Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta24 Bealtaine 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Aontas na Margaí Caipitil: Rialacha nua molta ag an gCoimisiún chun infheisteoirí miondíola san Aontas a chosaint agus a chumhachtú

Ghlac an Coimisiún inniu Pacáiste Infheistíochta Miondíola lena gcuirtear leasanna na dtomhaltóirí i gcroílár na hinfheistíochta miondíola

European Commissioner for Financial Services, Financial Stability, and Capital Markets Union, Mairead McGuinness, at press conference presenting the new retail investment rules

Is é is aidhm dóibh a chur ar chumas infheisteoirí miondíola (i.e. infheisteoirí ‘tomhaltóirí') cinntí infheistíochta a dhéanamh atá i gcomhréir lena gcuid riachtanas agus roghanna, agus a chinntiú go gcaithfear leo go cothrom agus go cuí. Cuirfidh sé sin feabhas ar iontaoibh agus ar mhuinín infheisteoirí miondíola infheistíocht a dhéanamh go sábháilte ina dtodhchaí féin agus leas iomlán a bhaint as Aontas Margaí Caipitil an Aontais Eorpaigh.

Ar cheann de na trí phríomhchuspóir a bhí ag an gCoimisiún i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 bhí an tAontas a dhéanamh níos sábháilte fós do shaoránaigh infheistíocht a dhéanamh san fhadtéarma. Is é is aidhm do phacáiste an lae inniu an sprioc sin a bhaint amach agus rannpháirtíocht i margaí caipitil an Aontais a spreagadh, rannpháirtíocht a bhí níos ísle go traidisiúnta ná i ndlínsí eile, mar shampla sna Stáit Aontaithe – cé go bhfuil rátaí coigiltis an-ard i measc mhuintir na hEorpa.  Tá sé fíor-riachtanach borradh a chur faoi Aontas na Margaí Caipitil chun cistiú príobháideach a dhíriú i dtreo ár ngeilleagair, agus chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú.

Is é seo an togra reachtach is uaillmhianaí ó bunaíodh rialachán airgeadais an Aontais. Is é is aidhm dó a chinntiú go n-oibreoidh an creat airgeadais chun leasa infheisteoirí miondíola. Féachann an tionscnamh seo ar gach céim den phróiseas infheistíochta agus ar gach earnáil de mhargaí caipitil an Aontais, agus tá molta ann creat cuimsitheach chun tacú le saoránaigh an Aontais ina gcinntí infheistíochta. Is mian linn saoránaigh na hEorpa a spreagadh chun go n-oibreoidh a gcuid airgid dóibh trí chuid dá gcoigilteas a dhíriú i dtreo infheistíochta. Is coigilteoirí maithe iad muintir na hEorpa ach níl sé de nós acu infheistíocht a dhéanamh agus is é is aidhm don straitéis miondíola seo leas a bhaint as acmhainneacht infheistíochta an choigiltis. Deimhin a dhéanamh de go mbeidh siad níos eolaí, go bhfaighidh siad margadh níos cothroime agus gur fearr is féidir leo a gcuspóirí airgeadais fadtéarmacha a bhaint amach, sin é an bealach is fearr chuige sin. Tugann an tionscnamh seo fíorthairbhí d’infheisteoirí miondíola, agus cuireann sé a leasanna, a gcosaint agus a gcuspóirí infheistíochta chun tosaigh.

Mairead McGuinness, an Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais, um Chobhsaíocht Airgeadais agus um Aontas na Margaí Caipitil

Mionsonraí an Phacáiste

Tá bearta uaillmhianacha agus fadréimseacha sa phacáiste chun an méid seo a leanas a bhaint amach:  

  • Feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil d'infheisteoirí miondíola maidir le táirgí agus seirbhísí infheistíochta, ar bhealaí atá níos fónta agus níos caighdeánaithe, trí rialacha nochta a chur in oiriúint don ré dhigiteach agus do roghanna inbhuanaitheachta infheisteoirí atá ag dul i méid;
  • Trédhearcacht a mhéadú mar aon le hinchomparáideacht costas trína cheangal go n-úsáidfear cur i láthair caighdeánach agus téarmaíocht chaighdeánach maidir le costais. Cinnteoidh sé sin go dtabharfaidh táirgí infheistíochta fíorluach airgid d'infheisteoirí miondíola;
  • A chinntiú go bhfaighidh gach cliant miondíola léargas soiléir ar fheidhmíocht infheistíochta a bpunann uair amháin sa bhliain ar a laghad; 
  • Aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le dáileadh táirgí infheistíochta trí thoirmeasc a chur ar aslaigh le haghaidh díolacháin ‘forghníomhaithe amháin' (i.e. i gcás nach gcuirtear aon chomhairle ar fáil) agus trína chinntiú go mbeidh comhairle airgeadais i gcomhréir le leas na n-infheisteoirí miondíola. Tabharfar isteach coimircí agus trédhearcacht níos déine freisin i gcás ina gceadaítear aslaigh;
  • Infheisteoirí miondíola a chosaint ar mhargaíocht mhíthreorach trína chinntiú go mbeidh idirghabhálaithe airgeadais (i.e. comhairleoirí) freagrach go hiomlán as úsáid (agus mí-úsáid) a gcumarsáide margaíochta, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar í trí na meáin shóisialta, nó trí dhaoine cáiliúla nó tríú páirtithe eile a dtugann siad luach saothair nó dreasachtaí dóibh.
  • Ardchaighdeáin cáilíochtaí gairmiúla a chaomhnú i gcás comhairleoirí airgeadais.
  • A chur ar a chumas do thomhaltóirí cinntí airgeadais níos fearr a dhéanamh, trí na Ballstáit a spreagadh chun bearta náisiúnta a chur chun feidhme lena bhféadfar tacú le litearthacht airgeadais na saoránach, gan beann ar a n-aois, agus ar a gcúlra sóisialta agus oideachais.
  • Ualaí riaracháin a laghdú agus feabhas a chur ar inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí d'infheisteoirí miondíola sofaisticiúla, trí na critéir incháilitheachta chun bheith i d'infheisteoir gairmiúil a dhéanamh níos comhréirí.
  • Comhar maoirseachta a fheabhsú ionas go mbeidh sé níos fusa d'údaráis inniúla náisiúnta agus d'Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha a chinntiú go gcuirtear rialacha i bhfeidhm go cuí agus go héifeachtach ar bhealach comhleanúnach ar fud an Aontais agus calaois agus míchleachtais a chomhrac i bpáirt le chéile. 

Tá raon feidhme leathan ag pacáiste an lae inniu agus baineann sé le turas infheistíochta iomlán an tomhaltóra. Is éard atá ann Treoir leasaitheach, lena ndéantar athbhreithniú ar na rialacha atá ann cheana a leagtar amach sa Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II), sa Treoir maidir le Dáileadh Árachais (IDD), sa Treoir maidir le Gnóthais le hAghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI), sa Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFMD), agus sa Treoir maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II), mar aon le Rialachán leasaitheach, lena ndéantar athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Táirgí Infheistíochta Miondíola Pacáistithe agus Táirgí Infheistíochta atá Árachas-bhunaithe (PRIIP).

Cúlra

Tá rialacha maidir le cosaint infheisteoirí leagtha amach faoi láthair ar fud ionstraimí reachtacha earnáilsonracha, lena n-áirítear MiFID, an Rialachán maidir le PRIIPanna, an Treoir maidir le GCUInna, AIFMD, Sócmhainneacht II, agus IDD. D'fhéadfadh na rialacha a bheith éagsúil ó ionstraim airgeadais amháin go chéile agus d'fhéadfadh siad a bheith neamhréireach uaireanta, rud a fhágann go gcuireann na ceanglais charnacha mearbhall ar infheisteoirí miondíola. An tráth céanna, mar thoradh ar an digitiú, tá athruithe tagtha ar shamhlacha dáileacháin agus tá cineálacha nua margaíochta ann le haghaidh ionstraimí airgeadais i leith cliaint mhiondíola.

Le 3 bliana anuas, tá fianaise á bailiú ag an gCoimisiún mar bhunús do thograí an lae inniu, lena n-áirítear staidéar domhain ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le hinfheisteoirí miondíola (nochtaí, comhairle, aslaigh, oiriúnacht), cleachtaí forleathana comhairliúcháin phoiblí, glaonna ar chomhairle ó údaráis mhaoirseachta Eorpacha, agus go leor teagmhála le páirtithe leasmhara. 

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus Freagraí

Bileog eolais

Téacsanna dlí

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Bealtaine 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn