Is mór an clú agus an cháil atá ar Éirinn ar fud na cruinne as an aer glan úr agus an tírdhreach méith glas atá sa tír agus na cóstaí iontacha timpeall uirthi.
Ach tá ár dtimpeallacht álainn i mbaol anois ón ngéarchéim dhomhanda atá os ár gcomhair agus ní féidir talamh slán a dhéanamh dá todhchaí a thuilleadh.
Is é an t-athrú aeráide príomhdhúshlán ár linne agus tá gníomhaíocht phráinneach ag teastáil chun nach ndéanfar dochar gan leigheas don phláinéad, dochar a bheidh ina chúis le cailliúint bithéagsúlachta, tuilte cósta, bagairtí méadaithe ar an tsláinte agus go leor iarmhairtí eile.
Príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus is é an Comhaontú Glas don Eoraip an plean uaillmhianach atá aige chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan.
An Comhaontú Glas don Eoraip
Is é an Comhaontú Glas don Eoraip treochlár an Aontais chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chun geilleagar nua-aimseartha iomaíoch tíosach ar acmhainní a chur ar bun a oibreoidh do dhaoine agus don dúlra. Ó lá a sheolta in 2019 tá an Comhaontú Glas ag tabhairt eolas an bhealaigh dúinn ionsar thodhchaí a bheidh níos glaine, níos cothroime agus níos inbhuanaithe. Tá an t-uaillmhian céanna sin i gclár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2024-2029, agus béim níos láidre á leagan ar an gcur i gcrích, ar an iomaíochas agus ar an tslándáil i dtaca leis an bhfuinneamh, an tionsclaíocht, an dúlra agus na córais bhia.
Tá an méid seo a leanas ar phríomhthacaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip:
1. Gníomhaíocht aeráide agus fuinnimh
- An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: Tacar gníomhaíochtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55% faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá laghdú 90% molta ag an gCoimisiún freisin mar sprioc do 2040.
- REPowerEU: Chun dlús a chur leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus chun an tslándáil fuinnimh a neartú. Tá sé d’aidhm ag an Aontas gan a bheith i muinín breoslaí iontaise na Rúise a thuilleadh i ndiaidh 2027. I mí Aibreáin 2025, faoi Phlean Náisiúnta athbhreithnithe Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann, cuireadh €240 milliún de dheontais REPowerEU ar fáil le haghaidh an aistrithe ghlais.
- An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh: Chun úsáid an fhuinnimh i dtithe agus i bhfoirgnimh phoiblí a chiorrú, agus an compord á mhéadú agus billí á laghdú san am céanna.
2. Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais
- Chun monaraíocht i dteicneolaíochtaí glana a mhéadú sa chaoi go ndaingneofar ceannaireacht na hEorpa sa gheilleagar glas domhanda.
- Cuireann an plean an infheistíocht agus an nuálaíocht chun cinn i réimsí an fhuinnimh inathnuaite, na gceallraí agus tháirgeadh na hidrigine.
- Tacaíonn an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta le táirgeadh teicneolaíochtaí astaíochtaí glan-nialasacha ar scála mór laistigh den Aontas.
- Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla déantar deimhin de sholáthar inbhuanaithe príomhábhar atá riachtanach do theicneolaíochtaí glasa.
3. An bhithéagsúlacht agus athbhunú an dúlra
- Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: Tá sé i gceist leis an straitéis seo deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus 20% ar a laghad d’éiceachórais dhíghrádaithe na hEorpa a athbhunú.
- Dlí an Aontais um Athbhunú Dúlra: Tá an dlí seo dírithe ar bhogaigh, aibhneacha, foraoisí agus limistéir mhuirí. Ní mór d’Éirinn a Phlean Athbhunaithe Dúlra náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi mhí Mheán Fómhair 2026.
- An Dlí maidir le Faireachán Ithreach: Neartaíonn an dlí seo teacht aniar na gcóras bia trí bhainistiú inbhuanaithe na hithreach agus trí bhairr a úsáid a bhfuil teacht aniar iontu ó thaobh na haeráide de.

4. Talmhaíocht inbhuanaithe agus córais bhia inbhuanaithe
- An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’: Chun an fheirmeoireacht inbhuanaithe a chur chun cinn, úsáid na lotnaidicídí a laghdú, agus tacú le córais bhia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don aeráid.
- Spriocanna i dtaca le cur amú bia a laghdú: Spriocanna atá ina gceangal de réir dlí chun cur amú an bhia a laghdú 10% le linn próiseála agus déantúsaíochta, agus 30% i siopaí, i mbialanna agus i dtithe, faoi 2030.
5. An geilleagar ciorclach agus cosaint na dtomhaltóirí
- An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha: Chun a chinntiú go gcomhlíonann earraí iompórtáilte caighdeáin chomhshaoil an Aontais trí mhodhanna táirgthe níos glaine a spreagadh.
- An Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach: Le glacadh in 2026, agus é i gceist leis dramhaíl a laghdú agus ábhair a choinneáil in úsáid níos faide, sa chaoi gur fusa ábhair athchúrsáilte ar ardchaighdeán a dhíol agus a cheannach ar fud an Aontais.
- An Treoir maidir leis an Aistriú Glas: Treoir a cuireadh i gcrích i mí Aibreáin 2025 agus a thugann breis chumhachta do thomhaltóirí trí chosc a chur ar chomhlachtaí maímh dhoiléire faoi bhuanna comhshaoil (‘glas-snasú’) a dhéanamh agus trí iallach a chur orthu eolas soiléir a sholáthar faoina mharthanaí is a indeisithe atá a gcuid táirgí.
- Dlíthe athbhreithnithe maidir le dramhaíl ó phacáistíocht: Chun an phacáistíocht in-athúsáidte a chur chun cinn mar aon le lipéid athchúrsála atá níos soiléire agus níos mó ar an dul céanna le chéile.
6. Pobail agus timpeallachtaí níos sláintiúla
- Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh: Cuireann na treoracha seo caighdeáin cáilíochta aeir an Aontais i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus tugann siad cearta cúitimh isteach do dhaoine atá thíos le truailliú.
- An Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh: Le feabhas a chur ar chaighdeán an uisce agus le socruithe cóireála níos costéifeachtaí a chur chun cinn.
- An Straitéis maidir le hAthléimneacht i réimse an Uisce: Straitéis a tugadh isteach i mí an Mheithimh 2025 agus a leagann bearta amach le go mbeidh daoine, an dúlra agus an geilleagar in ann brath ar sholáthar uisce ghlain anois agus triomach, tuilte agus truailliú ag tarlú níos minice ar fud na hEorpa.
7. An cothromas sóisialta agus an t-aistriú cóir
- Tá sásraí tacaíochta ar nós an Chiste um Aistriú Cóir, an Chiste Aeráide Sóisialta, agus Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta ag cur cabhair ar fáil do phobail agus réigiúin leochaileacha atá ag brath ar thionscail atá dian ar charbón.
Fuinneamh an Aontais, an tAthrú Aeráide, an Comhshaol
Tograí ‘Oiriúnach do 55’ a bhaint amach
Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais
An Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030
An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’
An Straitéis maidir le hAthléimneacht i réimse an Uisce - Ceisteanna agus Freagraí
Dul chun cinn an Chomhaontuithe Ghlais
Tá an measúnú is cuimsithí go dtí seo ar dhul chun cinn an Aontais ionsar spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais le fáil sa tuarascáil 5 bliana is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Europe’s Environment 2025 (‘Comhshaol na hEorpa in 2025’).
Léiríonn an measúnú sin go bhfuil dul chun cinn láidir déanta i réimse na haeráide ach cuirtear i dtábhacht freisin go bhfuil moill ar chosaint na bithéagsúlachta agus ar an oiriúnú don athrú aeráide.
Tátal na dtorthaí:
- Tá an ghníomhaíocht aeráide ar sprioc: Tá laghdú 37% tagtha ar ghlanastaíochtaí an Aontais ó bhí 1990 ann agus táthar ar an gcúrsa ceart leis an laghdú 55% a bhaint amach faoi 2030, a bhuí thar aon rud eile le laghdú ar úsáid na mbreoslaí iontaise agus méadú ar úsáid an fhuinnimh inathnuaite.
- Tá moill orainn maidir leis an mbithéagsúlacht agus an oiriúnú: Tá drochbhail ar os cionn 80% de na gnáthóga faoi chosaint. Ní leor go fóill an t-oiriúnú atá déanta i gcomhair teaspach, triomach agus tuilte.
- Dúshláin i dtaca leis an truailliú agus leis an ngeilleagar ciorclach: Tá feabhas tagtha ar chaighdeán an aeir, ach tá rioscaí móra don tsláinte fós ag baint le torann, le ceimiceáin, agus le truailliú ón talmhaíocht. Tá an dul chun cinn ionsar gheilleagar ciorclach fós ró-mhall chun spriocanna 2030 a bhaint amach.

Fuarthas sa tuarascáil go bhfuil beartais an Chomhaontaithe Ghlais fónta, ach nach mór iad a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go gasta i ngach earnáil má táthar chun deireadh a chur leis an mbearna idir an t-uaillmhian agus an réaltacht, agus todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach don Eoraip.
Aistriú Glas na hÉireann
Ní mór do Bhallstáit uile an Aontais a léiriú conas a chomhlíonfar spriocanna aeráide an Aontais trí Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Déanann an Coimisiún Eorpach anailís ar na dréacht-phleananna agus tugann sé moltaí faoi leith do gach tír sula gcuireann siad a bpleananna críochnaitheacha faoina bhráid.
I mí na Bealtaine 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún a mheasúnú ar an bplean is déanaí ó Éirinn, plean a cuireadh faoina bhráid i mí Iúil 2024. Éilíodh sa mheasúnú go leagfaí amlínte ní ba bheaichte amach, mar aon le heolas ní ba shoiléire maidir leis an tionchar a bhfuiltear ag súil leis agus tuilleadh sonraí faoin gcaoi a maoineofar na bearta lena chinntiú go mbainfear spriocanna an phlean amach.
Maille leis sin, cuireann tuarascáil tíre na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ar Éirinn easnaimh i dtábhacht maidir le hiarrachtaí na hÉireann spriocanna i dtaca leis an athrú aeráide a bhaint amach.
Ar thorthaí na tuarascála bhí an méid seo a leanas:
- In 2023 d’ísligh leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi leibhéal 1990 den chéad uair, ach meastar mar sin féin nach mbainfidh Éire an laghdú 42% amach faoi 2030.
- Tá an dul chun cinn maidir le caighdeán an uisce stoptha nach mór de dheasca brú ón talmhaíocht, athruithe ar mhoirfeolaíocht agus ar shreabhadh na n-aibhneacha, agus sceitheadh foraoiseachta agus séarachais.
- Tá an geilleagar fós líneach den chuid is mó, agus táthar ag úsáid an-chuid ábhar, tá an dramhaíl ag dul i méid agus táthar ag brath ar easpórtáil na dramhaíola seachas a hathchúrsáil go háitiúil.
- Tá brú mór ar an mbithéagsúlacht agus tá meath fairsing ag teacht ar ghnáthóga agus ar speicis.
Chuir an tuarascáil roinnt athruithe dearfacha i leith chomhshaol na hÉireann i dtábhacht, an caighdeán aeir den scoth san áireamh, mar aon le borradh gasta an leictreachais in-athnuaite agus tús feabhsúchán san iompar poiblí a d’fhéadfadh astaíochtaí a laghdú. Tá gá, áfach, le claochlú níos tapúla i réimsí an fhuinnimh, an iompair, an bhia agus na tionsclaíochta.
De réir meastachán a d’fhoilsigh Gníomhaireacht na hÉireann um Chaomhnú Comhshaoil i mí na Bealtaine 2025, beidh laghdú suas le 23% ar na hastaíochtaí faoi 2030, le hais na sprice náisiúnta, mar atá, 51%, agus sin ar chuntar go gcuirfear na bearta i bhfeidhm go hiomlán i ngach earnáil.
Measann an Ghníomhaireacht freisin:
- Nach mbainfidh Éire an sprioc amach atá roimpi faoin Rialachán AE maidir le Comhroinnt Díchill, mar atá, laghdú 42% ar na hastaíochtaí faoi 2030.
- D’fhéadfadh astaíochtaí talún méadú suas le 95%, rud a chuirfeadh an gealltanas AE i mbaol.

