Is saincheist chasta í an imirce a éilíonn freagra tuisceanach, cothrom, agus íogair, ach is minice ar na mallaibh go mbaintear feidhm aisti mar arm polaitiúil, agus is iomaí feachtas bréagaisnéise a reáchtáladh a bhain leis an gComhshocrú.
Tugtar aghaidh sa Chomhshocrú ar laigí i mBeartas Imirce an Aontais a tháinig chun solais le deich mbliana anuas, ach uaireanta tugtar bréagléiriú d'aon ghnó air mar bhagairt ar cheannasacht nó ar shlándáil náisiúnta, rud nach bhfuil fíor.
Is léir na cúiseanna gur gá an Comhshocrú a bheith ann. Tháinig méadú ar líon na ndaoine a easáitíodh go héigeantach de dheasca coinbhleachtaí agus foréigean ar fud an domhain gach bliain le 12 bhliain anuas, go dtí go raibh os cionn 117 milliún ann faoi 2023.
Mar thoradh ar rialacha imirce a bhí ann roimhe, fágadh go raibh Ballstáit túslíne amhail an Ghréig, an Iodáil agus an Spáinn ag streachailt agus iad ag iarraidh na mílte imirceach a phróiseáil agus tearmann á lorg acu ar theacht isteach dóibh.
Sa bhreis air sin, i ngeall ar bhealaí teoranta imirce dleathaí, próisis um fhilleadh nach raibh éifeachtach agus easpa dhlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, cuireadh ar chumas líonraí smuigleála daoine dúshaothrú a dhéanamh ar imircigh.
Leis an gComhshocrú nua, neartófar slándáil teorann, déanfar nósanna imeachta tearmainn a chuíchóiriú agus ceadófar do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cibé an nglacfaidh siad le hiarrthóirí tearmainn nó an gcuirfidh siad tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil ar fáil.
Comhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann
Ceisteanna agus freagraí faoin gComhshocrú
Comhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann in Éirinn
An 27 Meitheamh 2024 roghnaigh Éire páirt a ghlacadh sa Chomhshocrú, tar éis don dá theach den Oireachtas vóta a chaitheamh ina leith. Cé go bhfuil an Comhshocrú in éifeacht go dlíthiúil, tá go dtí an 12 Meitheamh 2026 ag Éirinn, agus ag tíortha eile an Aontais, na rialacháin nua seo a chur i bhfeidhm ina n-iomláine.
Idir an dá linn, táthar ag baint úsáid as bréagaisnéis faoin gComhshocrú chun tuairimí an phobail a shaobhadh trí eagla a mhéadú agus trí na fíricí faoin imirce a chlaonadh.
Scaiptear an mhórchuid den bhréagaisnéis sin ar líne trí na hardáin meán sóisialta agus trí ghrúpaí teachtaireachtaí, agus cuimsítear inti scéalta bréagacha faoi imircigh a dhéanann coireanna agus teoiricí comhcheilge gan bhunús ná dealramh.
Is minic gurb é a bhíonn mar aidhm ag an mbréagaisnéis sin fearg an phobail a spreagadh, agus mar thoradh uirthi, tharla roinnt agóidí foréigneacha agus rinneadh ionsaithe coirloiscthe ar fhoirgnimh ar creideadh go raibh siad á gcur ar fáil mar áiteanna cónaithe d'imircigh.
Mar chuid d'fheachtais bhréagaisnéise faoi Chomhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, is minic a chuirtear síos ar iarrthóirí tearmainn mar ‘bhagairt eiseach’ ar shochaí na hÉireann. Mar sin féin, is minic a bhaineann cuspóir polaitiúil leis na feachtais sin, agus baintear úsáid astu chun mearbhall agus easaontas a chothú i measc phobail na hÉireann.
