Cumhdaítear cúig cinn de phríomhthograí an Chomhshocraithe sa chomhaontú:
- An Rialachán maidir le Scagadh: lena gcruthaítear rialacha aonfhoirmeacha maidir le náisiúnaigh nach den Aontas iad a shainaithint ar theacht isteach dóibh, agus an tslándáil a mhéadú laistigh de limistéar Schengen dá réir sin.
- An Rialachán Eurodac: lena bhforbraítear bunachar sonraí coiteann ina mbailítear sonraí níos cruinne agus níos iomláine chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhrath.
- An Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn: lena ndéantar nósanna imeachta maidir le tearmann, filleadh agus teorainn a dhéanamh níos tapúla agus níos éifeachtaí.
- An Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce: lena mbunaítear sásra nua dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát chun cothrom na Féinne a bhaint amach i leith an chórais reatha ina bhfuil roinnt tíortha freagrach as formhór mór na n-iarratas ar thearmann, agus rialacha soiléire ann maidir le freagracht na n-iarratas ar thearmann.
- An Rialachán maidir le Géarchéim agus Force Majeure: lena gcinntítear go mbeidh an tAontas Eorpach ullamh amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, ionstraimiú imirceach san áireamh.
A luaithe a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na tograí sin go foirmiúil, is amhlaidh a bheidh colúin an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann i bhfeidhm.
Chuir an Coimisiún an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann i láthair i mí Mheán Fómhair 2020, darb aidhm teacht ar réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe chun an imirce a bhainistiú. Leis an gComhshocrú, cruthófar creat dlíthiúil lena mbeidh cothromaíocht ann idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht idir na Ballstáit i gcur chuige cuimsitheach chun an imirce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach cothrom.
Is é seo a dúirt an tUachtarán Ursula von der Leyen:
‘Is comhphobal láidir í an Eoraip agus féadfaidh sí réitigh iontacha a fháil ar dhúshláin iontacha. Is díol sásaimh dom an comhaontú polaitiúil tráthúil ar tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle air i ndáil le príomhghnéithe an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Ba é an sprioc a bhí againn teacht ar chur chuige cóir pragmatach maidir leis an imirce a bhainistiú le chéile san Aontas. Is céim ríthábhachtach é lena chinntiú go mbeidh na huirlisí ag an Eoraip chun an imirce a bhainistiú.'
Léiríonn an comhaontú ar thángthas air inniu an tiomantas chun an imirce a bhainistiú ar bhealach cóir ordúil, rud a chuirfidh ar a gcumas don Aontas agus dá Bhallstáit aistriú ó réitigh ad hoc go réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe. Go dtí go mbeidh na rialacha nua sin infheidhme go hiomlán, tá an Coimisiún réidh le leanúint de bheith ag obair le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Tá an raon feidhme soiléir chun a chinntiú go nglacfar comhaontú maidir le comhaid uile an Chomhshocraithe faoi dheireadh an tsainordaithe reachtaigh seo.
Tuilleadh eolais
Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen
Suíomh gréasáin i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Nollaig 2023
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn