Ceardlann aistriúcháin le haghaidh daltaí meánscoile
- aistriú
- Déardaoin, 18 Samhain 2021, 09.15 - 13.00 (CET)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Déardaoin, 18 Samhain 2021, 09.15 - 13.00 (CET)
- Teangacha
- Gaeilge, Béarla
- Eagraithe
- An Ionadaíocht in Éirinn
Cur síos

Is ar dhaltaí ón gcúigiú bliain a bheidh an cheardlann dírithe.
Beidh aistritheoirí ón gCoimisiún Eorpach ann chun an cheird a mhíniú agus labhróidh siad faoi na scileanna atá ag teastáil le post a fháil mar aistritheoir in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Míneoidh léachtóirí ón dá ollscoil cad iad na cúrsaí atá ar fáil acusan chun na scileanna cuí a fhoghlaim, agus beidh deis ag na daltaí triail a bhaint as gairm an aistritheora trí chúpla téacs simplí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
9.15 | Clárú |
9.30 | Fáiltiú |
9.35 | Na cainteoirí agus clár an lae a chur i láthair |
9.45 | Aistritheoirí san Aontas Eorpach – cé hiad féin? |
10.00 | Gnáth lá oibre an aistritheora sa Choimisiún Eorpach |
10.10 | Staidéar a dhéanamh ar an aistriúchán san ollscoil – cad iad na deiseanna atá ann? |
10.30 | Na deiseanna oiliúna agus fostaíochta atá ann |
10.40 | Ceisteanna agus Freagraí |
11.00 | BRISEADH |
11.20 | Úsáid an ríomhaistriúcháin in institiúidí an Aontais Eorpaigh |
11.40 | Úsáid na bhfoinsí agus na bhfoclóirí |
11.50 | Daltaí a roinnt ina ngrúpaí (4 ghrúpa, 12 i ngach grúpa) |
12.00 | CEARDLANNA AISTRIÚCHÁIN |
13.00 | DEIREADH |
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin ócáid seo ach ríomhphost a sheoladh chuig DGT-Dublin@ec.europa.eu.