Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta19 Nollaig 2022An Ionadaíocht in Éirinn

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe: Tá síneadh curtha ag an gCoimisiún leis na socruithe do chógais tréidliachta go dtí 2025

Tá fógra glactha ag an gCoimisiún Eorpach inniu lena gcuirfear síneadh leis na socruithe reatha maidir le gluaiseacht cógas tréidliachta ón mBreatain go dtí an Chipir, Éire, Málta agus Tuaisceart Éireann go dtí an 31 Nollaig 2025.

Vice-President Maroš Šefčovič

Cinnteofar leis sin leanúnachas soláthairtí táirgí íocshláinte tréidliachta, go háirithe go Tuaisceart Éireann.

Aithníonn an Coimisiún a thábhachtaí atá cógais tréidliachta don tsábháilteacht bia, do shláinte agus leas ainmhithe, agus don tsláinte phoiblí. Tá sé ag éisteacht go cúramach leis na hábhair imní a chuir údaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha in iúl – go háirithe iad siúd as Tuaisceart Éireann – i réimse na gcógas tréidliachta. Dá bhrí sin, ghníomhaigh an Coimisiún inniu chun am breise a thabhairt do ghnólachtaí chun a slabhraí soláthair a oiriúnú.

San áireamh i bhfógra an lae inniu tá Plean Gníomhaíochta ina bhfuil clocha míle soiléire, lena gceanglaítear ar na húdaráis na táirgí beachta íocshláinte tréidliachta atá i mbaol a shainaithint, agus faisnéis a chur ar fáil faoi na bearta atá á ndéanamh acu nó ag na hoibreoirí ábhartha, chun rialacha an Aontais maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a chomhlíonadh.

Cúlra

Fágann cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag rialacha cógaisíochta an Aontais sa Ríocht Aontaithe. Faoin bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, tá feidhm ag na rialacha sin i dTuaisceart Éireann. Chruthaigh sé sin deacrachtaí do go leor oibreoirí bunaithe san Aontas nó i dTuaisceart Éireann a bhí ag brath ar sholáthar táirgí íocshláinte tréidliachta a fháil ó chodanna den Ríocht Aontaithe nó tríothu, seachas Tuaisceart Éireann.

Chun leanúnachas soláthair táirgí íocshláinte tréidliachta a chinntiú agus chun dóthain ama a thabhairt d'oibreoirí chun a slabhraí soláthair a oiriúnú, ghlac an Coimisiún fógra an 25 Eanáir 2021 lena bhforáiltear do sholúbthacht i gcur i bhfeidhm rialacha an Aontais go dtí an 31 Nollaig 2021. Ag deireadh 2021, ba léir go raibh dúshlán ann go fóill d'oibreoirí margaidh. Dá bhrí sin, an 29 Nollaig 2021, deonaíodh síneadh breise go dtí an 31 Nollaig 2022. 

Tuilleadh eolais

Nasc chuig an bhfógra 

Ráiteas ón Leas-Uachtarán Maroš Šefčovič maidir le gluaiseacht cógas tréidliachta ón mBreatain go dtí an Chipir, go hÉirinn, go Málta agus go Tuaisceart Éireann

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Nollaig 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn