Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Taighde agus nuálaíocht an Aontais in Éirinn

Is gnéithe ríthábhachtacha iad an taighde agus an nuálaíocht (T&N) chun todhchaí eacnamaíochta na hÉireann a chinntiú agus tá siad ag croílár bheartais an Choimisiúin Eorpaigh chun borradh a chur faoin bhfostaíocht, faoin bhfás agus faoin infheistíocht.

Taighde

Le Fís Eorpach beidh taighdeoirí, eolaithe agus nuálaithe ábalta téarnamh níos glaise, níos digití agus níos cuimsithí a chur chun cinn. Cionn is gur nuálaí cumasach í Éire, is mór mo dhóchas go leanfaidh na daoine is tréithí ann de bheith ag gníomhú go rathúil chun eolas agus réitigh nua a chur ar fáil dúinn agus muid ag féachaint i dtreo todhchaí inbhuanaithe.

Mariya Gabriel, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige

Tháinig cuid den rath a bhí ar mhaoiniú taighde na hÉireann faoi Fhís 2020 tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde, as ar baineadh amach beagán faoi bhun €140 milliún, agus trí Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) as ar bronnadh os cionn €176 mhilliún ar thaighdeoirí Éireannacha ag céimeanna éagsúla dá ngairmeacha beatha. D’éirigh go rímhaith le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) Éireannacha i dtaca le maoiniú ó Fhís 2020, iad ag fáil €307.2 milliún den mhéid foriomlán.

De réir thuarascáil an tSeimeastair Eorpaigh 2022 d’Éirinn, tá infheistíocht taighde agus forbartha na tíre sách íseal i gcomparáid le Ballstáit eile, agus níl sé ag an leibhéal a bhfuiltear ag súil leis i ngeilleagar atá ag an gcéim forbartha is atá geilleagar na hÉireann.

Sainaithníodh ganntanas scileanna i roinnt earnálacha, lena n-áirítear TF, eolaíocht, innealtóireacht agus sláinte, ach aithnítear i dtuarascáil an tSeimeastair 2022 go ndearnadh roinnt dul chun cinn maidir le bearta a chur chun feidhme chun taighde agus nuálaíocht a spreagadh i gcomparáid leis an tuarascáil roimhe seo.

A bhuí leis an tacaíocht a thugann an tAontas Eorpach do réimse an taighde agus na nuálaíochta, spreagtar foirne taighde i dtíortha éagsúla agus i réimsí éagsúla dul i mbun oibre le chéile, rud atá ríthábhachtach chun fionnachtana a dhéanamh.

Dá thairbhe sin, féadfaidh taighdeoirí na hÉireann páirt a ghlacadh nó a bheith ar thús cadhnaíochta i dtionscadail lena bhféadfar cuspóirí tosaíochta an Aontais Eorpaigh amhail teicneolaíochtaí cliste, iompar inbhuanaithe nó foinsí fuinnimh ‘glasa’ a chur i gcrích.

A bheith mar chuid de Limistéar Eorpach Taighde (LET), is slí eile é ag Éirinn a cion a dhéanamh don taighde agus don fhorbairt dhomhanda. Cuireadh an LET ar bun chun an ‘geilleagar eolasbhunaithe’ is mó ar domhan a dhéanamh den Eoraip trí mhargadh aonair gan teorainn a fhorbairt don taighde, don nuálaíocht agus don teicneolaíocht ar fud an Aontais.

Déanann Fiontraíocht Éireann comhordú ar líonra na bpointí teagmhála náisiúnta don chlár Fís Eorpach in Éirinn. Tá suíomh gréasáin tiomnaithe ag an ngníomhaireacht ar ar féidir le hiarratasóirí féideartha tuilleadh eolais a fháil faoin gclár agus scéalta ratha na hÉireann a fhiosrú.

Fís Eorpach

Fís Eorpach in Éirinn

An Limistéar Eorpach Taighde

An Chomhairle Eorpach um Thaighde

Comhaltachtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA)

An Nuálaíocht

Is é an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) clár suaitheanta nuálaíochta na hEorpa, arb é is aidhm dó teicneolaíochtaí nua agus nuálaíochtaí ceannródaíocha a aithint agus a fhorbairt, agus tacú leo. Is é an nuálaíocht is cúis le dhá thrian d'fhás eacnamaíoch na hEorpa le cúpla scór bliain anuas.

Rinneadh ceann de na 10 náisiúin is nuálaí san Eoraip d’Éirinn le 40 bliain anuas. Rangaíodh an tír ina Ballstát ‘nuálaí cumasach’ sa Scórchlár Eorpach Nuálaíochta le haghaidh 2020, scórchlár a dhéanann anailís ar fheidhmíocht na nuálaíochta sna Ballstáit, i dtíortha eile san Eoraip, agus i gcomharsana réigiúnacha.

Illustrative graphic showing individual country performances on the 2022 EU Innovation Scoreboard

Tá an tÚdarás Forbartha Tionscail (IDA) tar éis na billiúin euro a mhealladh go hÉirinn in infheistíocht dhíreach choigríche (FDI) ó chuideachtaí in earnálacha ardteicneolaíochta a bhaineann leis an nuálaíocht amhail Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), Cógaisíocht, Meáin Dhigiteacha agus Meáin Shóisialta.

Ach is cinnte nach le gnólachtaí móra amháin a bhaineann an nuálaíocht agus cuireann an tAontas Eorpach maoiniú agus tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil tionscadail nuálaíochta cheannródaíocha acu trí fhoinsí maoinithe ar nós an Luasaire CNE.

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach

An Scórchlár Eorpach Nuálaíochta

Ceisteanna agus freagraí ar an Scórchlár Eorpach 2022

Deiseanna maoiniúcháin an CNE

Maoiniú d'Éirinn

Taighdeoirí Éireannacha a bhfuil tograí taighde acu a bhfuil dealramh leo, is féidir leo deiseanna maoiniúcháin a chuardach ar an Limistéar Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú (SEDIA), an pointe iontrála aonair chun deontais agus conarthaí soláthair an Aontais a aimsiú agus a bhainistiú.

Tugann na sruthanna maoiniúcháin Fís 2020 agus Fís Eorpach an deis do rannpháirtithe blaiseadh a fháil de líonra fairsing Eorpach d’eagraíochtaí taighde ábhartha, seirbhísí comhairliúcháin gnó, infheisteoirí agus gnólachtaí.

Christine O’Meara, Walton Institute, AgROBOfood, tionscadal Fís 2020

Tá páirt glactha ag breis agus 2,700 eagraíocht Éireannacha i dtionscadail Fís 2020, agus tá maoiniú níos mó ná €1.21 billiún faighte acu ón Aontas. Deonaíodh breis agus €300 milliún den mhéid sin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) na hÉireann. Is airde ná meán an Aontais Eorpaigh an ráta rathúlachta atá ag Éirinn maidir le cur isteach ar mhaoiniú do thaighde agus tá FBManna na hÉireann rangaithe ar na FBManna is fearr san Aontas Eorpach ó thaobh nuálaíochta de.

Gary Keating, Chief Technology Officer at HiberGene Diagnostics which received EU funding to develop a rapid diagnostic test for Covid-19

Samplaí de thionscadail Éireannacha a fuair maoiniú ón Aontas:

An Limistéar Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú (SEDIA)

Tionscadail a fuair maoiniú ón Aontas lena mbaineann taighdeoirí Éireannacha

Taighde Covid-19

Bhí an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ó thaobh tacaíocht a thabhairt don taighde agus don nuálaíocht maidir le dul i ngleic le paindéimí roimh thús phaindéim COVID-19. Go deimhin, idir 2007 agus 2019 rinneadh €4.1 billiún a infheistiú i dtaighde ar na rudaí seo a leanas; eipidéimeolaíocht, ullmhacht agus freagairt i gcásanna ráigeanna de ghalair, forbairt diagnóisice, cóireálacha agus vacsaíní.

Laistigh de chúpla uair an chloig tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a fhógairt gurbh ábhar imní don tsláinte phoiblí ar fud an domhain COVID-19 an 30 Eanáir 2020, sheol an Coimisiún Eorpach glao éigeandála ar luach €10 milliún ar thionscadail taighde maidir leis an gCoróinvíreas.