Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

NextGenerationEU: An Deighilt Dhigiteach i Scoileanna na hÉireann á Shárú

Tá NextGenerationEU – pacáiste spreagtha geilleagair an AE lena chur ar a gcumas do na Ballstáit teacht as an bpaindéim agus iad níos láidre – ag cabhrú le bunscoileanna na hÉireann an deighilt dhigiteach a shárú.

  • Tionscadal
Michael Scully, Múinteoir Teagmhála Baile agus Scoile i mbunscoil Scoil Naomh Mhuire an Oileáin, Corcaigh

Mar fhreagairt ar phaindéim dhomhanda COVID-19, sheol an tAontas Eorpach NextGenerationEU, pacáiste spreagtha geilleagair an Aontais chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit teacht as an bpaindéim agus iad níos láidre, ag cruthú Eoraip a oibríonn do chách. Tá sé d’aidhm leis an gciste téarnaimh an Eoraip a dhéanamh níos glaise, níos digití agus níos acmhainní. 

In Éirinn, d’infheistigh NextGenerationEU €64 milliún sa chlár Bonneagar Digiteach do Scoileanna. Trí dhá thionscadal maoinithe ar leith – Soláthar Nascachta Leathanbhanda Ardluais agus Maoiniú Deontais TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) – tugtar aghaidh leis an gclár seo ar an deighilt dhigiteach i bpobal scoileanna na hÉireann, á chinntiú go mbeidh an fháil chéanna ag an 3,240 bunscoil ar fud na hÉireann ar an teicneolaíocht agus an nascacht. Nasc an maoiniú le haghaidh Soláthar Leathanbhanda Ardluais 1,100 bunscoil le leathanbhanda ardluais, agus chuir an Deontas TFC ar chumas scoileanna tacú lena scoláirí trí nascacht, gléasanna agus bogearraí a sholáthar. 

Chinntigh an clár a mhaoiníonn NextGenerationEU nach raibh aon fhoghlaimeoir a bhí i mbaol míbhuntáistí oideachais cheana féin thíos leis a thuilleadh cheal rochtana ar bhonneagar digiteach cuí. Eisítear an maoiniú bunaithe ar shonraí socheacnamaíocha, agus cuirtear ar chumas na scoileanna tacú leis na foghlaimeoirí is leochailí dá gcuid. Soláthraíonn an tionscadal rochtain chomhionann ar na huirlisí riachtanacha ar fad a theastaíonn le haghaidh rochtain dhigiteach agus scilbhisiú, nasc idirlín, litearthacht dhigiteach agus oideachas faoi shábháilteacht ar líne. Trí scileanna digiteacha fhoghlaimeoirí óga na hÉireann a fhorbairt anois, cuireann an infheistíocht seo ó NextGenerationEU lena n-acmhainn fáis inbhuanaithe, lena ndeiseanna fostaíochta agus lena dteacht aniar – ag tógáil todhchaí níos gile agus níos nasctha don ghlúin atá ag teacht in inmhe. 

NextGenerationEU: Bridging the Digital Divide in Irish Schools (Irish subtitles)
European Commission

Ag labhairt dó faoin gclár Bonneagar Digiteach do Scoileanna de chuid NextGenerationEU, deir Michael Scully, Múinteoir Teagmhála Baile agus Scoile i mbunscoil Scoil Naomh Mhuire an Oileáin, Corcaigh: 

“Bhí ról tábhachtach ag an gclár leis an éagothroime ó thaobh nascacht agus bonneagar digiteach de i measc phobal ár scoile a shárú, rud a chinntigh go mbíonn an fháil chéanna ag na scoláirí ar fad ar an teicneolaíocht. Cabhraíonn sé linn deireadh a chur le moille nó guagacht sa nasc idirlín, rud atá in ann cur isteach ar cheachtanna agus srian a chur le hacmhainní.”

Deir Michael freisin: 

“Chabhraigh an clár linn eispéireas foghlama níos spleodraí agus níos saibhrithe a chruthú dár scoláirí, agus réitítear iad le haghaidh todhchaí ina mbeidh scileanna digiteacha riachtanach.”

Tríd an deighilt dhigiteach i scoileanna na hÉireann a shárú, tá idir scoláirí agus mhúinteoirí in ann leas a bhaint as eispéireas digiteach réidh, agus dá bharr sin is fearr na deiseanna foghlama agus is mó rannpháirtíocht na scoláirí. Gan idirlíon ardluais seasmhach a bheith ar fáil i scoileanna na hÉireann, is rud é sin atá in ann bac mór a chur ar an oideachas, go háirithe i scoileanna atá páirteach sa chlár DEIS (Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh). Ní hamháin go laghdaíonn sé an teacht a bhíonn ar cheachtanna ar líne d’ardchaighdeán, ach cuireann sé cosc freisin ar scoláirí scileanna digiteacha a fhoghlaim – ar nós úsáid bunteicneolaíochta, feasacht agus sábháilteacht ar líne, agus litearthacht sna meáin – scileanna atá riachtanach do shaol an lae inniu, chomh maith le todhchaí na scoláirí.

“Chabhraigh an clár Bonneagar Digiteach do Scoileanna de chuid NextGenerationEU linn dul i ngleic leis an bhfadhb seo,” a deir Michael. “Cabhraíonn an clár le deireadh a chur le moille nó guagacht sa nasc idirlín, rud atá in ann cur isteach ar cheachtanna agus srian a chur le hacmhainní. Bhí sé iontach an tionchar a bhí ag an tionscadal seo ar ár scoláirí agus ár múinteoirí a fheiceáil. Chuir sé ar ár gcumas éifeachtúlacht na gceachtanna, obair chomhoibríoch agus litearthacht dhigiteach a fheabhsú – chun gné nua-aimseartha a thabhairt isteach san oideachas.”

Maidir leis an tionchar ar phobal na scoile amach anseo agus le spriocanna digiteacha NextGenerationEU, deir Michael mar fhocal scoir: 

“Tá súil agam go gcuirfidh an tionscadal ar chumas na scoláirí a bheith níos ullmhaithe don todhchaí dhigiteach, agus go mbeidh na scileanna acu a theastaíonn le bheith faoi bhláth i ndomhan atá bunaithe ar an teicneolaíocht. Tá súil agam go leanfaidh sé ag tacú le modhanna teagaisc nuálacha, ag cinntiú go mbeidh na scoláirí níos rannpháirtí agus níos spreagtha chun foghlama, ag cur lena n-acmhainn fáis inbhuanaithe, a ndeiseanna fostaíochta agus a dteacht aniar.”

Trí thionscadail ar nós an chláir Bonneagar Scileanna do Scoileanna a mhaoiniú, tá NextGenerationEU ag feabhsú oideachas scoláirí bunscoile na linne seo, agus an bealach á réiteach freisin do thodhchaí níos gile, níos digití agus níos nasctha le haghaidh na hÉireann.