Is tacaíocht le leasanna iascairí na hÉireann é Éire a bheith ina cuid den Aontas Eorpach agus í ag obair i gcomhar leis na Ballstáit eile chun ár bhfarraigí agus ár n-aigéin a chosaint. Tacaíocht atá sa mhéid sin le leasanna na bpobal iascaireachta, an chomhshaoil mhuirí agus thomhaltóirí na dtáirgí éisc freisin.
Cé gur náisiún oileánda í Éire, tá an tionscal iascaireachta beag go leor, ach tá tábhacht eacnamaíoch agus shóisialta ag baint leis.
Leis na mílte bliain tá bia mara den scoth á fháil ó na huiscí nádúrtha glana atá amach ó chósta na tíre, cósta atá 7,500 km ar fhad, ach níor baineadh leas iomlán as an acmhainn luachmhar sin i gcónaí.
Sular tháinig Éire isteach sa CEE, mar a tugadh air an t-am sin, in 1973, ní fhaigheadh tionscal iascaireachta na hÉireann mórán infheistíochta Stáit. Soithí beaga a bhí ag feidhmiú ar scála measartha beag a bhí sa chabhlach iascaireachta.
De réir tuarascáil rialtais ó 1970, b’fhiú £2.7 milliún easpórtálacha éisc agus táirgí iascaigh na hÉireann agus iad ag dul go hiomlán, nach mór, chuig tíortha an Aontais agus chuig an Ríocht Aontaithe.
An t-am sin, bhí cearta iascaireachta eisiacha ag gach náisiún cósta suas le sé mhuirmhíle óna gcósta ach is minic nach mbíodh aon longa ar fáil ag Éirinn chun póilíneacht a dhéanamh ar a huiscí.
Le haontachas na hÉireann, mar aon leis an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg, in 1973, cuireadh go mór le hacmhainní iascaireachta CEE agus ba léir go raibh gá le comhbheartas iascaireachta.
Nuair a d'fhógair an Iorua agus an Íoslainn teorainneacha iascaireachta 200 míle in 1977, rinne an CEE amhlaidh freisin, agus tháinig práinn le beartas iascaireachta a fhorbairt don Eoraip.
Tar éis idirbheartaíocht fhada dheacair thángthas ar chomhaontú maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) ar deireadh in 1983, agus tugadh maoiniú d’Éirinn chun ceithre shoitheach cabhlaigh nua a cheannach le cabhrú leo patról a dhéanamh ar uiscí leathnaithe an Limistéir Eacnamaíoch Eisiaigh (LEE).
Chuidigh a ballraíocht san Aontas Eorpach le hÉirinn forbairt a dhéanamh ar a tionscal iascaireachta agus faoi 2024 bhí luach €595 mhilliún de bhia mara ó Éirinn á easpórtáil chuig an Aontas, chuig an Ríocht Aontaithe agus chuig breis agus 40 tír eile ar fud an domhain.
Mar sin féin, ceist chonspóideach atá sa CBI in Éirinn agus tháinig laghdú ar na cuótaí d’iascairí na hÉireann mar gheall ar Brexit. Dá láidre luach na n-easpórtálacha bia mara, tá arduithe costas agus caillteanais post ag luí ar an tionscal iascaireachta.
