
Tacaíonn NextGenerationEU, pacáiste spreagtha geilleagair an Aontais Eorpaigh, leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus le fás inbhuanaithe, uilechuimsitheach san Eoraip. Cuireadh tús leis mar gheall ar thionchair gheilleagracha agus shóisialta phaindéim COVID-19, agus tá sé d’aidhm leis an gciste téarnaimh an Eoraip a dhéanamh níos glaise, níos digití agus níos acmhainní.
In Éirinn, d’infheistigh NextGenerationEU €114 milliún i gcláir oiliúna chun na scileanna is gá a thabhairt do ghairmithe foirgníochta chun áiteanna cónaithe dea-inslithe a thógáil agus tithe na hÉireann a iarfheistiú leis na teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh is nuaí, rud a chuireann leis an dul chun cinn ar aistriú glas na hÉireann agus a thacaíonn le gníomhú ar son na haeráide.
Mar gheall ar phróisis atá dian ó thaobh fuinnimh de agus ar úsáid an fhuinnimh i bhfoirgnimh, cuireann an tionscal foirgníochta go mór le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann. Tá sé d’aidhm leis an gclár gníomhaíochta Scileanna Glasa SOLAS, a mhaoiníonn NextGenerationEU, oiliúint a chur ar thionscal foirgníochta na hÉireann chun ár n-áiteanna cónaithe a dhéanamh níos teo agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Nuair a fhoghlaimítear scileanna i dtógáil Foirgneamh Nach Mór Neodrach Ó Thaobh Fuinnimh (NZEB) agus san iarfheistiú, feabhsaítear infhostaitheacht na rannpháirtithe agus tugtar na cáilíochtaí cearta dóibh le haghaidh phoist ‘ghlasa’ inbhuanaithe na todhchaí. Cuireann Ionaid Barr Feabhais NZEB ar fud na hÉireann cláir tosaitheoirí agus cúrsaí tiontaithe agus scilbhisithe ar fáil.
Is as Dún na nGall ó dhúchas do Keith McGrory, úinéir McGrory Homes, agus tá sé ar dhuine den iomaí fiontraí foirgníochta a bhain leas as an gclár oiliúna a mhaoinigh NextGenerationEU. Tá Keith agus a fhoireann lonnaithe i gContae Phort Láirge, agus baineann siad úsáid as na scileanna glasa a fuair siad ón gclár gníomhaíochta Scileanna Glasa SOLAS chun áiteanna cónaithe a gcustaiméirí a uasghrádú agus a iarfheistiú ar fud na hÉireann.
Thosaigh Keith leis an Ionad NZEB agus leis an gclár gníomhaíochta Scileanna Glasa SOLAS i bPort Láirge i ndiaidh dó cáilíocht a bhaint amach ó Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt mar atá uirthi anois. Tríd an oiliúint sin, bhí Keith in ann scileanna a chomhlachta a mhéadú agus a bhéim ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil sa tionscal foirgníochta a neartú.
Ag labhairt dó faoin gclár, deir Keith:
“Cuireann Ionaid Barr Feabhais NZEB raon leathan scilbhisithe ar fáil maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus leis an iarfheistiú. Cabhraíonn na scileanna a mhúintear tríd an gclár linn tithe a thógáil agus a iarfheistiú atá níos éasca ar an gcomhshaol agus ar ár bpócaí. Cabhraíonn na cláir mar seo atá maoinithe ag NextGenerationEU le níos mó daoine léargas ceart a fháil ar an gcaoi a bhféadfaidh Éire éirí níos neamhspleáiche agus níos tíosaí ar an bhfuinneamh, rud a chabhraíonn linne cabhrú leis an aeráid.”
Is é an tionscal féin a fhorbraíonn na cúrsaí sin dó féin, agus cuirtear ar fáil iad i dtréimhsí gairide trí shamhlacha foghlama measctha chun an t-am a chaitear ar an suíomh a laghdú.
“Mar a deir an seanfhocal, ‘bíonn fear feasach fuinnmhí’,” a deir Keith.
“Bhí muid ar cheann de na chéad chomhlachtaí a chreid i ndáiríre in NZEB agus sa mhéid is féidir leis a bhaint amach. Creidim go bhfuil an t-eolas a fuair mé thar a bheith cumhachtach domsa, do mo ghnó agus do mo chliaint.”
A bhuíochas le cláir ar nós Scileanna Glasa SOLAS, tá na scileanna ag earnáil foirgníochta na hÉireann anois chun áiteanna cónaithe nua a thógáil ar ardchaighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh, agus bíonn táirgí deiridh den scoth ag úinéirí tí dá bharr. Tá sé sin riachtanach i bhfianaise spriocanna tithíochta agus aeráide na hÉireann. Tá an clár ag cabhrú freisin le geilleagar ciorclach a chruthú tríd an méid a bhíonn Éire ag brath ar ábhar agus ar fhuinneamh ó thíortha eile a laghdú.
Deir Keith:
“Tá sé iontach an dóigh a bhfeabhsaíonn Scileanna Glasa SOLAS scileanna infhostaitheachta na rannpháirtithe freisin a fheiceáil. Tabhairt faoi m’aistear oideachais, páirt a ghlacadh in NZEB agus níos mó scileanna a chur le mo bhosca uirlisí – tá mé bródúil mar gheall air sin ar fad. Bhí NZEB ar cheann de na huirlisí sin ar bhraith mé, nuair a fuair mé é, gur thosaigh gach rud ag teacht le chéile. Chonaic mé an pictiúr mór ó bheith in ionaid oiliúna NZEB, agus thuig mé spriocanna an tionscadail, an dóigh a n-oibreoidh sé agus an tionchar a bheidh aige orainn.”
Maidir le todhchaí an tionscail foirgníochta, tarraingíonn Keith aird ar thábhacht na ndaoine atá i gceist – na gairmithe foirgníochta agus an lucht ceirde – agus ar an gcaoi ar cuid den phictiúr mór iad agus a mbeidh tionchar buan acu.
“Tá súil agam dá mhéad daoine a bheidh páirteach i gcláir ar nós Scileanna Glasa SOLAS, is ea is mó a dhéanfar normalú ar an obair seo. Rachaidh sé chun tairbhe gach duine i ndeireadh na dála – na hoibrithe foirgníochta agus na daoine a cheannaíonn na foirgnimh nó a chónaíonn agus a oibríonn iontu. Sna blianta amach romhainn, tá mé ag súil leis an bhforbairt a dhéanfaidh muid a fheiceáil – ar nós amharc siar ar dhearadh an chairrín capaill nuair atá gluaisteán agat,” a deir McGrory.
Agus cúrsaí a mhaoiníonn NextGenerationEU ar fáil do shaineolaithe an tionscail ar nós Keith McGrory agus McGrory Homes, tá todhchaí thionscal foirgníochta na hÉireann agus sláinte ár gcomhshaoil i suíomh maith.
- Áiteanna an tionscadail
- Contae Phort Láirge, Éire
- Ranníocaíocht an Aontais
- €114 000 000
- Suíomh gréasáin an tionscadail
- Next Generation EU
- Ranna
- An Ionadaíocht in Éirinn