Éire agus beartas imirce an Aontais
Míthuiscintí faoi Chomhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann a bhréagnú
Is éard atá i gceist leis an mbréagaisnéis faisnéis bhréagach a scaipeadh d'aon ghnó, agus is éard is mífhaisnéis ann, faisnéis bhréagach a chomhroinneann duine nach bhfuil eolach ar an ábhar. Is iad an dá rud sin a chothaíonn roinnt mhaith míthuiscintí faoin gComhshocrú in Éirinn.
Seo a leanas roinnt míthuiscintí coitianta:
Míthuiscint 1: Leis an gComhshocrú seo, cuirfear iallach ar Éirinn glacadh le tuilleadh imirceach
An fhírinne: Glacfaidh Éire páirt i sásra dlúthpháirtíochta an Chomhshocraithe, sásra lena dtugtar solúbthacht maidir leis an gcaoi a gcuireann sí leis an imirce a bhainistiú. Is féidir leis na Ballstáit, Éire ina measc cinneadh a dhéanamh cibé an nglacfaidh siad le hiarrthóirí tearmainn nó an gcuirfidh siad tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil ar fáil do Bhallstáit eile. Caithfidh na Ballstáit uile cur leis an gComhshocrú ar bhealach éigin, ach níl aon cheangal orthu glacadh le líon íosta imirceach.
Míthuiscint 2: Tá Éire thar a riocht agus is in olcas a rachaidh an ghéarchéim tithíochta i ngeall ar an gComhshocrú
An fhírinne: Tearcsholáthar tithíochta is cúis leis an ngéarchéim in Éirinn, ní an imirce. Cuirtear áit chónaithe ar fáil d’iarrthóirí tearmainn in ionaid soláthair dhírigh nó i ndídean éigeandála, nach bhfuil feiliúnach mar réiteach tithíochta fadtéarmaí, agus ní bhíonn siad i dteideal tithíocht Stáit. Faigheann Éire maoiniú ón Aontas tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), agus is féidir an maoiniú sin a úsáid chun teacht ar réitigh lóistín le haghaidh iarrthóirí tearmainn, cuir i gcás saoráidí faoi úinéireacht an stáit a fhairsingiú agus feabhas a chur ar an lóistín atá ann cheana féin.
Míthuiscint 3: Cuirfear deireadh le ceannasacht na hÉireann i ngeall ar an gComhshocrú
An fhírinne: Baineann an Comhshocrú le cothromaíocht a aimsiú idir ceannasacht náisiúnta agus freagracht chomhroinnte laistigh de chreat an Aontais. Cinntíonn sé dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, rud a fhágann nach mbeidh aon tír ar leith thar a riocht. Beidh ceannas ag Éirinn fós ar an gcaoi go baileach a mbainistíonn sí cúrsaí imirce, agus lena rannpháirtíocht, beidh fáil aici ar mhaoiniú agus ar thacaíocht ón Aontas chun cuidiú léi é sin a dhéanamh.
Míthuiscint 4: Beidh teorainneacha oscailte ann i ngeall ar an gComhshocrú
An fhírinne: Níl aon tír ar domhan, Éire san áireamh, ag a bhfuil teorainn oscailte, ach is minic a scaiptear an mhífhaisnéis seo ar na meáin shóisialta. Le fírinne, neartófar teorainneacha na hEorpa leis an gComhshocrú, agus cruthófar córas atá níos cothroime agus níos struchtúrtha chun imirce a bhainistiú ar fud an Aontais. Níl bunús ar bith leis an imní go dtiocfaidh méadú neamhrialaithe ná tobann ar imirce mar thoradh air.
Míthuiscint 5: Leis an gComhshocrú seo, cuirfear iallach ar Éirinn glacadh le himircigh nach ndeachaigh faoi ghrinnfhiosrú
An fhírinne: Téann gach imirceach - agus go háirithe iarrthóirí tearmainn - faoi nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin in Éirinn, agus déantar na nósanna imeachta sin a neartú leis an gComhshocrú. Téann gach iarrthóir tearmainn faoi scagadh éigeantach ar theacht isteach dóibh, fíorú aitheantais, bailiú sonraí bithmhéadracha, seiceálacha sláinte, agus scagadh slándála ina measc. Baintear úsáid as bunachair sonraí náisiúnta agus bunachair de chuid an Aontais amhail Eurodac, chun rioscaí slándála a d'fhéadfadh a bheith ann nó iarratais ar thearmann a rinne roimhe sin a shainaithint.
Míthuiscint 6: Níl imircigh de dhíth in Éirinn
An fhírinne: Tá daonra na hÉireann agus na hEorpa ag dul in aois go gasta agus tá imircigh fíor-riachtanach chun easpa lucht saothair a réiteach in earnálacha amhail earnáil na tógála, an earnáil cúraim sláinte, an earnáil fáilteachais, agus earnáil na hoibre tí. Áitíonn an Lárionad um Athchóiriú Eorpach (CER) go bhfuil gá leis an inimirce ó lasmuigh den Aontas Eorpach, agus murach í, bheadh cinntí deacra roimh Bhallstáit, cuir i gcás aoiseanna scoir a ardú nó sochair leasa shóisialta a laghdú. Leis an gComhshocrú, cruthaítear bealaí imirce dleathaí, ina measc siúd, Linn Tallainne de chuid an Aontais Eorpaigh d'oibrithe oilte lenar féidir imircigh a mheaitseáil le riachtanais sa mhargadh saothair i mBallstáit den Aontas.
Míthuiscint 7: Leis an gComhshocrú seo, beidh sé níos deacra iarrthóirí tearmainn ar diúltaíodh dá n-éilimh a athsheoladh chuig a dtíortha dúchais
An fhírinne: Faoi láthair in Éirinn, bíonn ar iarrthóirí tearmainn fanacht thart ar 80 seachtain lena gcuid éileamh a phróiseáil. Má dhiúltaítear dá n-éileamh, d'fhéadfaidis tús a chur le próiseas achomhairc, agus d'fhéadfadh sé breis agus bliain a ghlacadh chun é a thabhairt chun críche. Faoi chóras an nós imeachta brostaithe atá mar chuid den Chomhshocrú, próiseálfar cásanna iarrthóirí tearmainn i gcatagóirí áirithe laistigh de 12 sheachtain. Tabharfar aon achomharc chun críche laistigh de 8 seachtaine. Má dhiúltaítear dá n-éileamh, aistreofar iad láithreach chuig an bpróiseas um fhilleadh agus athsheolfar iad chuig a dtír thionscnaimh nó chuig tríú tír shábháilte ar an gcaoi is éifeachtúla agus is féidir. Cuimsítear coimircí sa Chomhshocrú lena gcosnaítear grúpaí leochaileacha amhail mná atá ag iompar clainne agus mionaoisigh neamhthionlactha.
An tAontas Eorpach i gcoinne na bréagaisnéise
An bhréagaisnéis ar líne a chomhrac
Fíricí faoin imirce
- De réir Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), faoi dheireadh 2023, bhí 117.3 milliún duine ar fud an domhain easáitithe go héigeantach mar thoradh ar ghéarleanúint, coinbhleacht, foréigean, sáruithe ar chearta an duine nó eachtraí eile. Is méadú 8 % ó 2022 é sin.
- 58 % de na daoine a easáitíodh go héigeantach, d'fhan siad laistigh dá dtíortha féin mar dhaoine easáitithe ina dtír féin (IDPanna). Faoi dheireadh 2023 bhí 68.3 milliún duine easáitithe ina dtír féin (IDPanna) ar fud an domhain.
- Ní chuardaíonn tromlach na ndídeanaithe tearmann san Eoraip. Go deimhin, bogann 70 % de dhídeanaithe go dtí tíortha comharsanacha seachas dul isteach san Eoraip.
- In 2023 chuir os cionn 1.14 milliún iarrthóir tearmainn céaduaire isteach ar chosaint idirnáisiúnta, is é sin 18 % níos mó ná in 2022. Is iad an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil na cinn scríbe is mó a bhain na hiarratasóirí seo amach.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Samhain 2024