Inniu chuir an Coimisiún Eorpach togra reachtach i láthair lena n-éascófar rochtain ar an gceart chun saorghluaiseachta do dhaoine faoi mhíchumas, trína chinntiú gur féidir leo coinníollacha speisialta, cóir fhabhrach agus cearta páirceála a rochtain, ar bhonn comhionann, agus iad ar cuairt i mBallstát eile. Leis an togra ón gCoimisiún, tugtar isteach Cárta Míchumais Eorpach caighdeánaithe agus cuirtear feabhas ar an gCárta Páirceála Eorpach atá ann faoi láthair do dhaoine faoi mhíchumas. Tabharfar aitheantas don dá chárta ar fud an Aontais Eorpaigh.
Cárta Míchumais Eorpach
Nuair nach n-aithnítear stádas míchumais daoine thar lear, ní féidir leo rochtain a fháil ar na coinníollacha speisialta agus ar an gcóir fhabhrach, mar shampla rochtain shaor agus/nó rochtain tosaíochta, táillí laghdaithe nó cúnamh pearsanta, agus iad ar cuairt i mBallstáit eile. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin, tá an Coimisiún ag moladh go gcruthófaí Cárta Míchumais Eorpach caighdeánaithe.
Beidh an Cárta Míchumais Eorpach ina chruthúnas aitheanta ar mhíchumas ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé rochtain chomhionann ar choinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach ó thaobh seirbhísí poiblí agus príobháideacha de, mar shampla iompar, imeachtaí cultúrtha, músaeim, ionaid fóillíochta agus spóirt nó páirceanna siamsaíochta. Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a eiseoidh é agus cuirfidh sé leis na cártaí náisiúnta nó na deimhnithe náisiúnta atá ann cheana.
An Cárta Páirceála Eorpach a fheabhsú
I gcás go leor daoine faoi mhíchumas, is é an t-iompar príobháideach cairr an deis is fearr nó an t-aon deis amháin atá acu fós chun taisteal agus gluaiseacht go neamhspleách, agus a neamhspleáchas á chinntiú. Leis na feabhsuithe atá beartaithe le haghaidh an Chárta Páirceála Eorpaigh atá ann faoi láthair, beidh daoine faoi mhíchumas in ann rochtain a fháil ar na cearta páirceála céanna atá ar fáil i mBallstát eile. Beidh formáid choiteann cheangailteach i gceist leis, rud a chuirfear in ionad cártaí páirceála náisiúnta do dhaoine faoi mhíchumas agus a aithneofar ar fud an Aontais.
Inrochtaineacht na gcártaí a chinntiú
Chun éascaíocht úsáide a chur chun cinn agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, cuirfidh an Treoir atá beartaithe de cheangal ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Na cártaí a chur ar fáil i leaganacha fisiciúla agus digiteacha araon.
- Coinníollacha agus rialacha a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana maidir le heisiúint nó tarraingt siar na gcártaí.
- A chinntiú go gcuireann soláthraithe seirbhíse eolas ar fáil maidir le coinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana.
Chun comhlíontacht a ráthú, ní mór do na Ballstáit a chinntiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas, a n-eagraíochtaí ionadaíocha agus comhlachtaí poiblí ábhartha in ann beart a dhéanamh faoin dlí náisiúnta más gá. Tar éis an Treoir a ghlacadh sa dlí náisiúnta, iarrtar ar na Ballstáit fíneálacha agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcás sáruithe.
Na chéad chéimeanna eile
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plé ar thogra an Choimisiúin anois. Déanfar foráil sa togra go mbeidh 18 mí ag na Ballstáit forálacha na Treorach a chur san áireamh sa dlí náisiúnta a luaithe a ghlacfar iad.
Cúlra
Fógraíodh an Treoir atá beartaithe lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas i Straitéis an Aontais maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, 2021-2030. Cuireann an togra le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine faoi mhíchumas (UNCRPD), arna dhéanamh ag an Aontas, ar páirtí ann an tAontas agus a Bhallstáit uile. Tá oibleagáidí in UNCRPD ar Stáit is Páirtithe aitheantas a thabhairt do chearta daoine faoi mhíchumas chun saoirse gluaiseachta ar bhonn comhionann le daoine eile. Iarrtar ar na Stáit is Páirtithe freisin bearta éifeachtacha a dhéanamh chun soghluaisteacht phearsanta a chinntiú leis an neamhspleáchas is mó is féidir do dhaoine faoi mhíchumas, agus trí shoghluaisteacht phearsanta daoine faoi mhíchumas a éascú ar an mbealach agus ag an am is rogha leo agus ar chostas inacmhainne. Tá an togra ag teacht le prionsabail an chomhionannais deiseanna agus prionsabail an chuimsithe daoine faoi mhíchumas ó Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Déanann an tionscnamh forbairt ar thorthaí an tionscadail phíolótaigh maidir le Cárta Míchumais an Aontais a bhí ann sa Bheilg, sa Chipir, san Eastóin, san Fhionlainn, san Iodáil, i Málta, sa Rómáin agus sa tSlóivéin idir 2016 agus 2018. Ina theannta sin, cuireann sé san áireamh léargais ó chomhairliúchán poiblí a rinneadh le déanaí, inar bailíodh breis agus 3,300 freagra, agus 78% díobh sin ag teacht ó dhaoine faoi mhíchumas.
Tuilleadh eolais
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 6 Meán Fómhair 2023
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn