Oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais
Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn
Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn, atá lonnaithe san fhoirgneamh céanna leis an Ionadaíocht, cuireann sí eolas ar fáil faoi ról agus faoi chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, faoi na Feisirí Éireannacha sa Pharlaimint agus a ngníomhaíochtaí, agus faoi shaincheisteanna atá á bplé faoi láthair ag an bParlaimint atá tábhachtach d’Éirinn agus don Eoraip ina hiomláine.
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
Gníomhaireacht thrípháirteach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), arb é an ról atá aige eolas a chur ar fáil chun cabhrú le beartais shóisialta, fostaíochta agus oibre níos fearr a fhorbairt. Is i mBaile Uí Lachnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, atá sé lonnaithe,
Eolas maidir le cearta agus dlí an Aontais Eorpaigh
An Eoraip Agatsa – Comhairleoir Dlí
Is dlíodóir í Comhairleoir Dlí An Eoraip Agatsa agus bíonn sé ar fáil, ach coinne a dhéanamh, chun comhairle a thabhairt duit faoi do chearta san Aontas. Chun coinne a dhéanamh le haghaidh comhairliúcháin le Comhairleoir Dlí An Eoraip Agatsa – is féidir ríomhphost a sheoladh chuig eu-ie-info-request@ec.europa.eu nó coinne phearsanta a dhéanamh trí Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, Áras an Aontais Eorpaigh, 12–14 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Is líonra réitigh fadhbanna ar líne é SOLVIT ina n-oibríonn Ballstáit an Aontais le chéile le fadhbanna a réiteach gan imeachtaí dlí, fadhbanna arb é is cúis leo dlí an Mhargaidh Inmheánaigh a bheith curtha chun mífheidhme ag údaráis phoiblí.
Imscrúdaíonn an tOmbudsman Eorpach gearáin faoi dhrochriarachán ag institiúidí an Aontais agus comhlachtaí eile an Aontais. Is féidir le saoránaigh, daoine atá ina gcónaí i mBallstát agus comhlachais nó gnólachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach gearáin a dhéanamh. Is í Emily O’Reilly, ar Éireannach í, an tOmbudsman Eorpach reatha.
Cuireann FIN-NET líonra ar fáil chun díospóidí airgeadais trasteorann a réiteach laistigh den CEE agus lasmuigh den chúirt, i.e. díospóidí idir tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhísí airgeadais ar nós na mbanc, gnólachtaí árachais, etc.
OLAF – An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
Imscrúdaíonn OLAF calaois i gcoinne bhuiséad an Aontais Eorpaigh, éilliú agus mí-iompar tromchúiseach laistigh d’institiúidí an Aontais, agus forbraíonn sé beartais frithchalaoise don Choimisiún Eorpach.
Eolas maidir le fostaíocht, oiliúint, taighde agus soghluaisteacht
Cuireann EURES eolas, comhairle agus seirbhísí earcaíochta/socrúcháin (meaitseáil poist) ar fáil d’oibrithe agus d’fhostóirí, agus do shaoránaigh a dteastaíonn uathu leas a bhaint as an bprionsabal um shaorghluaiseacht daoine.
Cuireann Eurodesk eolas saor in aisce ar fáil do dhaoine óga idir 13 agus 30 bliain d’aois maidir le deiseanna atá ar fáil, deiseanna i ndáil le taisteal, obair, staidéir agus obair dheonach san Eoraip, mar shampla.
Cuireann ENIC-NARIC.net eolas ar fáil maidir le cáilíochtaí acadúla agus gairmiúla a aithint.
Cuireann EUROPASS uirlisí ar fáil do shaoránaigh an Aontais lenar féidir leo a scileanna agus a gcáilíochtaí a chur in iúl go héifeachtach agus iad ag lorg poist nó oiliúna.
Cabhraíonn Ionad Seirbhísí EURAXESS le taighdeoirí agus lena dteaghlaigh a n-aistriú go tír eile a phleanáil agus a eagrú, rud a thugann cabhair maidir le gach ábhar a bhaineann leis an tsoghluaisteacht.
Eolas maidir le cearta tomhaltóirí
An Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí
Is mar chuid de líonra uile-Aontais atá an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí in Éirinn, líonra a chuireann comhairle ar shaoránaigh maidir lena gcearta mar thomhaltóirí agus a éascaíonn cúrsaí cúitimh, go háirithe i gcásanna inar cheannaigh an tomhaltóir rud éigin i dtír eile agus ar thug leis é go dtí a thír féin (trasteorann).
Le Córas Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí contúirteacha neamhbhia, cumasaítear do na húdaráis náisiúnta i 31 tír agus don Choimisiún Eorpach faisnéis a mhalartú go mear le chéile faoi tháirgí contúirteacha atá ar an margadh.
Eolas le haghaidh gnólachtaí
An Líonra Fiontar Eorpach – Éire
Cabhraíonn an Líonra Fiontar Eorpach le gnólachtaí Éireannacha an leas is fearr a bhaint as deiseanna gnó agus teicneolaíochta san Aontas agus i margaí móra domhanda eile, agus beagnach 600 eagraíocht tacaíochta gnó ann i 60 tír ar a mhéad.
Is faoi chúram Fhiontraíocht Éireann, na nOifigí Fiontair Áitiúla agus na gComhlachas Tráchtála i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh atá an Líonra Fiontar Eorpach in Éirinn.