Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta13 Iúil 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 14 nóiméad

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022: Moltaí sonracha eisithe ag an gCoimisiún do na Ballstáit

Image of figure holding scales of justice with text "Rule of Law Report 2022"

Tagann an tuarascáil i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a léirigh a thábhachtaí atá sé luachanna daonlathacha, cearta an duine agus an smacht reachta a chaomhnú.

Áirítear leis forléargas ar na treochtaí san Aontas ina iomláine agus 27 gcaibidil tíre ag féachaint ar fhorbairtí i ngach Ballstát ó mhí Iúil 2021. I dtuarascáil na bliana seo den chéad uair tá moltaí sonracha atá dírithe ar gach Ballstát, mar a d'fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais 2021. Tá na moltaí ceaptha chun na Ballstáit a spreagadh chun athchóirithe leanúnacha nó athchóirithe atá beartaithe a thabhairt ar aghaidh agus cabhrú leo na háiteanna ina bhfuil gá le feabhsuithe a shainaithint.

Mar a tharla le heagráin roimhe seo, scrúdaítear sa tuarascáil seo forbairtí i gceithre phríomhréimse don smacht reachta: córais cheartais, an creat frithéillithe, iolrachas agus saoirse na meán, agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Léirítear sa tuarascáil gur leanadh le hathchóirithe ar an smacht reachta i roinnt mhaith Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sa dá eagrán roimhe seo. Ag an am céanna, tá ábhair imní shistéamacha fós ann i roinnt Ballstát.

Déantar obair leantach sa tuarascáil ar na dúshláin a sainaithníodh i dtuarascálacha roimhe seo, déantar measúnú an Choimisiúin a dhoimhniú agus áirítear inti freisin barúlacha ar shaincheisteanna mar mheáin na seirbhíse poiblí, úsáid spiaireachta nó cur chun feidhme breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Príomhthorthaí agus príomh-mholtaí

  1. Athchóirithe ceartais

Tá athchóirithe ceartais fós chun tosaigh ar an gclár oibre polaitiúil le bliain anuas. Tá roinnt mhaith Ballstát tar éis tabhairt faoi athchóirithe tábhachtacha chun neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú, mar shampla athchóirithe a bhaineann le comhdhéanamh agus cumhachtaí comhairlí don bhreithiúnacht, feabhas a chur ar nósanna imeachta chun breithiúna a cheapadh nó neamhspleáchas na seirbhísí ionchúisimh a neartú. Thug na Ballstáit bearta isteach freisin arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar cháilíocht an cheartais, mar shampla digitiú breise a dhéanamh ar chórais cheartais, agus rochtain ar cheartas a éascú.

Ag an am céanna, tá ábhair imní struchtúracha fós ann i roinnt Ballstát maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna. I roinnt Ballstát, tá dúshláin ann maidir le ceapacháin i gcúirteanna níos airde agus maidir le poist uachtarán na cúirte. I gcásanna eile, tá ábhair imní ann maidir le neamhspleáchas/uathriail seirbhísí ionchúisimh agus tá imeachtaí araíonachta á n-úsáid chun neamhspleáchas na mbreithiúna a laghdú.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, spreagtar leis na moltaí ón gCoimisiún, mar shampla, rannpháirtíocht níos láidre na mbreithiúna i nósanna imeachta ceapacháin, níos mó neamhspleáchais i dtaca le seirbhísí ionchúisimh agus do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do chórais cheartais.

  1. Creataí frithéillithe

Tá an tAontas fós ar cheann de na réigiúin is lú éilliú ar domhan. Ó mhí Iúil 2021, tá go leor Ballstát tar éis straitéisí frithéillithe nua nó a ghlacadh nó straitéisí atá ann cheana a athbhreithniú, nó tá siad á n-athbhreithniú faoi láthair. Tá roinnt Ballstát tar éis na creataí atá ann cheana a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta frith-éillithe agus le dlí an Aontais. Tá reachtaíocht fhairsing i bhfeidhm ag formhór na mBallstát lena gcuirtear na huirlisí is gá ar fáil don chóras ceartais choiriúil chun an t-éilliú a chomhrac. Tá bearta déanta ag go leor Ballstát chun cur le cumas na n-údarás ionchúisimh atá freagrach as an gcomhrac i gcoinne an éillithe trí chéimeanna mar acmhainní breise, nó oiliúint bhreise.

Mar sin féin, is ábhar mór imní i gcónaí é an t-éilliú do shaoránaigh an Aontais. Léiríonn Eorabharaiméadar 2022 maidir le héilliú, mar shampla, go gcreideann 68 % díobh go bhfuil an t-éilliú forleathan ina dtír féin. I roinnt Ballstát, bíonn na himscrúduithe agus na hionchúisimh i gcásanna éillithe fadálach agus tá easpa breithiúnas fós ann, go háirithe i gcásanna ardleibhéil. Tá oifigigh phoiblí faoi réir oibleagáidí maidir le nochtadh sócmhainní agus leasa sna Ballstáit uile, ach tá siad sin éagsúil ó thaobh raon feidhme, trédhearcacht agus inrochtaineacht na faisnéise nochta, agus ó thaobh leibhéal agus éifeachtacht an fhíoraithe agus an fhorfheidhmithe de.

Maidir le creataí frithéillithe, tá moltaí déanta ag an gCoimisiún a bhaineann le creataí coisctheacha a neartú, mar shampla moltaí maidir le brústocaireacht agus coinbhleachtaí leasa, agus maidir le cásanna éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach.

  1. Saoirse na meán agus iolrachas

Léirigh paindéim COVID-19 agus cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine araon an ról ríthábhachtach atá ag iriseoirí fíricí a sheiceáil agus saoránaigh a chur ar an eolas. Tá roinnt Ballstát tar éis bearta a ghlacadh, a ghéarú nó a mheas chun sábháilteacht agus dálaí oibre iriseoirí a fheabhsú, ag tógáil ar na tionscnaimh a rinne an Coimisiún le déanaí. Ón tuarascáil dheireanach i leith, tá iarrachtaí déanta ag roinnt Ballstát chun feabhas a chur ar thrédhearcacht úinéireacht na meán. Tá ábhair imní fós ann maidir leis an easpa trédhearcachta i dtaca le fógraíocht stáit a dháileadh, coinbhleacht leasa agus bacainní a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid phoiblí – sin roinnt saincheisteanna tábhachtacha a tháinig chun cinn sa tuarascáil agus ar gá aird a thabhairt orthu.

Den chéad uair, breathnaítear sa tuarascáil freisin ar mheáin na seirbhíse poiblí, agus aitheantas á thabhairt don ról speisialta atá acu don tsochaí agus don daonlathas. Tá gá le coimircí chun a áirithiú go gcosnófar neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí, go mbeidh an maoiniú poiblí leordhóthanach agus nach n-úsáidfear é chun brú polaitiúil a chur ar na meáin sin, mar a leagtar amach sna caighdeáin Eorpacha.

Tá torthaí na tuarascála ag tógáil ar shraith foinsí, lena n-áirítear an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin (MPM 2022), Ardán Chomhairle na hEorpa chun Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint agus an tArdán um Shaoirse na Meán a Mhapáil.

D'eisigh an Coimisiún roinnt moltaí lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, leithdháileadh trédhearcach cothrom na fógraíochta stáit, rialachas neamhspleách ar mheáin na seirbhíse poiblí agus bearta chun sábháilteacht iriseoirí a fheabhsú. Beidh an tAcht um Shaoirse na Meán, atá le teacht, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar roinnt de na saincheisteanna a shainaithnítear sna tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta.

  1. Srianta agus ceartúcháin institiúideacha

Lean na Ballstáit d'fheabhas a chur ar cháilíocht a bpróiseas reachtach — treocht a tugadh faoi deara i dTuarascáil 2020 agus i dTuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta. Tá ról lárnach fós ag Cúirteanna Bunreachtúla i gcóras na srianta agus na gceartúchán, lena n-áirítear maoirseacht ar bhearta éigeandála agus i réimsí eile mar thoghcháin. Tá stádas na n-institiúidí um chearta an duine, na n-ombudsman agus na n-údarás neamhspleách eile neartaithe a thuilleadh i roinnt Ballstát. I bhformhór na mBallstát, tá timpeallacht cumasúcháin agus thacúil ann don tsochaí shibhialta.

