I mí na Nollag 2020, tháinig ceannairí Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú faoi Phlean Téarnaimh chun cuidiú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinneadh de dheasca phaindéim COVID-19 a dheisiú.
I mbuiséad fadtéarmach an Aontais, maille leis an ionstraim shealadach NextGenerationEU, cuireadh €2.018 trilliún san iomlán ar leataobh le hEoraip a bheidh níos glaise, níos digití a thógáil, Eoraip ar fearr an teacht aniar inti.
I mí an Mheithimh 2023, mhol an Coimisiún Eorpach an buiséad fadtéarmach a threisiú a thuilleadh mar fhreagairt ar na dúshláin nua a bhain le hionradh brúidiúil na Rúise ar an Úcráin agus le méadú nach rabhthas ag súil leis ar an imirce neamhrialta tar éis na paindéime.
Cad é atá sa Phlean Téarnaimh don Aontas?
Le buiséad fadtéarmach an Aontais, ar cuireadh leis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhain le COVID, déantar cinnte de go mbeidh breis agus 50% den Phlean Téarnaimh ag gabháil don nuachóiriú a dhéanfar trí thaighde agus nuálaíocht, aistrithe aeráide agus digiteacha, agus tríd an ullmhacht, an téarnamh agus an teacht aniar.
Leis an bpacáiste réamhbhreathnaitheach seo, agus i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, déanfar an t-athrú aeráide a chomhrac. Is ar an tosaíocht sin a chaithfear 30% ar a laghad de bhuiséad an Aontais. Tabharfar aird ar leith ann freisin ar chosaint na bithéagsúlachta.
Cuirtear €806.9 billiún breise ar fáil ó NextGenerationEU, agus is tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chuirfear €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) den mhéid sin ar fáil, saoráid a chuireann iasachtaí agus deontais ar fáil chun tacú leis na hathchóirithe struchtúracha agus leis na hinfheistíochtaí a dhéanann tíortha an Aontais.
Tá Ionstraim nua um Thacaíocht Theicniúil curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach freisin chun saineolas saincheaptha a chur ar fáil do Bhallstáit an Aontais chun athchóirithe a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, gan cómhaoiniú ó na Ballstáit a bheith ag teastáil.
Maidir leis an Seimeastar Eorpach, an creat lena gcomhordaítear beartas eacnamaíoch an Aontais agus lena ndéantar monatóireacht air, cuireadh é sin in oiriúint freisin toisc dlúthbhaint a bheith aige leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is amhlaidh a chinnteofar go mbeidh athchóirithe struchtúracha ina gcuid dhílis den téarnamh i ngach tír.
Chun na cistí Téarnaimh agus Athléimneachta a fháil, chuir Ballstáit uile an Aontais Plean náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil, plean ina leithdháiltear 37% ar a laghad den chaiteachas ar an aeráid agus 20% ar infheistíochtaí agus athchóirithe digiteacha. Ní mór an plean a chur chun feidhme faoi 2026.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
An téarnamh eacnamaíoch in Éirinn
Tháinig téarnamh níos láidre ar gheilleagar na hÉireann ná mar a tháinig ar an gcuid is mó de na Ballstáit ó phaindéim COVID-19, agus fás eacnamaíoch 12% cláraithe in 2022.
Mar sin féin, bhí fás diúltach OTI 3.2% in Éirinn in 2023, agus tuartar go mbeidh fás diúltach (0.5%) ann arís in 2024, go príomha mar gheall ar chrapadh san earnáil ilnáisiúnta sa chéad leath den bhliain. I Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2024, thuar an Coimisiún Eorpach go dtiocfadh téarnamh ar gheilleagar na hÉireann in 2025 agus go bhfásfadh sé 4.0% le tacaíocht ó mhargadh saothair láidir, boilsciú ceannlíne íseal agus timpeallacht sheachtrach fhabhrach.

In 2022, bhí an boilsciú ag an mbuaicleibhéal de 8.1%, ach tháinig laghdú air in 2023 go dtí 5.2%, agus tuartar go dtitfidh sé tuilleadh go 1.4% in 2024 sula dtiocfaidh méadú beag air go 1.9% in 2025.
Tuartar go gclárófar barrachas 4.4% de OTI i mbuiséad ginearálta rialtas na hÉireann in 2024. Tá sciar mór (2.7 pointe céatadáin) de bunaithe ar ioncam aonuaire mar gheall ar rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 10 Meán Fómhair 2024 maidir le rialú cánach a bhaineann le dhá chuideachta de chuid ghrúpa Apple.
In 2025 tuartar go dtiocfaidh laghdú ar an mbarrachas go 1.4% de OTI toisc go meastar go dtiocfaidh moill ar fhás ioncaim in éagmais ioncam aonuaire cosúil leis an ioncam a chonacthas in 2024.
De réir na Tuarascála Faireachais Iarchláir d’Éirinn do mhí na Samhna 2024, tá an chosúlacht air go bhfuil airgeadas poiblí na hÉireann fónta. Meastar go dtuairisceoidh Éire barrachas rialtais ghinearálta in 2024 (4.4% de OTI), 2025 (1.4% de OTI) agus 2026 (1.3% de OTI), bunaithe ar fheidhmíocht láidir in earnálacha ina bhfuil sciar mór d’fháltais ó cháin chorparáideach agus ioncaim. Is é aistriú aonuaire a eascraíonn as rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh is cúis leis an mbarrachas neamhghnách mór de níos mó ná €23 bhilliún in 2024. Is iad íocaíochtaí sóisialta agus arduithe pá san earnáil phoiblí is mó is cúis le méaduithe ar chaiteachas rialtais. Tuartar go leanfaidh an cóimheas idir fiachas rialtais agus OTI de bheith ag laghdú le linn na tréimhse réamhaisnéise. I lár mhí Dheireadh Fómhair, chuir Éire a plean fioscach struchtúrtha meántéarmach i láthair, mar a cheanglaítear leis an gcreat rialachais eacnamaíoch nua.
Ina thuarascáil ar Sheimeastar Eorpach 2024, chinn an Coimisiún nach raibh dréachtphlean buiséadach na hÉireann do 2025 go hiomlán i gcomhréir leis an uasteorainn a leagadh amach ina plean meántéarmach. Faoi chreat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais, a tháinig i bhfeidhm i mí Aibreáin 2024, ní mór do na Ballstáit uile pleananna meántéarmacha a chur isteach lena gcomhtháthaítear cuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta. Tuartar go mbeidh glanchaiteachas in Éirinn os cionn na huasteorann a leagtar amach ina plean.
Tuarascáil Faireachais Iarchláir d’Éirinn, mí na Samhna 2024
Cad é atá sa Phlean Téarnaimh d’Éirinn?
Is amhlaidh atá tacaíocht shonrach in NextGenerationEU, ionstraim téarnaimh shealadach an Aontais Eorpaigh, d’earnálacha is miste d’Éirinn amhail an talmhaíocht, chun soláthairtí bia a dhaingniú agus chun ioncam na bhfeirmeoirí a chosaint.

- Gheobhaidh Éire níos mó ná €1.1 billiún i ndeontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuireadh €89 milliún ar fáil freisin in 2021 faoi REACT-EU mar aon le €85 mhilliún ón gCiste um Aistriú Cóir. I mí na Nollag 2022, fógraíodh go bhfaigheadh Éire €53 mhilliún breise faoi REACT-EU chun tacú a thuilleadh leis an téarnamh agus chun fáilte a chur roimh dhaoine a bhí ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.
- Gheobhaidh Éire nach mór €1.4 billiún freisin i leithdháiltí ón mBeartas Comhtháthaithe ón mbuiséad fadtéarmach is déanaí de chuid an Aontais, chomh maith le corradh beag ar €8.3 billiún in íocaíochtaí díreacha ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Cuirfear €2.25 billiún ar fáil freisin tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
- In 2021, fuair Éire €2.47 billiún de thacaíocht airgeadais ón gCoimisiún Eorpach faoi ionstraim SURE. Cuireadh an tacaíocht ar fáil ina hiasachtaí a deonaíodh ar théarmaí fabhracha le bheith ina cuidiú ag Éirinn na costais a bhaineann le Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 a chumhdach.
- Tá Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe glactha ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú leis an téarnamh i gcomhthéacs chogadh na Rúise ar an Úcráin. Faoin gcreat sin, ceadaítear solúbthacht theoranta ar rialacha an Aontais maidir le státchabhair, rialacha atá ceaptha chun iomaíocht éagórach a chosc.
- In 2020 cheadaigh an Coimisiún dhá scéim státchabhrach de chuid na hÉireann, dar luach €10 milliún agus €7 milliún, d’earnáil turasóireachta cóiste agus d’earnáil siamsaíochta na hÉireann, dhá earnáil a bhí thíos go mór leis an bpaindéim.
- Cheadaigh sé scéim de chuid na hÉireann dar luach €45 mhilliún freisin chun tacú le gnólachtaí in earnáil na mairteola agus scéim dar luach €60 milliún chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a ndeachaigh paindéim an choróinvíris chun dochair dóibh.
- I mí Iúil 2021, d’fhormheas an Coimisiún scéim dar luach €9.5 milliún ó Éirinn chun tacú le heintitis neamhbhrabúis i gcomhthéacs ráig an choróinvíris. Agus, i mí Lúnasa 2021, d’fhormheas an Coimisiún scéim dar luach €11.5 milliún ó Éirinn chun tacú le cuideachtaí in earnáil na n-imeachtaí agus scéim dar luach €15 mhilliún ó Éirinn chun tacú le hoibreoirí bus tráchtála a bhí thíos le ráig an choróinvíris.
- Áirítear ar na scéimeanna státchabhrach eile de chuid na hÉireann a ceadaíodh faoin gcreat scéim tacaíochta €500 milliún chun infheistíocht a chur ar fáil ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe, scéim €200 milliún chun tacú le gnólachtaí Éireannacha a bhí thíos le hionradh na Rúise ar an Úcráin, agus scéim €18 milliún chun tacú le hearnáil an tarlaithe de bhóthar in Éirinn. Tugadh cead freisin do scéim €450 milliún chun tacú le tógáil árasán d’úinéirí-áititheoirí amháin i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge.
- Is í Éire freisin a bheidh ar an bhfaighteoir is mó den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dar luach €5 bhilliún.
Maoiniú d’Éirinn faoin mBeartas Comhtháthaithe
An chaoi a dtacaíonn an tAontas leis an talmhaíocht in Éirinn
Samplaí de thionscadail in Éirinn a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta



Plean Téarnaimh na hÉireann a chur i bhfeidhm
Rinne Rialtas na hÉireann comhairliúchán poiblí faoina bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta i mí Feabhra 2021. Eolas ar na réimsí ar cheart tús áite a thabhairt dóibh le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe in Éirinn a iarradh sa chomhairliúchán sin, chomh maith le tuairimí faoi na moltaí tírshonracha is mó a bheadh ábhartha i dtaca le plean na hÉireann.
Rinneadh an t-aiseolas sin a fhí sa dréachtphlean a chuir Rialtas na hÉireann faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 28 Bealtaine 2021.
An 16 Iúil 2021 ghlac an Coimisiún measúnú dearfach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann, agus ghlac an Chomhairle an plean go foirmiúil i mí Mheán Fómhair 2021.

Mar sin féin, cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, tharla moilleanna teicniúla nach beag agus Éire ag cur a plean chun feidhme. Rinne Éire a plean a athrú faoi dhó. Ghlac an Chomhairle athbhreithniú géar ar phlean na hÉireann an 14 Iúil 2023. Is éard a bhí i gceist leis an athbhreithniú sin na dátaí críochnaithe a athrú le haghaidh dhá bheart toisc nach raibh amlínte indéanta a thuilleadh mar gheall ar imthosca oibiachtúla. Ghlac an Chomhairle athbhreithniú níos leithne ar phlean na hÉireann an 8 Nollaig 2023. Léiríonn an dara leasú an t-athbhreithniú anuas ar leithdháileadh deontais na hÉireann mar gheall ar fheidhmíocht eacnamaíoch na tíre a bheith níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis tar éis COVID. Bhain an dara leasú dhá bheart den phlean agus ina theannta sin, athraíodh cúig bheart bunaithe ar imthosca oibiachtúla. Ar deireadh, táthar ag súil go gcuirfear caibidil REPowerEU na hÉireann isteach i R1 2024.
Cuimsíonn Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann 24 bheart, iad comhdhéanta de 14 bheart infheistíochta agus 10 n-athchóiriú (iniúchadh agus rialú ina measc) le tacaíocht beagnach €1 bhilliún de dheontais. Leithdháiltear 42% de bhuiséad an phlean chun tacú le hinfheistíochtaí agus athchóirithe aeráide agus 34% chun an t-aistriú digiteach a chothú. Leithdháiltear an chuid eile den phlean ar Théarnamh Sóisialta agus Eacnamaíoch agus ar Chruthú Post.
Áirítear ar na tionscadail in Éirinn atá tacaithe ag maoiniú deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta €164 mhilliún chun seirbhísí iarnróid comaitéireachta a leictriú i gCorcaigh, €39 milliún le haghaidh lárionad sonraí Rialtais ag Campas Bhacastúin i gCo. Chill Dara chun úsáid teicneolaíochta a bheidh níos éifeachtúla ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, agus €60 milliún le haghaidh Tionscadal Aisfheistithe de chuid na hEarnála Poiblí chun athchóiriú a dhéanamh ar Áras Tom Johnson i mBaile Átha Cliath agus ceanncheathrú eiseamláireach fuinneamh-éifeachtúil don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a dhéanamh de.
Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag tacú freisin le roinnt infheistíochtaí in Éirinn ina ndáiltear na cistí ar fud na tíre. Áirítear orthu sin:
- Clár an Dúshláin Náisiúnta, dar luach € 72 mhilliún, le haghaidh taighde chun réitigh a fhorbairt ar phríomhdhúshláin an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.
- €108 milliún i maoiniú deontais chun 33,000 heicteár de thailte portaigh a athshlánú ar fud 82 phortach de chuid Bhord na Móna.
- €64 mhilliún i maoiniú deontais le haghaidh nascacht, gléasanna agus bogearraí leathanbhanda ardluais chun a chinntiú go mbeidh na scileanna digiteacha cuí ag daltaí bunscoile agus iarbhunscoile.
- Tá Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann ag tacú freisin le hathchóirithe ar nós chlaochlú digiteach an oideachais agus na hoiliúna in Éirinn ar gach leibhéal (scoileanna, an tríú leibhéal, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil). I measc samplaí de na hathchóirithe sin tá Straitéis Dhigiteach na hÉireann do Scoileanna agus Straitéis 10 mBliana um Litearthacht, Uimhearthacht agus Litearthacht Dhigiteach d’Aosaigh.
Plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann - leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh
Plean Téarnaimh agus Athléimneachta Náisiúnta na hÉireann 2021