Is ceist chasta dhomhanda í an imirce nach mór a láimhseáil ar bhealach daonna cothrom agus an-tuisceanach.
Tá imircigh ag teastáil ón Eoraip chun dul i ngleic lena meath déimeagrafach ach bíonn an imirce neamhrialta faoi deara dúshaothrú agus gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le caillteanais anamacha ar muir, den ocras, trí fhoréigean nó faillí leighis, agus de dheasca cúinsí taistil baolacha.
Nocht géarchéim dídeanaithe na hEorpa in 2015-2016 fabhtanna i gcóras imirce an Aontais Eorpaigh, agus léirigh ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin in 2022, rud a dhíbir na milliúin daoine as a mbailte, cé chomh gasta agus is féidir le géarchéim dhaonnúil teacht chun cinn.
Tá an imirce tagtha chun cinn mar ábhar mór díospóireachta poiblí in Éirinn. Tá imní á léiriú mar gheall ar an líon mór dídeanaithe a tháinig ón Úcráin ó bhí 2022 ann i dteannta an ghanntanais sheanbhunaithe lóistín éigeandála d’iarrthóirí tearmainn.
Ní féidir le hÉirinn bunchúiseanna na himirce neamhrialta a réiteach ina haonar, agus bheartaigh Rialtas na hÉireann páirt a ghlacadh i gComhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, comhshocrú chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda sin i ndlúthpháirtíocht le Ballstáit eile.
Is é an aidhm atá leis an gComhshocrú straitéis phraiticiúil atruach Eorpach a chur ar bun i leith na himirce, straitéis a chosnaíonn daoine leochaileacha agus a mheallann imircí oilte ag an am céanna chun tacú le forbairt inbhuanaithe na hEorpa.
An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann
Le linn ghéarchéim dídeanaithe 2015-2016 is ar éigean a bhí na Ballstáit ar theorainneacha seachtracha an Aontais in ann déileáil leis na sreabha móra imirceach. Ba bhocht an comhordú idir thíortha Eorpacha, agus is iomaí iarrthóir tearmainn a fágadh i ndroch-chúinsí ar feadh tréimhsí fada, agus bhog cuid díobh go tíortha eile sular próiseáladh a n-iarratais.
Cruthaíonn an imirce neamhrialta mearbhall a thugann deis do ghrúpaí coiriúla imircigh a dhúshaothrú agus d’antoiscigh pholaitiúla ionramháil a dhéanamh ar phobail áitiúla.
Tá sé d’aidhm ag an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann córais bhainistíochta mheara iontaofa a chur ar bun lena gcosnaítear na himircigh is leochailí, go háirithe teaghlaigh agus leanaí atá ag taisteal leo féin.

Leis an gComhshocrú, neartófar na teorainneacha, déanfar córas tearmainn an Aontais a nuachóiriú agus treiseofar an comhar le tíortha comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta. Osclaítear conairí dleathacha freisin le haghaidh imircigh oilte chun cabhrú chun ganntanais lucht saothair a líonadh ar fad an Aontais.
“Caithfimid deimhin a dhéanamh de go gcuirfimid an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann chun feidhme go huile is go hiomlán chomh luath agus a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Tá sé dian ach cothrom. Agus ní bheidh éifeacht leis mura ndéanann gach duine a gcion féin.”
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Aitheasc 2025 ar Staid an Aontais.
Leis an gComhshocrú, déantar athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn a cuireadh ar bun in 1999 chun rialacha tearmainn agus imirce a chomhchuibhiú. Cé gur ghlac na Ballstáit ar fad páirt sa Chomhchóras, ní bhfuair sé tacaíocht polaitiúil iomlán agus níor cuireadh i bhfeidhm go leanúnach é, go háirithe le linn tréimhsí imirce móire.
Pointe laige lárnach ab ea Rialachán Bhaile Átha Cliath a tugadh isteach in 1990 chun cosc a chur ar iarratais iomadúla ar thearmann ach a d’fhág go raibh móramh na freagrachta ar líon beag tíortha teorann. Tá Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce ag teacht in ionad Rialachán Bhaile Átha Cliath agus tugtar córas éigeantach dlúthpháirtíochta isteach leis. Sa chaoi sin, cinntítear go roinneann na Ballstáit ar fad an fhreagracht trí iarrthóirí tearmainn a óstáil, ranníocaíochtaí a dhéanamh, nó tacaíocht oibríochtúil a sholáthar.
Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Comhshocrú in earrach 2024 agus bhí feidhm dlí leis ón 11 Meitheamh 2024. Tiocfaidh na príomhfhorálacha i bhfeidhm ón 12 Meitheamh 2026.
Seo a leanas roinnt buntáistí a bhaineann leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann:
- Bainistíocht níos fearr ar theorainneacha: Smacht níos éifeachtúla agus níos comhordaithe ar theorainneacha an Aontais.
- Iontaoibh níos láidre: Cuirfear an comhar idir na Ballstáit chun cinn le próisis ghasta comhchoiteanna.
- Dlúthpháirtíocht éifeachtach: Nuair a bheidh géarchéim le sárú ag Ballstát, gheobhaidh sé tacaíocht spriocdhírithe ó Bhallstáit eile agus ón Aontas.
- Bealaí dlíthiúla: Trí na deiseanna le haghaidh imirce dhleathach a mhéadú, meallfar tallann saothair agus laghdófar gluaiseachtaí neamhrialta.
- Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta: Trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt le príomhthíortha, cuideofar chun srian a chur le sreabha imirce neamhrialta.
- Solúbthacht agus athléimneacht: Beidh uirlisí nua ann ionas go mbeidh gníomhaíocht an Aontais níos tapúla agus níos comhordaithe le linn éigeandálaí imirce amach anseo.
An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann
Ceisteanna agus Freagraí faoin gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann
Meabhrán míniúcháin i ndáil leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann
An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann: An Staid Reatha
Gníomhaíochtaí maidir le tearmann agus imirce
Tá dul chun cinn á dhéanamh i dtaca leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur i bhfeidhm, ach tá bearta curtha i bhfeidhm cheana féin chun an brú imirce a mhaolú agus chun daoine a iarrann tearmann a chosaint.
Tá Plean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach ag díriú ar líonraí coiriúla a thagann i dtír ar dhaoine leochaileacha, agus faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh Deonach agus Ath-Lánpháirtiú cuirtear tacaíocht ar fáil d’imircigh nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht san Aontas le filleadh abhaile go sábháilte faoi dhínit.
Tá eagraíocht bainistíochta teorann an Aontais, Frontex, athruithe ó bhonn le bheith ina Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, í neartaithe agus ag tabhairt tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit agus ag cuidiú chun bainistíocht éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais a chinntiú.
