Imeacht eolais ar líne maidir leis an ateangaireacht in institiúidí an Aontais Eorpaigh atá á eagrú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ag Rialtas na hÉireann
- interpreting
- Dé Máirt, 7 Márta 2023, 18.00 - 19.30 (GMT)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Máirt, 7 Márta 2023, 18.00 - 19.30 (GMT)
- Teangacha
- Béarla
Cur síos
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi ghairm an ateangaire? An bhfuil spéis agat a bheith ag obair i dtimpeallacht ilteangach ilchultúrtha? Ar mhaith leat a fháil amach conas a bheith i d’ateangaire leis an Aontas Eorpach?
Leis an imeacht comhpháirteach ar líne seo atá á eagrú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ag Rialtas na hÉireann, beidh deis agat éisteacht le tuairimí ateangairí foirne agus oiliúnaithe atá ag obair d’institiúidí an Aontais faoina gconairí gairme agus faoina bhfuil i gceist lena bpost.
Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an imeacht, a bhfuil tacaíocht á fáil aige ón straitéis Gairm san Aontas Eorpach de chuid an Rialtais.
Tá clár an imeachta ar fáil anseo.
Straitéis is ea Gairm san Aontas Eorpach a seoladh i mí na Bealtaine 2021 darb aidhm ionadaíocht na hÉireann in institiúidí an Aontais a mhéadú trí ghairmeacha san Aontas a chur chun cinn do chéimithe Éireannacha agus trí thacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil d’iarratasóirí. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag EUJobs – An Roinn Gnóthaí Eachtracha (dfa.ie).
Ateangaireacht don Aontas Eorpach:
Cruthaíodh na físeáin seo a leanas chun an ateangaireacht a chur i láthair mar ghairm bheatha:
- An ateangaireacht mar ghairm bheatha
- An t-ilteangachas agus an ateangaireacht
- Lá i saol an ateangaire (is í an Ghaeilge teanga an fhíseáin seo).
Eolas faoi na trialacha creidiúnúcháin: A bheith ag obair mar shaor-ateangaire leis an Aontas (europa.eu)
Eolas faoi sparánachtaí do mhic léinn ateangaireachta comhdhála: https://commission.europa.eu/funding-tenders/find-funding/find-calls-funding-topic/education-and-training-funding/funding-opportunities-interpretation-studies/bursaries-conference-interpreting-students_ga