Tá speicis choimhthíocha ionracha ar cheann de na cúig mhórchúis le cailliúint na bithéagsúlachta san Eoraip agus ar fud an domhain. Is é atá sna speicis sin plandaí agus ainmhithe a thugtar isteach de thimpiste nó d'aon ghnó, de thoradh idirghabháil an duine, i dtimpeallacht nádúrtha nach mbíonn siad inti de ghnáth. Is bagairt mhór iad ar phlandaí agus ainmhithe dúchasacha san Eoraip, agus déanann siad damáiste don gheilleagar Eorpach a meastar luach EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana a bheith leis. Aghaidh a thabhairt ar na speicis sin, is gné thábhachtach é sin d'aidhm an Aontais stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, mar a chuirtear in iúl sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030.
Ceanglaítear leis an Rialachán ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme i dtaca le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin. Is sárú é, cuir i gcás, má thugtar speicis choimhthíocha ionracha isteach san Aontas, má choimeádtar nó má shaothraítear san Aontas iad nó má scaoiltear isteach sa chomhshaol iad. Bhí fógra faoi na rialacha sin le tabhairt don Choimisiún faoin 2 Eanáir 2016.
Sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Éirinn i mí Eanáir 2019 toisc nár ghlac, ná nár thug sí fógra faoi, na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i dtaca le sáruithe ar an Rialachán. Eisíodh tuairim réasúnaithe ar na forais chéanna i mí na Samhna 2019. Go dtí seo, níor bhunaigh Éire na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an rialachán, ná níor thug sí fógra fúthu, dá bhrí sin chuir an Coimisiún Éire faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.
Cúlra
Tháinig an Rialachán maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015 agus tá sé dírithe ar na speicis a mheastar a bheith ina ábhar imní don Aontas. Ar na speicis a áirítear ar an liosta, tá, cuir i gcás, plandaí, mar shampla hiasaint uisce agus ainmhithe, mar shampla, an chornfhoiche Áiseach nó an racún, a bhfuil gá le gníomhaíocht ina leith ar leibhéal na hEorpa. Tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a dhéanamh chun cosc a chur ar thabhairt isteach na speiceas sin san Aontas, bíodh sé sin d'aon ghnó nó de thaisme, chun iad a bhrath agus chun bearta díothaithe tapa a dhéanamh nuair a bheidh an t-ionradh fós ina thús nó, má tá na speicis bunaithe go forleathan cheana féin, bearta a dhéanamh chun iad a dhíothú, a smachtú nó gan ligean dóibh leathadh a thuilleadh.
Tá 12 000 speiceas coimhthíoch ar a laghad i gcomhshaol na hEorpa, agus is speicis ionracha 10-15 % díobh. Is féidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith ina gcúis le díothú áitiúil na speiceas dúchasach, mar shampla trí iomaíocht ar acmhainní teoranta ar nós an bhia nó na ngnáthóg, tríd an gcrosphórú nó trí scaipeadh galar. Is féidir leo feidhmiú éiceachóras iomlán a athrú sa chaoi gur baol don chumas atá iontu seirbhísí luachmhara a chur ar fáil, ar nós pailniú, rialú uisce nó rialúchán tuilte. I gcás na cornfhoiche Áisí, mar shampla, speiceas a tugadh isteach san Eoraip de thimpiste in 2005, creachann sí beacha meala dúchasacha, laghdaíonn sí bithéagsúlacht na bhfeithidí dúchasacha go háitiúil agus imríonn sí tionchar ar na seirbhísí pailnithe go ginearálta. Is minic a imríonn na speicis choimhthíocha ionracha tionchair eacnamaíocha mhóra, nó laghdaítear barra na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh. An smugairle cíorach Meiriceánach, mar shampla, speiceas a tugadh isteach sa Mhuir Dhubh de thimpiste, is é ba chúis le laghdú géar ar 26 stoc éisc thráchtála sa Mhuir Dhubh, an t-ainseabhaí agus an ronnach Seapánach san áireamh. Is féidir leis na speicis ionracha damáiste a dhéanamh don bhonneagar, bac a chur ar an iompar, nó an fháil ar an uisce a laghdú trí uiscebhealaí a bhlocáil nó píopaí uisce tionsclaíocha a phlúchadh. Is féidir leis na speicis choimhthíocha ionracha a bheith ina bhfadhb mhór do shláinte an duine freisin, agus iad ina gcúis le hailléirgí agus fadhbanna craicinn tromchúiseacha (e.g. dónna arb é an feabhrán capaill is cúis leo) agus is veicteoirí iad le haghaidh pataiginí agus galair chontúirteacha (e.g. tras-seolann na racúin galair chuig ainmhithe agus daoine).
Tuilleadh eolais
Speicis choimhthíocha ionracha (europa.eu)
Nós imeachta an Aontais um sháruithe
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 21 Nollaig 2023
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn