Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta20 Meán Fómhair 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Beartas Comhtháthaithe an Aontais: €1.4 billiún le haghaidh fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus aistriú glas na hÉireann in 2021-2027

Tairbheoidh Éire de €1.4 billiún i gcistiú ón mBeartas Comhtháthaithe idir 2021-2027 chun tacú le forbairt inbhuanaithe a geilleagair.

EU Commissioner for Cohesion & Reforms Elisa Ferreira and Minister for Public Expenditure & Reform Michael McGrath sign the Partnership Agreement

Leagtar amach na sonraí agus an straitéis le haghaidh na n-infheistíochtaí sin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta idir Éire agus an Coimisiún a sheoltar go foirmiúil inniu.

Leis na cistí sin ón Aontas, cuideofar le hÉirinn aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin iomaíochas, claochlú digiteach an gheilleagair a chumasú, infheistíocht a dhéanamh sa chuimsiú sóisialta, in oiliúint scileanna agus san fhostaíocht, agus san aistriú glas.

An t-aistriú glas, an nuálaíocht agus an comhar trasteorann

Le €396 milliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), treiseofar éiceachórais réigiúnacha nuálaíochta trí inniúlachtaí na ‘nOllscoileanna Teicniúla' a cruthaíodh le déanaí a fheabhsú, ollscoileanna a fheidhmeoidh mar mhoil réigiúnacha eolais. Infheisteofar cistí freisin chun éifeachtúlacht fuinnimh tithe a mhéadú agus ar an gcaoi sin, cuideofar le teaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus rannchuideofar leis an aistriú glas agus cóir.

Le CFRE, cuideofar go mór le hathbheochan láir bailte. Leis na hinfheistíochtaí, cuirfear feabhas ar an gcuma atá ar bhailte beaga agus ar bhailte meánmhéide in Éirinn agus cuirfear feabhas ar a éasca atá sé cónaí iontu, i gcomhréir le prionsabail Bauhaus Nua Eorpach.

Thairis sin, leithdháilfear €293 milliún ar chláir Eorpacha um chomhar trasteorann le haghaidh na forbartha comhpháirtí agus gníomhaíochtaí síochána i limistéar an Fhorimill Thuaidh agus i limistéar an Atlantaigh agus le hIarthuaisceart na hEorpa.

Ar deireadh, le €84 milliún ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), tacófar leis an réigiún i lár na hÉireann agus aghaidh á tabhairt ar thionchar an aistrithe ó mhóin a úsáid chun leictreachas a ghiniúint.

An fhostaíocht agus an cuimsiú sóisialta

Le €508 milliún ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), rannchuideofar le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus rannchuideofar le príomhspriocanna sóisialta ar leibhéal an Aontais a bhaint amach.

Le níos mó ná leath d'imchlúdach CSE+, rannchuideofar le baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a laghdú agus cuirfear béim ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Tairbheoidh níos mó ná 20,000 páiste leochaileach de rochtain níos fearr a bheith acu ar sheirbhísí sóisialta atá curtha in oiriúint dá riachtanais aonair. Chun éascú a dhéanamh ar chuimsiú sóisialta agus fostaíochta pobal faoi bhuntáiste de dhaoine de chúlra imirceach, maoineofar le CSE+ meantóireacht, oiliúint teanga agus scileanna sóisialta.

Le cistiú ó CSE+, cuirfear feabhas freisin ar an seans a bhíonn ag daoine post a fháil trí oiliúint a sholáthar chun gur féidir leo uas-sciliú agus athsciliú, tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus trí bhearta oideachais. Díreofar ar chúnamh a thabhairt do na daoine a bhfuil dúshláin mhóra rompu sa mhargadh saothair, lena n-áirítear os cionn 6,000 duine faoi mhíchumas. Is é is aidhm don chlár cuidiú le 90,000 cuardaitheoir poist ar an iomlán a bheith rannpháirteach i gcúrsa oiliúna chun scileanna nua a fhorbairt faoi 2029.

Iascaigh, dobharshaothrú agus earnáil próiseála inbhuanaithe

Le €142 milliún ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) beifear in ann an earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe in Éirinn a chur in oiriúint do na dúshláin atá ann faoi láthair. Leis an gcistiú, tacófar le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh, le fás geilleagair ghoirm inbhuanaithe agus le farraigí agus aigéin a bhainistiú ar bhealach sláintiúil slán inbhuanaithe. Le hinfheistíochtaí a dhéanfar san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe, rannchuideofar freisin leis an aistriú glas in Éirinn, trí fhorbairt iascach cósta ar mionscála a chur chun cinn trí bhíthin na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail.

Seo mar a labhair Comhaltaí an Choláiste:

Seo mar a labhair Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin: “Tar éis an Comhaontú Comhpháirtíochta a ghlacadh inniu, gheobhaidh Éire tacaíocht chun a geilleagar a fhorbairt a thuilleadh ar bhealach cothrom glas agus áiritheofar nach bhfágfar aon réigiún ar gcúl. Ó chuaigh sí isteach san Aontas in 1973, thairbhigh an tír de chistí ón mBeartas Comhtháthaithe chun tacú leis an gclaochlú go geilleagar nua-aimseartha ina bhfuil an nuálaíocht chun cinn. Le tacaíocht faoin gComhaontú Comhpháirtíochta nua seo, leanfar de bhorradh a chur faoin nuálaíocht ar fud réigiúin na hÉireann agus rannchuideofar leis an aistriú glas agus leis an gcáilíocht saoil i mbailte na hÉireann. Tá todhchaí mhór chliste ghlas dhigiteach amach roimh Éirinn.'

Is é a dúirt Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta: ‘Sa tréimhse dhúshlánach seo, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí sé riamh margadh saothair agus sochaí atá cothrom agus cuimsitheach a bheith ann. Beidh tionchar dearfach ag CSE+ ar shaol laethúil mhuintir na hÉireann, agus díreofar go háirithe orthu siúd a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu, cuideofar leo poist nua a fháil, scileanna nuálacha a fhoghlaim agus cosnófar ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta iad.'

Seo mar a labhair an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach, Virginijus Sinkevičius: “Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta seo, cruthófar dálaí fabhracha chun tacú le geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt i gceantair chósta, oileánacha agus intíre na hÉireann. Beidh ról lárnach aige maidir le hathléimneacht na hearnála iascaireachta agus dobharshaothraithe a mhéadú agus cuirfear feabhas ar chosaint na timpeallachta muirí agus na bithéagsúlachta. Tacófar freisin le pobail chósta agus rannchuideofar le gealltanas na hÉireann geilleagar aeráidneodrach a bheith aici faoi 2050.'

Cúlra

Faoin mBeartas Comhtháthaithe agus i gcomhar leis an gCoimisiún, ullmhaíonn gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta, ar doiciméad straitéiseach é le haghaidh clársceidealú infheistíochtaí ó chistí an Bheartais Chomhtháthaithe – CFRE, CSE+, agus ón gCiste Comhtháthaithe – CUAC agus CEMID le linn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

Dírítear leis na Comhaontuithe Comhpháirtíochta ar thosaíochtaí an Aontais agus leagtar síos an straitéis agus na tosaíochtaí infheistíochta arna sainaithint ag gach Ballstát. Cuireann siad i láthair liosta de na Cláir Náisiúnta agus Réigiúnacha atá curtha in oiriúint do riachtanais na tíre chun na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme ar an talamh, lena n-áirítear an leithdháileadh bliantúil táscach airgeadais le haghaidh gach cláir.

Is é an Comhaontú Comhpháirtíochta le hÉirinn an 22ú Comhaontú a glacadh tar éis comhaontuithe leis an nGréig, an Ghearmáin, an Ostair, an tSeicia, an Liotuáin, an Fhionlainn, an Danmhairg, an Fhrainc, an tSualainn, an Ísiltír, an Pholainn, an Bhulgáir, an Chipir, an Phortaingéil, an Eastóin, an tSlóvaic, an Iodáil, an Rómáin, an Chróit, an tSlóivéin agus Málta.

Tuilleadh eolais

Buiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027 & NextGenerationEU

Ceisteanna agus Freagraí maidir le pacáiste reachtach Bheartas Comhtháthaithe an Aontais do 2021-2027

Ardán Sonraí Oscailte maidir le Comhtháthú

Miondealú ar na leithdháiltí ón mBeartas Comhtháthaithe in aghaidh an Bhallstáit

Kohesio

Comhaontuithe Comhpháirtíochta 2021-2027

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Meán Fómhair 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn