Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

An Ghaeilge san Aontas Eorpach: i dtreo stádas iomlán

Nuair a tháinig Éire isteach sna Comhphobail Eorpacha (CE) i 1973, rinneadh teanga oifigiúil CE den Ghaeilge, cé gur ‘stádas conarthach’ seachas stádas iomlán teanga oibre a bhí aici. Go praiticiúil, d’fhág sin gur cuireadh na Conarthaí ar fáil i nGaeilge agus go raibh an ceart ag saoránaigh an Aontais comhfhreagras a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais i nGaeilge agus freagra a fháil i nGaeilge. Mar sin féin, ní raibh oibleagáid ar na hinstitiúidí aon ábhar breise a chur ar fáil i nGaeilge (cé go ndéanadh Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, mar shampla, iarracht é sin a dhéanamh).

Tháinig athrú ar stádas na Gaeilge in 2007 nuair a rinneadh teanga oibre di, bíodh gur stádas teoranta a bhí ann, rud a d’fhág nach ndearnadh ach sciar beag doiciméad a aistriú ar dtús.

A. Aistriúchán go Gaeilge san Aontas: Aistríodh níos mó ná a dhá oiread doiciméad go Gaeilge ó 2016 go lár 2019. Cuimsíonn sé sin an reachtaíocht, na suíomhanna gréasáin, agus ábhar polaitiúil, cumarsáide, comhairliúcháin agus tuarascála.

B. Earcaíocht: Tháinig méadú, ó 58 go 102, ar líon na mball foirne atá ag cur seirbhísí teanga ar fáil i nGaeilge in institiúidí an Aontais idir deireadh 2015 agus lár 2019. Cé gur dúshlán leanúnach é na spriocanna i dtaca le foireann bhuan a bhaint amach, ghlac an tAontas cur chuige solúbtha trí fhoireann shealadach a earcú agus a oiliúint. Eagraíodh ceithre chomórtas oscailte (EPSO) do bhaill foirne bhuana agus 14 cinn de phróisis roghnúcháin do bhaill foirne shealadacha.

C. Conraitheoirí seachtracha: Chun cur le hacmhainneacht na bhfoirne Gaeilge inmheánacha, d’eagraigh institiúidí an Aontais ceithre ghlao ar thairiscintí chun seirbhísí saoraistriúcháin a sholáthar, glao amháin ar thairiscintí i ndáil le seirbhísí profála agus trí cinn de thrialacha creidiúnúcháin do shaorateangairí.

D. Acmhainní Gaeilge: Tá an tAontas agus Éire ag obair le chéile chun cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil. Tógadh inneall meaisínaistriúcháin néaraigh nua Béarla-Gaeilge in 2018. Leanadh den fhorbairt ar an inneachar Gaeilge sa bhunachar téarmeolaíochta IATE agus in Euramis, an banc cuimhní aistriúcháin idirinstitiúideach. Ina theannta sin, chuaigh an tAontas agus Éire i mbun tionscnamh comhpháirteach chun an leagan Gaeilge de chorpas dlí an Aontais a shaothrú; aistríodh 4,700 leathanach as 11,000 leathanach a aithníodh mar phríomhdhlíthe de chuid an Aontais.

Gairmeacha le Gaeilge

Tá eolas maidir le gairmeacha le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar fáil anseo