Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Beartas Fuinnimh an Aontais Eorpaigh

Soláthar iontaofa fuinnimh inacmhainne chun ár dtithe a théamh agus cumhacht a thabhairt dár dtionscail, sin rud a ndearna muintir na hÉireann talamh slán de le fada an lá.

Mar sin féin, léirigh an t-athrú aeráide agus ionradh na Rúise ar an Úcráin a leochailí atá soláthairtí fuinnimh na hEorpa.

Tá breoslaí iontaise ón Rúis á n-úsáid mar arm eacnamaíoch agus polaitiúil, rud a fhágann go bhfuil praghsanna fuinnimh luaineacha agus línte soláthair neamhiontaofa ann ar fud na hEorpa.

Idir an dá linn, tá éifeachtaí an athraithe aeráide le brath ar fud an domhain cheana féin agus anois tá sé ina ábhar práinne fuinneamh slán inbhuanaithe inacmhainne a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

Tá beart á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun leochaileachtaí fuinnimh na hEorpa a mhaolú don gheimhreadh atá le teacht, agus tá bearta á moladh aige chun soláthar iontaofa fuinnimh a chinntiú do na glúine atá le teacht.

Gníomhaíocht an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh

An Comhaontú Glas don Eoraip

Is é an Comhaontú Glas plean uaillmhianach na hEorpa chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach, agus réitíonn sé an bealach i dtreo fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe.

Tá fadhbanna ann le soláthar agus le costais fuinnimh i ngeall ar fhogha míleata na Rúise ar an Úcráin, rud a léiríonn an gá atá le haistriú tapa chuig foinsí fuinnimh ghlain san Eoraip.

An acmhainneacht is mó i dtaca le fuinneamh san Aontas Eorpach, is againn féin atá sé. Ní mór dúinn úsáid foinsí in-athnuaite a mhéadú agus dlús a chur leis an úsáid sin. Ní mór dúinn a bheith uaillmhianach agus ní mór dúinn gníomhú go pras.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Dírítear sa Chomhaontú Glas ar thrí phríomhphrionsabal le haghaidh an aistrithe sin chuig fuinneamh glan.

  1. Soláthar fuinnimh an Aontais atá slán inacmhainne a chinntiú.
  2. Margadh fuinnimh an Aontais atá digitithe idirnasctha comhtháthaithe ina iomláine a fhorbairt.
  3. Tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh, feidhmíocht fuinnimh ár bhfoirgneamh a fheabhsú, agus earnáil cumhachta a fhorbairt atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite den chuid is mó.

Tá dul chun cinn á dhéanamh, agus léiríonn staitisticí Eurostat go bhfuil méadú faoi dhó ar sciar foriomlán an tomhaltais fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh ar fud an Aontais go beagnach 22% idir 2004 agus 2021, cé go bhfuil níos mó ná leath de Bhallstáit an Aontais fós faoi bhun mheán an Aontais.  

Table showing the overall share of energy from renewables in the EU in 2021:Eurostat

Tá Éire ar cheann de na tíortha a raibh an sciar is lú d’fhoinsí in-athnuaite acu agus níor taifeadadh ach 12.5% díobh in 2021 agus is ag an tSualainn a bhí an sciar ab airde agus 62.6% dá fuinneamh ag teacht ó mheascán de bhithmhais, hidreafhuinneamh, gaoth, teaschaidéil agus bithbhreoslaí leachtacha.

Chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach, d’fhoilsigh tíortha an Aontais pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECP) don tréimhse ó 2021 go 2030 ina léirítear an chaoi a bhfuil sé i gceist acu éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Tabharfaidh na Ballstáit a NECPanna cothrom le dáta le linn 2023 chun uaillmhianta méadaithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus phlean REPowerEU a léiriú.

Fuinneamh agus an Comhaontú Glas

Straitéis Fuinnimh an Choimisiúin Eorpaigh

An tAontas Fuinnimh

Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann 2021 – 2030

REPowerEU

Cuireadh tús leis an obair chun spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise Rúiseacha a laghdú i bhfad roimh ionradh na hÚcráine, ach le REPowerEU, plean an Choimisiúin Eorpaigh, táthar ag cur dlús leis an bpróiseas go tapa.

Cuimsítear le REPowerEU bearta chun fuinneamh a shábháil, chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, agus chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite in ionad breoslaí iontaise i dtithe, sa tionsclaíocht agus i nginiúint cumhachta.

Visual about the Commission's RepowerEU Plan

Tá tacaíocht á tabhairt do na Ballstáit lena straitéisí chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), príomhcholún phlean téarnaimh iar-COVID an Aontais. Ar an iomlán, tá beagnach €270 billiún ar fáil i bhfoirm deontas agus iasachtaí.

Déanfar fuinneamh a choigilt trí ghníomhaíochtaí amhail Sprioc Ceangailteacha Éifeachtúlachta Fuinnimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip de 11.7% do 2030, agus táthar ag moladh do na Ballstáit bearta a thabhairt isteach amhail rátaí laghdaithe CBL ar chórais téimh fuinneamhéifeachtúla, ar insliú foirgneamh, agus ar fhearais agus táirgí.

