Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta3 Bealtaine 2023An Ionadaíocht in Éirinn

Buaiteoirí ‘Aistritheoirí Óga 2023’ fógartha

Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais ‘Aistritheoirí Óga 2023’ ag searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath inniu. Cúigear daltaí meánscoile atá ar an liosta – dalta amháin as gach ceann de cheithre chúige Éireann agus an t-ollbhuaiteoir.

The winners of the 2023 competition: Leo Oisíneach Mac an tSaoir, Sarah Nic an Choiligh, Rachel Ní hEarchaí, Sinéad de Búrca, Áine Ní Dhuibh, with Minister of State Patrick O’Donovan TD & Seán Hade, Head of the Commission's Language Department
The winners of the 2023 competition: Leo Oisíneach Mac an tSaoir, Sarah Nic an Choiligh, Rachel Ní hEarchaí, Sinéad de Búrca, Áine Ní Dhuibh, with Minister of State Patrick O’Donovan TD & Seán Hade, Head of the Commission's Language Department

Rinne gach duine de na buaiteoirí aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge.

Is as Ard Mhacha, Ceatharlach, Gaillimh agus Ciarraí buaiteoirí na bliana seo (féach an liosta thíos).

Bronnadh ollduais an chomórtais ar Leo Oisíneach Mac an tSaoir ó Phobalscoil an Ghleanna, Co. na Gaillimhe as an t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann a dhéanamh.

Seo mar a labhair Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht agus Oifig na nOibreacha Poiblí ag an searmanas bronnta inniu:

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí go léir inniu, agus ar ndóigh le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana. Is deis iontach é an comórtas seo chun léargas a thabhairt do dhaltaí meánscoile ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. Níl aon amhras orm ach go mbeidh roinnt de na daltaí a fheicimid anseo inniu ag obair leis na hInstitiúidí Eorpacha amach romhainn.”

Dúirt Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, gur cheart do na rannpháirtithe a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana a bheith “an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu”. Lean sé dá chuid cainte, a rá gur “léiriú é an méadú faoi dhó ar líon na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana ar an gcaoi a bhfuil níos mó suim ag daltaí i ngairm an aistriúcháin”, sin agus gur “ábhar dóchais” é ardchaighdeán iarrachtaí na bliana seo".

An Comórtas

Is é seo an séú heagrán den chomórtas ‘Aistritheoirí Óga’, comórtas aistriúchán bliantúil a eagraíonn an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i dteannta a chéile. Trí sprioc atá leis an gcomórtas, is iad sin ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim daltaí meánscoile a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

I mbliana, tháinig méadú suntasach ar rannpháirtíocht sa chomórtas, agus 107 ndalta as 42 scoil ag aistriú ón mBéarla, ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis go Gaeilge.

Cúig chatagóir atá sa chomórtas, is iad sin an duais don aistriúchán is fearr i ngach ceann de na ceithre chúige aonair agus an ollduais don aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann.

Seo a leanas liosta na mbuaiteoirí 2023:

An t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann:
Leo Oisíneach Mac an tSaoir Pobalscoil an Ghleanna, Co. na Gaillimhe

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Chonnacht:
Sarah Nic an Choiligh  Coláiste na Coiribe, Co. na Gaillimhe

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Laighean:
 
Rachel Ní hEarchaí Coláiste Naomh Leoin, Ceatharlach

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Mumhan:

 
Sinéad de Búrca Coláiste Íde, Co. Chiarraí
An t-aistriúchán is fearr i gcúige Uladh:  
Áine Ní Dhuibh  Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha

 

Cúlra an chomórtais

Seoladh an chéad eagrán den chomórtas i mí Dheireadh Fómhair 2017. Tá sé oscailte do dhaltaí a bhfuil 15 bliana déag slánaithe acu.

Is cuid d’iarracht níos forleithne é an comórtas chun feasacht a ardú i dtaca leis an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le stádas iomlán na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach. Ón 1 Eanáir 2022 i leith, déantar an reachtaíocht go léir a achtaítear san Aontas a aistriú go Gaeilge (mar a rinneadh i gcónaí cheana féin i gcás na 23 theanga oifigiúla eile). Ó seo amach, is faoi Institiúidí an Aontais é a chinntiú go bhfuil dóthain ball foirne oilte ann chun na hoibleagáidí nua sin a chomhlíonadh.

Sonraí

Dáta foilsithe
3 Bealtaine 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn