Físeán gearr oideachasúil faoi Éirinn agus an tAontas Eorpach is ea ‘Mise, Tusa agus an tAontas Eorpach’, a ghluaiseann ar aghaidh go tapa.
Mar chuid de na 5 ‘chaibidil’ cuireann déagóirí as gach cearn den tír ceisteanna tábhachtacha faoin Aontas. Téimid ar aistear leo le fáil amach faoi stair an Aontais agus faoin gcaoi a bhfuil tionchar ag ballraíocht na hÉireann san Aontas ar a saol ó lá go lá.
Faighimid eolas freisin faoi phríomhbheartais de chuid an Aontais, faoin gcaoi a bhfeidhmíonn na hinstitiúidí éagsúla agus faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá ann faoi láthair. Labhraíonn Coimisinéir na hÉireann, Mairead McGuinness, agus feisirí de chuid na hÉireann linn agus faighimid eolas faoi thréimhsí oiliúna agus deiseanna gairme do dhaoine óga in institiúidí an Aontais.
Ábhar tacaíochta do Mhúinteoirí
Dearadh an físeán chun eolas a thabhairt do dhaoine óga faoin Aontas ar bhealach spraíúil inrochtana.
Féadfaidh scoileanna é a úsáid mar acmhainn oideachasúil.
Tá nóta beag faoi chur chuige an cheachta ar fáil do mhúinteoirí anseo. Mar chuid den nóta sin, tugtar forbhreathnú ar an bhfíseán agus leagtar amach na cúig chaibidil, na ceisteanna a chuirtear le linn an fhíseáin san áireamh.
Tá Quiz do dhaltaí, bunaithe ar ábhar an fhíseáin, ar fáil anseo.
Tá níos mó eolais le fáil ag na naisc seo a leanas:
Tá níos mó eolais le fáil ag na naisc seo a leanas:
- Cúinne Foghlama an Aontais
- Institiúidí an Aontais Eorpaigh
- Erasmus+
- EPSO / Cúrsaí Oiliúna
- Europe Direct
- An clár ‘An Réalta Ghorm’
- Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn
- Clár Scoileanna Ambasadóra
- Euroscola Pharlaimint na hEorpa
- Duais Eorpach Charlemagne don Óige