cad a dhéanfaidh mé má tá gearán ginearálta agam faoi bhagáiste nó faoi aerthaisteal?

Má tá fadhb agat agus má theastaíonn uait gearán a dhéanamh:

  • Déan iarracht labhairt le duine éigin ar an láthair. B'fhéidir go mbeidís in ann an fhadhb a réiteach ar an toirt.
  • Mura bhfuil tú sásta fós, déan iarraidh a fháil amach cé atá freagrach as an gciotaí a rinneadh. (B'fhéidir nach í an aerlíne atá freagrach).
  • Breac síos ainmneacha na mball foirne, na hamanna agus aon eolas ábhartha eile. B'fhéidir go mbeadh sé úsáideadh, freisin, ainmneacha agus seoltaí paisinéirí eile a chonaic an chiotaí a iarraidh.
  • Déan do ghearán i scríbhinn, i litir. Tabhair achoimre ar an gciotaí a rinneadh. Tabhair le fios an réiteach atá uait. Má tá cúiteamh uait, tabhair an méid sin le fios, maille leis an tsuim a raibh coinne agat léi.
  • Bí réasúnach agus cloígh leis na fíricí. Seol do litir chuig roinn custaiméirí na heagraíochta a bhfuil tú ag déanamh gearán fúithi.
  • Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú ón roinn sin, tig leat an gearán a chur chuig údarás níos airde.  D'fhéadfá an cás a phlé leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí; ná dearmad gur féidir leat an t-éileamh a thabhairt os comhair Chúirt na nÉileamh Beag.
  • Coimeád cóip de gach comhfhreagras. Seol cóipeanna de na ticéid nó de na hadmhálacha i dteannta na chéad litreach gearáin.  Coimeád na bunchóipeanna go dtí go bhfaighidh tú gealltanas aisíocaíochta i scríbhinn (ach amháin más féidir leat dul chuig an ngníomhaire taistil nó oifig na haerlíne tú féin agus an aisíocaíocht a fháil láithreach).

Leachtanna ar eitiltí

Cad iad na rialacha faoi láthair maidir le leachtanna a iompar ar eitiltí?

De réir na rialacha atá ann faoi láthair, is féidir leat leachtanna a chur i do bhagáiste ar chuntar go bhfuil siad i gcoimeádáin aonair ar lú ná 100ml a dtoilleadh agus go gcoinnítear iad ar fad i mála plaisteach trédhearcach amháin is féidir a athdhúnadh, mála nach mó ná lítear a thoilleadh. Ar na leachtanna is féidir a thabhairt leat tá glóthacha, aerasóil, taos, ionlaigh, comhábhair de leachtanna agus ábhair sholadacha agus nithe eile de raimhre den saghas céanna, cuir i gcás deochanna, taos fiacla, anraithí, síoróipí, cumhráin, sobal bearrtha, etc.

Ceadaítear cógais riachtanacha, chomh maith le bia linbh agus bainne i gcainníochtaí níos mó na 100ml ach sin amháin má tá sé beartaithe iad a chaitheamh le linn an turais agus is féidir go n-iarrfar ort an riachtanas sin a chruthú.

Sampla

Is diaibéiteach í Cáit.  Beidh sí ag taisteal ó Chnoc Mhuire go Lanzarote.  Tá eolas uaithi faoin tslí lena hinslin a phacáil mar féadfaidh sé go mbeidh an inslin de dhíth uirthi le linn na heitilte ceithre uair an chloig.

Ba cheart do Chait dhá mhála thrédhearcacha in-athdhúnta ar leith de thoilleadh níos lú ná lítear amháin a phacáil.  Ba cheart di aon lóiseanna, glóthacha nó cosmaidí atá i gcoimeádáin 100ml nó níos lú a bheidh aici ina bagáiste cábáin a chur sa chéad mhála.  Ba cheart di an inslin a chur sa dara mála agus é a thabhairt i láthair don phearsanra slándála le linn na seiceála slándála.

Má tá aon eolas breise uait faoi na srianta atá i bhfeidhm maidir le leachtanna ar eitiltí, féach an suíomh gréasáin seo.

Tuilleadh Comhairle Dlí maidir le do Chearta:

Cá bhfaighidh mé comhairle dlí faoi mo chearta san Aontas?

Má theastaíonn comhairle dlí uait maidir le do chearta san Aontas, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Comhairliúcháin Your Europe. Is seirbhís comhairliúcháin de chuid an Aontais í sin don phobal. Foireann 60 dlíodóir atá inti, a chumhdaíonn teangacha oifigiúla uile an Aontais agus a bhfuil eolas acu ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta i ngach tír san Aontas. Tabharfaidh siad comhairle phearsantaithe agus saor in aisce duit sa teanga is rogha leat, laistigh de sheachtain.  An freagra a gheobhaidh tú, trí ríomhphost nó ar an nguthán faoi mar is rogha leat, tabharfaidh sé soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhfuil feidhm aige i do chás agus míneoidh sé conas is féidir leat do chearta san Aontas a fheidhmiú.