Chun tacú leis an imirce dhleathach, tá Linn Tallainne de chuid an Aontais curtha ar bun leis an bPacáiste Soghluaisteachta Scileanna agus Tallainne ón gCoimisiún, chun fostóirí a chur i dteagmháil le cuardaitheoirí poist ó lasmuigh den Aontas in earnálacha a thugann aghaidh ar ghanntanais scileanna. Leis an Treoir maidir le Cárta Gorm, tá sé níos éasca d’oibrithe ardcháilithe agus d’fhostóirí scileanna a mheaitseáil le deiseanna ar fud na hEorpa. Seo roinnt beart eile a thacaíonn leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann:
- An Rialachán Eurodac: Beidh feidhm ag rialacha nuashonraithe bithmhéadracha agus méarlorg ón 12 Meitheamh 2026, rud a chuirfidh feabhas ar shainaithint na n-iarrthóirí tearmainn agus daoine a ghabhann thar theorainneacha go neamhrialta.
- An Rialachán maidir le Scagadh: Tá an rialachán seo i bhfeidhm anois ar fud Limistéar Schengen agus seiceálacha aonfhoirmeacha sláinte, slándála agus céannachta á ndéanamh ag na teorainneacha dá réir. Níl Éire faoi cheangal ag an rialachán ach déanfaidh sí scagadh cosúil leis sin ag a teorainn féin.
- An Comhchóras Eorpach um Fhilleadh: Mhol an Coimisiún an córas seo le go mbeadh na próisis fillte níos gasta, níos simplí agus níos cothroime i gcás daoine nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht san Aontas.
- An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn: Tá athchóiriú déanta chun próiseas amháin níos gasta a chur ar bun agus sprioc-amanna soiléire ag gabháil leis, nósanna imeachta teorann san áireamh i gcásanna áirithe. Tá Éire i mbun ullmhúchán chun an rialachán seo a chur i bhfeidhm.
- An Rialachán maidir le Géarchéim agus Force Majeure: Faoin rialachán seo a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2026, tá na Ballstáit in ann na rialacha imirce a oiriúnú agus cúnamh Aontais a iarraidh i gcás insreabhadh tobann.
- An Treoir athbhreithnithe um Chomhrac na Gáinneála: Neartaíonn an Treoir seo, a glacadh i mí an Mheithimh 2024, bearta coiscthe gáinneála, bearta ionchúisimh agus bearta cosanta íospartach ar fud an Aontais.
- Na Rialacháin maidir le Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí: Tugtar córas caighdeánaithe de chuid an Aontais isteach leis na rialacháin seo chun sonraí paisinéirí a bhailiú d’fhonn an tslándáil teorann a fheabhsú.
- An Córas Dul Isteach/Imeachta digiteach (EES): Tugadh an córas seo isteach i mí Dheireadh Fómhair 2025 ar fud na 29 dtír Schengen. In áit stampaí ar phasanna, déantar seiceálacha bithmhéadracha ar thaistealaithe nach saoránaigh den Aontas iad chun feabhas a chur ar an mbainistíocht teorann. Cé nach stát Schengen í Éire, baineann sí leas neamhdhíreach as limistéar Schengen a bhuí leis an tslándáil fheabhsaithe agus an mhonatóireacht níos fearr ar threochtaí imirce atá i bhfeidhm ann.
Frontex (An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta)
Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach
An dlúthpháirtíocht leis an Úcráin
Is iad an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht chomhroinnte atá i gcroílár chur chuige an Aontais i leith cúrsaí imirce agus tearmainn. A bhuí leis an aontacht sin, bhí an Coimisiún Eorpach in ann gníomhú go gasta tráth ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022 nuair ab éigean do na milliúin daoine teitheadh óna dtithe.
Cuireadh Ardán Dlúthpháirtíochta ar bun chun an obair dhaonnúil a chomhordú, sa chaoi go rabhthas in ann Úcránaigh a chur ar aghaidh go dtí tíortha a raibh acmhainneacht ghlactha acu agus gurbh fhéidir a chinntiú gur cuireadh tacaíocht ar fáil ar bhealach cothrom ar fud an Aontais. Slógadh tacaíocht airgeadais go tapa do na Ballstáit a raibh daoine ón Úcráin á n-óstáil acu agus cuireadh Treoir an Aontais um Chosaint Shealadach i bhfeidhm den chéad uair.
Faoin Treoir sin, tá sé de cheart ag daoine atá ag teitheadh ón gcogadh ceart cónaithe, tithíocht, cúram sláinte, oideachas agus rochtain ar obair a fháil san Aontas go dtí an 4 Márta 2027 ar a luaithe. In Éirinn, cuirtear lóistín gearrthéarmach ar fáil do na daoine sin mar aon le liúntas seachtainiúil measartha chun a gcuid costas laethúil a chlúdach, agus tá tacaíocht leanúnach ar fáil trí údaráis áitiúla agus seirbhísí pobail más gá.

De réir na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), fuair thart ar 114,000 duine ón Úcráin cosaint shealadach in Éirinn, agus tá an stádas sin gníomhach i gcás timpeall ar 80,000 duine de réir sonraí riaracháin a fuarthas le déanaí.
Chun cuidiú leis na Ballstáit costas glactha agus lánpháirtithe na ndaoine sin a chlúdach, is féidir leo acmhainní a atreorú ó chistí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais agus ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD). Tá breis agus €3.5 billiún de réamhíocaíochtaí déanta ag an gCoimisiún le Ballstáit faoi REACT-EU freisin, €53 mhilliún a leithdháileadh ar Éirinn san áireamh.
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Dul i ngleic le bunchúiseanna na faidhbe
Is iad an choimhlint, an bhochtaineacht, sáruithe ar chearta an duine, an mhíshocracht pholaitiúil agus an t-athrú aeráide bunchúiseanna na himirce neamhrialta. Gné lárnach de Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann is ea dul i ngleic leis na bunchúiseanna sin. Is é an tAontas Eorpach an deontóir daonnúil is tábhachtaí ar domhan agus tá sé ag obair le tíortha comhpháirtíochta chun cabhair a sholáthar agus bealaí imirce níos sábháilte a chur ar bun do dhídeanaithe. Tá a chur chuige fréamhaithe sa mheas ar chearta an duine agus sna caighdeáin cosanta idirnáisiúnta.
Is leis an Tuirc a rinneadh ceann amháin de na comhpháirtíochtaí sin, óir tá os cionn 3 mhilliún dídeanaí, ón tSiria den chuid is mó, ag cur fúthu ansin. Ó bhí 2011 ann, tá beagnach €10 mbilliún de chabhair tugtha ag an Aontas chun tacú le dídeanaithe agus le pobail áitiúla, rud a chuidigh chun na gluaiseachtaí neamhrialta thar theorainn idir an Tuirc agus an Ghréig a laghdú. Tá comhpháirtíochtaí ag an Aontas freisin leis an Túinéis, leis an Éigipt agus leis an Máratáin, agus iad dírithe ar an gcomhar eacnamaíoch, ar bhainistíocht na himirce, agus ar an tslándáil.
Ina theannta sin, tá ceithre Phlean Gníomhaíochta forbartha ag an Aontas a chlúdaíonn bealaí imirce trasna na Meánmhara, na mBalcán agus an Aigéin Atlantaigh. Leis na Pleananna Gníomhaíochta sin, tugtar an tAontas, tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta le chéile chun imeachtaí neamhrialta a chosc, an smuigleáil a chomhrac agus bealaí dlíthiúla a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn. Leis an gComhshocrú nua don Mheánmhuir, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2025, cuirtear creat níos leithne ar fáil chun an comhar le tíortha na Meánmhara Theas a neartú trí fheabhas a chur ar bhainistíocht na himirce, ar an tslándáil agus ar dheiseanna eacnamaíocha.
Tá sé i gceist leis na hiarrachtaí sin, i dteannta a chéile, stop a chur leis an imirce neamhrialta, an smuigleáil a chomhrac, agus bealaí sábháilte dleathacha a chur ar fáil do dhaoine chun cosaint a lorg. Chomh maith leis sin, tacaíonn an tAontas leis an oideachas, le cruthú post agus leis an teacht aniar ó thaobh na haeráide de i dtíortha comhpháirtíochta trí thionscnaimh ar nós Global Gateway agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda. Cuidíonn an méid sin chun rogha, seachas riachtanas, a dhéanamh den imirce.
Thairis sin, tá Comhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac seolta ag an gCoimisiún i dteannta breis agus 80 tír chomhpháirtíochta.
Ról na hÉireann
Tá stair shaibhir imirce dá cuid féin ag Éirinn agus go ginearálta tá tacaíocht tugtha aici do bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, agus meá chothrom á lorg aici idir sin agus a cúinsí uathúla tíreolaíochta agus dlíthiúla, an Comhlimistéar Taistil leis an Ríocht Aontaithe san áireamh.
Le linn ghéarchéim dídeanaithe 2015-2016 ghlac Óglaigh na hÉireann páirt i misin tarrthála dhaonnúla sa Mheánmhuir. Tarrtháladh breis agus 10,000 imirceach ó chúinsí dainséaracha ar muir agus gabhadh daoine a raibh amhras orthu gur smuigléirí iad. Faoi láthair, tá Éire fós tiomanta smuigleáil na n-imirceach a chomhrac trí chomhar le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le comhpháirtithe réigiúnacha. Glacann sí páirt in oibríochtaí atá dírithe ar líonraí gáinneála agus i gcomhroinnt mhéadaithe faisnéise chun gluaiseachtaí neamhdhleathacha thar theorainneacha a chosc.
Faoi Chonradh Liospóin, níl bearta an Aontais i réimsí na saoirse, na slándála agus an cheartais infheidhme go huathoibríoch ar Éirinn. Seachas sin, is í Éire a dhéanann cinneadh ar bhonn cás ar chás a bheith páirteach i dtograí aonair nó a mhalairt. Ón uair a fhoilsítear togra, bíonn trí mhí ag Éirinn le deimhniú an nglacfaidh sí páirt ann. Má chinneann Éire gan páirt a ghlacadh ann, leantar ar aghaidh leis an bplé gan ise a bheith páirteach, agus ní bhíonn feidhm in Éirinn ag aon reachtaíocht a thagann as.
Tá teist láidir gníomhaíochta daonnúla ag Éirinn. Trí Chlár na hÉireann um Dhídeanaithe a Chosaint, ghlac sí páirt i scéimeanna athlonnaithe agus athshocraithe de chuid an Aontais, thug sí cosaint do dhídeanaithe, an chuid is mó acu ón tSiria agus ón Afganastáin, agus leanann sí dá lánpháirtiú i bpobail Éireannacha a thacú.
Tá cinneadh déanta ag Éirinn a bheith páirteach sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann agus faomhadh Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme i mí an Mhárta 2025. Sa phlean sin, leagtar amach treochlár na hÉireann chun a dlíthe agus a córais tearmainn a athchóiriú i gcomhréir leis an gComhshocrú.
Gheobhaidh Éire maoiniú €66.9 milliún ón Aontas chun cuidiú léi an imirce a bhainistiú idir 2021 agus 2027. Is éard atá sa mhaoiniú sin €45.1 milliún ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus €21.8 milliún ón gCiste Slándála Inmheánaí (ISF). Leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht tacaítear leis na Ballstáit sreabha imirce a bhainistiú agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí tacaítear le hiarrachtaí chun slándáil na saoránach a chosaint agus teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, d’fhógair Éire comhpháirtíocht nua le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun cuidiú le bainistíocht na gcásanna achomhairc tearmainn. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tacaíocht saineolaithe ar fáil chun dlús a chur le cinntí agus chun cuidiú le taighde agus le hateangaireacht.
An Ciste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht
Lón machnaimh
- Bhí 123.2 milliún duine easáitithe go héigeantach ar fud an domhain mar gheall ar ghéarleanúint, coinbhleacht agus géarchéimeanna eile, de réir tuarascáil ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe in 2024 maidir le treochtaí domhanda.
- In 2024, thuairiscigh Gréasán Imirce na hEorpa go raibh laghdú 13% tagtha ar iarratais chéaduaire ar thearmann ar fud an Aontais agus na hIorua, agus gurbh iad an tSiria, Veiniséala agus an Afganastáin na príomhthíortha as ar tháinig na hiarrthóirí.
- In 2024, chláraigh Frontex 239,000 gluaiseacht neamhrialta thar theorainneacha, laghdú 25% ar 2023, agus bhí na figiúirí fós ag dul i laghad ag tús 2025.
- Thuairiscigh Eurostat gur cláraíodh breis agus 83,000 íospartach gáinneála san Aontas idir 2013 agus 2023. Is le haghaidh teacht i dtír gnéasach is mó a dhéantar gáinneáil go fóill, ach tháinig borradh os cionn 70% ar chásanna dúshaothraithe oibre ó bhí 2019 ann.
Latest news on migration

- News article
The European Commission has presented ProtectEU, which sets out the objectives and actions for the next years to ensure a safer and more secure Europe.

- News article
The European Commission is proposing to establish a Common European System for Returns with swifter, simpler and more effective return procedures across the EU.

- News article
The European Commission is providing tailored support and expert advice to help Ireland and 8 other Member States to prepare their National Implementation Plans for the Pact on Migration and Asylum.

- News article
The European Commission welcomes Ireland's decision to opt-in to seven legal acts under the Pact on Migration and Asylum, as notified on 27 June 2024.

- Alt nuachta
Chuir an Coimisiún an Comhphlean Cur Chun Feidhme don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i láthair inniu chun a chinntiú go mbeidh gach rud i bhfeidhm faoi mhí an Mheithimh 2026 chun na gníomhartha reachtacha a chur i gcrích.

- News article
The European Commission has welcomed the result of today’s vote in the European Parliament, endorsing the political agreement on the Pact on Migration and Asylum.

- Alt nuachta
Céim mhór chun tosaigh is ea é an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air inniu maidir leis an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann, i dtreo córas coiteann chun an imirce a bhainistiú san Aontas.

- News article
The European Commission has proposed new legislation to prevent and fight migrant smuggling. The Commission has also launched a Call to Action for a Global Alliance to Counter Migrant Smuggling, at the International Conference hosted in Brussels on 28 November.

- News article
The European Commission has outlined the actions being taken to support Member States in meeting the needs of those fleeing the war against Ukraine and its people.

- News article
The site contains information about crossing the border, rights on arrival and information about onward travel in Ukrainian and English

- News article
European solidarity in action is helping people fleeing war in Ukraine through direct humanitarian aid, emergency civil protection assistance, support at the border, as well as a clear legal status allowing them to receive immediate protection in the EU.

- News article
The European Commission has proposed measures to prevent and restrict the activities of transport operators that engage in or facilitate smuggling or trafficking of people into the EU.

- News article
New 5-year strategies to boost cooperation across the EU in the fight against organised crime and human trafficking