Talmhaíocht agus forbairt tuaithe - An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Cows grazing

Talmhaíocht agus forbairt tuaithe in Éirinn

Sula raibh Éire ina ball den Aontas Eorpach, is beag nach spleáchas iomlán ar an talmhaíocht a bhí in eacnamaíocht na tíre, ach anois tá geilleagar níos éagsúla agus níos oscailte aici.

In ainneoin an athraithe sin, tá an talmhaíocht fós ríthábhachtach ó thaobh an gheilleagair de agus tá suntas cultúrtha ag baint léi i saol na hÉireann. Mar sin féin, tá brú ag méadú ar an earnáil i ngeall ar phraghsanna luaineacha margaidh, daonra feirmeoireachta atá ag dul in aois, agus meath na tuaithe.

Bíonn tionchar díreach ar phobail feirmeoireachta agus tuaithe na hÉireann ag imeachtaí domhanda chomh maith, cuir i gcás cogadh leanúnach na Rúise san Úcráin, an t-athrú aeráide, éiginnteacht mhéadaitheach an tsoláthair bia, agus Brexit.

Tá ról ríthábhachtach ag an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) maidir le cuidiú le hÉirinn, agus le Ballstáit eile an Aontais, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda agus áitiúla araon trí chreat a chomhaontaítear go frithpháirteach a chur ar fáil chun teacht ar réitigh choiteanna ar na fadhbanna sin.

An Comhbheartas Talmhaíochta (CBT)

Fócas bheartas talmhaíochta an Aontais

Is beartas comhroinnte de chuid an Aontais é an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a cuireadh ar bun in 1962 agus a thugtar cothrom le dáta go rialta chun a chinntiú go dtuilleann feirmeoirí ioncam cothrom, go mbíonn bia sábháilte ar fáil do thomhaltóirí, agus go dtugtar aghaidh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn amhail an t-athrú aeráide.

Is trí dhá phríomhfhoinse bhuiséadacha de chuid an Aontais a mhaoinítear CBT:

  1. Cuireann an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) tacaíocht dhíreach airgeadais ar fáil d’fheirmeoirí agus maoiníonn sé bearta margaidh.
  2. Cuireann an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) maoiniú ar fáil do chláir le haghaidh na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil i gceantair thuaithe.

Is iad na Ballstáit féin a bhainistíonn na cistí sin agus is féidir leo suas le 25% dá leithdháileadh a aistriú idir CERT agus CETFT chun freastal ar na tosaíochtaí náisiúnta talmhaíochta mar is fearr.

Tháinig CBT 2023-27 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023 agus tá sé bunaithe ar dheich sprioc shonracha atá ag luí le haidhmeanna sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha an Aontais, spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aistrithe Dhigitigh ina measc.

Infographic on the 10 objectives of the Common Agriculture Policy

Athrú suntasach sa CBT is déanaí is ea an tSamhail Nua Seachadta (NDM), trína gcuireann tíortha an Aontais an beartas i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as a bPleananna Straitéiseacha náisiúnta féin.

Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann monatóireacht agus measúnú rialta ar na pleananna sin tríd an gCreat Feidhmíochta, Faireacháin agus Meastóireachta (PMEF), agus réimse táscairí á úsáid chun feidhmíocht phlean CBT gach Ballstáit a thomhas.

Le haghaidh na tréimhse 2023-2027, tá tacaíocht €307 mbilliún ag dul don CBT, €264 bhilliún di ó bhuiséad an Aontais, agus €43 bhilliún sa bhreis ó chistí náisiúnta.

Beartas CBT 2023-27

Samhail nua seachadta CBT

An talmhaíocht agus an Comhaontú Glas

Cistí an chomhbheartais talmhaíochta

An Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia

Mar fhreagairt ar agóidí agus ar aiseolas ó na Ballstáit agus ó ghrúpaí feirmeoirí, mhol an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an CBT i mí an Mhárta 2024 chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin sa talmhaíocht. Sa leagan athbhreithnithe laghdaítear na hualaí riaracháin agus neartaítear seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia.

Ar na príomhbhearta tá:

  • Laghdú an Mhaorlathais: Laghdú 50% ar na cuairteanna comhlíontachta a thugann na comhlachtaí náisiúnta ar an bhfeirm.
  • Maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí deonacha comhshaoil: €98 mbilliún tiomnaithe d’fheabhsuithe aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe.
  • Díolúintí d’fheirmeacha beaga: Tá feirmeacha faoi bhun 10 heicteár díolmhaithe ó sheiceálacha ar chomhlíonadh coinníollachta agus ó phionóis. 
  • Pleananna straitéiseacha solúbtha CBT: Is féidir leis na Ballstáit pleananna a leasú níos minice chun freastal ar riachtanais talmhaíochta atá ag athrú. 
  • Ardú ar na teorainneacha ar réamh-íocaíochtaí CBT: Feirmeoirí a bhfuil brú airgeadais orthu mar gheall ar theagmhais adhaimsire agus ar dhúshláin eile, is féidir leo cion níos airde dá n-íocaíochtaí díreacha a fháil níos túisce feasta.

Is gá fós an CBT a shimpliú tuilleadh agus an tacaíocht dhíreach a spriocdhíriú tuilleadh ar fheirmeoirí atá ag táirgeadh bia go gníomhach. I mí Feabhra 2025, chuir an Coimisiún Eorpach treochlár uaillmhianach i láthair maidir le todhchaí na feirmeoireachta agus an bhia san Eoraip.

Réitíonn an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia an bealach do chóras agraibhia a bheidh láidir cothrom inbhuanaithe agus a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia san am i láthair agus amach anseo.

“Tá an bia agus an fheirmeoireacht ríthábhachtach do mhuintir na hEorpa, dá geilleagar agus dá sochaí. Teastaíonn uainn go mbeidh an earnáil agraibhia faoi rath agus iomaíoch i margadh domhanda cothrom, agus a dóthain de theacht aniar inti le géarchéimeanna agus suaití a sheasamh. Ní mór dúinn freisin deimhin a dhéanamh dár mbiacheannasacht féin i bhfianaise na rioscaí agus na leochaileachtaí a bhaineann le domhan síorathraitheach an lae inniu.” 

An Coimisinéir um an Talmhaíocht agus Bia Christophe Hansen (2025)

Fuair an Fhís bonn eolais in Idirphlé Straitéiseach inar tugadh le chéile príomhpháirtithe ar fud an tslabhra agraibhia, idir fheirmeoirí, chomharchumainn, ghnólachtaí agraibhia agus phobail tuaithe, agus iad ag cuidiú le fís chomhroinnte a mhúnlú do thodhchaí na feirmeoireachta san Aontas.

Tá an Bord Eorpach um an Talmhaíocht agus Bia – grúpa saineolais d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal feirmeoireachta, ar shlabhra an tsoláthair bia agus ar an tsochaí shibhialta - ag cur comhairle ardleibhéil ar fáil don Choimisiún maidir le forbairtí beartais le haghaidh na Físe.

Le linn 2025, molfaidh an Coimisiún pacáiste de reachtaíocht CBT nua mar aon le straitéis dhigiteach de chuid an Aontais chun tacú le talmhaíocht nua-aimseartha atá réidh don teicneolaíocht.

Image of a hand holding a seedling and a farmer working with crops with text "A Vision for Agriculture and Food"


Leagtar ceithre réimse tosaíochta amach san Fhís:

1. Earnáil tharraingteach: 

  • Tá an chobhsaíocht ag teastáil san fheirmeoireacht le go mbeidh sí tarraingteach do dhaoine óga, agus ioncaim chóra ar fáil mar aon le tacaíocht phoiblí spriocdhírithe. 
  • Ba cheart leas a bhaint as an nuálaíocht agus as samhlacha nua gnó, ar nós pointí creidmheasanna carbóin agus dúlra, chun ioncam breise a chur ar fáil. 
  • Déanfaidh an Coimisiún beart nithiúil ionas nach gcuirtear d’iallach ar fheirmeoirí díol faoi bhun na gcostas táirgthe. 
  • Déanfar moltaí i straitéis nua maidir leis na bacainní roimh iontrálaithe nua san fheirmeoireacht a shárú.

2. Earnáil iomaíoch sholúbtha: 

  • Tús áite a thabhairt don tslándáil bhia agus don bhiacheannasacht agus leasanna fheirmeoirí na hEorpa a chosaint le linn caibidlíochtaí trádála.
  • Na caighdeáin táirgthe le haghaidh táirgí agraibhia iompórtáilte a ailíniú le caighdeáin an Aontais chun míbhuntáistí san iomaíocht a sheachaint, ó thaobh lotnaidicídí a bhfuil cosc orthu de freisin.
  • Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm dian na gcaighdeán sábháilteachta bia fós ina thosaíocht, agus tuilleadh airde á díriú ar an mbeostoc ar mhaithe le todhchaí na hearnála.

2. Earnáil a bheidh slán i bhfad na haimsire:

  • Aitheantas a thabhairt do ról na talmhaíochta san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, agus an tslándáil bhia á cinntiú.
  • Feirmeoirí a chúiteamh as cleachtais a ghlacadh atá neamhdhíobhálach don dúlra. A dheimhniú go mbeidh réitigh bhithlotnaidicíde ar fáil go praiticiúil d’fheirmeoirí sula gcuirfear cosc ar lotnaidicídí.
  • ‘Compás’ deonach maidir leis an inbhuanaitheacht ar an bhfeirm a fhorbairt a chuideoidh le feirmeoirí feidhmíocht a bhfeirme a thomhas agus feabhas a chur uirthi.
  • Straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá le húsáidí uisce níos éifeachtúla.

4. Dálaí Cothroma Maireachtála agus Oibre:

  • An Plean Gníomhaíochta Tuaithe a thabhairt cothrom le dáta ionas go leanfaidh ceantair thuaithe de bheith bríomhar agus nasctha go dlúth le hoidhreacht an Aontais.
  • Idirphlé Bia bliantúil le páirtithe leasmhara a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar inacmhainneacht an bhia agus ar an nuálaíocht.
  • Díriú ar chur amú an bhia a laghdú agus na caighdeáin leasa ainmhithe a fheabhsú.

An Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia 

Ceisteanna agus Freagraí maidir leis an bhFís 

Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí 

An Bord Eorpach um an Talmhaíocht agus Bia 

Forbairt tuaithe

Is é an plean straitéiseach náisiúnta CBT a stiúrann caomhnú thírdhreach na hÉireann ar clúiteach a áille.

Cuirtear an plean sin i bhfeidhm tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus trí uirlisí maoinithe de chuid an Aontais ar nós na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE).

Tosaíocht don fhorbairt tuaithe in Éirinn is ea an fás inbhuanaithe, go háirithe maidir le héiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht, amhail na portaigh agus na foraoisí, a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú.

In CBT 2023-27 tugtar tús áite do chuspóirí amhail an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an éifeachtúlacht acmhainne, agus talmhaíocht atá neodrach ó thaobh carbóin de, sa chaoi go mbeidh sé ag luí le spriocanna comhshaoil an Aontais.

Is é LEADER an sásra lena gcuirtear tacaíocht forbartha ar fáil do phobail tuaithe áitiúla agus is iad na grúpaí gníomhaíochta áitiúla a riarann an tacaíocht sin. Is comhpháirtíochtaí iad na grúpaí sin idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha agus bainistíonn siad roghnú agus faomhadh na dtionscadal go háitiúil. 

Tá leithdháileadh airgeadais iomlán €180 milliún ag clár LEADER in Éirinn, agus dáiltear sin ar 29 ngrúpa gníomhaíochta áitiúla lena gclúdaítear níos mó ná 80% de dhaonra tuaithe na hÉireann. Dírítear na cistí ar thionscadail a chosnaíonn an comhshaol agus a fheabhsaíonn an fhorbairt tuaithe, go háirithe ó thaobh na fostaíochta, na turasóireachta, an bhonneagair agus an chuimsithe shóisialta de.

Tá fís fhadtéarmach leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach do cheantair thuaithe an Aontais suas go dtí 2040 agus tá sé ag obair ar Chomhshocrú um an Tuath agus Plean Gníomhaíochta de chuid an Aontais um an Tuath a chur i bhfeidhm atá dírithe ar an rochtain dhigiteach, ar an athléimneacht eacnamaíoch, agus ar thionscnaimh chun daoine óga a spreagadh chun fanacht i gceantair thuaithe.

Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-25

LEADER in Éirinn 

Maoiniú Tuaithe in Éirinn

Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais

Plean Straitéiseach CBT na hÉireann

Tá buiséad beagán faoi bhun €10 mbilliún ag Plean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-27, agus thart ar 60% le leithdháileadh ar thacaíocht dhíreach ioncaim agus 40% ar thacaíocht don earnáil agus ar bhearta forbartha tuaithe.

Tagann chóir a bheith €7.5 billiún ó buiséad an Aontais, agus tá €3 bhilliún curtha i leataobh le haghaidh spriocanna sonracha a thacaíonn le cuspóirí aeráide trí éiciscéimeanna, tionscnaimh bhithéagsúlachta ar fheirmeacha, agus tionscadail forbartha tuaithe. 

Is féidir Pleananna Straitéiseacha CBT a leasú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chomhshaoil agus eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn, de ghnáth mar thoradh ar aiseolas ó fheirmeoirí agus ó pháirtithe leasmhara eile. Leasaíodh plean straitéiseach na hÉireann faoi thrí, an leasú is déanaí chun tacaíocht d’fheirmeoirí óga a fheabhsú, maoiniú bithéagsúlachta a mhéadú, agus níos mó solúbthachta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail adhaimsir.

Is é is aidhm do Phlean Straitéiseach na hÉireann an bhearna ioncaim idir earnáil na feirmeoireachta agus earnálacha eile den gheilleagar a laghdú. Tá níos mó ná €590 milliún i leataobh chun dáileadh tacaíochta níos cothroime a chur chun cinn i leith feirmeacha beaga agus meánmhéide.

Tugann CBT nua spreagadh d’fheirmeoirí óga dul isteach sa ghairm agus tá beagnach €178 milliún á leithdháileadh ar thacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga na hÉireann.

San am i láthair is lú ná 7% líon na bhfeirmeoirí in Éirinn atá faoi bhun aois 35. Tá sé d’aidhm ag CBT borradh a chur faoin bhfigiúr sin agus cabhrú leis an gcéad ghlúin eile feirmeoirí, ar na bealaí seo a leanas:

  • Méadú ar mheantóireacht agus ar aistriú eolais
  • Breis solúbthachta maidir le rialacha cánacha oidhreachta
  • Rochtain níos éasca ar iasachtaí ar rátaí úis níos ísle agus i gcomhair tréimhsí aisíocaíochta níos faide.

Tá dúshláin mhóra roimh Éirinn a bhaineann le cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Leithdháiltear níos mó ná €1.5 billiún sa Phlean Straitéiseach ar Scéim Agra-Chomhshaoil-Aeráide Tuaithe (ACRES) a dhíríonn ar 50,000 feirmeoir le bearta sonracha chun cáilíocht na bithéagsúlachta, an aeir agus an uisce a fheabhsú.

Tabharfar cosaint níos fearr faoin bplean do bhogaigh agus do thailte portaigh trí úsáid a bhaint as gach cineál leasacháin agus táirgí cosanta plandaí a bhfuil srian orthu i gcriosanna maolánacha feadh sruthchúrsaí.

Cuirfear breis agus €250 milliún i leataobh chun an t-achar talún talmhaíochta atá faoi tháirgeadh orgánach a mhéadú faoi thrí. Feirmeoirí Éireannacha a fhásann barra próitéine (amhail piseanna, pónairí, lúipíní, soighe), gheobhaidh siad bónais arb é is aidhm dóibh spleáchas na hÉireann ar bheatha próitéine iompórtáilte a laghdú agus ar a n-iomaíochas a fheabhsú.

Plean Straitéiseach CBT na hÉireann

Scéim ACRES

Nuálaíocht don talmhaíocht inbhuanaithe

Tugtar tacaíocht don infheistíocht i dtodhchaí na talmhaíochta leis an gclár Fís Eorpach, atá dírithe ar thaighde agus nuálaíocht i gcúrsaí bia, talmhaíochta, forbartha tuaithe agus bithgheilleagair. 

Sampla den scoth de thionscadal rathúil atá maoinithe ag an gclár Fís Eorpach ná an tionscnamh MASTER, faoi stiúir na hÉireann, a fuair maoiniú €11.85 milliún ón Aontas. D’fhorbair an tionscadal sin modhanna chun an caighdeán bia a fheabhsú trí leas a bhaint as micribhithóim – orgánaigh bheaga sa phutóg atá ríthábhachtach don díleá agus don tsláinte.

Faoi stiúir an Ollaimh Paul Cotter ó Teagasc, gníomhaireacht náisiúnta na hÉireann um thaighde, comhairle agus oideachas maidir leis an talmhaíocht, tá na nuálaíochtaí ón tionscadal ag cuidiú chun cáilíocht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht ár gcuid bia agus ár bhfeirmeacha a fheabhsú. I measc na nuálaíochtaí sin tá bealach chun an méid meatáin a astaíonn na ba a laghdú.

Tá an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta (EIP-AGRI) cruthaithe ag an Aontas Eorpach freisin chun a chinntiú go bhfreagróidh an taighde do riachtanais na bhfeirmeoirí agus na bhforaoiseoirí go háitiúil.

Tá EIP-AGRI anois ina chuid d’fhóram Líonra CBT an Aontais, a fheidhmíonn mar ardán le haghaidh malartú eolais, comhroinnt eolais, agus foghlaim idir piaraí chun tacú le pleananna straitéiseacha náisiúnta CBT.

Fís Eorpach – Táirgí talmhaíochta a chur chun cinn 

Líonra CBT na hÉireann 

Tionscadal MASTER arna mhaoiniú ag Fís 

Rath na hÉireann i nGradaim Nuálaíochta EIP-AGRI

In 2024, bhuaigh grúpa oibríochtúil Éireannach ceann de Ghradaim Nuálaíochta EIP‐AGRI agus ainmníodh dhá ghrúpa eile ar an ngearrliosta.

  • Comhaontas Feirme-Foraoise an Oileáin (Illaun Farm-Forest Alliance): Bhuaigh an grúpa seo an gradam um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí as cur chuige nua a fhorbairt i leith na foraoiseachta feirme in Éirinn. Chomhoibrigh siad le feirmeoirí chun na mílte crann a chur, rud a chruthaigh samhail a fheabhsaíonn an inbhuanaitheacht, caighdeán an uisce agus an bhithéagsúlacht.
  • An Scéim Agra-chomhshaoil um Ardtailte Inbhuanaithe (SUAS): Ainmníodh SUAS as a chuid iarrachtaí feabhas a chur ar ghnáthóga ardtailte i Sléibhte Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath. Tugann sé luach saothair d’fheirmeoirí as bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar ghnáthóga.
  • Athghiniúint na Bithéagsúlachta i dTimpeallacht Déiríochta (BRIDE): Fuair an tionscnamh seo ainmniúchán as a chuid oibre chun cailleadh na bithéagsúlachta a laghdú i nGleann na Bríde trí fheirmeoirí a spreagadh chun 10% ar a laghad dá gcuid talún a chur i leataobh mar ‘spás don dúlra’.

Comhaontas Feirme-Foraoise an Oileáin (Illaun Farm-Forest Alliance)

An Scéim Agrai-chomhshaoil um Ardtailte Inbhuanaithe (SUAS)

BRIDE - Athghiniúint na Bithéagsúlachta i dTimpeallacht Déiríochta

Straitéisí an Aontais Eorpaigh maidir le bia agus an bhithéagsúlacht

Tá dhá phríomhstraitéis glactha ag an gCoimisiún Eorpach chun an CBT a ailíniú le spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is é is aidhm do na straitéisí sin córais bhia na hEorpa a athrú ó bhonn agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn.

  • An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’: Straitéis é seo atá dírithe ar thomhaltóirí, agus é i gceist aici córas bia a bheidh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chruthú ar fud na hEorpa. Leagtar amach inti spriocanna nithiúla, cuir i gcás laghdú 50% ar úsáid na lotnaidicídí, laghdú 20% ar úsáid an leasacháin, méadú 25% ar an talamh feirmeoireachta orgánaí, agus laghdú 50% ar ábhair fhrithmhiocróbacha a úsáidtear in ainmhithe feirme.
Infographic about the aims of the Farm to Fork Strategy
  • Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: Téann an straitéis sin i ngleic le bunchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta, úsáid neamh-inbhuanaithe talún, róshaothrú acmhainní, truailliú agus speicis ionracha ina measc. Moltar gníomhaíochtaí ar leith mar chuid den straitéis, cuir i gcás pailneoirí a thabhairt ar ais chuig talamh talmhaíochta, an fheirmeoireacht orgánach agus cleachtais eile atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht a spreagadh agus spriocanna ceangailteacha a leagan síos chun éiceachórais a athshlánú.

An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 

An Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030

Tacaíocht le linn géarchéimeanna

Tá uirlisí dlí ag an gCoimisiún Eorpach lenar féidir gníomhú go tapa le linn tréimhsí suaite in earnáil na talmhaíochta.

Ó 2014 go 2023, ghlac an Coimisiún 63 bheart eisceachtúla chun cabhrú le feirmeoirí le linn eachtraí ar nós phaindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus leithdháil sé breis agus €2.5 billiún ó chistí an Aontais orthu siúd is mó a bhí thíos leis na géarchéimeanna sin.

Tá cúlchiste géarchéime €450 milliún in aghaidh na bliana san áireamh in CBT 2023-27. Féadfar é a ghníomhachtú go tapa chun cabhair airgeadais a chur ar fáil nuair is gá san áit is gá le linn éigeandálaí.

In 2023 leithdháileadh €9.5 milliún ón gcúlchiste géarchéime ar fheirmeoirí na hÉireann as an €330 milliún a dáileadh ar náisiúin an Aontais a bhí ag dul i ngleic le hadhaimsir agus le costais arda ionchuir. In 2024, d’fhaomh an Coimisiún scéim dar luach €32.5 milliún chun tacú le táirgeoirí curaíochta agus gairneoireachta in Éirinn a bhí thíos le cogadh na Rúise ar an Úcráin.

In 2025, ghníomhachtaigh Éire Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le cuidiú a fháil le bristeacha cumhachta de dheasca Stoirm Éowyn. Cuireadh 13 ghineadóir ó chúltaca rescEU an Aontais sa Pholainn go hÉirinn faoin sásra, agus seoladh ceithre cinn eile ón Danmhairg ina dhiaidh sin.

Leis an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia (EFSCM), sásra a bunaíodh tar éis COVID-19, aithnítear rioscaí do shlabhra soláthair bia an Aontais agus comhordaítear freagairtí ar bhagairtí, amhail na bagairtí a bhaineann leis an gcogadh san Úcráin.

Míniú ar bhearta an Mhargaidh Talmhaíochta

Bearta eisceachtúla sa Mhargadh Talmhaíochta 

Soláthar domhanda agus slándáil bia a chinntiú

An comhionannas inscne sa talmhaíocht

Tá sé ina chuspóir sonrach sa Chomhbheartas Talmhaíochta rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht a chur chun cinn. Tá ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar staid na mban san fheirmeoireacht agus i gceantair thuaithe agus aghaidh a thabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT ar na dúshláin.

Áirítear i bPlean Straitéiseach CBT na hÉireann tacaíocht do ghrúpaí aistrithe eolais atá dírithe ar mhná, lena n-éascófar an phiarfhoghlaim, agus in 2024 sheol an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le mná sa talmhaíocht.

Faoi na Scéimeanna Nuachóirithe Talmhaíochta Dírithe, is féidir le mná rátaí méadaithe cúnaimh deontais a fháil chun infheistíocht a dhéanamh ina n-oibríochtaí feirmeoireachta agus chun iad a nuachóiriú.

Chomóir Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ról lárnach na mban sa talmhaíocht roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan i mí an Mhárta 2025. Deis a bhí san ócáid d’fheirmeoirí, do shaineolaithe agus do lucht déanta beartas ról tábhachtach na mban in earnáil feirmeoireachta na hÉireann a phlé agus a gcuid tuairimí agus smaointe nuálacha maidir leis a roinnt le chéile.

Tá an Ionadaíocht in Éirinn i mbun feachtais eolais dar teideal ‘Women Step Into Farming’ ar na meáin shóisialta, le físeanna chun tuilleadh ban a spreagadh chun gairmeacha sa talmhaíocht, agus cur chuige inbhuanaithe nuálaíoch i leith na feirmeoireachta á chur chun cinn ag an am céanna.

Físeanna ‘Women Step Into Farming’ 

Latest agriculture news