Tá iompar de bhóthar freagrach as aon trian den fhuinneamh deiridh a ídítear san Aontas agus tá sprioc nua uaillmhianach molta ag an gCoimisiún freisin maidir le hastaíochtaí nialasacha do bhusanna cathrach nua faoi 2030 agus laghdú 90% ar astaíochtaí trucailí nua faoi 2040.

I mí Aibreáin 2022, bunaíodh Ardán Fuinnimh an Aontais le cuidiú chun soláthairtí fuinnimh a dhaingniú. Is cuid lárnach den Ardán Fuinnimh é an sásra ar a dtugtar AggregateEU. Cuireann sé ar chumas cuideachtaí Eorpacha úsáid a bhaint as an gcumhacht chomhchoiteann atá acu sa mhargadh chun idirbheartaíocht a dhéanamh le soláthraithe idirnáisiúnta le haghaidh praghsanna níos fearr, rud a chuideoidh chun saoráidí stórála gáis an Aontais a athlíonadh ar bhealach comhordaithe éifeachtúil.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach freisin margadh leictreachais an Aontais a athchóiriú chun dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ghás.

Na hathchóirithe, lena n-áirítear an ceart chun conarthaí praghsanna seasta do shaoránaigh, ceapadh iad chun tomhaltóirí a chosaint ar spící praghsanna agus ar chúbláil mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus chun tionscal an Aontais a dhéanamh níos glaine agus níos iomaíche.

REPowerEU

Ceisteanna agus Freagraí maidir le REPowerEU

Ceisteanna agus Freagraí: Athbhreithniú ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 d’earnáil an iompair

Ceisteanna agus Freagraí: Athbhreithniú ar mhargadh leictreachais an Aontais

Idirghabháil éigeandála

Mar fhreagairt ar luaineacht ar mhargaí gáis na hEorpa, tá roinnt gníomhaíochtaí agus beart beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach atá ceaptha soláthairtí fuinnimh comhsheasmhacha a chinntiú ar phraghsanna inacmhainne.

Áirítear orthu sin Sásra Ceartúcháin Margaidh chun gnólachtaí agus teaghlaigh an Aontais a chosaint ar phraghsanna ró-ard sa mhargadh gáis, agus rialachán éigeandála sealadach chun dlús a chur le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Tá díolúintí á dtabhairt do na Ballstáit freisin ó rialacha an Aontais maidir le Státchabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a chuireann dlús leis an aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach.

Glacadh pleananna chun tomhaltas gáis agus éileamh ar leictreachas a laghdú chomh maith le rialacha nua a thabhairt isteach lena gceanglaítear stóráil gáis faoi thalamh a líonadh go gar d’acmhainn.

Chuidigh na bearta sin le tomhaltas gáis an Aontais a laghdú thart ar 15% agus laghdaigh siad soláthairtí píblíne gáis na Rúise ó 40% go 9% agus tá stóráil gáis san Aontas ag níos mó ná 90%.

Ceisteanna agus Freagraí maidir le hidirghabháil éigeandála

Rialacha nua maidir le gás a stóráil

Praghsanna fuinnimh an Aontais

Freagairt an Aontais ar ghéarchéim fuinnimh

Éire agus Fuinneamh

Is ar iompórtálacha gáis agus ola a bhraitheann Éire chun freastal ar a riachtanais fuinnimh. Is ó ghás nádúrtha a thagann beagnach aon trian d’fhuinneamh na hÉireann agus os cionn a leathchuid de leictreachas na tíre.

Is oileán í Éire, rud a mbíonn drochthionchar aige ar chumas na tíre comhtháthú go hiomlán i margadh inmheánach fuinnimh an Aontais ach tá tábhacht straitéiseach ag baint le hacmhainn idirnaisc trasteorann laistigh den Aontas a fhorbairt, agus leagtar béim air sin i bPlean REPowerEU.

Níl soláthairtí gáis na hÉireann chomh leochaileach céanna faoi láthair ná soláthairtí gáis na mBallstát eile i ngeall go dtagann 75% de ghás na tíre ón Ríocht Aontaithe, ach tá an tír fós thíos le héagobhsaíocht praghsanna gáis agus tá a dúshláin féin aici maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais.

Tar éis Brexit, le Comhaontú Trádála agus Comhair (TCA) 2020 idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, bunaíodh Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun an caidreamh fuinnimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a fhorbairt agus a rialú.

Baineann Éire tairbhe as roinnt tionscadal atá á maoiniú ag an Aontas agus a chuireann feabhas ar nascacht fuinnimh. Is príomhfhorbairtí bonneagair iad na Tionscadail Leasa Choitinn sin lena nasctar córais fuinnimh an Aontais le chéile.

Ina measc tá Idirnascaire Ceilteach 575km idir an Fhrainc (La Martyre) agus Éire (Cnoc Rátha, Co. Chorcaí) atá le cur i gcrích in 2026 agus a chuirfidh slándáil fuinnimh níos fearr agus praghsanna fuinnimh níos ísle ar fáil.

: European Commissioner for Energy Kadri Simson at the Bord na Móna Mountlucas wind farm, in Daigean, Co Offaly.

Tá an tIdirnascaire Ceilteach fíorthábhachtach ó tharla go gcuirfidh sé deireadh le scoiteacht na hÉireann ó chóras cumhachta an Aontais agus go gcinnteoidh sé nasc iontaofa ardacmhainneachta a chuirfidh feabhas ar shlándáil an tsoláthair leictreachais agus a thacóidh le forbairt foinsí in-athnuaite in Éirinn agus sa Fhrainc araon.

An Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson

Tá stáisiún cumhachta hidrileictreach 360MW beartaithe freisin i mBéal Átha Gabhann, Co. Thiobraid Árann. Athróidh an tionscadal sin suíomh mianadóireachta atá as úsáid go ceann de na háiseanna fuinnimh ghlais is mó in Éirinn, mar aon le hidirnascaire leictreachais 190km faoi thalamh idir fostáisiún an Oileáin Mhóir i Loch Garman agus fostáisiún Pembroke sa Bhreatain Bheag.

Tá cead Státchabhrach ag Éirinn ón Aontas Eorpach chun Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) a oibriú go dtí 2025. Chuir sé sin ar chumas na hÉireann a céad cheant a reáchtáil do chonarthaí gaoithe amach ón gcósta. Bronnadh na conarthaí i mí na Bealtaine 2023 ar cheithre thionscadal gaoithe amach ón gcósta a mheastar a ghinfidh go leor fuinnimh ghlain ar phraghsanna seasta chun breis agus 2.5 milliún teach in Éirinn a chumhachtú.

Tá maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) ag cuidiú le hÉirinn fuinneamh in-athnuaite a aimsiú. Tá an Banc Eorpach Infheistíochta agus Banc na hÉireann ag maoiniú tionscadal feirme gaoithe Bhord na Móna dar luach €100 milliún i gCluain Críon, Co. Uíbh Fhailí, lena mbeifear in ann fuinneamh in-athnuaite a sholáthar do suas le 55,000 teach.

Cuireadh maoiniú €65 mhilliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta ar fáil freisin chun feirm ghaoithe ar an gcladach i gCo. Mhaigh Eo a mhaoiniú, agus chuidigh deontas fuinnimh €1.5 milliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta le córais fuinnimh in-athnuaite a chur isteach i dtithe i dTiobraid Árann.

Tá Éire ar cheann de naoi mball den Aontas atá i gComhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC), creat lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach atá dírithe ar fhorbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur chun cinn sa Mhuir Thuaidh, Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach san áireamh.

Faoi Chomhuachtaránacht na hÉireann ar NSEC i mí Mheán Fómhair 2022, chomhaontaigh Airí Fuinnimh NSEC agus an Coimisiún Eorpach spriocanna suntasacha maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, ina mbeidh níos mó ná 85% d’uaillmhianta uile-Aontais 300GW a bhaint amach faoi 2050.

Tá obair fós le déanamh ag Éirinn chun a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. De réir Eurostat, tháinig laghdú ar astaíochtaí sa cheathrú ráithe de 2022 i mbeagnach gach Ballstát i gcomparáid leis an ráithe chéanna de 2021, ach tháinig méadú 12.3% ar astaíochtaí na hÉireann.

Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann treochlár maidir leis an gcaoi a mbainfidh an tír spriocanna comhaontaithe astaíochtaí an Aontais amach faoi 2030, sin agus an chaoi a mbainfidh sí amach glan-nialasach tráth nach déanaí ná 2050.

Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh  

Plean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann 2023

Ireland’s energy facts

The Irish government’s progress report on Ireland’s Climate Action Plan and the REPowerEU - One Year On report, both published in 2023, highlight actions taken to reduce the use of fossil fuel energy in Ireland. These include:

  • Ireland has put more renewables on the grid with the country generating over 5GW of onshore renewables;
  • Ireland’s redesigned energy efficiency obligation is expected to deliver an annual 5.203 GWH of energy savings;
  • bans on oil and gas boilers in new buildings have been announced;
  • Ireland’s first offshore renewable energy auction was held, and a consultation on the design of a third onshore auction was launched;
  • retrofitting was undertaken in over 27,000 homes under the national SEAI Retrofit Scheme;
  • natural gas production decreased by 43% since 2018;
  • Ireland’s first all-electric bus service was launched in Athlone.

Ireland’s Climate Action Plan Progress Report

Ireland: REPowerEU - One Year On

Energy News

Utilisation of a charging point for electric cars
  • Alt nuachta

Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air chun borradh a chur faoi líon na stáisiún athluchtaithe leictrigh agus athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal go háirithe ar fud phríomhchonairí agus príomhmhoil iompair an Aontais Eorpaigh.

  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad