Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Gaeilge
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú

Léirigh paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá an teicneolaíocht, an nascacht agus an chibearshlándáil sa saol laethúil. Nuair a tugadh dianghlasálacha isteach chun cosc a chur ar leathadh an víris, fágadh go raibh an tsochaí ag brath ar na teicneolaíochtaí digiteacha níos mó ná riamh.

D’fhoghlaim na milliúin daoine conas a bheith ag obair go cianda ón mbaile agus bhí ríomhairí agus gléasanna móibíleacha ríthábhachtach chun siopadóireacht agus sóisialú a dhéanamh agus chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí foghlama.

Thug an phaindéim peirspictíochtaí nua dúinn maidir leis na féidearthachtaí ollmhóra agus na laigí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh na teicneolaíochta agus an digitithe de.

Tá athrú ag teacht go tapa ar an domhan ina mairimid agus cuireann líonraí níos tapúla agus níos iontaofa ar fáil rochtain láithreach ar uirlisí luachmhara don oideachas, don obair agus don tsláinte.

Mar sin féin, tá bagairtí ann freisin amhail bréagnuacht ar na meáin shóisialta, haiceáil mhí-eiticiúil agus mí-úsáid sonraí pearsanta agus príobháideacha agus ciapadh ar líne. Ní mór srian a chur leo sin uile.

Tá an tsochaí fós ag dul in oiriúint don ré dhigiteach nua seo, agus tá an Coimisiún Eorpach tar éis Eoraip a chruthú atá oiriúnach don aois dhigiteach a chur mar cheann dá phríomhthosaíochtaí do 2019-2024.Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach

Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach

Deacáid Dhigiteach na hEorpa

Tá ‘Compás Digiteach’ curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach a aistríonn uaillmhianta digiteacha an Aontais ina spriocanna daingne atá le baint amach le linn na deacáide suas go dtí 2030.

Ní mór cearta agus saoirsí na saoránach a chosaint le linn an aistrithe dhigitigh agus tá creat prionsabal á fhorbairt a chuideoidh chun bunluachanna an Aontais sa spás digiteach a chur chun cinn agus a urramú.

Chun dul i ngleic le dúshláin an 21ú haois - an t-athrú aeráide agus ord domhanda atá ag éirí níos polaraithe- teastaíonn cumhacht iomlán na réabhlóide digití uainn.
Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá Oiriúnach don Aois Dhigiteach

 

Illustrative image about the Digital Decade

San áireamh le spriocanna na Deacáide Digití le haghaidh 2030 tá na nithe seo a leanas:

  • Ba cheart bunscileanna digiteacha a bheith ag 80% de na daoine fásta, agus ba cheart go mbeadh 20 milliún speisialtóirí TFC fostaithe san Aontas agus níos mó ban sna róil sin;
  • Ba cheart nascacht ghigighiotáin a bheith ar fáil do gach teaghlach san Aontas agus cumhdach 5G ar fáil i ngach ceantar a bhfuil cónaí ann;
  • Ba cheart go mbeadh trí cinn as gach ceithre chuideachta ag úsáid néalseirbhísí, mórshonraí agus intleacht shaorga, agus ba cheart go mbeadh bunleibhéal de dhéine dhigiteach, ar a laghad, ag breis agus 90% de na fiontair bheaga agus mheánmhéide;
  • Ba cheart go mbeadh gach príomhsheirbhís phoiblí ar fáil ar líne agus rochtain ag gach saoránach ar a chuid ríomhthaifead leighis.

Chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Chompás Digiteach a chomhlíonadh, tá an Coimisiún Eorpach ag cur dlús le seoladh tionscadal ilnáisiúnta, tionscadail lena bhforbrófar teicneolaíochtaí uile-Eorpacha agus bonneagar digiteach.

Déanfar na tionscadail seo a chistiú trí infheistíochtaí ó bhuiséad an Aontais, ó na Ballstáit agus ón earnáil tionsclaíochta a chomhcheangal. Tá de ghealltanas ar na Ballstáit 20% ar a laghad dá gcuid Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a chur i leataobh le haghaidh na tosaíochta digití.

Deacáid Dhigiteach na hEorpa

Spriocanna Digiteacha 2030

Deacáid Dhigiteach na hEorpa – Ceisteanna agus Freagraí

Gníomhaíocht dhigiteach

Tá dul chun cinn déanta cheana féin ag an Aontas i dtaca leis an teicneolaíocht a thabhairt níos gaire do dhaoine, agus á chinntiú go gcloítear le cearta príobháideachais agus sonraí.

Ceann de na buntáistí is follasaí i Straitéis Dhigiteach an Aontais ab ea deireadh a chur le táillí fánaíochta guthán póca. Ó bhí 2017 ann i dtaca le glaonna gutháin, cur teachtaireachtaí SMS agus úsáid an idirlín ar do ghuthán póca, cumhdaítear iad sin ar fad i do shíntiús soghluaiste is cuma cén áit a dtéann tú san Aontas.

Chomh maith leis sin, cuireadh deireadh in 2018 le srianta geografacha gan údar maith – nó an gheobhlocáil – a dhéanann dochar don tsiopadóireacht ar líne agus do dhíolacháin trasteorann.

Tá rialacha nua á dtabhairt isteach anois chun go mbeidh sé níos éasca gléasanna leictreonacha a luchtú, lena n-áirítear fóin chliste. Faoi dheireadh 2024, is é cineál USB-C an caighdeán luchtaithe uilíoch, rud a chiallaíonn nach mbeidh roinnt cáblaí luchtaithe ag teastáil ó thomhaltóirí le haghaidh gléasanna éagsúla.

Hand holding a selection of digital chargers

Glacadh Gníomh um Margaí Digiteacha an Choimisiúin Eorpaigh, ar gníomh é a bhfuil sé mar aidhm aige ardáin ar líne a dhéanamh níos sábháilte.

Tugtar isteach leis an ngníomh rialacha d’ardáin dhigiteacha - lena n-áirítear iad siúd atá á reáchtáil ag cuideachtaí móra teicneolaíochta - a ghníomhaíonn mar ‘gheatóirí’ san earnáil dhigiteach. Cuirfidh na rialacha sin cosc ar gheatóirí sainaitheanta coinníollacha éagóracha a fhorchur ar ghnólachtaí agus ar úsáideoirí aonair agus cinnteoidh siad oscailteacht agus iomaíochas i seirbhísí digiteacha tábhachtacha.

Ar an gcaoi chéanna, leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, forchuirfear rialacha lena rialaítear seirbhísí digiteacha a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe laistigh den Aontas chun tomhaltóirí a nascadh le hearraí, seirbhísí agus ábhar.

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le seirbhísí óstála, margaí agus ardáin ar líne a thairgeann seirbhísí san Aontas. Leis an ngníomh, forchuirfear oibleagáidí ar na seirbhísí sin arb é is aidhm dóibh a chinntiú go gcosnófar cearta bunúsacha Eorpacha agus tomhaltóirí agus go mbeidh siad saor ó ábhar neamhdhleathach.

Fánaíocht: Ceisteanna & Freagraí

Geo-bhlocáil

Réiteach luchtaithe uilíoch

Ceisteanna agus Freagraí: An Gníomh um Margaí Digiteacha

Ceisteanna agus Freagraí: An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Cosaint sonraí

Gach lá seoltar na teiribhearta faisnéise anonn agus anall ar an idirlíon, sonraí príobháideacha pearsanta ina measc.

De réir dhlí an Aontais ní ceadmhach sonraí pearsanta a thiomsú ach amháin má tá cuspóir dlisteanach aige sin, agus aon duine a thiomsaíonn agus a bhainistíonn faisnéis phearsanta, ní mór dó í a chosaint ar mhí-úsáid.

Feabhsaíodh an chosaint sonraí ar fud an Aontais leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Leis an Rialachán seo tugtar an ceart do dhaoine aonair cóip a iarraidh d’aon sonraí pearsanta dá gcuid a d’fhéadfadh a bheith ina seilbh ag eagraíochtaí. Chomh maith leis sin, tá sé de cheart ag saoránaigh a gcuid sonraí a chur á scriosadh go tapa faoi RGCS, agus ní mór do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí cloí le rialacha dochta chomh fada agus a bhaineann sé leis an bpróiseáil sonraí.

Tá rialacha nua cibearshlándála á moladh ag an gCoimisiún Eorpach lena gcosnófar tomhaltóirí agus gnólachtaí ar tháirgí digiteacha atá i mbaol haiceála.

Is féidir le leochaileacht in aon táirge a ligean do chibearchoirpigh líonraí a rochtain agus ionsaithe bogearraí éirice a dhéanamh, sonraí pearsanta a ghoid nó cur isteach ar shlabhraí soláthair ar fud na hEorpa.

Leis na rialacha nua, ceanglófar ar gach táirge digiteach ceanglais chibearshlándála éigeantacha a bheith acu ar feadh a saolré ar fad agus beidh sé d’oibleagáid ar mhonaróirí tuairisciú a dhéanamh ar na leochaileachtaí agus ar na teagmhais a shaothraítear go gníomhach.

Cosaint sonraí san Aontas

Gníomh an Aontais um an gCibear-Athléimneacht - Ceisteanna agus Freagraí

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

An Coimisiún Cosanta Sonraí, Éire

Rangú digiteach na hÉireann

Déanann an Coimisiún Eorpach faireachán ar dhul chun cinn digiteach na mBallstát trí thuairiscí bliantúla ón Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach. Rangaítear Éire sa 5ú háite as 27 mBallstát an Aontais i dtuarascáil DESI do 2022.

Meánfhás bliantúil na hÉireann ar scór DESI idir 2017 agus 2022, tá sé ar cheann de na fás is airde san Aontas agus tá sciar mhuintir na hÉireann ag a bhfuil bunscileanna digiteacha agus scileanna cruthaithe ábhar digiteach, chomh maith le sciar na speisialtóirí TFC, idir fhir agus mhná, os cionn mheán an Aontais.

Úsáidtear ceithre tháscaire in innéacs DESI chun feidhmíocht dhigiteach a thomhas - Nascacht, Caipiteal Daonna, Comhtháthú na Teicneolaíochta Digití, agus Seirbhísí Poiblí Digiteacha. Seo é an chaoi a bhfuil Éire ag feidhmiú faoi gach táscaire.

  1. Nascacht: Tá Éire sa 6ú háit i measc thíortha an Aontais le 98% de ghlacadh leathanbhanda shoghluaiste agus clúdach 89 % den Líonra Fíor-ardacmhainneachta (VHCN). Mar sin féin, tá glacadh le seirbhís Gbps amháin ar a laghad fós íseal (4.27%) agus faoi mar a sheasann rudaí i láthair na huaire, ní bhainfidh Éire spriocanna 2025 amach de bharr moilleanna ar chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  2. Caipiteal daonna: Tá Éire i measc na dtíortha is fearr san Aontas, í sa tríú háite as na 27 mBallstát. Tá bunscileanna digiteacha ag ar a laghad 70% de dhaoine, tá scileanna digiteacha os cionn na mbunscileanna digiteacha ag 40% de dhaoine, agus tá ar a laghad bunscileanna cruthaithe ábhair dhigitigh ag 77% de dhaoine, i gcomparáid le meán an Aontais de 54%, 26% agus 66% faoi seach.
  3. Comhtháthú na Teicneolaíochta Digití: Tá úsáid teicneolaíochtaí digiteacha réasúnta forleathan i measc gnólachtaí in Éirinn, agus tá an tír sa 7ú háit san Aontas.
  4. Seirbhísí Poiblí Digiteacha: Tá Éire sa séú háit san Aontas ó thaobh seirbhísí poiblí digiteacha de agus is ionann sciar na n-úsáideoirí ríomhrialtais agus 92%.
Graph showing the results for Ireland under the main categories of the DESI

Tuairisc ón Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, Éire

Straitéis dhigiteach na hÉireann

Seoladh Straitéis Náisiúnta Dhigiteach na hÉireann - ‘Leas a bhaint as an Digiteach - Creat Digiteach na hÉireann’ in 2022 agus tá sé ailínithe le tosaíochtaí an Aontais atá i gClár Beartais 2030 a mhol an Coimisiún dar teideal ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’.

Ghlac Éire freisin Straitéis 10 mbliana Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití do Dhaoine Fásta in 2021 agus foilsíodh Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna go 2027 i mí Aibreáin 2022.

Tá Éire tiomanta don sprioc a bhaint amach go mbeidh bunscileanna digiteacha ag ar a laghad 80% de dhaoine fásta faoi 2030, sin agus cinnteoidh sí go gcumhdófar gach teaghlach agus gnólacht le líonra gigighiotáin faoi 2028. Cinnteoidh sí freisin go mbeidh nascacht 5G ag gach ceantar a bhfuil daonra iontu faoi 2030.

De réir thuarascáil Innéacs DESI 2022, meastar go bhfuil Éire ar thús cadhnaíochta san Aontas maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú, agus táthar ag súil go gcuirfidh sí go mór leis na hiarrachtaí comhchoiteanna is gá chun spriocanna Deacáid Dhigiteacha na hEorpa a bhaint amach.

Leas a bhaint as an Digiteach - Creat Digiteach na hÉireann

Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití do Dhaoine Fásta

Straitéis Dhigiteach do Scoileanna