I roinnt Ballstát, áfach, níl aon chreat foirmiúil ann fós chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus is ábhar imní é sin, agus tá dúshláin fós le sárú ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar shaincheisteanna maoinithe, insintí diúltacha agus srianta ar a spás oibriúcháin. Den chéad uair, breathnaítear sa tuarascáil freisin ar chur chun feidhme breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Breathnaítear sa tuarascáil freisin ar fhreagairtí chórais srianta agus ceartúchán na mBallstát ar úsáid spiaireachta. Cé go bhfuil sé nasctha leis an tslándáil náisiúnta, ba cheart úsáid na n-uirlisí sin a bheith faoi réir srianta agus ceartúcháin náisiúnta.

Chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin sin, tá moltaí déanta ag an gCoimisiún a bhaineann, mar shampla, le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara sa phróiseas reachtach, Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine atá creidiúnaithe a bhunú agus a fheidhmiú agus creat oibriúcháin oscailte don tsochaí shibhialta a chinntiú.

Seo mar a labhair Comhaltaí an Choláiste:

Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová: ‘Tá riail an dlí fós ina bhunchloch den daonlathas. Meabhrúchán eile is ea cogadh na Rúise san Úcráin ar an tábhacht a bhaineann lenár gcuid oibre chun an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn san Aontas agus níos faide i gcéin. Léirítear i dtuarascáil na bliana seo go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i ngeall ar an díospóireacht faoin smacht reachta san Eoraip agus na Ballstáit ag déanamh feabhsuithe agus ag tabhairt aghaidh ar ábhair a bhaineann leis an smacht reachta. Faraor, tá ábhair imní fós ann i roinnt Ballstát, go háirithe maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna. Chomh maith leis sin, den chéad uair, breathnaítear sa tuarascáil ar mheáin na seirbhíse poiblí. Tá gá le tuilleadh coimircí chun a áirithiú go gcosnófar neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí, go mbeidh an maoiniú poiblí leordhóthanach agus nach n-úsáidfear é chun brú polaitiúil a chur ar na meáin sin. Tá muid ag glacadh an chéad chéim eile inniu agus sinn ag moladh conas feabhas a chur ar staid an smachta reachta ar fud an Aontais. Iarraim ar na Ballstáit na moltaí a leanúint, páirt a ghlacadh sa díospóireacht dháiríre seo agus beart a dhéanamh dá réir.'

Is éard a dúirt an Coimisinéir um Cheartas. Didier Reynders: ‘Léirítear leis an ionsaí míleata ón Rúis gan chúis i gcoinne na hÚcráine go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn. Ní bheidh an tAontas iontaofa go fóill mura seasfaidh muid leis an smacht reachta sa bhaile agus mura leanann muid ar aghaidh ag treisiú chultúr an smachta reachta. Is díol sásaimh dom go bhfuil ár dtuarascáil ag cur leis an gcuspóir sin. Cuidíonn sí le hathchóirithe tábhachtacha a chur chun cinn sna Ballstáit. Inniu ní hamháin go bhfuil muid ag tuairisciú ar staid an smachta reachta ach tá muid ag moladh freisin bealaí cuiditheacha chun feabhas a chur ar chórais cheartais, dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, agus meáin shaora agus neamhspleácha agus córas láidir srianta agus ceartúcháin a chinntiú'.

Na chéad chéimeanna eile

Iarrann an Coimisiún anois ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle leanúint leis na díospóireachtaí ginearálta agus na díospóireachtaí tír-shonracha ar bhonn na tuarascála sin. Iarrann sé freisin ar na parlaimintí náisiúnta agus ar phríomhghníomhaithe eile, an tsochaí shibhialta san áireamh, leanúint den idirphlé náisiúnta maidir leis an smacht reachta. Ar deireadh, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sa Tuarascáil agus tá sé réidh chun cabhrú leo ina gcuid iarrachtaí, mar shampla na moltaí a chur chun feidhme.

Cúlra

Tá an smacht reachta ríthábhachtach do gach saoránach agus gnólacht san Aontas toisc go ráthaíonn sé cearta agus luachanna bunúsacha, go gcinntíonn sé go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm, agus go dtacaíonn sé le timpeallacht ghnó atá fabhrach don infheistíocht. Tá sé ar cheann de na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas tógtha.

Is toradh é an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta ar idirphlé dlúth leis na húdaráis náisiúnta agus leis na páirtithe leasmhara, agus cumhdaíonn sí na Ballstáit uile ar bhonn oibiachtúil neamhchlaonta, ag féachaint ar na saincheisteanna céanna. Díríonn an measúnú cáilíochtúil a rinne an Coimisiún ar fhorbairtí suntasacha a rinneadh ó glacadh an dara Tuarascáil bhliantúil i mí Iúil 2021 maidir leis an Smacht Reachta agus cinntíonn sé cur chuige comhleanúnach tríd an modheolaíocht chéanna a chur i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit uile, agus ag an am céanna tá sé comhréireach leis na forbairtí. Ullmhaíodh an measúnú atá sna caibidlí tíre i gcomhréir leis an raon feidhme agus leis an modheolaíocht mar a tugadh cothrom le dáta é tar éis plé leis na Ballstáit.

Tá an tuarascáil i gcroílár an tSásra Eorpaigh um an Smacht Reachta. Timthriall bliantúil is ea an Sásra chun an smacht reachta a chur chun cinn agus chun a chinntiú nach dtiocfaidh fadhbanna chun cinn ná nach n-éireoidh siad níos measa. Is cuspóir coisctheach é cuspóir an tSásra. Gné ar leith atá ann i measc na ngnéithe eile i mBosca Uirlisí an Aontais maidir leis an Smacht Reachta, agus comhlánaíonn sé na sásraí atá bunaithe ar na Conarthaí, ach ní thagann sé in ionad na sásraí sin, ionas go mbeidh an tAontas in ann freagairt do shaincheisteanna níos tromchúisí a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit. I measc na n-uirlisí sin tá imeachtaí um shárú agus an nós imeachta chun luachanna bunaidh an Aontais a chosaint faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Sa tríú heagrán den tuarascáil, glactar an chéad chéim eile maidir le hinfheistíocht an Choimisiúin sa smacht reachta le moltaí sonracha do na Ballstáit uile. Ullmhaíodh na moltaí bunaithe ar an measúnú sna caibidlí tíre agus ar an idirphlé leis na Ballstáit agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na córa comhionainne. Agus na moltaí á n-eisiúint ag an gCoimisiún, thug sé aird ar leith ar na moltaí sin a choimeád dírithe agus fréamhaithe sna caighdeáin Eorpacha, agus ar aird a tabhairt do na córais náisiúnta dlí. Ina theannta sin, cinntítear comhsheasmhacht agus sineirgí le próisis eile, mar shampla an Seimeastar Eorpach, an sásra um choinníollacht bhuiséadach agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Sna heagráin eile den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta atá le teacht, breathnófar ar an obair leantach a dhéanfar ar na moltaí. Ba cheart na moltaí a léamh in éineacht leis na measúnuithe sna caibidlí tíre ina scrúdaítear ábhair imní ar leith agus tá siad ceaptha treoir a thabhairt do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt orthu.

Mar thoradh ar na dúshláin i réimse shaoirse agus iolrachas na meán a sainaithníodh sna tuarascálacha roimhe seo ar an smacht reachta, cuireadh tús le roinnt tionscnamh de chuid an Aontais le déanaí, lena n-áirítear moladh maidir le sábháilteacht iriseoirí agus pacáiste beart chun aghaidh a thabhairt ar chásanna dlí mí-úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail. Tá an Coimisiún ag obair ar thogra le haghaidh Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán.  

Tuilleadh eolais

Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022 – Moltaí

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022 – Caibidlí Tíre

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022 – Achoimrí ar Chaibidlí Tíre agus Moltaí 

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022 – Modheolaíocht

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022 – Ceistneoir

An Sásra Eorpach um an Smacht Reachta – Bileog eolais

Bosca Uirlisí an Aontais maidir leis an Smacht Reachta – Bileog eolais

Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta 2022 – Ceisteanna agus Freagraí

Eorabharaiméadar maidir le héilliú lena gcuirtear braistintí agus eispéiris na saoránach in iúl

Eorabharaiméadar maidir le dearcadh gnólachtaí i leith an éillithe san Aontas

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Iúil 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn