Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Chinn toghthóirí na Ríochta Aontaithe le reifreann an 23 Meitheamh 2016 imeacht as an Aontas Eorpach. Thug an Ríocht Aontaithe fógra oifigiúil don Chomhairle Eorpach go raibh rún aici imeacht as an Aontas an 29 Márta 2017.

Leis an bhfógra sin, cuireadh tús le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus réitíodh an bealach do chaibidlíocht maidir le Comhaontú um Tharraingt Siar, a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. Tháinig idirthréimhse ina dhiaidh sin lenar ceadaíodh imeacht ordúil na Ríochta Aontaithe agus cuireadh am ar fáil chun caibidlíocht a dhéanamh ar mhaithe le comhpháirtíocht nua idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Tháinig deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020 agus tá an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe bunaithe go príomha anois ar cheithre chonradh, go háirithe an Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Déanann Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maoirseacht ar chur chun feidhme agus léirmhíniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ar a bhfuil ionadaithe ar leibhéal na n-airí, an Choimisinéara nó na n-oifigeach sinsearach.

Tá roinnt comhchoistí speisialaithe ann freisin a phléann le gnéithe sonracha den chomhaontú, amhail cearta na saoránach agus an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

I ngeall gur tharraing sí siar ón Aontas Eorpach, chaill an Ríocht Aontaithe na sochair a bhí aici mar Bhallstát den Aontas Eorpach agus ní cuid í de Mhargadh Aonair an Aontais ná den Aontas Custaim a thuilleadh ná ní chumhdaítear í le comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais.

An Comhaontú um Tharraingt Siar

An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

Mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá Prótacal ceangailteach maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, atá ceaptha go príomha chun teorainn chrua a sheachaint ar an oileán.

Bhí an prótacal ina mhórthosaíocht le linn na caibidlíochta faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus bhí réiteach cruthaitheach inoibrithe de dhíth chun an geilleagar uile-oileáin, an Margadh Aonair agus Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) a chosaint.

Tá sé dodhéanta anois, de dheasca Brexit, trádáil gan dua a bheith idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ach is córas casta é an Prótacal a ligeann do Thuaisceart Éireann fanacht i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, agus san am céanna, tairbhe a bhaint as rochtain ar an Margadh Aonair chun earraí a bhogadh.

Tá forálacha ann lena dtugtar cosaint do na cúinsí ar leith ar oileán na hÉireann, ar nós leanúint den Chomhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Fágfaidh sé freisin gur féidir comhar Thuaidh-Theas a bheith ann i réimsí leasa choitinn amhail talmhaíocht, iompar, oideachas agus turasóireacht agus an Margadh Leictreachais Aonair.

Táthar ag leanúint ar aghaidh freisin de chláir mhaoinithe PEACE a thacaíonn leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas agus le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta i dTuaisceart Éireann agus i Réigiúin na Teorann in Éirinn faoi ghealltanais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.

D’ainneoin gur tháinig an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú maidir leis an bPrótacal, tháinig fadhbanna chun cinn nuair a bhí sé in am na rialacha nua a chur i bhfeidhm.

Seiceálacha casta custaim ar earraí a iompórtáiltear ón mBreatain ach iad le fanacht i dTuaisceart Éireann, bhí siad ina gcúis le frustrachas ar an talamh, agus bhí fadhbanna ann i dtaca le bearta maidir le hagraibhia, cógais leighis, státchabhair agus CBL.

Ceapadh an Prótacal le bheith inleasaithe, áfach, chun go mbeadh Comhchoistí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gan choinne maidir lena chur chun feidhme.

D’fhág sé sin go rabhthas in ann tuilleadh caibidlíochta a dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Mar thoradh air sin, i mí an Mhárta 2023, glacadh comhaontú go foirmiúil ar a dtugtar Creat Windsor lena dtugtar aghaidh ar dheacrachtaí praiticiúla maidir le codanna den Phrótacal a chur chun feidhme.

Visual with text: "The Windsor Framework: a new way forward for the Protocol on Ireland/Northern Ireland" followed by bullet point list:  Reaffirming full commitment to the Good Friday (Belfast) Agreement; Ensuring lasting certainty and predictability for people and businesses in Norther Ireland; Preserving the integrity of the EU and UK internal markets

Tugtar isteach leis an gCreat coincheap na lánaí glasa agus dearga chun líon na seiceálacha is gá a dhéanamh a laghdú ar earraí a thagann ón mBreatain Mhór isteach i gcalafoirt Thuaisceart Éireann.

Earraí de chuid na Breataine a fhanfaidh i dTuaisceart Éireann, úsáidfidh siad lánaí glasa atá curtha in áirithe do ‘thrádálaithe iontaofa’ réamhchláraithe. Ní líonann siad isteach ach beagán páipéarachais agus ní bhíonn aon ghnáthsheiceálacha fisiciúla le déanamh acu.

Earraí a bhogann ó dheas agus isteach sa Mhargadh Aonair, cuirfear trí na lánaí dearga iad agus cuirfear faoi réir próiseas custaim agus seiceálacha eile iad.

Tá an Ríocht Aontaithe ag tabhairt rochtain nach mór fíor-ama d’oifigigh an Aontais ar a ríomhchórais chustaim agus ar a bunachair shonraí ríomhairithe ionas go leanfar de chosaint iomlán a thabhairt don Mhargadh Aonair.

Seachas an Prótacal, fuair Éire cúnamh ón Aontas chun iarmhairtí airgeadais Brexit a mhaolú trí Chúlchiste Coigeartaithe Brexit. Is fiú €5.37 billiún an fhoinse maoiniúcháin sin agus cuireann sé tacaíocht ar fáil do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na hearnálacha is mó atá thíos le Brexit.

Leithdháileadh thart ar €1 bhilliún ar Éirinn, méid arb ionann agus 20% den chúlchiste iomlán agus an sciar is mó den chiste. Fuair sí €361.5 milliún in 2021, €276.7 milliún in 2022 agus €282.2 milliún le linn 2023.

“Bhí Creat Windsor indéanta a bhuí le fíorthoil pholaitiúil agus obair chrua faoi threoir an phrionsabail bhunúsaigh gur cheart tús áite a thabhairt do leasanna agus do riachtanais daoine i gcónaí. Níor baineadh Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) amach gan dua, agus ba réamhriachtanais dár ndícheall tacaíocht agus cosaint a thabhairt dó. Inniu, agus a bhuí lena bhfuil baint amach againn, is féidir linn réitigh chinntitheacha a chur chun cinn a oibreoidh do dhaoine agus do ghnólachtaí i dTuaisceart Éireann agus a chosnaíonn ár Margadh Aonair. Cuireann sé ar ár gcumas freisin bogadh ar aghaidh i dtreo caidreamh déthaobhach atá ar aon dul le ceann de na comhghuaillithe is mó atá againn, muid ag seasamh gualainn ar ghualainn le linn géarchéime.”

Uachtarán Ursula von der Leyen - 27/02/2023

Buaicphointí an Phrótacail/Chreat Windsor

  • Ráthaítear leis an bprótacal nach mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann, lena n-áirítear aon bhonneagar fisiciúil nó seiceálacha agus rialuithe gaolmhara.
  • Earraí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain agus atá ceaptha don Aontas Eorpach nó a bhfuil baol ann go dtiocfaidh siad isteach san Aontas, tá siad faoi réir seiceálacha agus rialuithe iomlána. Mar sin féin, ní bheidh ach próisis íosta roimh ‘thrádálaithe iontaofa’ réamhchláraithe.
  • Beidh rochtain nach mór fíor-ama ag oifigigh an Aontais ar chórais agus ar bhunachair sonraí na Ríochta Aontaithe chun go mbeifear in ann measúnuithe riosca a dhéanamh ar earraí iompórtáilte, agus déanfar faireachán láidir ar scéimeanna iontaofa trádálaithe.
  • Le Creat Windsor, is féidir na scéimeanna sin a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcúinsí áirithe chun an Margadh Aonair a chosaint.
  • Le Creat Windsor freisin, beidh tuilleadh comhairliúcháin agus rannpháirtíochta ann idir páirtithe leasmhara Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear saoránaigh agus gnólachtaí, agus Comhchoistí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
  • Beidh feidhm fós ag rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe agus plandaí i dtaca le hagraibhia a thiocfaidh isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór, ach úsáidfidh an Ríocht Aontaithe saoráidí cigireachta meara buana sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) ag calafoirt Thuaisceart Éireann faoi 2025, sin agus tabharfaidh sí rochtain d’oifigigh an Aontais ar a mbunachair sonraí.
  • Déanfar táirgí a sheoltar ón mBreatain ach a bhfuil sé beartaithe iad a fhágáil i dTuaisceart Éireann a lipéadú ‘Ní táirge do AE é seo’ chun a chinntiú nach dtéann siad isteach sa Mhargadh Aonair.
  • Daoine a bhfuil peataí acu, is féidir leo taisteal le peataí le micrishlis ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann le doiciméad taistil simplí, sin agus dearbhú nach rachaidh an peata isteach san Aontas.
  • Le sásra na rogha deiridh ar a dtugtar Coscán Stormont, beidh Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann in ann cur i bhfeidhm dlíthe nua nó leasaithe de chuid an Aontais a chosc. Ní féidir an sásra a chur i ngníomh ach amháin má iarrann ar a laghad aon trian de chomhaltaí an Tionóil ó dhá pháirtí pholaitiúla ar a laghad é.
  • Déanann Comhchoistí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach maoirseacht ar chur chun feidhme an Phrótacail. Comhlachtaí a bunaíodh trí Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) ar nós na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, cuireann siad le hobair na gcoistí sin.

An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Creat Windsor: Ceisteanna agus Freagraí

Cláir chistiúcháin PEACE

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

Iarmhairtí Brexit

  • Cé go bhfuil go leor déanta chun tionchar Brexit ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh na hÉireann a mhaolú tríd an bPrótacal, tá roinnt iarmhairtí ann nach féidir a sheachaint.
  • D’fhéadfadh sé go mbeadh ar thomhaltóirí ar líne CBL, dleacht chustaim nó an dá rud a íoc agus iad ag ceannach ón Ríocht Aontaithe, ag brath ar luach agus ar thionscnamh na n-earraí.
  • Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a thuilleadh agus iad ag ceannach ón Ríocht Aontaithe. Ina ionad sin, leagtar síos cearta tomhaltóirí i ndlí na Ríochta Aontaithe.
  • Gnólachtaí Éireannacha a dhéanann earraí a iompórtáil nó a easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe (seachas Tuaisceart Éireann), ní mór dóibh clárú le haghaidh Custaim anois.
  • Táillí fánaíochta fón póca do chustaiméirí Éireannacha atá ag taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe, níl siad ráthaithe a thuilleadh le rialacháin an Aontais.
  • Aithnítear i gcónaí an Comhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe mar aon leis na cearta a dheonaíonn sé do shaoránaigh Éireannacha agus Bhriotanacha. Áirítear leis sin an ceart atá ag saoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe chun cónaí, taisteal, obair agus staidéar a dhéanamh laistigh den Chomhlimistéar Taistil. Mar sin féin, ní bhaineann na cearta sin le saoránaigh an Aontais atá ina gcónaí in Éirinn.
  • Níl aon ghnáth-rialuithe pas i bhfeidhm do shaoránaigh Éireannacha ná na Ríochta Aontaithe agus iad ag taisteal i dtreo amháin nó sa treo eile. Mar sin féin, féadfaidh oifigeach inimirce iarraidh ort a chruthú gur saoránach d’Éirinn nó den Ríocht Aontaithe thú, agus mar sin ba cheart pas a bheith á iompar ag gach saoránach.
  • Ní chuirfear aon srianta custaim, taraifí ná aon srianta eile ar earraí a aistrítear idir Éire agus Tuaisceart Éireann.

Iarmhairtí Brexit de réir earnála

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Tá ceithre chonradh ann anois a rialaíonn an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Chuala formhór na ndaoine trácht cheana féin ar an gComhaontú um Tharraingt Siar ach tá an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Slándáil Faisnéise agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach araon i bhfeidhm anois freisin.

Leagtar amach sa chéad chomhaontú sin rialacha maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe ar féidir leo an tslándáil a neartú agus gníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc, agus cinntíonn an dara ceann sábháilteacht agus comhoibriú maidir le fuinneamh núicléach.

Is é an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an conradh a bhfuil tionchar aige ar fhormhór na saoránach agus na ngnólachtaí. Áirítear ann Comhaontú Saorthrádála nua, ina bhfuil comhar uaillmhianach maidir le saincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus iascaigh.

