Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
  • 19 Feabhra 2025

Beartas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus Éire

De bharr gur geilleagar beag oscailte atá ag Éirinn, bíonn sí ag brath go mór ar thrádáil agus ar mhargaí idirnáisiúnta, rud a fhágann leochaileach í i leith géarchéimeanna airgeadais domhanda.

Mar sin féin, mar bhall den Aontas Eorpach, baineann Éire leas as comhchumhacht na 27 mBallstát ó thaobh cobhsaíocht fhioscach, fás eacnamaíoch fadtéarmach agus cabhair le téarnamh ó shuaití airgeadais gan choinne de.

Chuidigh ballraíocht an Aontais Eorpaigh le hÉirinn aistriú ó mharbhántacht eacnamaíoch i lár an chéid seo caite go tír a bhfuil geilleagar dinimiciúil aici a bhuí leis an tsaorthrádáil, leis an infheistíocht choigríche agus leis an bhfás.

Seo trí ní a chinntíonn gur geilleagar seasmhach, iomaíoch ar an leibhéal domhanda, is ea geilleagar na hÉireann: Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, airgeadra an euro, agus beartas eacnamaíoch agus fioscach comhordaithe an Aontais.

An fhreagairt eacnamaíoch ar ghéarchéimeanna domhanda

Tá dúshláin nua ann do gheilleagar na hEorpa mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Thosaigh an t-ionsaí díreach agus an Eoraip ag teacht as paindéim COVID-19, tráth a measadh go raibh tréimhse bhorrtha fhada i ndán do gheilleagar an Aontais Eorpaigh.

Ach mar thoradh ar an gcogadh bhí brú aníos ar phraghsanna tráchtearraí, suaitheadh an soláthar agus cuireadh leis an éiginnteacht. Tar éis fás láidir in 2021 agus 2022, chaill geilleagar an Aontais cuid dá fhuinneamh: tháinig meath ar an bhfíor-OTI i dtreo dheireadh 2022, agus is ar éigean a mhéadaigh sé le linn 2023. 

Cháin an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta an t-ionsaí míleata éagórach a rinne an Rúis agus d’fhorchuir smachtbhannaí diana eacnamaíocha uirthi. Faoi thús 2025, bhí 15 phacáiste smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ag an Aontas agus earnálacha éagsúla de gheilleagar na Rúise mar sprioc acu, an t-airgeadas, an fuinneamh agus an chosaint san áireamh. 

Is é David O’Sullivan, Éireannach agus iar-Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh, Toscaire Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh. Sa ról sin, téann sé i mbun plé ardleibhéil le tíortha lasmuigh den Aontas sa chaoi nach seachnófar na smachtbhannaí ná nach rachfar timpeall orthu.

In 2024, bhí na chéad chomharthaí téarnaimh le brath i ngeilleagar an Aontais, ach bhí an fás fós leochaileach mar gheall ar an teannas geopholaitiúil leanúnach sa Mheánoirthear agus de dheasca ionradh na Rúise. Tá an réamhaisnéis eacnamaíoch don Aontas in 2025 dearfach go pointe áirithe, agus tuartar go mbeidh fíorfhás 1.5% ar OTI, suas ó 0.9% in 2024.

Agus an staid san Úcráin fós ag athrú i rith an ama, a bhuí le Creat Sealadach an Choimisiúin Eorpaigh um Ghéarchéim agus Aistriú tá na Ballstáit in ann bearta teoranta státchabhrach a úsáid chun tionchar eacnamaíoch an chogaidh a mhaolú trí thacaíocht airgeadais a thabhairt do ghnólachtaí agus d’earnálacha atá thíos go mór leis an gcogadh. De ghnáth, tá cosc ar an státchabhair faoi rialacha an Aontais toisc go mbíonn buntáiste éagórach ag na gnólachtaí a fhaigheann tacaíocht rialtais ar a gcuid iomaitheoirí.

Is faoin teideal ‘an Creat Sealadach Géarchéime’ a glacadh an Creat den chéad uair in 2022, agus ó shin tá leasuithe déanta air agus sínithe curtha leis chun aghaidh a thabhairt ar athruithe sna cúinsí eacnamaíocha agus mar fhreagairt d’aiseolas ó na Ballstáit. Cuireadh síneadh le roinnt rann den Chreat chun tacú le saoránaigh agus le gnólachtaí in am geimhridh i gcás guagacht i bpraghsanna an fhuinnimh. Na bearta sa Chreat chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach, leanfar díobh go dtí mí na Nollag 2025.

Mar chuid den tacaíocht a tugadh d’Éirinn tríd an gcreat, faomhadh scéim €1.22 billiún chun tacú le gnólachtaí a bhí thíos le cogadh na Rúise ar an Úcráin. Faomhadh scéim státchabhrach dar luach €100 milliún freisin chun tacú le hearnáil na monaraíochta micrileictreonaice, agus i mí na Nollag 2024 tugadh an solas glas do scéim dar luach €32.5 milliún chun tacú le táirgeoirí curaíochta agus gairneoireachta in Éirinn a bhí thíos le deacrachtaí margaidh a d’eascair as cogaíocht na Rúise.

Is ríthábhachtach d’Éirinn dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh le linn an chogaidh agus le linn an téarnaimh ó iarmhairtí airgeadais phaindéim Covid-19, go háirithe ós rud é go bhfuil Brexit ag imirt tionchar ar an tír freisin.

D’fhreagair an tAontas Eorpach do ghéarchéim an choróinvíris le pacáiste téarnaimh ar luach €1.8 trilliún, pacáiste ar a n-áirítear buiséad fadtéarmach na hEorpa, is é sin an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), agus an ionstraim théarnaimh shealadach, Next Generation EU.

Tá an pacáiste ceaptha chun athbheochan eacnamaíoch a spreagadh ar bhonn an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip - treochlár an Choimisiúin le haghaidh geilleagar inbhuanaithe - agus chun dlús a chur le digitiú gheilleagar na hEorpa.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an phríomhionstraim ar a bhfuil Next Generation EU bunaithe. Chun tacaíocht a fháil faoin tSaoráid, bhí ar gach Ballstát pleananna náisiúnta a chur isteach ina léireofaí an chaoi a dtabharfaidís aghaidh ar a ndúshláin shonracha féin agus iad ag tacú le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais ag an am céanna.

Meastar luach €1.15 billiún ar na deontais a gheobhaidh Éire ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta idir 2024 agus 2026. Tacóidh 42% den tsuim sin le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí aeráide agus rachaidh 32% di chun tairbhe an aistrithe dhigitigh.

Gheobhaidh Éire leithdháiltí ón mBeartas Comhtháthaithe freisin dar luach thart ar €1.4 billiún idir 2021 agus 2027, agus beagán níos mó ná €8.3 billiún in íocaíochtaí díreacha ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Tá €2.25 billiún ar fáil tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) freisin.

Ar na foinsí cúnaimh airgeadais eile ón Aontas atá ar fáil d’Éirinn i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, bhí:

  • Beagnach €2.5 billiún i dtacaíocht airgeadais faoin ionstraim SURE chun cuidiú le costais a bhaineann leis an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19;
  • Faoi rialacha Státchabhrach an Aontais, d’fhaomh an Coimisiún roinnt scéimeanna de chuid na hÉireann chun tacú le hearnálacha ar nós na turasóireachta, na n-ealaíon agus an chultúir, an aerthaistil, agus táirgeadh na mairteola chomh maith le heagraíochtaí neamhbhrabúis agus oibreoirí tráchtála bus.
  • Cuireann an clár InvestEU maoiniú fadtéarmach ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú le gnólachtaí agus chun tacú le beartais an Aontais a bhaineann leis an téarnamh ó ghéarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta.

Creat Sealadach um Ghéarchéim agus Aistriú

Next Generation EU 

An Plean Téarnaimh don Eoraip in Éirinn

InvestEU agus an Téarnamh

Buiséad an Aontais 2021-2027

Plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann 

SURE: Ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht fostaíochta éigeandála

Bearta tacaíochta COVID-19 d’Éirinn

Buiséad an Aontais Eorpaigh

De ghnáth, clúdaítear tréimhse suas le seacht mbliana faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Bíonn an buiséad bunaithe ar mholtaí ón gCoimisiún Eorpach a phléigh agus a chomhaontaigh na Ballstáit ag an gComhairle Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. Caithfidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa é a fhaomhadh freisin.

Úsáidtear an CAI chun beartais an Aontais a chur i bhfeidhm agus tá luach €1,074 billiún le buiséad 2021-2027; cuirtear san áireamh ina theannta sin an pacáiste téarnaimh sealadach Next Generation EU, dar luach €750 billiún, a ceapadh chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinne Covid-19 a leigheas.

Infographic detailing funding available under the MFF and NextGenerationEU

Déantar an méid a bheidh le híoc ag gach tír leis an CAI a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Le linn an chéad 40 bliain d'Éirinn a bheith ina ball den Aontas, ba ghlanfhaighteoir de chuid an CAI í, agus tá an tír anois ina glan-ranníocóir. I réamhaisnéisí Roinn Airgeadais na hÉireann, meastar go mbeidh glan-ranníocaíochtaí bliantúla na hÉireann idir €4.1 agus €4.5 billiún sa tréimhse 2024-2027.

De réir meastachán caol, áfach, is fiú €25 billiún in aghaidh na bliana an rochtain atá ag Éirinn ar an Margadh Aonair, níos mó i bhfad ná a ranníocaíochtaí leis an CAI. Is ceart a lua, maille leis sin, nach é is aidhm do bhuiséad an Aontais an rachmas a athdháileadh: is ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n-iomláine atá sé dírithe.

Buiséad an Aontais d’Éirinn

An Seimeastar Eorpach

Is é an Seimeastar Eorpach an creat ina ndéantar comhordú ar na beartais eacnamaíocha ar fud an Aontais Eorpaigh. Tríd an gcreat sin, is féidir le Ballstáit an Aontais:

  • a bpleananna eacnamaíocha agus buiséadacha a leagan amach.
  • monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ag pointí áirithe i rith na bliana.

Tá an neamhspleáchas ag na Ballstáit a mbeartais airgeadais agus a gcórais chánach féin a chur chun feidhme ach cinntíonn an Seimeastar go gcloíonn siad le sraith rialacha comhaontaithe, ar a dtugtar an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF).

Mar fhreagairt ar phaindéim Covid-19 in 2020, baineadh feidhm as clásal éalaithe ginearálta lena gceadaítear do Bhallstáit an Aontais gnáth-theorainneacha easnaimh agus fiachais an CCF a shárú go sealadach le linn géarchora chun donais eacnamaíoch. Rinneadh an clásal sin a dhíghníomhachtú ag deireadh 2023. I mí Feabhra 2025, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go molfadh sí an clásal a chur i ngníomh chun an caiteachas cosanta a shaoradh ó theorainneacha an Aontais ar an gcaiteachas rialtais, i bhfianaise na dteannas geopholaitiúil.

Cuireadh an Seimeastar Eorpach ar bun in 2010 mar fhreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda a bhí ann an tráth sin. Tá sásraí ann chun forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ina riosca don tseasmhacht a aithint, chomh maith le míchothromaíochtaí, mar shampla boilgeoga tithíochta cosúil leis an gceann a chuir leis an tobchliseadh eacnamaíoch in Éirinn in 2010.

I mí Aibreáin 2024, tháinig rialacha nua i bhfeidhm maidir leis an rialachas eacnamaíoch, rialacha a mhol an Coimisiún Eorpach le dul i ngleic le heasnaimh a tháinig chun solais sa chreat i ndiaidh COVID-19. I measc na rialacha nua, tá:

  • Pleananna náisiúnta nua ilbhliantúla ina leagfaidh na Ballstáit amach a spriocanna eacnamaíocha agus a mbearta athchóirithe le haghaidh tréimhse ceithre bliana ar a laghad.
  • Faireachas ar bhonn riosca a chuirfear in oiriúint do staid airgeadais gach Ballstáit.
  • Beidh rialacha níos simplí ann agus beidh níos mó solúbthachta ag na Ballstáit, ach cuirfear a gcuid gealltanas i bhfeidhm níos doichte.

Faoi láthair, maireann timthriall bliantúil an tSeimeastair ó mhí na Samhna go mí Dheireadh Fómhair, agus tosaíonn sé le Pacáiste an Fhómhair ina leagann an Coimisiún amach tosaíochtaí ginearálta sóisialta agus eacnamaíocha do na 12-18 mí atá le teacht, iad bunaithe ar an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe (ASGS). Tugtar treoir bheartais do na Ballstáit le haghaidh a mbuiséad náisiúnta chun an chobhsaíocht a chinntiú mar aon le dul chun cinn aontaithe ionsar spriocanna coiteanna an Aontais i leith buiséad agus beartas.

Ba é Pacáiste Fómhair an Choimisiúin le haghaidh Sheimeastar Eorpach 2024 an chéad cheann faoin gcreat nua rialachais eacnamaíoch. Is dlúthchuid den chreat nua iad pleananna meántéarmacha na mBallstát nó is iontu a léiríonn na Ballstáit an chaoi a bhfuil sé i gceist acu aghaidh a thabhairt ar chuspóirí coiteanna de chuid an Aontais ar nós an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

Mheas an Coimisiún na pleananna agus chinn sé gur chomhlíon 20 Ballstát, Éire san áireamh, riachtanais an chreata nua agus conair fhioscach inchreidte leagtha amach acu chun an leibhéal fiachais a chur ar chonair anuas inbhuanaithe. Mheas an Coimisiún freisin, áfach, nach raibh Éire - ná an Ghearmáin, an Eastóin ná an Fhionlainn - ag cloí go hiomlán leis na moltaí fioscacha, toisc go dtuartar go mbeidh a nglanchaiteachas os cionn a n-uasteorainneacha faoi seach.

Tá moltaí sonracha d’Éirinn i bPacáiste Fómhair an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Sheimeastar Eorpach 2024, lena n-áirítear: 

  • Feabhas a chur ar an gcostéifeachtacht sa chúram sláinte chun dul i ngleic le méaduithe ar an gcaiteachas a bhaineann leis an aois.
  • Aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna maidir le cur i bhfeidhm an phlean téarnaimh agus athléimneachta, REPowerEU san áireamh, faoi mhí Lúnasa 2026.
  • Infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar uisce chun feabhas a chur ar an gcáilíocht agus chun an sceitheadh a laghdú.
  • Feabhas a chur ar sholúbthacht an chórais leictreachais, acmhainneacht na heangaí a mhéadú, agus an fhreagairt ó thaobh an éilimh a chur chun cinn.
  • Pleanáil na n-áiseanna stórála agus na nascóirí eangaí a chuíchóiriú, agus feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh chun costais a laghdú.

Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún a bhonn anailíseach a fheabhsú agus an dialóg leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile a neartú i dtaobh bearta polasaí nithiúla le haghaidh thimthriall Sheimeastar Eorpach 2025. 

Cuirtear bonn eolais le haghaidh Phacáiste Fómhair an tSeimeastair Eorpaigh ar fáil i Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Fhómhair, ina bhfuil réamhaisnéisí eacnamaíocha do thíortha an Aontais - an fás OTI, an boilsciú, an fhostaíocht agus an t-airgeadas poiblí san áireamh.

De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2024 ón gCoimisiún:

  • Tuaradh go dtiocfadh laghdú 0.5% ar OTI na hÉireann in 2024 tar éis laghdú 5.5% in 2023. Tuartar, áfach, go dtiocfaidh athbhorradh ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus meastar go mbeidh ráta fáis 4.0% ann in 2025 agus 3.6% in 2026.
  • Tuartar go dtiocfaidh feabhas ar fhás foriomlán OTI an Aontais, tar éis tréimhse fhada mharbhántachta, le fás 1.5% in 2025 agus 1.8% in 2026.
  • Roinnt bheag earnálacha tábhachtacha, ina bhfuil an forlámhas ag gnólachtaí ilnáisiúnta atá dírithe ar an easpórtáil, ba mhó a chuir leis an moilliú eacnamaíoch in Éirinn.
  • Tuaradh go dtitfeadh an boilsciú, a shroich buaicphointe 8.1% in 2022, go 1.4% in 2024, 1.9% in 2025 agus 1.8% in 2026.
  • Lean an leibhéal fostaíochta in Éirinn de bheith láidir sa chéad leath de 2024, agus é tacaithe le glan-inimirce ard agus le méadú ar rannpháirtíocht na mban. Táthar ag súil le tuilleadh fáis san fhostaíocht in 2025 agus in 2026.

Sa Dréachtphlean Buiséadach is déanaí ó Rialtas na hÉireann, atá bunaithe ar an gcrapadh 0.2% a bhí tuartha do 2024, tuartar go dtiocfaidh méadú 3.9% ar fhíor-OTI na hÉireann in 2025.

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis 

An Seimeastar Eorpach 

An Réamhaisnéis Eacnamaíoch d’Éirinn 

Ceisteanna agus Freagraí: An Seimeastar Eorpach faoin gcreat nua  

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Tá ról ríthábhachtach ag an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) maidir le geilleagair an Aontais Eorpaigh a chomhtháthú. Is é is príomhsprioc dó cobhsaíocht a chur ar fáil agus fás níos láidre, níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a chothú, ar chaoi a gcuirfear feabhas ar shaol shaoránaigh an Aontais.

Comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fioscach atá i gceist leis an AEA, mar aon le comhbheartas airgeadaíochta agus airgeadra coiteann, mar atá, an euro.

Tá gach Ballstát ina bhall den aontas eacnamaíoch ach tugtar an Limistéar Euro ar na Ballstáit trí chéile a bhfuil an euro glactha acu, Éire ina measc.

Pléann airí ó Bhallstáit an Limistéir Euro gnóthaí a bhaineann leis an airgeadra sa Ghrúpa Euro. Is é Aire Airgeadais na hÉireann, Paschal Donohoe, Uachtarán an ghrúpa.

European Commission President Ursula von der Leyen with President of the Eurogroup, Ireland's Minister for Finance Paschal Donohoe

Tá freagracht an bheartais eacnamaíoch taobh istigh den AEA roinnte idir na Ballstáit agus Institiúidí an Aontais, mar shampla an Coimisiún Eorpach, a dhéanann monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar chomhlíonadh.

Is é an Banc Ceannais Eorpach an institiúid atá freagrach as beartas airgeadaíochta éifeachtach dlúthchomhordaithe a chur i bhfeidhm don limistéar euro, beartas a chloíonn le cuspóir chobhsaíocht na bpraghsanna agus leis an gcuspóir go gcosnófar luach an airgeadra.

Is iad na rialtais náisiúnta atá i gceannas ar réimsí eile den bheartas eacnamaíoch, mar shampla an beartas fioscach a bhaineann le buiséid rialtais, agus beartais chánach lena gcinntear an dóigh a dtiomsaítear ioncam.

Bunaíodh an tAontas Baincéireachta in 2014 mar fhreagairt ar ghéarchéim airgeadais 2008 agus ar ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh a lean sin. Tá dhá phríomhcholún ann: an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRM). Is é is aidhm do na sásraí sin margadh a bheidh níos trédhearcaí, níos aontaithe agus níos sábháilte a chruthú le haghaidh bainc san Aontas Eorpach. Tá teacht aniar níos fearr ag earnáil baincéireachta an Aontais anois a bhuí leis sin, agus na hinstitiúidí airgeadais san Aontas dea-chaipitlithe, an-leachtach agus faoi dhlúthmhaoirseacht.

Tá an obair fós ar siúl chun an tAontas Baincéireachta a chríochnú, agus níl a thríú colún - scéim árachais taiscí don limistéar euro ar a dtugtar an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) - ar bun go fóill. Nuair a chuirfear SEÁT i bhfeidhm, beidh sé ina chuid den chreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachais Taiscí. Tacar rialacha agus sásraí is ea an creat sin chun bainistíocht a dhéanamh ar theipeanna banc agus taisceoirí a chosaint. 

I mí Aibreáin 2023 ghlac an Coimisiún togra chun an creat Bainistíochta Géarchéime agus Árachais Taiscí a neartú chun tuilleadh cosanta a thabhairt do cháiníocóirí agus do thaisceoirí i gcás bainc mheánmhéide agus bainc bheaga a bhfuil ag cliseadh orthu. Beidh an togra sin ina chuidiú chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun úsáid na gcistí poiblí a laghdú i gcás réitigh banc.

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (DG FISMA) atá freagrach as an aontas baincéireachta a chomhlánú. Ise atá freagrach as beartas an Aontais i leith na baincéireachta agus an airgeadais a thionscnamh agus a chur i bhfeidhm freisin.

Áirítear ar a cuspóirí Aontas Margaí Caipitil atá dea-rialáilte agus iomaíoch go domhanda a thógáil le haghaidh seirbhísí airgeadais, agus straitéisí maidir le maoiniú inbhuanaithe a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Margadh aonair le haghaidh caipitil ar fud an Aontais a bheadh in Aontas na Margaí Caipitil agus chuirfeadh sé ar a gcumas do ghnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh, cistí a thiomsú le haghaidh borradh agus fáis. 

Tá dul chun cinn déanta leis na hiarrachtaí atá ar bun chun córas iomaíoch rialála agus maoirseachta a fhorbairt, chun borradh a chur faoi na hinfheistíochtaí in earnálacha inbhuanaithe agus digiteacha, agus chun rochtain na saoránach ar mhargaí caipitil a éascú. Tá an obair ar Aontas na Margaí Caipitil fós idir lámha, ach tá comhlánú an tionscadail riachtanach le haghaidh an iomaíochais, na nuálaíochta, an fháis inbhuanaithe agus chruthú na bpost san Eoraip amach anseo, go háirithe agus roinnt gnólachtaí san Aontas ag triall ar mhargaí caipitil lasmuigh den Eoraip chun maoiniú a fháil.

Tá an Banc Ceannais Eorpach ag ullmhú chun euro digiteach a thabhairt isteach a chuirfidh cineál airgid dhigitigh ar fáil a bheidh slán inrochtana éifeachtúil agus a bheidh ina chomhlánú don airgead tirim. Cinnteoidh an euro digiteach go mbeidh rochtain ag gach saoránach sa Limistéar Euro, iad siúd nach bhfuil cuntais bhainc acu san áireamh, ar airgead digiteach atá simplí sábháilte slán éifeachtúil.

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

An dóigh a bhfeidhmíonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

An Euro 

Ceard é an t-aontas baincéireachta?

Aontas na margaí caipitil

An Banc Ceannais Eorpach

Ceisteanna agus Freagraí: Athchóiriú ar an gcreat bainistithe géarchéime banc agus árachais taiscí 

An euro digiteach

Latest economic news