Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Ceisteanna coitianta: Cearta pinsin san Aontais Eorpach

Cad iad na rialacha a rialaíonn íocaíocht pinsean má bhí mé ag obair i mBallstáit éagsúla le linn mo shaoil oibre?

Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas má tá cónaí ort i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua nó an Eilvéis, agus má bhí tú ag obair iontu.

  • I ngach tír, coimeádtar do thaifead árachais go dtí go mbeidh aois an phinsin agat.
  • Gach tír ina raibh tú faoi árachas ar feadh bliain amháin ar a laghad, íocfaidh siad pinsean seanaoise leat nuair a bheidh aois náisiúnta phinsin na tíre sin agat.

Sampla

D'oibrigh mé mar mhúinteoir in Milano ar feadh dhá bhliain déag, nó mar sin, ó thús na 1980í. Ansin fuair mé post i scoil i bPort Láirge, áit ar fhan mé go dtí anois. Agus mé ag druidim leis an aois scoir, ní fheadar conas a chinntiú go gcuirfear mo thréimhse oibre san Iodáil san áireamh agus mo phinsean á ríomh.

An féidir leat comhairle a thabhairt?

Tá tú i dteideal pinsean ar leith a fháil ó gach tír ina raibh tú faoi árachas ar feadh bliana ar a laghad. I do chás-sa, tá tú i dteideal pinsean ón Iodáil agus pinsean ó Éirinn. Beidh an méid a gheobhaidh tú ó gach tír i gcomhréir leis na tréimhsí fostaíochta faoi árachas a chaith tú i ngach tír. Íocfar gach ceann de na pinsin nuair a bheidh agat aois phinsin na tíre lena mbaineann. Íocfar na pinsin pé áit san Aontas Eorpach ina bhfuil cónaí ort.

Is Éireannach mé agus faoi láthair tá mé i mo chónaí agus ag obair sa Ríocht Aontaithe. D’oibrigh mé roimhe seo in Éirinn agus sa Ghearmáin. Cad iad na cearta pinsin atá agam?

I do cháil mar Éireannach atá ina chónaí faoi láthair sa Ríocht Aontaithe agus a d’oibrigh roimhe seo sa Ghearmáin agus in Éirinn, measfar go bhfuil clúdach slándála sóisialta iomlán agat faoi Airteagal 30 den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. Is éard is brí leis sin go bhfanfaidh tú faoi réir rialacha slándála sóisialta an Aontais (Rialachán 883/2004/CE). Na ranníocaíochtaí a d’íoc tú sa Ríocht Aontaithe, cuirfear san áireamh iad chun do phinsean a ríomh agus a íoc.

Ba cheart duit pinsin ar leithligh a fháil ón nGearmáin, ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe agus beidh siad comhréireach leis na ranníocaíochtaí árachais náisiúnta a rinne tú i ngach tír aonair nuair a bhaineann tú an aois scoir amach.

Conas a ríomhtar mo phinsean?

Is de réir do thaifid árachais i ngach tír a ríomhfar do phinsean: beidh an tsuim a gheobhaidh tú ó gach ceann de na tíortha sin ag freagairt don fhad a bhí tú faoi chumhdach slándála sóisialta na tíre. Gheobhaidh tú nóta Achoimre (Foirm P1) a thabharfaidh léargas duit ar na cinntí a rinne gach tír maidir le d'éileamh.

D'oibrigh Máire i roinnt Ballstát le linn a saoil oibre. Tá sí díreach tar éis dul ar scor. Tá deacrachtaí aici a teidlíocht pinsin a chruthú i gceann amháin de na Ballstáit inar oibrigh sí. An féidir a pinsean i ngach Ballstát a choimeád siar go dtí go réiteofar an cheist ina hiomláine?

Ní féidir. Má chinneann aon cheann de na hinstitiúidí atá faoi réir reachtaíocht náisiúnta na tíre ina raibh Máire ina cónaí, agus a héileamh á imscrúdú aici, go gcomhlíonann sí na coinníollacha dlí le bheith i dteideal pinsean seanaoise, ba cheart don institiúid sin sochar neamhspleách a íoc léi láithreach, gan dul i muinín phrionsabal an chomhshuimithe tréimhsí. Más féidir go ndéanfaidh toradh an nós imeachta imscrúdaithe difear don tsuim iníoctha, measfar gur íocaíocht shealadach í.

Ón uair is léir go bhfuil sí i dteideal pinsean pro rata ó institiúid ar leith, déanfaidh an institiúid sin réamhíocaíocht de mhéid chomh gar agus is féidir don phinsean pro rata a íocfar léi sa deireadh.

An institiúid nó na hinstitiúidí a dhéanfaidh na híocaíochtaí sealadacha nó na réamhíocaíochtaí, tá sé de dhualgas ar an institiúid nó ar na hinstitiúidí sin Máire a chur ar an eolas gan mhoill, agus a haird a tharraingt go sonrach ar chineál sealadach na n-íocaíochtaí agus ar aon cheart achomhairc atá aici faoin reachtaíocht ábhartha.

Can child-raising periods completed in other EU Member States be taken into account in the calculation of an old-age pension?

Yes, the Court of Justice ruled in Case C-576/20, Pensionsversicherunganstalt in relation to the calculation of an old-age pension in Austria, that child raising periods completed in other Member States should be treated as periods of insurance on the basis of Article 21 TFEU. However, it is important to note in this case that child-raising periods completed in Austria count towards an old-age pension. In this case, the Court found that the plaintiff had worked and paid contributions in Austria before and after the transfer of her residence to another Member State. There was a sufficiently close link between the child-raising periods completed abroad and the periods of insurance completed as a result of employment in Austria.  If she had not left Austria, her child-raising periods would have been taken into account for the purpose of calculating her Austrian old-age pension.  If the child-raising period had been disregarded for the purpose of calculating her old-age pension, she would have been disadvantaged solely because she had exercised her right to freedom of movement, contrary to Article 21 TFEU.

Cá háit ar cheart dom iarratas a dhéanamh ar mo phinsean?

Fiú má bhí tú ag obair i roinnt tíortha éagsúla, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar do phinsean sa tír ina bhfuil cónaí ort, ach amháin mura raibh tú riamh ag obair sa tír sin. Sa chás deireanach sin, ba cheart duit iarratas a dhéanamh sa tír dheiridh ina raibh tú ag obair.

Scéimeanna Pinsin Fhorlíontaigh

An bhfuil aon dlí ag an Aontas Eorpach lena gcosnaítear cearta a fabhraíodh faoi scéim pinsin phríobháidigh nó faoi scéim pinsin fhorlíontaigh nuair a ghlacaim le post i mBallstát eile?

Tháinig Treoir 2014/50/AE maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a fháil agus a chaomhnú i bhfeidhm ar fud an Aontais an 21 Bealtaine 2018. Má théann tú chun cónaithe i mBallstát eile, ní mór do d’árachóir an méid céanna a íoc le do scéim pinsin fhorlíontaigh, agus sin ar na coinníollacha céanna dá mba in Éirinn a bheadh cónaí ort. Agus ní féidir leis an tír óstach idirdhealú a dhéanamh in aghaidh do scéime pinsin fhorlíontaigh ach oiread, e.g. trí chaitheamh le scéimeanna náisiúnta ar dhóigh fhabhrach ó thaobh cánach de.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi chearta pinsin san Aontas Eorpach?

Tá eolas ginearálta breise ar phinsin san Aontas Eorpach le fáil anseo.

Tuilleadh Comhairle Dlí maidir le do Chearta

Cá bhfaighidh mé comhairle dlí faoi mo chearta san Aontas?

Má theastaíonn comhairle dlí uait maidir le do chearta san Aontas, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Comhairliúcháin Your Europe. Is seirbhís comhairliúcháin de chuid an Aontais í sin don phobal. Foireann 60 dlíodóir atá inti, a chumhdaíonn teangacha oifigiúla uile an Aontais agus a bhfuil eolas acu ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta i ngach tír san Aontas. Tabharfaidh siad comhairle phearsantaithe agus saor in aisce duit sa teanga is rogha leat, laistigh de sheachtain.  An freagra a gheobhaidh tú, trí ríomhphost nó ar an nguthán faoi mar is rogha leat, tabharfaidh sé soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhfuil feidhm aige i do chás agus míneoidh sé conas is féidir leat do chearta san Aontas a fheidhmiú.