Níl sé ag teacht le leibhéal an chomhtháthaithe eacnamaíoch a bhí ann le linn don Ríocht Aontaithe a bheith ina Ballstát den Aontas Eorpach ach foráiltear ann do tharaifí nialais agus do chuótaí nialais ar na hearraí uile a chomhlíonann na rialacha tionscnaimh iomchuí.

Áirítear leis gealltanais ón dá thaobh ardleibhéal cosanta a choinneáil i réimsí ar nós an athraithe aeráide, cearta sóisialta agus saothair, trédhearcacht chánach agus úsáid na Státchabhrach chun buntáiste éagórach sa mhargadh a chosc.

Tá creat nua ann freisin chun stoic éisc a bhainistiú go comhpháirteach in uiscí an Aontais agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus, leis an gcomhaontú, ceadaítear nascacht leanúnach inbhuanaithe aeir, bóthair, iarnróid agus mhuirí.

Áirítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair socruithe nua le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus an chomhair breithiúnaigh in ábhar a bhaineann leis an dlí coiriúil agus leis an dlí sibhialta. Aithnítear sa chomhpháirtíocht slándála an gá atá le comhar láidir idir na húdaráis náisiúnta phóilíneachta agus bhreithiúnacha, go háirithe chun coireacht trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a ionchúiseamh.

Tá caibidil ar leith sa chonradh maidir le rialachas a thugann soiléireacht ar an dóigh a ndéanfar an Comhaontú Trádála agus Comhair a oibriú agus a rialú. Déanann an Chomhairle Comhpháirtíochta Comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe deimhin de go ndéantar an Comhaontú a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú mar is ceart, sin agus pléann sí gach saincheist chonspóideach de réir mar a thagann siad chun cinn.

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe: Ceisteanna agus Freagraí

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Slándáil Faisnéise

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach

Cearta na Saoránach

Ní fhéadfadh Comhaontú um Tharraingt Siar a bheith ann gan an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, ach príomhthosaíocht eile de chuid an Aontais san idirbheartaíocht ab ea cosaint a thabhairt do shaoránaigh a chuaigh i mbun an tsaoil agus cearta acu a d’eascair as ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas.

Cé nach bhfuil Tuaisceart Éireann ina chuid den Aontas Eorpach a thuilleadh, na daoine arb é a rogha a bheith ina saoránaigh Éireannacha, tá siad ina saoránaigh den Aontas Eorpach go fóill. Ciallaíonn sin go mbeidh saorghluaiseacht acu, agus go mbeidh siad in ann cónaí aon áit laistigh den Aontas agus tá gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe go seasfaidh sí lena gcearta.

Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar cuirtear deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do shaoránaigh den Aontas a mbeidh cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a raibh cónaí (cláraithe) orthu i gceann de 27 mBallstát an Aontais ag deireadh na hidirthréimhse ar an 31 Eanáir 2020.

Tugtar cosaint freisin dá mbaill teaghlaigh (ar nós céilí reatha agus páirtithe cláraithe, tuismitheoirí, seantuismitheoirí, leanaí, garleanaí agus daoine atá i gcaidreamh marthanach cheana féin) a ndeonaítear cearta dóibh faoi dhlí an Aontais a bheith in éineacht lena mball teaghlaigh amach anseo.

Is ionann na coinníollacha cónaithe do na saoránaigh sin agus na coinníollacha faoi dhlí reatha an Aontais maidir le saorghluaiseacht. Go ginearálta, ciallaíonn sé sin nach mór do shaoránaigh a bheith ina n-oibrithe nó ina ndaoine féinfhostaithe, acmhainní leordhóthanacha agus árachas breoiteachta a bheith acu nó ní mór dóibh ceart buanchónaithe a bheith faighte acu cheana féin.

Is é an Coimisiún a dhéanann monatóireacht ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm chearta na saoránach san Aontas, agus is údarás monatóireachta neamhspleách a dhéanfaidh sin sa Ríocht Aontaithe.

Na cearta atá ag saoránaigh Éireannacha chun cónaí agus obair a dhéanamh agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí sa Ríocht Aontaithe, déanfar iad a chosaint faoin socrú maidir leis an gComhlimistéar Taistil.

Latest Brexit news

Press conference of Maroš Šefčovič, Vice-President of the European Commission, and Thierry Breton, European Commission, following the European Battery Alliance Ministerial
  • News article

The European Commission has sent a letter of formal notice to the United Kingdom for breaching provisions of the Protocol on Ireland/Northern Ireland

  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad