Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta21 Feabhra 2023An Ionadaíocht in Éirinn

Iascach, dobharshaothrú agus éiceachórais mhuirí: aistriú chuig fuinneamh glan agus cosaint éiceachórais ar mhaithe le tuilleadh inbhuanaitheachta agus athléimneachta

Tá pacáiste beart á chur i láthair ag an gCoimisiún chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a fheabhsú.

Commissioner for Environment, Oceans and Fisheries presenting the package of measures to improve the sustainability and resilience of the EU's fisheries and aquaculture sector

Tá ceithre ghné ann:

I measc phríomhchuspóirí na mbeart tá úsáid foinsí fuinnimh níos glaine a chur chun cinn agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, mar aon le tionchar na hearnála ar éiceachórais mhuirí a laghdú. Déanfar na gníomhaíochtaí atá beartaithe de réir a chéile chun cabhrú leis an earnáil oiriúnú. Tacóidh ‘Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan' freisin leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara in earnáil an iascaigh, lena n-áirítear iascairí, eagraíochtaí táirgeoirí, comhairlí comhairleacha réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus eolaithe. Cuspóir eile atá i gcroílár na dtograí is ea áit tharraingteach oibre a dhéanamh den earnáil don ghlúin óg.

Earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe atá aeráidneodrach faoi 2050

Maidir le spleáchas reatha na hearnála ar bhreoslaí iontaise, ní hamháin go bhfuil sé neamh-inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá leochaileacht faoi leith aici i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh freisin dá bharr. Nuair a tháinig méadú ar phraghsanna breosla in 2021 agus 2022, d'fhan roinnt mhaith soithí sa chalafort agus bhí tacaíocht airgeadais de dhíth ar an earnáil toisc nach raibh cuid mhór de chabhlach iascaireachta an Aontais in ann costais oibriúcháin a chumhdach. Ar an gcaoi chéanna, bhí an dobharshaothrú neamhchosanta ar phraghsanna níos airde breosla agus beatha araon. Thairbhigh an earnáil de thacaíocht airgeadais ón Aontas.

Tá an Coimisiún ag moladh inniu an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus díriú ar earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe atá aeráidneodrach, i gcomhréir le ceann amháin d'uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá bearta á moladh aige chun tacú leis an earnáil dlús a chur lena haistriú fuinnimh, trí éifeachtúlacht breosla a fheabhsú agus aistriú go foinsí in-athnuaite cumhachta ísealcharbóin.

Ceann de na príomhghníomhaíochtaí is ea Comhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh le haghaidh earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais. Leis sin, tabharfar le chéile na páirtithe leasmhara uile, ina measc, páirtithe leasmhara san iascach, an dobharshaothrú, an longthógáil, calafoirt agus fuinneamh, mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, chun aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin a bhaineann le haistriú fuinnimh na hearnála.

Oibreoidh an Coimisiún freisin chun na bearnaí atá ann maidir le haistriú na teicneolaíochta ón taighde agus nuálaíocht go cur i bhfeidhm a líonadh; forbairt scileanna a chur chun cinn i measc an lucht saothair; agus feabhas a chur ar thimpeallacht an ghnó, lena n-áirítear deiseanna maoinithe agus feasacht.

Éiceachórais mhuirí a chosaint ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe

Tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus truailliú na n-aigéan ina mbagairt ar inbhuanaitheacht na n-acmhainní iascaigh agus dobharshaothraithe. Tá plean gníomhaíochta muirí á chur i láthair ag an gCoimisiún chun rannchuidiú CBI le cuspóirí comhshaoil an Aontais a threisiú agus drochthionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí a laghdú, go háirithe trí shuaitheadh ar ghrinneall na farraige, trí fhoghabháil speiceas íogair agus trí éifeachtaí ar bhia-eangacha muirí. Muirthimpeallacht shláintiúil a bheith ann ina bhfuil stoic éisc shláintiúla agus bithéagsúlacht shaibhir, sin é an t-aon bhealach chun todhchaí rathúil a chinntiú do phobail iascaigh an Aontais sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Cuidíonn an plean gníomhaíochta le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 a bhaint amach agus leis an ngealltanas atá inti 30 % dár bhfarraigí a chosaint go héifeachtach agus go dlíthiúil, agus aon trian díobh faoi dhianchosaint. Chun an sprioc sin a bhaint amach, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit bearta caomhnaithe iascaigh a dhéanamh chun limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) a chosaint agus a bhainistiú go héifeachtach agus de réir amlíne shoiléir. Ba cheart a chuimsiú leis na hiarrachtaí sin limistéir sceite éisc agus iasclanna a chosaint, rátaí básmhaireachta éisc a laghdú agus croílimistéir a athchóiriú le haghaidh speicis agus gnáthóga íogaire.

Tá sé d'aidhm ag an bplean freisin tionchar na hiascaireachta ar ghrinneall na farraige a laghdú. Tá sé ríthábhachtach gnáthóga ar ghrinneall na farraige a chosaint agus a athchóiriú go práinneach i limistéir mhuirí faoi chosaint, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad mar theophointí bhithéagsúlacht mhuirí an Aontais agus a thábhachtaí atá carbón gorm i ngnáthóga muirí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur chun cinn agus bearta náisiúnta a dhéanamh chun deireadh a chur le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste de réir a chéile i ngach limistéar muirí faoi chosaint faoi 2030 ar a dhéanaí agus gan í a cheadú in aon limistéar muirí faoi chosaint nuabhunaithe. Ba cheart na chéad bhearta a dhéanamh roimh mhí an Mhárta 2024 i gcás laithreáin Natura 2000 faoin Treoir maidir le Gnáthóga lena gcosnaítear grinneall na farraige agus speicis mhuirí.

Moltar sa phlean gníomhaíochta freisin gníomhaíochtaí chun roghnaíocht an trealaimh iascaireachta agus na gcleachtas iascaireachta a mhéadú agus chun gabhálacha de thaisme de speicis atá faoi bhagairt a laghdú, agus amchlár a leagan síos chun cabhrú leis na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do na speicis sin a dteastaíonn an chosaint is mó uathu.

Ós rud é go bhfuil 71 % de dhromchla an Domhain agus níos mó ná 65 % de chríoch an Aontais faoi uisce, beidh plean gníomhaíochta an lae inniu ina chuid de rannchuidiú an Aontais le cur chun feidhme chomhaontú bithéagsúlachta Kunming-Montréal a comhaontaíodh le déanaí.

‘Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan' chun cuidiú le cur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh

Is é an comhbheartas iascaigh an creat dlíthiúil leormhaith fós chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh iascaigh an Aontais agus roimh na farraigí a mbíonn siad ag brath orthu, ar creat é a thugann an chobhsaíocht is gá don earnáil iascaigh agus a chuireann ar a chumas don Aontas dea-shampla a thabhairt maidir le hiascach inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain. Tá na trí phríomhphrionsabal ar a bhfuil an beartas bunaithe fós ábhartha sa lá atá inniu ann: inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch; comhar réigiúnach éifeachtach; agus cinnteoireacht eolaíochtbhunaithe. Mar sin féin, tá roinnt dúshlán fós ann chun CBI a chur chun feidhme go hiomlán, agus tá gá le claochlú níos tapa agus níos struchtúraí chun tionchar na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Tá gá leis sin chun muirthimpeallacht shláintiúil a athchóiriú agus an tslándáil bia a chinntiú, mar aon le cabhrú leis an earnáil a bheith níos athléimní, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus rannchuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach go tapa. Cuideoidh sé sin le costais bhreosla a shábháil agus borradh a chur faoin bhfuinneamh glas.

Chun fís aontaithe a bhunú i leith thodhchaí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe, agus chun an gealltanas comhpháirteach a athdhearbhú maidir le CBI a chur chun feidhme ina iomláine chun plé a sheoladh idir bainisteoirí iascaigh agus páirtithe leasmhara i dtaca le féachaint chuige go mbeidh an beartas slán i bhfad na haimsire ó thaobh na hathléimneachta sóisialta agus comhshaoil de, molann an Coimisiún ‘Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan', lena dtabharfar le chéile na páirtithe leasmhara uile. Leis an ‘gComhshocrú Iascaigh agus Aigéan', cuirtear tús le céim nua idirphlé agus comhair idir an Coimisiún agus na páirtithe leasmhara uile in earnáil an iascaigh. Forbróidh sé comhthuiscint i dtaca leis na cuspóirí atá le baint amach agus beidh sé ina chuidiú leis an mbeartas a oiriúnú de réir mar is gá.

Cúlra

In 2020, bhí 124 630 duine fostaithe in iascaigh thráchtála an Aontais agus 57 000 duine sa dobharshaothrú. Is é is aidhm don chomhbheartas iascaigh (CBI) inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a chinntiú d'earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe; infhaighteacht soláthairtí bia a chinntiú; agus caighdeán cóir maireachtála a chinntiú do phobail iascaigh agus dobharshaothraithe.

10 mbliana tar éis athchóiriú an chomhbheartais iascaigh, tá an Coimisiún ag tuairisciú ar fheidhmiú an bheartais, agus ar fheidhmiú chomheagrú na margaí. An tráth céanna, tapaíonn sé an deis a fhís a leagan síos i dtaca le hiascaigh inbhuanaithe na todhchaí. 

Tuilleadh eolais

Bileog eolais - Iascach, dobharshaothrú agus éiceachórais mhuirí atá inbhuanaithe agus athléimneach 

Comhbheartas Iascaigh

Ceisteanna & Freagraí i ndáil leis an Teachtaireacht maidir le feidhmiú an chomhbheartais iascaigh

An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan i dtreo bainistiú iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach

Doiciméad inmheánach oibre maidir leis an gcomhbheartas iascaigh

An Comhbheartas Iascaigh (CBI)

Éiceachórais mhuirí a chosaint ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe

Ceisteanna & Freagraí i ndáil leis an bPlean Gníomhaíochta chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athchóiriú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe athléimneacha

Plean Gníomhaíochta an Aontais: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athchóiriú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe athléimneacha

Beartas Cósta agus Muirí an Aontais

Gníomhaíochtaí ar son an dúlra agus na bithéagsúlachta - AE

Suíomh gréasáin maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Muirí

An t-aistriú fuinnimh in earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais

Ceisteanna & Freagraí maidir leis an aistriú fuinnimh in earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais

Teachtaireacht ón gCoimisiún: Maidir leis an Aistriú Fuinnimh in earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais

Féidearthachtaí agus samplaí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe

Comheagrú na Margaí

Ceisteanna & Freagraí maidir leis an Tuarascáil ar thorthaí Chomheagrú na Margaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

Tuarascáil maidir le torthaí Chomheagrú na Margaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

Comheagrú na Margaí 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn