Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Bileog eolais23 Feabhra 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 25 nóiméad

Dhá bhréag déag faoi chogadh na Rúise san Úcráin

Bliain ó shin chuir an Rúis tús le cogadh foghach gan chúis i gcoinne na hÚcráine, tír shíochánta in aice láimhe, rud a léirigh fíor-uaillmhianta impiriúlacha na Creimile os comhair an tsaoil mhóir.

Inniu tá an Úcráin fós ag troid, tá sí fós láidir agus tá sí fós meáite ar ionsaí na Rúise a chloí.

D’ullmhaigh an Rúis dá cogadh i gcoinne na hÚcráine trí bhréaga a scaipeadh faoin tír. I bhfad roimh an ionradh iomlán an 24 Feabhra 2022, bhí sruth leanúnach bréagaisnéise ann a réitigh an bealach d’ionsaí míleata na Rúise. Tá an bhréagaisnéis ar son na Creimile á rianú agus á tabhairt chun solais againn le linn an chogaidh. San fhorléargas seo, nochtfaimid cuid de na bréaga is mó faoin gcogadh atá á scaipeadh go gníomhach tríd an éiceachóras bréagaisnéise atá ar son na Creimile.

Bréag: is scéal cinnte é go mbeidh an bua ag an Rúis sa chogadh. Beidh an bua ag an Rúis an cogadh, sin nó beidh an Tríú Cogadh Domhanda ann de bharr na coimhlinte. An tacaíocht mhíleata atá á tabhairt ag an Iarthar don Úcráin, tá sin ag cur leis an teannas agus leis an bhfulaingt. Is é dímhíleatú na hÚcráine an t-aon bhealach chun na síochána.

Tá sé cruthaithe arís agus arís eile go bhfuil teacht aniar, diongbháilteacht agus spiorad troda dobhriste ag an Úcráin, agus nach é an bua atá i ndán don Chreimil in aon chor ina hionsaí foghach ar an Úcráin. Tá a chúl tugtha ag an domhan mór leis an Rúis: táthar ag éileamh go gcuirfí deireadh láithreach leis na hionsaithe san Úcráin agus go dtarraingeoidh fórsaí na Rúise siar gan choinníoll thar theorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta. Ó chuir an Rúis tús lena ‘cogadh trí lá’ gan chúis, tá ag éirí leis an Úcráin dul chun cinn na n-ionróirí a chosc, chas sí an taoide agus shaor sí cuid mhór dá críoch ó rialú sealadach míleata na Rúise. Tá dochar mór déanta ag fórsaí na hÚcráine d’acmhainní míleata na Rúise freisin. 

Barrshamhail an mhisnigh, sin í buanseasmhacht na hÚcráine in aghaidh ionsaí tréan na Rúise. Tá tacaíocht mhíleata an Iarthair don Úcráin ag déanamh difríocht ar an mblár catha gach lá agus ag cabhrú leis an Úcráin a ceart féinchosanta a chosaint, ceart atá cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe.

Na hiarratais atá déanta ag an Rúis ar shosanna comhraic nó ar chaibidlíocht síochána, ní iarratais mhacánta iad: níl iontu ach bearta bolscaireachta. Nuair a dhéantar grinnanailís orthu, is léir gur éilimh impiriúlaíocha iad ina n-iarrann an Rúis ar an Úcráin géilleadh agus níos mó dá críoch agus dá ceannasacht a thabhairt suas.

Fórsaí na Rúise a tharraingt siar go hiomlán ón Úcráin laistigh de na teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a beartas ionsaitheach a thréigean ina iomláine, sin é an bealach ceart chun na síochána. Chuir an Rúis tús le cogadh gan chúis san Eoraip agus thug sí neamhaird iomlán ar an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe. Ní féidir síocháin a bhaint amach trí ligean don Úcráin aghaidh a thabhairt ar an ionsaí seo ón Rúis, tír atá an-mhíleata, a shéanann a ceannasacht agus ina ndéantar glaonna ar chinedhíothú go hoscailte poiblí.

Bréag: tá an Rúis i mbun cogadh leis an Iarthar. Níl sa Úcráin ach seachstát de chuid NATO agus blár catha. Tá an Rúis á cosaint féin i gcoinne an ionsaitheora, an Úcráin.

Chuir an Rúis tús le hionradh iomlán ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 agus tá an Úcráin á cosaint féin ó shin. An maíomh bréagach gurb í an Úcráin an t-ionsaitheoir, is teaictic ionramhála thipiciúil de chuid na Creimile é sin a thugann le fios gurb í an Rúis an t-íospartach agus a bhaineann aird na ndaoine dá hionsaí féin. Is léir don mhórchuid den domhan gur scéal áiféiseach é sin, ach i dtimpeallacht eolais na Rúise, timpeallacht atá ag cúngú léi de réir a chéile, is rosc catha atá sa scéal chun tacaíocht phoiblí a shlógadh ar son bheartais údarásaíocha na Creimile.

An scéal bréagaisnéise ar son na Creimile inar maíodh go bréagach go bhfuil an Rúis ag troid i gcoinne an Iarthair, bhailigh an scéal sin neart tar éis don Úcráin frith-ionsaí rathúil a dhéanamh ar na hionróirí Rúiseacha. Is maith le hanailísithe atá ar son na Creimile an scéal sin a úsáid nuair a fhaigheann an Úcráin tacaíocht mhíleata óna comhpháirtithe san Iarthar, nó nuair atá an Rúis ag cailleadh a seilbhe ar chríocha atá faoina forghabháil shealadach san Úcráin. Níl cogadh feartha ag an Aontas Eorpach, ag an Iarthar ná ag ECAT ar an Rúis. Tá an tAontas, na Stáit Aontaithe, agus go leor Ballstát de chuid ECAT ag cur cúnamh míleata ar fáil don Úcráin chun cabhrú leis an tír ionsaí gan chúis na Rúise a dhíbirt, ach níl aon bhaint acu leis an trodaíocht.

Bréag: tá airm núicléacha á lorg ag an Úcráin, déanann sí ionsaí ar bhonneagar núicléach sibhialta, agus cuireann sí airm i bhfolach i stáisiúin cumhachta núicléiche. Tá an Úcráin ag obair ar ‘bhuama salach’. Bheadh cúis ag an Rúis airm núicléacha oirbheartaíochta a úsáid i gcoinne na hÚcráine.

Cé go bhfuil go leor le cíoradh anseo, tá an teaictic fhoriomlán soiléir. Úsáidtear scéal chailleach an uafáis den chineál sin chun leas a bhaint as an gcol réasúnach atá ag daoine le hairm núicléacha. Tá an bholscaireacht núicléach a dhíríonn ar an Úcráin ag éirí níos ionsaithí i rith an ama agus tá sí ina snáithe leanúnach sna scéalta cogaidh a insítear ar son na Creimile.

In ainneoin na líomhaintí leanúnacha ón gCreimil, níl aon fhianaise ann gur oibrigh an Úcráin riamh chun airm núicléacha a chruthú lena n-úsáid i gcoinne na Rúise nó i gcoinne tír ar bith eile. Go deimhin, tá an Úcráin ina tír atá saor ó airm núicléacha ó bhí 1994 ann, an bhliain a shínigh sí Meabhrán Bhúdaipeist. Tá an Úcráin ar cheann den líon beag tíortha ar domhan a bhfuil armlann núicléach tugtha suas acu, tar éis di deireadh a chur leis na hairm a fuair sí ón Aontas Sóivéadach. Ar an taobh eile den scéal, tá dearmad déanta ag an Rúis, tráthúil go leor, ar an ngealltanas a thug sí nuair a shínigh sí an conradh lena dheimhniú go n-urramódh sí neamhspleáchas, ceannasacht agus teorainneacha na hÚcráine.

Ina theannta sin, ní dhéanann an Chreimil moill le hinsintí núicléacha a úsáid chun an milleán a chur ar dhaoine eile, chun bagairtí soiléire a eisiúint, nó chun dul i muinín an dúmháil núicléach chun tacú lena ionsaí. Íomhá a chruthú d’ainmhí atá sáinnithe ach a bhfuil arm núicléach aige fós (rud ar a gcuireann tuathghríosóirí na Creimile béim i gcónaí), is íomhá í sin a théann chun sochair don Rúis.

Na líomhaintí go bhfuil an Úcráin ag iarraidh ‘buama salach’ a chruthú, tá siad úsáidte ag an Rúis mar leithscéal le géarú ar an ionsaí. Thug an Úcráin cuireadh don IAEA teacht agus imscrúdú a dhéanamh ar na suíomhanna a dúirt an Rúis atá á n-úsáid chun buama salach a fhorbairt. Níl aon fhianaise aimsithe ag IAEA go bhfuil ábhair núicléacha á bhforbairt ag an Úcráin lena n-úsáid i gcoinne na Rúise.

Na maíomhanna go bhfuil an Úcráin ag déanamh damáiste d’aon ghnó dá bonneagar núicléach sibhialta féin, tá siad sin gan bhunús chomh maith céanna. Go deimhin, tá iarracht déanta arís agus arís eile ag an Úcráin agus ag na Stáit Aontaithe an teannas a mhaolú i dtaca le stáisiún cumhachta núicléiche Zaporizhzhia. Tá go leor gníomhaíochtaí meargánta déanta ag an Rúis a dhírigh ar an tsaoráid sin. Chuir sí trealamh míleata agus trúpaí taobh istigh den áitreabh, d’úsáid sí an limistéar thart air mar bhunáit le hionsaithe roicéad agus diúracán a lainseáil, rud a d’fhág go raibh an tsaoráid faoi smacht de-facto na Rúise, agus ghearr sí an nasc chuig an bpríomhlíne chumhachta go mion minic. Níor dheimhnigh IAEA aon bhuamáil ná ionsaí de chuid na hÚcráine ar an stáisiún cumhachta, sa tréimhse sula ndearna an Chreimil a cuid líomhaintíina dhiaidh sin.

Bréag: thacaigh an Eoraip ar fad le hionradh Ghearmáin na Naitsithe ar an Aontas Sóivéadach, díreach mar atá an Eoraip ag tacú le hÚcráin na Naitsithe anois. Tá an Rúis ag leanúint le Cogadh Mór an Tírghrá san Úcráin chun na Naitsithe a ghlanadh de chlár an domhain. 

Le blianta anuas tá súil ghéar á coinneáil againn ar an úsáid a bhaineann an Chreimil as an téarma ‘Scáil na Naitsithe’ ina cuid scéalta. Is tróp bréagaisnéise áisiúil é sin atá á úsáid go leanúnach ag an gCreimil le linn an chogaidh chun muintir na hÚcráine a dhídhaonnú agus a aithisiú. An dóigh a maíonn Putin gurb í an Rúis atá ag cloí an Naitsíochais sa lá atá inniu ann, is sampla tipiciúil den teilgean é sin, is é sin bealach don Chreimil chun an milleán a chur óna ghníomhartha scriosacha féin.

Is aisteach amach is amach na líomhaintí gur thacaigh an Eoraip ar fad le hionradh Ghearmáin na Naitsithe ar an Aontas Sóivéadach. Tá an stair iompaithe bunoscionn acu. Go deimhin, faoin mbliain 1942, bhí 26 stát sa chomhghuaillíocht i gcoinne Hitler, chomh maith leis na rialtais ar deoraíocht de chuid na dtíortha Eorpacha a bhí faoi fhorghabháil. Is slítheánta an rud é ag an Rúis an troid i gcoinne an Naitsíochais a úsáid chun freagairt láidir shíceolaíoch nó mhothúchánach a spreagadh. Ní hamháin sin ach tá sé go hiomlán áiféiseach i bhfianaise na bolscaireachta oscailte frith-Sheimítí atá ag teacht ón gCreimil anois. 

Bréag: is tír shaorga í an Úcráin, ní stát ceannasach í.  Is leis an Rúis tailte na hÚcráine go stairiúil. Tá a dtoil pholaitiúil curtha in iúl faoi shaoirse ag muintir na dtailte sin gur mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis arís agus is é dualgas tírghrách na Rúise iad a shaoradh agus a chosaint.

Is stát ceannasach í an Úcráin a bhfuil a féiniúlacht féin agus stair fhada aici. Státacht agus ceannasacht na hÚcráine a shéanadh, is scéal bréagaisnéise eile é sin a bhfuil dúil ag na hanailísithe atá ar son na Creimile ann agus atá á chur chun tosaigh acu leis na blianta. Nuair a reáchtáil an Rúis reifrinn bhréige i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach mar iarracht chun údar a thabhairt le seilbh mhídhleathach a ghlacadh ar na tailte sin, níorbh aon ionadh é gur cuireadh an t-éiceachóras bréagaisnéise atá ar son na Creimile i mbun gnímh arís go tapa chun ceannasacht na hÚcráine a cheistiú.

Is minic a bhain anailísithe atá ar son na Creimile úsáid as athbhreithniúchas na staire mar theaictic ionramhála chun an dioscúrsa poiblí a stiúradh i dtreo tacú le beartais reatha na Creimile, lena n-áirítear iarrachtaí chun na críocha atá faoi fhorghabháil shealadach san Úcráin a ionghabháil go neamhdhleathach. Is iomaí sin tuairisc freisin ar an spéis ollmhór atá ag Putin in athscríobh a dhéanamh ar an stair.

Ní raibh aon rud saor ná daonlathach faoi na reifrinn bhréige. Cuireadh iallach ar vótálaithe vótáil agus saighdiúirí armtha ag dul ó dhoras go doras chun na vótaí a bhailiú, rud atá ag teacht salach go hiomlán ar bhunreacht na hÚcráine. Sháraigh an próiseas iomlán an dlí idirnáisiúnta agus cáineadh é i rúin de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an ionghabháil. Tá nádúr impiriúlaíoch chogadh na Rúise le feiceáil ina cinneadh faoin ionghabháil.

Bréag: tá an Rúis ag troid san Úcráin i gcoinne impiriúlachas agus nuachoilíneachas an Iarthair ar mhaithe le hord domhanda ilpholach a chruthú nach gcuireann tíortha isteach ar ghnóthaí inmheánacha a chéile.

Tá iarracht á déanamh ag réimeas na Creimile le fada an lá cuma an fhrith-impiriúlaí agus an fhrith-choilínigh a chur air féin. Mar sin féin, le cogadh brúidiúil foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nochtadh uaillmhianta impiriúlacha agus coilíneacha na Rúise i leith a comharsan san Eoraip, i gCugas agus san Áise.

Trí chogadh a fhearadh in Oirthear na hÚcráine in 2014, tríd an gCrimé a ionghabháil go mídhleathach an bhliain chéanna, agus trí ionradh iomlán a thosú in 2022, tá an dlí idirnáisiúnta agus Cairt na Náisiún Aontaithe sáraithe go mór ag an Rúis, agus tá síocháin, slándáil agus cobhsaíocht an domhain curtha i mbaol aici dá bharr.

An 2 Márta 2022, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, trí thromlach ollmhór, rún lenar diúltaíodh d’ionradh brúidiúil Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus lenar éilíodh go ndéanfadh an Rúis a fórsaí a tharraingt siar láithreach agus go gcloífeadh sí leis an dlí idirnáisiúnta.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go láidir ar son cáineadh a dhéanamh ar iarrachtaí na Rúise ceithre réigiún de chuid na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach a ionghabháil, tar éis reifrinn bhréige.

An cáineadh domhanda a rinneadh ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne a comharsa síochánta, léiríonn sé go bhfuil an Rúis scoite ina haonar.

Bréag: tá cinedhíothú á dhéanamh ag an Úcráin in Donbas le blianta anuas agus bhí ar an Rúis idirghabháil a dhéanamh chun na daoine a chosaint. Déanann an Úcráin oibríochtaí faoi bhratach bhréagach agus cuireann sí i gcéill go dtarlaíonn ainghníomhartha ionas go mbeifear in ann coireanna cogaidh a chur i leith na Rúise.

Coireanna cogaidh agus cinedhíothú a chur i leith na hÚcráine, is dócha go bhfuil sin ar an mbréagaisnéis is mailísí atá ann ar son na Creimile. Is éard is cinedhíothú ann grúpa daoine a scriosadh d’aon ghnó agus go córasach mar gheall ar a n-eitneacht, a náisiúntacht, a reiligiún nó a gcine. Ní raibh aon phlean den sórt sin ann san Úcráin, agus ní raibh aon fhianaise ann riamh chun tacú le maíomhanna na Rúise.

Na hainghníomhartha a rinne saighdiúirí de chuid na Rúise in Bucha, bhí sin ar cheann de na samplaí is suntasaí den Rúis a bheith ag teilgean a cuid coireanna féin ar an Úcráin. Is mínáireach bréagach an líomhain go ndearna an Úcráin oibríochtaí faoi bhratach bhréagach chun an milleán a chur ar an Rúis. Os a choinne sin, rinneadh imscrúdú ar choireanna cogaidh na Rúise cheana féin in Bucha, Irpin, Mariupol, agus in go leor áiteanna eile.

Thairis sin, is iomaí tuairisc a rinneadh ar na hionsaithe a rinne an Rúis d’aon ghnó ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar, lena n-áirítear scoileanna, ospidéil agus comharsanachtaí cónaithe, e.g. in Chernihiv, Mariupol, Kharkiv agus in áiteanna eile. De réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, d’fhéadfadh sé gur coireanna cogaidh iad na hionsaithe sin. 

Bréag: tá cogadh creidimh á throid ag an Rúis i gcoinne Sátanaigh aindiaga san Úcráin chun an Chríostaíocht agus luachanna traidisiúnta a chosaint.

Seans go bhfuil cuma áiféiseach ar an líomhain sin ach is minic a dhéanann an Rúis tagairt don chath creidimh atá á throid aici i gcoinne an Diabhail féin ionas go mbeidh údar lena cogadh i gcoinne na hÚcráine. Bhí líomhaintí ann go raibh an Úcráin faoi ghéillsine mhínaofa ag fórsaí Háidéis, agus bhain an Chreimil úsáid astu sin sna seachtainí agus sna míonna tosaigh den chogadh chun míniú a thabhairt ar easpa dul chun cinn na Rúise ar an mblár catha. 

Go minic, úsáideann tráchtairí atá ar son na Creimile, go háirithe Vladimir Solovyov, an bréagaisnéis sin taobh le líomhaintí gan bhunús i gcoinne na hÚcráine go ndearna sí iarracht an Eaglais Cheartchreidmheach a scriosadh. Bhailigh an teaictic ionramhála sin neart in 2019 nuair a deonaíodh stádas eaglaise neamhspleáiche d’Eaglais Cheartchreidmheach na hÚcráine agus arís eile i mí na Samhna 2022 nuair a d’fhógair rialtas na hÚcráine go ndréachtódh sé dlí lena gcuirfí toirmeasc ar eaglaisí atá cleamhnaithe leis an Rúis.

Drochphágánaigh aindiaga a dhéanamh de mhuintir na hÚcráine agus dá lucht tacaíochta san Iarthar, is insint í sin a chuireann leis an mbréagaisnéis ar son na Creimile a mhaíonn gur mhaith leis an Iarthar ‘luachanna traidisiúnta’ a scriosadh. Le chéile, tugann na scéalta sin le fios gurb í an Rúis cosantóir na luachanna sin. Tá an homafóibe, ar geall le dearg-fhuathchaint í go minic, i gcroílár an scéil bréagaisnéise sin maidir leis na luachanna atá faoi bhagairt a chosaint.

Bréag: rinne na Stáit Aontaithe cláir forbartha rúnda um airm bhitheolaíocha a mhaoiniú, a fhorbairt agus a oibriú i saotharlanna san Úcráin, thástáil siad airm bhitheolaíocha ar an bpobal áitiúil agus thug siad airm bhitheolaíocha don Úcráin chun ionsaí a dhéanamh ar an Rúis.

Na scéalta sin a cumadh faoi shaotharlanna bitheolaíocha rúnda de chuid na Stát Aontaithe, is sampla tipiciúil iad den mheascán idir teoiric chomhcheilge agus teaictic chailleach an uafáis a úsáideann an Chreimil go minic chun aird a bhaint de rud amháin agus chun mearbhall a chur ar dhaoine. Bhí feachtas bréagaisnéise ann a úsáideadh ar dtús chun cur isteach ar an gcomhpháirtíocht a bhunaigh na Stáit Aontaithe agus an Úcráin ar mhaithe le bagairtí bitheolaíocha a laghdú, agus bhain éiceachóras bréagaisnéise na Creimile úsáid as an seanfheachtas sin arís chun údar a thabhairt le hionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin.

Féachann an bhréagaisnéis atá ar son na Creimile leis an líne idir airm bhitheolaíocha agus taighde bitheolaíoch a dhoiléiriú, chun an eagla a chothú agus míchlú a tharraingt ar an Úcráin. Tá foinsí údarásacha, lena n-áirítear Ardionadaí na Náisiún Aontaithe do Ghnóthaí Dí-armála Izumi Nakamitsu, tar éis bréagnú a dhéanamh arís agus arís eile ar na líomhaintí faoi shaotharlanna bitheolaíocha atá á maoiniú ag na Stáit Aontaithe san Úcráin agus atá á n-úsáid chun críocha míleata.

Bréag: ní féidir leis an Aontas Eorpach maireachtáil gan acmhainní fuinnimh na Rúise. Chuir na Stáit Aontaithe brú ar an Aontas beartais a chur i bhfeidhm a spreag géarchéim dhomhanda fuinnimh toisc go dtéann an ghéarchéim chun tairbhe do chuideachtaí fuinnimh na Stát Aontaithe. 

Is fada an fuinneamh á úsáid ag an gCreimil mar arm ina caidreamh eachtrach, agus is cuid lárnach den teaictic sin é an bhréagaisnéis a úsáid. An uair seo áfach, an tseift a bhí ag an Rúis imeagla a chur ar an Aontas Eorpach trí stop a chur leis na sreafaí gáis, theip glan ar an gCreimil an tseift sin a dhéanamh. Nuair a d’éiligh an Rúis go roghnódh an Eoraip idir an Úcráin agus fuinneamh na Rúise, is freagra díreach a fuair sí ón Eoraip: an Úcráin.

Is go tapa a rinne an tAontas agus a chuid Ballstát frithbhearta éagsúla chun an tslándáil fuinnimh a mhéadú, amhail plean REPowerEU agus an plean ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’, arb é atá i gceist leis laghdú deonach 15% ar an éileamh ar an ngás nádúrtha. Na cúltacaí gáis faoi thalamh atá san Aontas, líonadh iad go breis agus 95% dá dtoilleadh, i bhfad níos mó ná an 80% a bhí le baint amach faoin spriocdháta an 1 Samhain 2022.   Bhí an Eoraip réidh chun aghaidh a thabhairt ar an ngeimhreadh seo agus d’éirigh léi dúmhál fuinnimh na Rúise a sheasamh.

Déanann an bhréagaisnéis ar son na Creimile iarracht freisin deighilt a chothú san aontacht thrasatlantach trí phictiúr bréagach a chruthú go bhfuil a ceannasacht á cailleadh ag an Aontas. Go sonrach, líomhnaíodh go bhfuil an tAontas Eorpach curtha faoi smacht ag na Stáit Aontaithe agus go bhfuil SAM ag baint tairbhe as an suaitheadh atá sna margaí fuinnimh domhanda. Tá éagsúlú an tsoláthair fuinnimh ina bhunchloch de bheartas fuinnimh an Aontais áfach. Cuidíonn sé chun slándáil fuinnimh na hEorpa a neartú, chun monaplachtaí a chosc, agus chun breis iomaíochta a thabhairt isteach sa mhargadh fuinnimh.

Bréag: spreag an tAontas ganntanas domhanda bia trí chosc a chur ar tháirgí talmhaíochta agus ar leasacháin na Rúise. Níl aon fhreagracht ar an Rúis as an ngéarchéim dhomhanda bhia. Tá an grán ar fad ón Úcráin á choinneáil ag an Aontas, agus tá daoine i dtíortha eile ag fáil bháis den ocras.

Trí ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, is é a rinne an Rúis táirgí bia na hÚcráine a scoitheadh ó na margaí domhanda agus rinne sí staid eacnamaíoch an domhain níos measa. Tá gníomhaíochtaí na Rúise ag cur leis na hardphraghsanna fuinnimh agus leasacháin ar fud an domhain. Tá tionchar ar leith acu ar an Afraic agus ar na tíortha is leochailí, ach tá siad ag dul i bhfeidhm níos mó ar réigiúin agus ar thíortha eile de réir a chéile chomh maith. 

Coimhlintí, an t-athrú aeráide agus éifeachtaí marthanacha COVID-19, tá tionchar tubaisteach acu sin ar na córais bhia agus ar na daoine a bhíonn ag brath orthu ar fud an domhain. Tá ionsaí gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, áfach, tar éis na dúshláin agus na leochaileachtaí sin a dhéanamh i bhfad níos measa.

Trí bhonneagar fuinnimh, uisce agus iompair na hÚcráine a ionsaí le sliogáin, trí bharra a dhó agus gránaigh na hÚcráine a ghoid, trí threalamh talmhaíochta agus stórais bhreosla a scriosadh agus trí mhianaigh a chur i dtalamh talmhaíochta, tá an bonn bainte ag an Rúis ó tháirgeadh fadtéarmach bia san Úcráin agus óna hacmhainneacht easpórtála.

Ina theannta sin, tá an Rúis ag leanúint de chánacha easpórtála agus de chuótaí easpórtála a chur i bhfeidhm ar leasacháin agus ar ghránaigh amhail cruithneacht, maislín, seagal, eorna agus arbhar Indiach.

I smachtbhannaí an Aontais tá soláthairtí bia agus leasacháin eisiata go sainráite: níl aon smachtbhannaí ar easpórtálacha bia ón Rúis chuig na margaí domhanda. Is féidir le duine ar bith bia agus leasacháin a thagann ón Rúis a oibriú, a cheannach, a iompar agus a fháil. Murab ionann agus bréagaisnéis na Rúise, níl aon Bhallstát den Aontas ag cur bac ar leasacháin Rúiseacha a dheonú do thíortha a bhfuil siad de dhíth orthu.

De réir na Náisiún Aontaithe, is chuig tíortha atá lasmuigh den Aontas a théann formhór na n-easpórtálacha bia a éascaítear trí Thionscnamh Ghráin na Mara Duibhe. Ní dheachaigh ach 34% den mhéid sin chuig an Aontas Eorpach. Agus is chuig geilleagair atá i mbéal forbartha a chuaigh 64% den chruithneacht a easpórtáladh.

Tá an tAontas Eorpach, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta, ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí domhanda chun aghaidh a thabhairt ar neamhshlándáil an tsoláthair bia. Ó cuireadh na Lánaí Dlúthpháirtíochta agus Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe i bhfeidhm, tá laghdú leanúnach tagtha ar phraghsanna bia, agus tá siad anois ar na leibhéil ag a raibh siad roimh an gcogadh.

Bréag: tá smachtbhannaí an Iarthair i gcoinne na Rúise neamhdhleathach agus déanann siad dochar ar fud an domhain. Déanann siad an geilleagar domhanda a dhíchobhsú agus cuireann siad le costas maireachtála na ngnáthshaoránach ar fud an domhain. Ní bhíonn aon tionchar ag smachtbhannaí ar gheilleagar na Rúise, agus tá sé cruthaithe ag an Rúis nach n-oibríonn na smachtbhannaí.

Scéalta bréagaisnéise na Creimile faoi smachtbhannaí an Aontais agus an Iarthair, bíonn na scéalta sin ag teacht salach orthu féin. Ar bhealach éigin, is comhéigean do-ghlactha neamhdhleathach iad na smachtbhannaí, ach ag an am céanna ní bhíonn tionchar ar bith acu ar an Rúis in aon chor. Laghdaíonn an bhréagaisnéis sin tionchar na smachtbhannaí os comhair an lucht féachana baile sa Rúis, agus cruthaíonn sí an íomhá bhréagach go bhfuil an tIarthar ag titim as a chéile. Go hidirnáisiúnta, is mian leis an gCreimil eagla gan bhunús a spreagadh go mbíonn iarmhairtí diúltacha domhanda ag gníomhaíochtaí an Iarthair i gcoinne na Rúise.

Tá smachtbhannaí uile an Aontais i gcomhréir go hiomlán leis na hoibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta. Tá na smachtbhannaí ag laghdú acmhainn na Rúise an cogadh a mhaoiniú agus príomh-chomhpháirteanna a fháil dá coimpléasc tionsclaíoch míleata. Tá éifeachtaí na smachtbhannaí le feiceáil i ngach earnáil mhór de gheilleagar na Rúise. In 2022, tháinig méadú as cuimse ar easnamh buiséid na Rúise, agus é 14 oiread níos mó ná mar a bhí sé. Tháinig laghdú suas le 5% ar an ngeilleagar in 2022. Bíonn tionchar ag smachtbhannaí.

An cinneadh idirnáisiúnta uasteorainn a chur le praghsanna ola, is é is aidhm dó sin teorainn a chur leis an méadú a thagann ar phraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh. Laghdóidh sé go mór an t-ioncam atá á thuilleamh ag an Rúis ón ola ó chuir sí tús leis an ionradh ar an Úcráin. Úsáidfear an uasteorainn ar phraghsanna ola freisin chun praghsanna fuinnimh domhanda a chobhsú agus, ag an am céanna, maolú a dhéanamh ar iarmhairtí díobhálacha ar an soláthar fuinnimh chuig tríú tíortha.

Tá díolúintí tábhachtacha ag smachtbhannaí an Aontais. Tá soláthairtí bia agus leasacháin eisiata go sainráite. Agus cé nach bhfuil aerspás na hEorpa oscailte d’aerárthaí na Rúise, is féidir le Ballstáit an Aontais traseitilt thar an aerspás s’acu a údarú d’aerárthaí ón Rúis má bhíonn gá leis sin chun críocha daonnúla.

Sonraí

Dáta foilsithe
23 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn