Cúigear daltaí meánscoile a bhain an liosta amach – duine as gach cúige in Éirinn (as na haistriúcháin a rinne siad ó Bhéarla go Gaeilge) agus duine a roghnaíodh as a sár-aistriúchán ó Spáinnis go Gaeilge. Is as Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cill Mhantáin, Gaillimh agus Tír Eoghain buaiteoirí na bliana seo. Is é aistriúchán bhuaiteoir Chonnacht, Maitilde Warsop as Gaillimh, a roghnaíodh mar an t-aistriúchán ab fhearr ar fad sa tír.
Ag labhairt dó ag searmanas bronnta an lae inniu, thréaslaigh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, le buaiteoirí na bliana seo agus mhínigh sé go dtugann an comórtas seo deis dóibh siúd a ghlacann páirt ann ‘léargas a fháil ar obair an aistritheora.’ Labhair sé faoi na deiseanna atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus dúirt sé go bhfuil ‘úsáid na Gaeilge ar an leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo.’
Thagair Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, don ‘éacht’ a bhí déanta ag iarrthóirí na bliana seo, go háirithe i bhfianaise na mbacainní breise a bhí le sárú acu i ngeall ar ghné fhíorúil an chomórtais. Dúirt sé gur cheart do na hiarrthóirí a bheith ‘ana‑bhródúil’ as an méid a bhí curtha i gcrích acu agus ‘go n-ardaíonn sé [a] chroí an t‑ardchaighdeán agus an cruinneas’ a léirigh na buaiteoirí ina gcuid aistriúcháin. Ar deireadh, dúirt sé go raibh súil aige ‘gur spreag an obair seo [na hiarrthóirí] le smaoineamh faoi ghairm an aistriúcháin amach anseo.’
An comórtas
Ba é seo an ceathrú heagrán den chomórtas Aistritheoirí Óga, a bhíonn á reáchtáil ar bhonn bliantúil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i gcomhar le chéile. Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim na ndaltaí céanna a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.
Ghlac 62 dhalta i 28 scoil páirt i gcomórtas na bliana seo agus d’aistrigh siad téacsanna ó Bhéarla, Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis go Gaeilge.
Sé chatagóir atá sa chomórtas: duais as an aistriúchán is fearr ó Bhéarla i ngach cúige, príomhdhuais as an aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann, agus duais as an aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla.
Liosta buaiteoirí 2021:
An t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann:
Maitilde Warsop, Coláiste Chroí Mhuire
An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Chonnacht
Maitilde Warsop, Coláiste Chroí Mhuire
An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Laighean
Saoirse Ng, Coláiste Chilliain
An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Mumhan
Rebecca Ní Dhúil, Meánscoil Bríd Naofa
An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Uladh
Séamas Ó Fearáin, Scoil Iósaef
An t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla
Alanna Plunkett, Coláiste Chraobh Abhann (aistriúchán ó Spáinnis go Gaeilge).
Cúlra an chomórtais
Seoladh an chéad eagrán den chomórtas i nDeireadh Fómhair 2017. Tá cead cur isteach air ag daltaí a bhfuil 15 bliana nó níos mó slánaithe acu.
Tá an comórtas mar chuid d’iarracht fhorleathan feasacht a ardú maidir leis an tábhacht agus an tairbhe a bhaineann le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Cinneadh le Rialachán 2015/2264 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh go mbeidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh faoi 2022, agus go ndéanfar an reachtaíocht ar fad a achtófar san Aontas a aistriú go Gaeilge ón uair sin amach, mar a dhéantar i gcás na 23 theanga oifigiúla eile. Chuige sin, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh ag lorg tuilleadh baill foirne le Gaeilge chun dul i mbun na hoibre is gá chun go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascróidh as an stádas iomlán a thabharfar don Ghaeilge.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Aibreán 2021