Ceardlann aistriúcháin le haghaidh daltaí meánscoile
- aistriú
- Dé Máirt, 7 Nollaig 2021, 09.15 - 13.00 (CET)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Máirt, 7 Nollaig 2021, 09.15 - 13.00 (CET)
- Teangacha
- Béarla
- Eagraithe
- An Ionadaíocht in Éirinn
Cur síos
Beidh aistritheoirí ón gCoimisiún Eorpach ann chun an cheird a mhíniú agus chun deis a thabhairt do na daltaí triail a bhaint as an aistriúchán.
Beidh trí rogha ar fáil do na daltaí nuair a bheidh an obair phraiticiúil ar siúl - aistriú ón bhFraincis, ón nGearmáinis nó ón Spáinnis go Béarla.
Míneoidh léachtóirí ó Ollscoil Luimnigh cad iad na cúrsaí atá ar fáil acusan agus mar aon leis na haistritheoirí, labhróidh siad faoi na scileanna atá ag teastáil le post a fháil mar aistritheoir in institiúidí an Aontais Eorpaigh.
9.15 | Clárú |
9.30 | Fáiltiú |
9.35 | Na cainteoirí a chur i láthair |
9.45 | Aistritheoirí san Aontas Eorpach – cé hiad féin? |
10.00 | Gnáth lá oibre an aistritheora in institiúidí an Aontais Eorpaigh |
10.10 | Staidéar a dhéanamh ar an aistriúchán san ollscoil – cad iad na deiseanna atá ann? |
10.30 | Na deiseanna oiliúna agus fostaíochta atá ann |
10.40 | Ceisteanna & Freagraí |
11.00 | BRISEADH |
11.20 | Úsáid an ríomhaistriúcháin in institiúidí an Aontais Eorpaigh |
11.40 | Úsáid na bhfoinsí agus na bhfoclóirí |
11.50 | Daltaí a roinnt ina ngrúpaí (4 ghrúpa, 12 i ngach grúpa) |
12.00 | CEARDLANNA AISTRIÚCHÁIN Ceithre cheardlann: W1: Fraincís go Béarla Ceardlann aistriúcháin le haistritheoirí ón gCoimisiún: beifear ag obair ar cháipéis ghearr nó alt le chéile, pléifear na dúshláin is mó a bhaineann leis an aistriúchán agus cíorfar na bealaí a dtugann an t-aistritheoir gairmiúil aghaidh ar dhúshláin den chineál sin |
13.00 | DEIREADH |
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin ócáid seo ach ríomhphost a sheoladh chuig DGT-Dublinec [dot] europa [dot] eu (DGT-Dublin[at]ec[dot]europa[dot]eu).