Tá tacaíocht tugtha ag an gCoimisiún Eorpach d’Éirinn chun gnáthóga portaigh mhóna a chosaint óir is linnte carbóin ríthábhachtacha iad. Tar éis na gcéadta blianta de mhíntíriú talún agus de ghearradh móna tá riocht thar a bheith díghrádaithe ar na portaigh sin agus níl fágtha feasta ach thart ar 1% de phortaigh ardaithe na hÉireann. In ainneoin na hoibre athbhunaithe a mhaoinigh an tAontas, tá dochar fós á dhéanamh in áiteanna, agus dá réir sin cuireadh an dlí ar Éirinn i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) in 2024 as neamhchosaint na láithreacha sin. Tá sé ráite ag Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na hÉireann go bhfuil deireadh tagtha le gearradh na móna ar 80% de na láithreacha portaigh ardaithe cosanta ó bhí 2011 ann.
Ar na cásanna eile maidir le neamhchomhlíonadh a cuireadh faoi bhráid an CBAE tá ceist na speiceas choimhthíoch ionrach, trasuí na Creat-Treorach Uisce, agus riachtanais faoin Treoir maidir le hUisce Óil.
I mí na Samhna 2024 fuair Éire fógra foirmiúil ón gCoimisiún maidir le cóireáil an fhuíolluisce uirbigh. Eisíodh fógra foirmiúil eile maidir le huisce óil i mí Iúil 2025.
I bPlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na Aeráide 2025, arb é an tríú nuashonrú faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2021, coinnítear an ceanglas dlíthiúil laghdú 51% ar astaíochtaí a bhaint amach ar fud an gheilleagair faoi 2030. Tá sé d’aidhm ag an Acht dlús a chur leis an gcur i bhfeidhm i réimsí an fhuinnimh, na dtithe cónaithe, an iompair, na talmhaíochta, na tionsclaíochta agus úsáid na talún.
Europe’s Environment 2025: Éire
Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide
Measúnú an Choimisiúin ar Phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide na hÉireann
Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann
Plean Gníomhaithe na hÉireann ar son na Aeráide 2025
Dlí Comhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm
Meastacháin astaíochtaí gás ceaptha teasa na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil
Aistriú na hÉireann a mhaoiniú
Tá infheistíocht shuntasach ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach ag teastáil chun sprioc na hEorpa a bheith aeráidneodrach faoi 2050 a bhaint amach. Le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais, tá sé d’aidhm ag an Aontas €1 thrilliún ar a laghad d’infheistíocht inbhuanaithe a shlógadh in 2021-2030 trí bhuiséad an Aontais a ghiaráil chun maoiniú náisiúnta agus príobháideach a mhealladh.
Áirítear ar na príomhfhoinsí maoinithe d’Éirinn:
- An Sásra um Aistriú Cóir, príomhuirlis tacaíochta an Phlean le haghaidh na réigiún agus na n-earnálacha is mó atá faoi thionchar an aistrithe.
- Tá maoiniú €84.5 milliún ag Plean Críochach um Aistriú Cóir na hÉireann ó Chiste an Aontais um Aistriú Cóir, agus maoiniú iomlán suas le €169 milliún aige a bhuí le cómhaoiniú náisiúnta. Tá cuid mhaith de sin dírithe ar réigiún lár na tíre atá faoi thionchar dheireadh céimnitheach bhaint na móna.

Tá thart ar 42% den €914 mhilliún i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann dáilte ar bhearta comhshaoil, ina measc:
- €164 mhilliún chun córas iarnróid comaitéireachta Chorcaí a uasghrádú chun an t-aistriú ó úsáid na ngluaisteán príobháideach a spreagadh.
- €155 mhilliún le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe agus phoiblí ar fud na hÉireann.
- €20 milliún chun staidéir féidearthachta a dhéanamh ar 20 ionad beag fuíolluisce agus 10 gcinn ar a laghad a uasghrádú.
Tá Misean an Aontais le haghaidh na gCathracha ag cuidiú leis an aistriú trí chabhair a thabhairt do 100 cathair Eorpach, Baile Átha Cliath agus Corcaigh ina measc, an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030. Faigheann na cathracha a roghnaíodh cúnamh teicniúil agus airgeadais, lena n-áirítear €360 milliún ón gclár Fís Eorpach in 2022-2023 agus tacaíocht ó Mhol Caipitil na Cathrach Aeráide in 2024.
Míniúchán: Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Sásra um Aistriú Cóir
Maoiniú LIFE d’Éirinn
Is é clár LIFE clár suaitheanta maoiniúcháin an Aontais don nádúr, do chosaint na bithéagsúlachta agus don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Tá maoiniú sa chlár LIFE dar luach €5.4 billiún le haghaidh 2021 – 2027 do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite.
Seo a leanas samplaí de thionscadail a fuair maoiniú ón gclár LIFE in Éirinn:
- LIFE Emerald: tionscadal a chuir an chéad chóras fíor-ama in Éirinn ar fáil le haghaidh tuar reatha agus réamhaisnéisí trí lá caighdeáin aeir, rud a neartaigh cur i bhfeidhm Threoracha an Aontais maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Bhain sé áit amach sa bhabhta ceannais ag Gradaim LIFE 2025.
- Uiscí LIFE: tionscadal €20 milliún chun díghrádú cuid de na haibhneacha is íne in Éirinn a stopadh agus iad a chur ina gceart.
- MPA LIFE Ireland: tionscadal naoi mbliana chun líonra dea-bhainistithe Limistéar Muirí faoi Chosaint a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a chlúdóidh 30% d’fharraigí na hÉireann faoi 2030. Cruthófar an líonra i gcomhar le heolaithe, páirtithe leasmhara agus pobail chósta agus é d’aidhm aige Dea-Stádas Comhshaoil oifigiúil a bhaint amach.
- LIFE SNaP Ireland: tionscadal €33.9 milliún faoi cheannaireacht na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (i dteannta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Choillte) chun ardán náisiúnta sonraí caomhnaithe a bhunú, maoiniú comhlántach a aimsiú, agus athbhunuithe dúlra spriocdhírithe a dhéanamh. Beidh sé ar bun ó 2024 go 2032.
- Wild Atlantic Nature: tionscadal LIFE naoi mbliana dar luach €20.6 milliún chun bratphortaigh i nDún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo agus Gaillimh a athbhunú trí ghníomhaíocht phobail faoi stiúir feirmeoirí. Ghnóthaigh sé Duais Natura 2000 in 2024 sa chatagóir ‘Ag obair le chéile ar son an dúlra’.
- Peatlands and People: tionscadal LIFE seacht mbliana dar luach €10 milliún atá i mbun feabhsúchán ar fud níos mó ná 9,900 heicteár de thailte móna i lár na tíre ó 2020 i leith.
- LIFE AUDIT PLUS: tionscadal trí bliana dar luach €1.3 milliún faoi chomhordú International Energy Research Centre (an Ionaid Idirnáisiúnta Taighde Fuinnimh) i gColáiste na hOllscoile Corcaigh a chuireann comhairleoireacht éifeachtúlachta fuinnimh ar fáil saor in aisce do thionscail dhiana ar fhuinneamh in Éirinn, sa Spáinn agus sa Pholainn chun úsáid an fhuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Meastar go gcruthóidh an tionscadal beagnach 1,000 post lánaimseartha.
Bileog eolais faoin gClár LIFE in Éirinn
Éire, Glas go Buan – scéalta ratha maidir leis an gcomhshaol in Éirinn
Fíricí: Comhshaol na hÉireann
- Ardú teochta: Tá ardú thart ar 1.0°C tagtha ar an meánteocht ó thús na 1900anna. Ba í 2024 an ceathrú bliain ba theo ar an taifead agus is ó 2005 i leith a tharla seacht gcinn de na 10 mbliana ba theo.
- Ábhair imní maidir le caighdeán an aeir: Tá Éire ag cloí leis an gcuid is mó de theorainneacha dlíthiúla an Aontais, ach tá na leibhéil PM2.5 agus NO2 fós os cionn threoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte, agus tá tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil leis an sprioc níos déine atá ag an Aontas do 2030 a bhaint amach.
- Dúshláin maidir le caighdeán an uisce: Tá an truailliú ó chothaithigh fós ard agus tá brú leanúnach ar inbhir, agus de réir mar a tharlaíonn feabhsuithe in áiteanna téann an caighdeán in olcas in áiteanna eile.
- Caillteanas bithéagsúlachta: Tá drochbhail ar bheagnach leath na ngnáthóg cosanta AE agus léiríonn an tuairisciú faoi Airteagal 17 agus an measúnú dúlra is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil siad fós á ndíghrádú.
- Astaíochtaí gás ceaptha teasa: Laghdaigh na hastaíochtaí 6.8% in 2023 agus 2.0% (measta) in 2024 go 53.75 Mt coibhéis CO2; tá na hastaíochtaí in aghaidh an duine thart ar 10 t coibhéis CO2 agus tá astaíochtaí na hÉireann in aghaidh an duine fós ard ar an leibhéal Eorpach le hais spriocanna 2030.
- An geilleagar ciorclach: Tá an dramhaíl ag méadú agus níl borradh faoin athchúrsáil, rud a chuireann spriocanna 2025 an Aontais i mbaol agus a fhágann go bhfuil Éire fós ag brath ar mhargaí easpórtála le haghaidh roinnt athchúrsála.

Latest environment news

- News article
The European Commission granted almost €3.5 million to two Irish projects, HERO and BUSUnited, under the 2024 EU LIFE Programme to accelerate Ireland’s clean energy transition.
- Am léitheoireachta: 2 nóiméad

- News article
This year, the EU tent at Ploughing is connecting visitors of all ages with the principles of organic farming, zero waste, and the circular economy in action.
- Am léitheoireachta: 3 nóiméad

- News article
The European Commission decided today to send reasoned opinions to Ireland (INFR(2024)0231), Latvia (INFR(2024)0237) and Portugal (INFR(2024)0245) for failing to fully transpose into national law the provisions of the revised Renewable Energy Directive.
- Am léitheoireachta: 1 nóiméad

- News article
The European Commission formally approved the European Ocean Pact, a comprehensive strategy to better protect the ocean, promote a thriving blue economy and support the well-being of people living in coastal areas.
- Am léitheoireachta: 1 nóiméad