Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
  • Alt nuachta
  • 12 Meitheamh 2024
  • An Ionadaíocht in Éirinn
  • Am léitheoireachta: 9 nóiméad

An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann curtha i láthair ag an gCoimisiún

Chuir an Coimisiún an Comhphlean Cur Chun Feidhme don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i láthair inniu chun a chinntiú go mbeidh gach rud i bhfeidhm faoi mhí an Mheithimh 2026 chun na gníomhartha reachtacha a chur i gcrích. 

Nuair a thángthas ar chomhaontú stairiúil i leith an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann, cuireadh tús leis an obair chun an tsraith mhór chasta de ghníomhartha reachtacha a chur i bhfeidhm go hoibríochtúil sa dá bhliain amach romhainn. Iarracht choiteann a bheidh ann, agus tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit feadh an bhealaigh. Sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, rud a ghlac an Coimisiún inniu, leagtar amach na príomhchlocha míle do na Ballstáit uile leis na cumais dhlíthiúla agus oibríochtúla is gá a chur i bhfeidhm chun tús rathúil a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nuaí faoi lár na bliana 2026. Ina theannta sin, cuirfidh Gníomhaireachtaí an Aontais tacaíocht oibríochtúil agus spriocdhírithe araon ar fáil do na Ballstáit i rith an phróisis sin.

Cuireann an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann teimpléad ar fáil do na Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme atá le glacadh ag na Ballstáit faoi dheireadh na bliana seo. Grúpáiltear ann an obair dhlíthiúil, theicniúil agus oibríochtúil ina 10 mbloc tógála chun na hiarrachtaí praiticiúla cur chun feidhme a dhíriú agus a éascú.

Tá na bloic thógála uile idirspleách ó bhonn agus ní mór iad a chur chun feidhme ag an am céanna.

Na 10 mbloc tógála:

  1. Comhchóras faisnéise maidir le himirce agus tearmainn (Eurodac): tacóidh sé leis na Ballstáit go háirithe maidir le freagracht a chinneadh agus monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí tánaisteacha. Is é Eurodac an córas TF mórscála lena stórálfar agus lena bpróiseálfar sonraí iarrthóirí tearmainn. Is réamhchoinníoll ríthábhachtach é forbairt agus teacht i bhfeidhm tráthúil chóras athchóirithe Eurodac chun gach gné eile den Chomhshocrú a chur chun feidhme.
  2. Córas nua chun an imirce a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh: chun bainistiú a dhéanamh ar an líon náisiúnach nach den Aontas iad a thagann isteach go neamhrialta agus nósanna imeachta tapa éifeachtúla cuíchóirithe a chur ar bun maidir le tearmann agus filleadh, chomh maith le coimircí láidre. Leis an Rialachán maidir le Scagadh, an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, agus an Rialachán maidir le Nós Imeachta Teorann um Fhilleadh, déantar foráil maidir le cur chuige comhchuibhithe. Déanfar gach imirceach neamhrialta a chlárú agus beidh siad faoi réir scagadh céannachta, slándála agus sláinte. Ag an dara céim, beidh nós imeachta teorann éigeantach i bhfeidhm dóibh siúd ar dócha nach mbeidh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu nó ar riosca slándála iad.
  3. Caighdeáin leordhóthanacha mhaireachtála agus ghlactha a chinntiú d'iarratasóirí i ndáil lena riachtanais. Mar shampla, d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, tá rochtain níos luaithe ar an margadh saothair (6 mhí in ionad 9 mí), ar chúram sláinte fisicí agus meabhraí agus ar chosaint bhreise do theaghlaigh, do leanaí agus d'iarratasóirí leochaileacha ann. Thairis sin, tá uirlisí nua ag an Treoir maidir le Dálaí Glactha freisin lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht an chórais glactha agus lena gcabhraítear le gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc. Mar shampla, beidh na Ballstáit in ann iarratasóirí a leithdháileadh ar chóiríocht agus ar limistéir gheografacha, rud a fhágfaidh go mbeidh soláthar dálaí glactha ábharacha faoi réir cónaí iarbhír sa chóiríocht inar leithdháileadh iarratasóirí nó i limistéar sonrach. Ina theannta sin, ní bheidh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh ach amháin maidir le bunriachtanais i gcás iarratasóirí nach bhfuil sa Bhallstát a bhfuil siad in ainm a bheith ann.
  4. Nósanna imeachta tearmainn atá cothrom éifeachtúil aontreoch: leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus leis an Rialachán Cáilitheachta, cuíchóirítear an próiseas measúnaithe agus cinnteoireachta maidir le hiarratais aonair ar thearmann ar fud na hEorpa agus treisítear na coimircí, na cearta agus na ráthaíochtaí d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta.
  5. Nósanna imeachta éifeachtúla cothroma um fhilleadh: ní féidir le beartas imirce an Aontais a bheith inbhuanaithe ach amháin má chuirtear ar ais go héifeachtach iad siúd nach bhfuil an ceart acu fanacht san Aontas.  Beidh ról lárnach ag an gComhordaitheoir um Fhilleadh, é ag cur leis an obair atá seolta cheana féin chun feabhas a chur ar phleanáil chomhpháirteach eitiltí agus misean aitheantais, ina measc sin chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tacaíocht Frontex, cleachtais agus taithí a mhalartú maidir le cinntí diúltacha i ndáil le tearmainn agus cinntí um fhilleadh a eisiúint go comhpháirteach, agus comhar maidir le fillithe ar bagairt slándála iad a chur ar ais.
  6. Córas cothrom éifeachtúil: na rialacha nua freagrachta a chur ag obair: trí chomhroinnt freagrachta éifeachtach chobhsaí a bhunú ar fud an Aontais agus trí dhreasachtaí le haghaidh gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú. Mar shampla, déanfar na nósanna imeachta níos éifeachtaí leis na fógraí maidir le ‘tógáil ar ais'. Thairis sin, beidh rialacha nua i bhfeidhm darb aidhm mí-úsáid an chórais a chosc (amhail an oibleagáid atá ar iarratasóirí iarratas a dhéanamh i mBallstát na chéad iontrála).
  7. Dlúthpháirtíocht a chur ag obair: den chéad uair riamh tá sásra dlúthpháirtíochta buan solúbtha ag an Aontas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun a chinntiú nach bhfágfar aon Bhallstát ina aonar agus é faoi bhrú.
  8. Ullmhacht, pleanáil theagmhasach agus freagairt ar ghéarchéimeanna: athléimneacht níos mó a fhorbairt i leith teacht chun cinn cásanna imirce, agus laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le géarchéimeanna.
  9. Coimircí nua d'iarrthóirí tearmainn agus do dhaoine leochaileacha: monatóireacht méadaithe ar chearta bunúsacha, trí nósanna imeachta éifeachtacha a chinntiú agus, ag an am céanna, dínit an duine a chosaint agus fíorcheart éifeachtach chun tearmainn a chosaint, do na daoine is leochailí ina measc, amhail leanaí.
  10. Athlonnú, cuimsiú agus imeascadh: dlús a chur leis na hiarrachtaí sna réimsí sin. Tá iarrachtaí na mBallstát chun imircigh a imeascadh agus a chuimsiú riachtanach i gcónaí chun go n-éireoidh le beartas imirce agus tearmainn.

Léiríonn an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann cur chuige cuimsitheach an bhealaigh iomláin maidir le bainistiú imirce. Dá bhrí sin, tá cur chuige dériain á shaothrú ag an gCoimisiún leis na Ballstáit, lena ngabhann obair reachtach ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí oibríochtúla. Ina measc sin go háirithe tá obair ar ghné sheachtrach na himirce, trí chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha a shaothrú le tíortha comhpháirtíochta. Cé nach bhfuil gníomhaíochtaí sa réimse seo ceangailte le hoibleagáidí dlíthiúla, beidh sé riachtanach go leanfaidh an tAontas den obair le tíortha comhpháirtíochta agus go gcuirfidh sé tuilleadh leis an obair sin, go háirithe sna trí phríomhréimse seo: an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach, filleadh/athligean isteach/ath-imeascadh éifeachtach, agus bealaí dlíthiúla.

 

Na chéad chéimeanna eile

Cuirfear an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann faoi bhráid na mBallstát ag an gComhairle Gnóthaí Baile, agus ina dhiaidh sin úsáidfear é mar bhonn chun Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme na mBallstát a ullmhú atá le teacht faoi mhí na Nollag 2024. Bunaithe ar an bPlean Cur Chun Feidhme Coiteann, is é an chéad chéim eile go mbunóidh na Ballstáit a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme féin faoin 12 Nollaig 2024. Is féidir leis na Ballstáit brath ar thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais ón gCoimisiún agus ó Ghníomhaireachtaí an Aontais le linn an phróisis ar fad. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a fháil freisin ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, a sheolfaidh glao tiomnaithe chun tacú leis na Ballstáit a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme a fhorbairt. Tá foirne tacaíochta tiomnaithe curtha ar bun ag an gCoimisiún a thabharfaidh cuairt ar phríomhchathracha uile na mBallstát idir seo agus an fómhar chun cuidiú leis na Ballstáit na Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme sin a ullmhú.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthmhonatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe agus tuairisceoidh sé go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

 

Cúlra

Chuir an Coimisiún an Comhaontú maidir le hImirce agus Tearmann i láthair i mí Mheán Fómhair 2020, darb aidhm teacht ar réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe chun an imirce a bhainistiú. Leis an gComhshocrú, cruthófar creat dlíthiúil lena mbeidh cothromaíocht ann idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht idir na Ballstáit i gcur chuige cuimsitheach chun an imirce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach cothrom. Tar éis comhaontú polaitiúil an 20 Nollaig 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa é an 10 Aibreán 2024, agus ghlac an Chomhairle é níos déanaí an 14 Bealtaine. Tháinig ionstraimí dlíthiúla an Chomhshocraithe, ina measc sin cuid acu a moladh cheana in 2016, i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2024 agus beidh feidhm leo tar éis 2 bhliain amhail ón 12 Meitheamh 2026; seachas an Rialachán maidir le Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, rud atá infheidhme cheana féin.

 

Tuilleadh eolais

An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann

Meabhrán míniúcháin i ndáil leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann – Comhaid reachtacha i mbeagán focal

An Iris Oifigiúil – téacsanna reachtacha – An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

 

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Meitheamh 2024
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn